Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Iarrataí Cosanta Sonraí

Iarrataí Cosanta Sonraí

Cad is Cosaint Sonraí ann?

Is é atá i gceist le Cosaint Sonraí ná na cearta atá ag daoine chun príobháideachta a chosaint agus a gcuid sonraí pearsanra á bpróiseáil.

Na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003

Is é is aidhm do na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003, príobháideacht an duine aonair a chosaint maidir leis an dóigh a ndéantar sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil, a choimeád, a úsáid agus a nochtadh. Leis na hAchtanna, tugtar cearta don duine aonair maidir le sonraí pearsanta agus forchuirtear oibleagáidí ar rialaitheoirí sonraí.

Cosaint Sonraí sa Rialálaí Carthanas

Faoi na hAchtanna, ní mór don Rialálaí Carthanas na hoibleagáidí seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Ní mór sonraí a fháil agus a phróiseáil go cóir cothrom;
  • Ní mór sonraí a bheith beacht agus iomlán agus, más gá é, ní mór iad a choimeád cothrom le dáta;
  • Níor cheart sonraí a fháil ach amháin le haghaidh críoch shonraithe agus dhleathach amháin nó níos mó;
  • Níor cheart sonraí a phróiseáil tuilleadh in aon slí atá ar neamhréir leis an gcríoch sin;
  • Ní mór sonraí a bheith leordhóthanach agus ábhartha agus níor cheart iad a bheith iomarcach i ndáil leis an gcríoch ar lena haghaidh a bailíodh iad nó a phróiseáiltear iad tuilleadh;
  • Níor cheart sonraí a choimeád níos faide ná mar is gá le haghaidh na críche sin;
  • Ní mór bearta slándála cuí a ghlacadh in aghaidh rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí nó in aghaidh athrú, nochtadh nó milleadh neamhúdaraithe a dhéanamh orthu, go háirithe i gcás go mbaineann an phróiseáil le sonraí a tharchur thar líonra, agus in aghaidh gach foirme neamhdhleathaí eile próiseála; agus
  • Ní mór na sonraí pearsanta go léir a shealbhaíonn an Rialálaí Carthanas a bheith cláraithe leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí.

Dlíonn an Rialálaí Carthanas dualgas cúraim do na hábhair shonraí lena mbaineann.  Ní mór dó bheith ríchúramach gan a bheith ina chúis le dochar ná le hanacair d’aon duine den phobal trí bhíthin, mar shampla, faisnéis mhíchruinn a choimeád ar comhad nó sonraí pearsanta a nochtadh.

Tá an Rialálaí Carthanas dáiríre faoina oibleagáidí reachtúla agus tá sé ag súil go ngníomhóidh a bhaill foirne i ndlúthchomhréir leis na hoibleagáidí sin.  Is mar mhí-iompar tromchúiseach a chaitear le haon sárú iontaoibhe maidir leis an rúndacht faisnéise, agus féadfar gníomh araíonachta suas le briseadh, agus é sin san áireamh, a dhéanamh ina leith de réir théarmaí an Chóid Araíonachta.

Rochtain ar Shonraí Pearsanta

Tugtar na nithe seo a leanas, i measc nithe eile, leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003:

  • Tá sé de cheart ag gach duine rochtain a fháil ar shonraí pearsanta atá á sealbhú ar ríomhaire nó i gcóras comhdúcháin láimhe. Féadfaidh duine iarraidh rochtana ábhair a dhéanamh chuig aon eagraíocht nó chuig aon duine aonair a bhfuil sonraí pearsanta á sealbhú acu fúthu (tabharfar freagra pras ar an iarraidh ach, in aon chás, tabharfar freagra tráth nach déanaí ná 40 lá ón iarraidh a fháil).
  • Tá sé de cheart ag gach duine tuairisc a fháil ar na sonraí atá á sealbhú fúthu agus ar na críocha ar ina n-aghaidh atá na sonraí sin á sealbhú (tabharfar freagra laistigh de 21 lá ón iarraidh a fháil).
  • Más míchruinn atá na sonraí atá á sealbhú faoi dhuine, beidh sé de cheart aige/aici go ndéanfaí na sonraí sin a cheartú nó a anótáil. I gcásanna áirithe, féadfaidh an duine a iarraidh go scriosfaí na sonraí – mar shampla, i gcás nach bhfuil cúis mhaith ag an gcomhlacht lena mbaineann leis na sonraí a shealbhú nó i gcás nach bhfuarthas na sonraí ar bhealach cóir cothrom. Féadfaidh duine a iarraidh freisin go ndéanfaí na sonraí a bhacadh, i.e., ionas nach n-úsáidfear iad chun críocha áirithe.
  • Aon duine aonair dá ndéantar damáiste de bharr sonraí pearsanta a mhíláimhseáil, is féidir go mbeidh sé/sí i dteideal cúiteamh a éileamh trí na cúirteanna dlí.
  • Ní mór iarraidh rochtana cosanta sonraí a dhéanamh i scríbhinn trí úsáid a bhaint as an bhfoirm ceiste ar líne anseo. Is féidir í a dhéanamh chuig an duine seo a leanas freisin:

An tOifigeach Cosanta Sonraí
An Rialálaí Carthanas
3 Duga Sheoirse
An Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta
Baile Átha Cliath 1
D01 X5X0

  • Mar mhalairt air sin, is féidir leat iarraidh a sheoladh le ríomhphost chuig DPA@charitiesregulator.ie
  • Ba cheart iarraidh a bheith chomh sonrach agus is féidir, ionas go mbeifear in ann a shainaithint go tapa cén áit a bhfuil na sonraí ar leith á sealbhú. Eiseofar freagra ar iarraidh rochtana a luaithe is féidir agus laistigh de dhaichead lá. Ní mór íostáille iarratais €6.35 a bheith ag gabháil le haon iarraidh.
  • Leagtar amach in ailt 4 &amp 5 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí roinnt cúinsí ina bhféadfar teorainn a chur leis an gceart chun taifid phearsanta a rochtain.

An Coimisinéir Cosanta Sonraí

Ar shuíomh Gréasáin an Choimisinéara Cosanta Sonraí, tugtar forbhreathnú agus míniú cuimsitheach ar na cearta agus ar na freagrachtaí a ghabhann leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí (www.dataprotection.ie). Is féidir faisnéis a fháil ón áit seo a leanas freisin:

Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí
Teach na Canála
Bóthar an Stáisiúin
Cúil an tSúdaire
Co. Laoise

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí trí ríomhphost a sheoladh chuig (info@dataprotection.ie) nó trí ghlao a chur ar 1890 252 231.

Top