Eagraíocht

Údarás neamhspleách is ea an Rialálaí Carthanas, agus tacaíonn sé le hearcú, oiliúint, forbairt agus bainistíocht feidhmíochta a bhall foirne.

Tá an Rialálaí Carthanas lántiomanta do chur chun cinn a dhéanamh ar thimpeallacht oibre dhearfach ina gcuirtear riachtanais daoine aonair san áireamh, le linn dó riachtanais na heagraíochta a chomhlíonadh.  Ar aon dul leis an Ráiteas Straitéise uainn don tréimhse 2022-2024, déanfar tuilleadh forbartha eagrúcháin ar an Rialálaí Carthanas thar an gcéad trí bliana eile mar chuid den iarracht atá á déanamh againn údarás rialála atá éifeachtach agus éifeachtúil a fhorbairt.  Leanann an Rialálaí Carthanas le díriú ar a fhoireann ardbhainistíochta a neartú agus ar thacaíocht a thabhairt di agus ar a chinntiú go bhfuil ag baill foirne ar fud na heagraíochta na scileanna agus an saineolas a theastaíonn chun na cuspóirí straitéiseacha atá againn a bhaint amach agus chun forbairt ina ról.

 

an Chairt Eagraíochta

Aonaid Ghnó

Tá 5 aonad gnó ar leith ag an Rialálaí Carthanas.  Seo a leanas forbhreathnú ar na feidhmeanna agus ar na cuspóirí atá ag gach ceann de na haonaid sin.

  • Clárú agus Tuairisciú

    Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna na Rannóige um Chlárú agus Tuairisciú:

    • Córas clárúcháin éifeachtach a chothabháil agus a fhorbairt tuilleadh do charthanais
    • Carthanais a chlárú de réir an bheartais agus an phróisis chlárúcháin
    • Córas tuairiscithe éifeachtach a bhunú agus a chothabháil do charthanais
    • Tacaíocht agus treoir a thabhairt d’eagraíochtaí atá ag déanamh iarratas ar chlárú nó atá ag smaoineamh faoi iarratas a dhéanamh ar chlárú
    • An Clár Carthanas a chothabháil
  • Comhlíonadh agus Forfheidhmiú

    Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna na Rannóige um Chomhlíonadh agus Forfheidhmiú:

    • Comhlíonadh a ndualgas ag iontaobhaithe carthanas a chur chun cinn i rialú agus bainistiú carthanas;
    • Comhlíonadh na nAchtanna Carthanas ag eagraíochtaí carthanúla a chinntiú, agus faireachán a dhéanamh ar an gcéanna;
    • Imscrúduithe a dhéanamh de réir na nAchtanna Carthanas;
    • Feabhas ar riaradh agus bainistiú eagraíochtaí carthanúla a spreagadh agus a éascú trí fhaisnéis nó comhairle a sholáthar.

    Téann an rannóg i dteagmháil leis an bpobal agus bíonn sí ag brath ar dhea-chaidreamh a chothú leis an bpobal chun a cuid oibre a chur i gcrích.

  • Seirbhísí Carthanais

    De bhun alt 82 den Acht Carthanas 2009, tá an tAonad um Sheirbhísí Carthanais freagrach as bainistiú a dhéanamh ar iarrataí ar sheirbhísí a fhaightear ó charthanais agus ó dhaoine eile faoi na hAchtanna Carthanas, 1961 agus 1973. Áirítear leis sin:

    • Iontaobhaithe Carthanais Nua a cheapadh;
    • Diúscairt tailte atá á sealbhú thar ceann iontaobhais charthanúla a údarú:

     

    • Toiliú le Díol Maoine Carthanais ar Luach Iomlán
    • Toiliú le Díol/Aistriú Maoine Carthanais idir Carthanais ar Phraghas faoi bhun Luach Iomlán
    • Toiliú le Léas Maoine Carthanais
    • Toiliú le Léas Maoine Carthanais a Ghéilleadh
    • Toiliú le Morgáiste Maoine Carthanais
    • Toiliú le Malartú Maoine Carthanais

     

    • Scéim Cy-Près a ghlanadh nuair a mhainníonn na cuspóirí bunaidh atá léi – alt 29 den Acht Carthanas, 1961, arna leasú;
    • Tuairim nó Comhairle a Thabhairt faoi Shéala an Údaráis – alt 21 den Acht Carthanas, 1961;
    • Comhréiteach a cheadú i leith éilimh ó charthanas nó ina aghaidh – alt 22 den Acht Carthanas, 1961;
    • Cabhrú le scrúdú a dhéanamh ar Fhoirmeacha Achoimre ‘PAS3’ a fhaightear ón Oifig Probháide agus ina soláthraítear sonraí faoi gach tiomnacht charthanúil.

    Is féidir tuilleadh sonraí ar na cineálacha iarratais agus an phróisis a fháil ar ár suíomh Gréasáin.

  • Gnóthaí Corparáideacha

    Seirbhís tacaíochta inmheánaí is ea an Rannóg um Ghnóthaí Corparáideacha, atá freagrach go príomha as a chinntiú go gcomhlíontar roinnt oibleagáidí rialachais agus as feabhas a chur ar bheartais chorparáideacha, ar nósanna imeachta corparáideacha agus ar thorthaí corparáideacha. Tá sí freagrach freisin as úsáid éifeachtach acmhainní a eagrú agus a mhaoirsiú agus as aon deacrachtaí ina leith sin a réiteach ionas go mbaineann an Rialálaí Carthanas na cuspóirí straitéiseacha atá aige amach:

    Déanann an Rannóg um Ghnóthaí Corparáideacha maoirseacht ar na nithe seo a leanas:

    • Acmhainní Daonna;
    • Acmhainní Airgeadais;
    • Acmhainní TFC;
    • Iarrataí Saorála Faisnéise a phróiseáil;
    • Tacaíocht Rúnaíochta don Údarás;
    • An Córas Bainistíochta Cáilíochta;
    • Cóiríocht Oifige.

    Tá an rannóg freagrach as tacú le socruithe foriomlána rialachais faisnéise an Rialálaí Carthanas freisin.

  • Cumarsáid agus Rannpháirtíocht le Geallsealbhóirí

    Tá an Rannóg um Chumarsáid agus Rannpháirtíocht le Geallsealbhóirí freagrach go príomha as caidreamh a dhéanamh leis an bpobal thar ceann an Rialálaí.  Áirítear leis sin:

    • Ceisteanna ó na meáin agus preaseisiúintí a láimhseáil;
    • Bainistiú a dhéanamh ar an ábhar ar an suíomh Gréasáin agus sna meáin shóisialta;
    • Imeachtaí comhairliúcháin phoiblí a eagrú.

    Ina theannta sin, láimhseálann an rannóg an caidreamh idir an Rialálaí agus Teachtaí Dála, Airí agus geallsealbhóirí eile agus socraíonn sí go n-aistreofaí ábhar agus comhfhreagras go Gaeilge.

  

Ár bhFoireann

Cuimsíonn an fhoireann bainistíochta feidhmiúcháin na daoine seo a leanas:

Helen Martin

Ceapadh Helen mar Phríomhfheidhmeannach in Aibreán 2019. Chuaigh sí isteach sa Rialálaí Carthanas mar Stiúrthóir Rialála i mí an Mhárta 2017. Tá Helen ina dlíodóir a d’oibrigh roimhe seo in Oifig an Ard-Aighne. D’oibrigh Helen san earnáil phríobháideach ar feadh níos mó ná 10 mbliana freisin. Le linn na tréimhse sin, bhí sí ina comhlach sinsearach san aonad um an dlí Rialála agus an dlí Iomaíochta i ndlíghnólacht mór agus bhí sí ina comhairleoir inmheánach dlí agus rialála le haghaidh dhá chuideachta teileachumarsáide. Tá ag Helen BA sa Dlí, Céim Bhaitsiléara sa Dlí Sibhialta, Dioplóma Iarchéime sa Staidéar Gnó agus Dioplóma Iarchéime i nDlí Iomaíochta an Choimisiúin Eorpaigh.

Thomas Mulholland

Chuaigh Thomas Mulholland isteach sa Rialálaí Carthanas i mí na Samhna 2019 mar Stiúrthóir ar Chomhlíonadh agus Forfheidhmiú. Déanann sé maoirseacht ar an bhfeidhm ábhar imní laistigh den Rialálaí agus tá freagracht air freisin as imscrúduithe.Ghnóthaigh Thomas taithí shuntasach i réimse na n-imscrúduithe agus na dócmhainneachta sa ról a bhí aige roimhe seo san Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach. Tá Thomas ina chuntasóir cáilithe de chuid Chumann na gCuntasóirí Cairte Deimhnithe agus d’oibrigh sé sa chleachtadh ginearálta ar feadh tréimhse 15 bliana. Sealbhaíonn sé Dioplóma i gCuntasaíocht Fhóiréinseach, Dioplóma i nDócmhainneacht agus Céim i gCuntasaíocht agus Airgeadas.

Madeleine Delaney

Chuaigh Madeleine isteach sa Rialálaí Carthanas i mí an Mhárta 2021 mar Stiúrthóir Gnóthaí Dlí agus Clárúcháin. Tá sí freagrach as an bhfeidhm Clárúcháin, as an bhfeidhm Seirbhísí Carthanais agus as comhairle agus cúnamh dlí a thabhairt ar fud na heagraíochta. Tá Madeleine ina haturnae cleachtach agus d’oibrigh sí sa chleachtadh príobháideach ar feadh roinnt blianta sular bhog sí go dtí an earnáil phoiblí. D’oibrigh sí i ról dlí agus comhlíonta san Údarás Pinsean agus, níos déanaí fós, bhí sí ina Ceann Dlí in Oifig an Ombudsman (Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí san áireamh). Sealbhaíonn Madeleine céimeanna LLB agus LLM, dioplómaí iarchéime sa Bhainistíocht Rialála agus sa Bhainistíocht Phoiblí agus céim Máistir sa Cheannaireacht agus sa Straitéis.

Geraldine McCarthy

Is í Ger an Ceann um Chumarsáid agus Caidreamh le Leas-Sealbhóirí. D’oibrigh sí roimhe seo i ngníomhaireachtaí san earnáil phríobháideach i mBaile Átha Cliath agus i Londain, agus speisialtóireacht á déanamh aici i gcumarsáid straitéiseach, i mbainistíocht cáile agus i gcaidreamh le leas-sealbhóirí. Sealbhaíonn Ger céim sa Chumarsáid agus teastas iarchéime sa Mhargaíocht Dhigiteach ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Niall Scanlon

Ceapadh Niall Scanlon mar Cheann ar Airgeadais i mí Iúil 2019. Tá Niall freagrach as feidhm airgeadais na heagraíochta a stiúradh agus déanann sé maoirseacht ar gach gné de rialú airgeadais, lena n-áirítear ceanglais reachtúla agus rialála, tuairisciú airgeadais agus forbairt buiséid. Mar bhall den fhoireann ardbhainistíochta, cuireann sé go gníomhach le cuspóirí traitéiseacha an Rialálaí Carthanas a ghnóthú. Sular tháinig sé isteach sa Rialálaí Carthanas, shealbhaigh Niall roinnt post sinsearach airgeadais laistigh den earnáil phríobháideach. Tá Baitsiléir Gnó (Onóracha) aige agus tá sé ina chomhalta de Chumann na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte.

Malachy Cardiff

Tá Malachy Cardiff ina Cheann ar Gnóthaí Corparáideacha agus ina Rúnaí do Bhord an Rialálaí Carthanas. Tá sé freagrach as rialachas agus oibríochtaí an Rialálaí Carthanas. Roimhe seo, d’oibrigh Malachy san earnáil carthanas agus san earnáil phríobháideach sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn araon, agus roinnt ról rialachais agus bainistíochta á sealbhú aige. Sealbhaíonn Malachy céim san Eacnamaíocht (an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD)), Dioplóma Iarchéime sa Staidéar Gnó (UCD - Scoil Ghnó Iarchéime Smurfit), Teastas i nDlí agus Cleachtas na Rúnaíochta Cuideachta (Dlí-Chumann na hÉireann) agus Dioplóma Gairmiúil sa Rialachas Corparáideach (UCD - Scoil Ghnó Iarchéime Smurfit). Is cuntasóir cáilithe de chuid Institiúid Chairte na gCuntasóirí Bainistíochta é freisin.

Seán O'Connor

Ceapadh Seán O’Connor mar Cheann Seirbhísí Carthanais i mí Feabhra 2021. Tá sé i gceannas ar an Aonad Seirbhísí Carthanais, a phléann le hiarratais ó eagraíochtaí carthanúla ar thoiliú nó ordú a fháil ón Rialálaí Carthanas maidir le nithe praiticiúla amhail maoin carthanais a dhíol nó a aistriú, athruithe ar iontaobhaithe, dlíthíocht, agus athruithe ar úsáid sócmhainní carthanais. Tá sé ina Chomhairleoir Dlí agus ina Rúnaí don Choiste Seirbhísí Carthanais, a dhéanann breithniú ar na hiarratais sin. Tugann Seán comhairle dlí ar fud na heagraíochta freisin. Fuair Seán oiliúint, agus d’oibrigh sé, mar aturnae sna príomhghnólachtaí dlí san earnáil phríobháideach ar feadh níos mó ná 7 mbliana, agus speisialtóireacht á déanamh aige i rialachas carthanas, in iontaobhais, i maoin agus i gcáin. Tá sé ina aturnae, ina chomhalta den Chumann Cleachtóirí Iontaobhais agus Eastáit, agus ina Chomhairleoir Cánach Cairte de chuid Institiúid Cánach na hÉireann. Tá Céim Baitsiléara aige sa Dlí Sibhialta (Dlí agus Fraincis) ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Sealbhaíonn sé Dioplóma i bPleanáil Iontaobhas agus Eastát agus Dioplóma Gairmiúil i gCruthaitheacht, Nuálaíocht agus Ceannaireacht ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, freisin.

Meagan Gill

Ceapadh Meagan Gill mar Cheann Clárúcháin i mí an Mhárta 2021. Tá sí i gceannas ar an gClár Poiblí Carthanas a chothabháil, lena n-áirítear tuairisciú bliantúil a dhéanamh chun buntacú le hiontaoibh agus muinín as carthanais. Tá taithí shuntasach ag Meagan san earnáil phoiblí, go háirithe i réimse na cosanta tomhaltóirí. Sealbhaíonn sí Baitsiléir Ealaíon ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), Dioplóma Iarchéime sa Staidéar Gnó ó UCD – Scoil Ghnó Iarchéime Smurfit, Ard-Dioplóma sa Chosaint Sonraí ó Chumann Onórach Óstaí an Rí, Dioplóma Deimhnithe Bainistíochta Tionscadal ó Institiúid Bainistíochta Tionscadal na hÉireann, agus Dioplóma san Idirghabháil agus san Idir-réiteach ón gColáiste Neamhspleách, Baile Átha Cliath.

Alan Fitzgerald

Is abhcóide cáilithe agus comhairleoir dlí don Rialálaí Carthanas é Alan. Bhí sé ina chomhairleoir dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí sular thosaigh sé ag obair linn. D’oibrigh sé san earnáil phríobháideach ar feadh roinnt blianta roimhe sin mar chomhairleoir dlí agus mar cheann um chomhlíonadh. Sealbhaíonn Alan céim BA i Stair agus i bhFraincis ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Sealbhaíonn sé Dioplóma i Staidéar Dlí agus Céim Abhcóide ó Óstaí an Rí freisin.

Jelena Griscenko

Is í Jelena an Ceann um Fhaireachán ar Chomhlíonadh. Tá sí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Chóid Rialachais do Charthanais, tar éis di tabhairt isteach an Chóid a stiúradh sa bhliain 2018. Agus í ina cuntasóir cáilithe de chuid Chumann na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte, d’oibrigh sí sa chleachtadh príobháideach i réimse na dócmhainneachta corparáidí agus pearsanta sula ndeachaigh sí isteach sa Rialálaí Carthanas sa bhliain 2017.

  

Na Doiciméid Uainn

Is iad seo a leanas roinnt de na doiciméid agus de na beartais lena gcuirtear bonn eolais faoi obair an Rialálaí Carthanas:

  

Doiciméid Chorparáideacha

Beartais