Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Fáilte go dtí 'MoChuntas'

Seirbhís ar líne é 'MoChuntas'.

Tá treoracha céim ar chéim ar fáil uainn chun cabhrú leat do bhealach a dhéanamh trínár dtairseach do chustaiméirí.  Cliceáil ar gach íomhá chun í a mhéadú. Is ar fáil uainn freisin atá gearrfhíseáin ina dtugtar treoir maidir le conas a éirí i do Chomhdaitheoir Údaraithe, conas rochtain a fháil ar do chuntas, agus conas tuarascáil bhliantúil a chur isteach.

Cláraigh (le haghaidh cuntas nua) nó Logáil isteach (i gcuntas atá ann cheana) anseo

Carthanais

 

 

 

 

 

 

 

Scoileanna

 

 

 

 

 

 

 

 

Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an t-eispéireas is fearr is féidir ar ár suíomh Gréasáin, bain úsáid as Google Chrome mar bhrabhsálaí Gréasáin chun logáil isteach i gcuntas do charthanais. Íoslódáil Google Chrome anseo: www.google.com/chrome

 

Cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoi "MoChuntas"

  • Fáilte go dtí 'MoChuntas'

    Is é seo an cuntas nua úsáideora ar líne atá ar bun ag an Rialálaí Carthanas, áit ar féidir leat, mar iontaobhaí carthanais, na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    • Taifid do charthanais a bhainistiú agus a nuashonrú ar an gClár Carthanas, má tá údarás agat é sin a dhéanamh;
    • Tuarascálacha Bliantúla a chur faoi bhráid an Rialálaí Carthanas;
    • Comhfhreagras a mhalartú linn maidir le d’eagraíocht;
    • Amharc ar na déileálacha a bhí agat linn roimhe seo;
    • Úsáideoirí eile ó d’eagraíocht a chruthú agus a bhainistiú (má tá tú ainmnithe mar riarthóir);
    • Iarratas a dhéanamh ar charthanas nua a chlárú.
  • Níl cuntas agam. Conas is féidir liom ceann a chruthú?

    Cliceáil ar an gcnaipe ‘Logáil isteach’ ag an mbarr ar dheis de leathanach baile ár suímh Ghréasáin.  Cliceáil ar an deilbhín ‘Cláraigh’ (a úsáidtear le haghaidh cuntais nua).  Ní úsáidtear an deilbhín ‘Logáil isteach’ ach amháin le haghaidh cuntais atá ann cheana. 

    Chun a fháil amach conas is féidir leat do chuntas nua úsáideora a chruthú, íoslódáil an Treoir Theicniúil Úsáideora dar teideal ‘'MoChuntas' a úsáid’ agus léigh leathanach 3.

  • Tá cuntas agam cheana féin. Conas is féidir liom logáil isteach ann?

    Má d’úsáid tú 'MoChuntas' cheana féin, cliceáil ar an mbarra ‘Logáil isteach’ thuas, iontráil d’ainm úsáideora agus do phasfhocal agus cliceáil ar ‘Logáil isteach’.  A luaithe atá tú logáilte isteach, taispeánfar leathanach baile 'MoChuntas'.

    Más rud é gur carthanas cláraithe thú nó gur chuir tú iarratas ar chlárú isteach, ceanglófar ort do phasfhocal a athrú chun logáil isteach i 'MoChuntas' den chéad uair. Lean an nasc ‘Pasfhocal Dearmadta’ ar an mbarra ‘Logáil isteach’ thuas chun do phasfhocal a athshocrú. Déan cinnte de go n-úsáidfidh tú d’Ainm Úsáideora Logála Isteach reatha mar go seolfar ríomhphost fíoraithe chuig an seoladh sin. A luaithe atá tú logáilte isteach, cliceáil ar an gcnaipe Próifíl Úsáideora ag barr ar dheis an leathanaigh bhaile chun sonraí do phróifíle a nuashonrú. Beidh ort do phróifíl a nuashonrú sular féidir leat aon fhoirmeacha a chur isteach.

  • Conas is féidir liom mo phasfhocal a athshocrú?

    Cliceáil ar an gcnaipe ‘Pasfhocal Dearmadta’ ar an scáileán logála isteach. Iontráil d’ainm úsáideora agus cuir isteach é.  Gheobhaidh tú ríomhphost ina bhfuil nasc ansin. Cliceáil ar an nasc chun pasfhocal nua a iontráil agus cuir isteach é.

  • Conas is féidir liom mo shonraí úsáideora féin a nuashonrú i 'MoChuntas'?

    Ní mór duit bheith logáilte isteach i 'MoChuntas' chun do shonraí úsáideora a nuashonrú.

    A luaithe atá tú logáilte isteach, cliceáil ar ‘Riarachán’ sa roghchlár ar an taobh clé den leathanach baile chun do chuntas a oscailt.

    Cliceáil ar ‘Cuir in eagar’ chun na leasuithe riachtanacha a dhéanamh agus, a luaithe atá tú críochnaithe, cliceáil ar ‘Sábháil’.

  • Conas is féidir liom treoir a fháil?

    Is féidir leat roinnt treoracha cabhrach a rochtain:

    Íoslódáil an 'Treoir Theicniúil Úsáideora dar teideal 'Mo Chuntas' a úsáid' chun freagraí a fháil ar aon cheisteanna teicniúla.

    Tá roinnt Treoracha eile Úsáideora ar fáil chun cabhrú leat freisin. Is féidir iad a rochtain laistigh de gach foirm ach an cnaipe cabhrach áitiúla a bhrú.

    Tá roinnt leideanna uirlise ar fáil freisin.

  • Ceisteanna Coitianta

    Má tá ceist agat, léigh ár gCeisteanna Coitianta anseo.

  • Tuilleadh faisnéise do charthanais

    D’fhoilsigh an Rialálaí Carthanas treoir úsáideach maidir lena bhfuil i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. D’fhoilsigh sé treoir úsáideach freisin maidir leis na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus maidir le conas carthanas a reáchtáil, mar aon le comhairle eile is féidir leat a rochtain anseo.

Top