Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Beartas maidir le Fianáin

Is féidir go n-athróimid an Beartas seo maidir le Fianáin ó am go chéile. Seiceáil an eochair “An Nuashonrú is Déanaí” ag bun an leathanaigh seo chun a fháil amach cén uair a rinneadh an leasú is déanaí ar an mBeartas seo maidir le Fianáin. Tiocfaidh aon athruithe ar an mBeartas seo maidir le Fianáin i bhfeidhm tráth a chuirfimid an Beartas leasaithe ar fáil ar an Suíomh nó tríd an Suíomh.

Ár mBeartas maidir le Fianáin

Cad is Fianán ann?

Is é is fianán ann ná téacschomhad beag a stóráiltear ar do ríomhaire nó ar do ghléas móibíleach agus ina bhfuil sonraí a bhaineann le suíomh Gréasáin a dtugann tú cuairt air. D’fhéadfadh go gcumasófaí leis an bhfianán do shuíomh Gréasáin “cuimhneamh” ar do ghníomhartha nó ar do shainroghanna pearsanta thar thréimhse ama nó d’fhéadfadh go mbeadh sonraí ann a bhaineann le feidhm an tsuímh nó leis an dóigh a soláthraítear é. Is é úinéir an tsuímh Gréasáin a shocraíonn na fianáin. I gcásanna áirithe, is iad soláthraithe seirbhíse tríú páirtí a shocraíonn iad, i gcás gur thug úinéir an tsuímh Gréasáin cead dóibh faisnéis eile a chur i láthair, ábhar a thabhairt nó feidhmiúlacht eile amhail anailísíocht a sholáthar.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi fhianáin a fháil ar shuíomh Gréasáin Europa.eu.

Feidhmíonn an Rialálaí Carthanas Fianáin de réir Threoir r-Phríobháideachais an AE (2002/58/CE arna leasú le 2009/136/CE), agus Rialacháin ríomh-Phríobháideachais na hÉireann, arna gcur i bhfeidhm le hIonstraim Reachtúil (S.I.) Uimh. 336 de 2011 a chomhlánaíonn an GDPR.

Cén fáth a bhfuil fianáin ann ar CharitiesRegulator.ie?

Tá fianáin áirithe bunriachtanach maidir le feidhmiú ár suímh Gréasáin. Gan na fianáin bhunriachtanacha sin a bheith air, ní fheidhmeodh an suíomh Gréasáin chomh réidh agus is féidir agus d’fhéadfadh nach mbeadh roinnt dár ngnéithe nó dár seirbhísí ar fáil. Le fianáin eile, cumasaítear d’úsáideoirí suímh Gréasáin nascleanúint a dhéanamh go héifeachtúil idir leathanaigh, cuimhnítear ar a sainroghanna pearsanta agus cuirtear feabhas ar a n-eispéireas brabhsála. Is féidir leo cabhrú lena chinntiú freisin gurb ábhartha a bhíonn na fógráin a thaispeántar ar líne.

Cén dóigh a n-úsáidtear fianáin ar CharitiesRegulator.ie?

Is fianáin Chéad Pháirtí nó Tríú Páirtí iad na fianáin a úsáidtear ar CharitiesRegulator.ie. Is lenár suíomh Gréasáin féin a shocraítear fianáin Chéad Pháirtí. Is le hóstach eile a shocraítear fianáin Tríú Páirtí. Tá na fianáin sin inrochtana ar aon suíomh Gréasáin ar a lódáiltear cód fhreastalaí an tríú páirtí lena mbaineann. Tá óstaigh na bhfianán ar CharitiesRegulator.ie leagtha amach i Rannán 5.0 thíos.

Tá tréimhse saoil ag fianáin freisin. Tá fianáin seisiúin, mar shampla, deartha chun feidhmiú ar feadh thréimhse an tseisiúin brabhsála amháin, nó beagáinín níos faide ná sin, agus téann siad as feidhm a luaithe a chomhlíonann siad an cuspóir teoranta atá leo. Is é is fianáin sheasmhacha ann ná fianáin a chuirtear ar ríomhaire nó ar ghléas móibíleach ar feadh fad réamhchinnte ama nuair a thugtar cuairt ar shuíomh Gréasáin.  Cumasaítear leis na fianáin sin don suíomh feidhmeanna a sholáthar idir seisiúin dhifriúla bhrabhsála agus cuairteanna ina dhiaidh sin. Tá tréimhse saoil gach ceann de na fianáin a úsáidtear ar CharitiesRegulator.ie leagtha amach i Rannán 5 thíos.

Cé na cineálacha fianán a úsáidtear ar CharitiesRegulator.ie?

Úsáidtear 4 chineál fianán ar shuíomh Gréasáin an Rialálaí Carthanas. Cuirfear an t-úsáideoir ar an eolas faoi na fianáin a úsáideann an Rialálaí Carthanas an chéad uair a thugann sé/sí cuairt ar an suíomh. Tá sé de rogha ag gach úsáideoir Socruithe Fianáin a bhainistiú nó glacadh leis na fianáin uile. Má roghnaíonn tú Socruithe Fianáin, beidh gach cineál fianán, seachas Fianáin Bhunriachtanacha, curtha as mar réamhshocrú. Ina theannta sin, tá feidhm ann ar shuíomh Gréasáin an Rialálaí Carthanas chun diúltú do na fianáin uile atá ar fáil.

Teastaíonn Fianáin Bhunriachtanacha le haghaidh fheidhmiú an tsuímh Gréasáin agus ní féidir iad a chur as inár gcórais. I bhformhór na gcásanna, ní shocraítear iad ach amháin chun freagairt do do chuid gníomhartha arb ionann iad agus iarratas ar sheirbhísí, mar shampla sainroghanna pearsanta príobháideachais a shocrú, logáil isteach nó foirmeacha a líonadh isteach. Cé gur féidir leat do bhrabhsálaí a shocrú chun na fianáin sin a bhlocáil nó chun foláireamh a thabhairt duit fúthu, d’fhéadfadh nach bhfeidhmeodh codanna áirithe den suíomh ar chor ar bith tar éis duit déanamh amhlaidh. Ní stóráiltear le fianáin bhunriachtanacha aon fhaisnéis inaitheanta phearsanta.

Cumasaítear le Fianáin Phearsantaithe don suíomh Gréasáin feidhmiúlacht bhreisithe agus pearsantú breisithe a sholáthar. Is iad an Rialálaí Carthanas nó soláthraithe tríú páirtí ar cuireadh a gcuid seirbhísí lenár leathanaigh a shocraíonn na fianáin sin. Mura gceadaíonn an t-úsáideoir fianáin phearsantaithe, d’fhéadfadh nach bhfeidhmeodh roinnt nó gach ceann de na seirbhísí sin i gceart.

Cumasaítear le Fianáin Anailísíochta don Rialálaí Carthanas an líon cuairteanna agus foinsí tráchta a chomhaireamh ar mhaithe le feidhmíocht ár suímh a thomhas agus a fheabhsú. Taispeántar leo na leathanaigh is mó cuairt, na leathanaigh is lú cuairt agus an dóigh a mbogann cuairteoirí timpeall an tsuímh. Is faisnéis chomhiomlánaithe í an fhaisnéis ar fad a bhailítear le fianáin anailísíochta. Ciallaíonn sé sin gur faisnéis anaithnid í an fhaisnéis a bhailítear leo. Mura gceadaíonn an t-úsáideoir na fianáin sin, ní bheidh a fhios ag an Rialálaí Carthanas cén uair a tugadh cuairt ar an suíomh agus ní bheidh sé in ann faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht an tsuímh Gréasáin.

D’fhéadfadh go ndéanfadh comhpháirtithe fógraíochta Fianáin Mhargaíochta a shocrú. D’fhéadfadh go mbainfeadh cuideachtaí úsáid as na fianáin sin chun próifíl a fhorbairt ar ábhair spéise an úsáideora agus chun fógráin ábhartha a thaispeáint dó/di ar shuíomhanna eile. Cé nach stóráiltear faisnéis phearsanta go díreach leo, bíonn fianáin mhargaíochta bunaithe ar an mbrabhsálaí agus an gléas Idirlín a aithint go huathúil. Mura gceadaíonn an t-úsáideoir fianáin mhargaíochta, ní bheidh na fógráin a thaispeánfar dó/di chomh spriocdhírithe céanna. 

Féadfaigh físeáin YouTube leabaithe ar ár suíomh Gréasáin fianáin a shocrú fiú mura n-idirghníomhaíonn úsáideoirí leo. Cé go ndéanaimid iarracht rianú a shrianadh trí fhianáin neamhriachtanacha a dhíchumasú de réir réamhshocraithe, d’fhéadfadh leabú caighdeánach YouTube fianáin a luchtú fós. Molaimid d’úsáideoirí athbhreithniú a dhéanamh ar Pholasaí Príobháideachta YouTube chun tuilleadh faisnéise a fháil. Mura mian leat na fianáin seo a fháil, féadfaidh tú idirghníomhú le físeáin leabaithe a sheachaint nó fianáin tríú páirtí a dhíchumasú i socruithe do bhrabhsálaí.

Na fianáin a úsáidtear ar CharitiesRegulator.ie:

Fianáin Bhunriachtanacha:

Óstach
Ainm
Cur Síos
Tréimhse Saoil

charitiesregulator.ie

OptanonConsent

Is leis an réiteach comhlíonta fianán ó OneTrust a shocraítear an fianán seo. Stóráiltear leis an bhfianán seo faisnéis faoi na catagóirí fianán a úsáidtear ar an suíomh agus faisnéis faoi cé acu a thug cuairteoirí toiliú le gach catagóir a úsáid nó a tharraing siad an toiliú sin siar. Ar an mbealach sin, cumasaítear d’úinéirí suímh cosc a chur ar fhianáin i ngach catagóir a bheith á socrú i mbrabhsálaí an úsáideora, i gcás nár tugadh toiliú. Tá gnáth-thréimhse saoil aon bhliana ag an bhfianán seo. Mar sin, ní chuimhneofar ar na sainroghanna pearsanta de chuid cuairteoirí a fhillfidh ar an suíomh tar éis na tréimhse sin. Níl san fhianán seo aon fhaisnéis is féidir a úsáid chun an cuairteoir ar an suíomh a aithint

1 bhliain

charitiesregulator.ie

OptanonAlertBoxClosed

Is le suíomhanna Gréasáin ar a n-úsáidtear leaganacha áirithe den réiteach comhlíonta dlí fianán ó OneTrust a shocraítear an fianán seo. Socraítear an fianán seo tar éis do chuairteoirí fógra faisnéise fianáin a fheiceáil agus, i gcásanna áirithe, ní shocraítear é ach amháin tar éis dóibh an fógra a dhúnadh síos. Cumasaítear leis an bhfianán seo don suíomh Gréasáin gan an fógra a thaispeáint níos mó ná uair amháin don úsáideoir. Tá tréimhse saoil aon bhliana ag an bhfianán seo agus níl aon fhaisnéis phearsanta ann.

1 bhliain

charitiesregulator.ie

ASP.NET_SessionId 

Is fianán seisiúin ardáin é an fianán gnáthchríche seo, rud a úsáidtear ar shuíomhanna atá scríofa le teicneolaíochtaí atá bunaithe ar Microsoft.NET. Úsáidtear fianáin den chineál seo ar an bhfreastalaí chun seisiún anaithnidithe úsáideora a chothabháil.

Seisiún

charitiesregulator.ie

_RequestVerificationToken

Is fianán frithbhrionnaithe é seo. Socraítear é le feidhmchláir Ghréasáin atá tógtha le teicneolaíochtaí ASP.NET MVC. Tá an fianán seo deartha chun stop a chur le postáil neamhúdaraithe ábhair ar shuíomh Gréasáin, rud ar a dtugtar Brionnú Iarratais Tras-Suímh. Ní choinnítear leis an bhfianán seo aon fhaisnéis faoin úsáideoir agus scriostar an fianán tráth a dhúntar an brabhsálaí

Seisiún

 

Fianáin Anailísíochta

Óstach
Ainm
Cur Síos
Tréimhse Saoil

charitiesregulator.ie

_ga

Úsáidtear an fianán seo chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí uathúla trí uimhir a ghintear go randamach a shannadh mar aitheantóir cliaint. Áirítear an fianán seo i ngach iarratas leathanaigh ar shuíomh agus úsáidtear é chun sonraí cuairteora, seisiúin agus feachtais a ríomh do thuarascálacha anailísíochta an tsuímh.

2 bhliain

charitiesregulator.ie

_gat_UA-

Is fianán de chineál patrúin é seo, rud a shocraítear le Google Analytics. Is é a bhíonn sa ghné patrúin den ainm ná uimhir aitheantais uathúil an chuntais nó an tsuímh Gréasáin lena mbaineann sí. Tá an fianán seo ina leagan malartach d’fhianán _gat, rud a úsáidtear chun teorainn a chur leis an méid sonraí a thaifeadann Google ar shuíomhanna Gréasáin ardtráchta.

Cúpla soicind

charitiesregulator.ie

_gid

Úsáidtear an fianán seo chun faisnéis a stóráil faoin dóigh a mbaineann cuairteoirí úsáid as suíomh Gréasáin agus chun cabhrú le tuarascáil anailísíochta a chruthú ar an dóigh a mbíonn ag éirí leis an suíomh. Agus iad i riocht anaithnid, áirítear leis na sonraí a bhailítear an líon cuairteoirí, an fhoinse as ar tháinig siad agus na leathanaigh ar thug siad cuairt orthu.

1 lá

charitiesregulator.ie

_gclxxxx

Is fianán rianaithe tiontaithe de chuid Google é seo.

3 mhí

nr-data.net

JSESSIONID

Fianán seisiúin ardáin ilchuspóireach, a úsáideann suíomhanna atá scríofa i JSP. Úsáidtear é de ghnáth chun seisiún úsáideora gan ainm a choinneáil ag an bhfreastalaí.

Seisiún

Fianáin Mhargaíochta

Óstach
Ainm
Cur Síos
Tréimhse Saoil

youtube.com

YSC

Cláraítear leis an bhfianán seo aitheantas uathúil chun staitisticí a choinneáil ar na físeáin a chonaic an t-úsáideoir ar YouTube.

Seisiún

youtube.com

VISITOR_INFO1_LIVE

Úsáidtear an fianán seo mar aitheantóir uathúil chun na físeáin a n-amharctar orthu a rianú. Leis an bhfianán seo, déantar iarracht meastachán a dhéanamh ar bhandaleithead an úsáideora ar leathanaigh atá comhtháite le físeáin YouTube.

6 mhí

youtube.com

TOILIÚ

Tá YouTube ina ardán a úsáidtear chun físeáin a óstáil agus a chomhroinnt. Is le Google é. Bailítear le YouTube sonraí úsáideora trí fhíseáin atá leabaithe i suíomhanna Gréasáin. Comhiomlánaítear na sonraí sin le sonraí próifíle ó sheirbhísí eile Google chun fógraíocht spriocdhírithe a thaispeáint do chuairteoirí ar raon leathan suíomhanna Gréasáin de chuid Google agus ar shuíomhanna Gréasáin eile.

6,035 lá

charitiesregulator.ie

_gcl_au

Arna úsáid ag Google AdSense chun éifeachtúlacht fógraí a thástáil ar fud suíomhanna Gréasáin a úsáideann a gcuid seirbhísí

Seisiún

Rinneadh an nuashonrú is déanaí ar an liosta Fianán an 12 Nollaig 2024. Bíonn an liosta sin faoi réir athruithe.

Fianáin a Bhainistiú

Cumasaítear le formhór na mbrabhsálaithe fianáin a chur as nó socruithe saincheaptha a chur i bhfeidhm. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach na naisc thíos i ndáil le socruithe fianáin ar na brabhsálaithe is mó úsáid:

Cuirfear an t-úsáideoir ar an eolas faoin gcineál fianán a úsáidtear an chéad uair a thugann sé/sí cuairt ar shuíomh Gréasáin an Rialálaí Carthanas. Tá sé de rogha ag an úsáideoir Socruithe Fianáin a bhainistiú, glacadh leis na fianáin uile nó diúltú do na fianáin uile.

Chun an suíomh Gréasáin a úsáid bunaithe ar fhianáin atá riachtanach agus orthu sin amháin, cliceáil ar Shocruithe Fianáin nuair a thaispeántar an teachtaireacht fianáin den chéad uair. Déan na nithe seo a leanas ansin

  • Déan cinnte de go bhfuil toiliú le fianáin curtha as do gach fianán Pearsantaithe, Anailísíochta agus Margaíochta (Tabhair faoi deara: beidh toiliú curtha as mar réamhshocrú an chéad uair a úsáideann tú an suíomh Gréasáin CharitiesRegulator.ie); agus
  • Cliceáil ar ‘Sábháil mo shainroghanna pearsanta’

Is féidir socruithe fianáin a athrú am ar bith le linn an suíomh Gréasáin CharitiesRegulator.ie a úsáid trí chliceáil ar Shocruithe Fianáin ag bun aon leathanaigh ar an suíomh Gréasáin

Top