Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Inrochtaineacht

Oifigigh Rochtana

Tá Oifigigh Rochtana freagrach as cúnamh agus treoir a sholáthar nó a shocrú do dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag rochtain seirbhísí a sholáthraíonn an Rialálaí Carthanas. Gníomhaíonn siad mar phointe teagmhála do dhaoine faoi mhíchumas atá ag iarraidh seirbhísí den sórt sin a rochtain, de réir alt 26(2) den Acht um Míchumas.

Ba cheart na sonraí teagmhála atá léirithe thíos a úsáid chun cúnamh a iarraidh agus ár seirbhísí á rochtain:

Ríomhphost: accessofficer@charitiesregulator.ie

Teileafón: 01-6331500

Seoladh:
An tOifigeach Rochtana,
An Rialálaí Carthanas,
3 Duga Sheoirse,
An Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta,
Baile Átha Cliath 1,
D01 X5X0

Ráiteas Inrochtaineachta

Stádas Comhlíonta

Tá an Rialálaí Carthanas tiomanta don suíomh Gréasáin seo a dhéanamh inrochtana de réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí), 2020 - I.R. Uimh. 358 de 2020, agus dá chinntiú go mbeidh an suíomh Gréasáin seo inrochtana don spriocphobal is leithne is féidir, beag beann ar theicneolaíocht nó ar chumas.

Tá feidhm ag an ráiteas inrochtaineachta seo maidir le https://charitiesregulator.ie agus maidir le https://Portal.charitiesregulator.ie

Stádas Comhlíonta

San am i láthair, déanann an suíomh Gréasáin agus an tairseach araon leibhéal AA de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán 2.1 a chomhlíonadh go páirteach, mar gheall ar an ábhar neamh-inrochtana atá liostaithe thíos.

Ábhar Neamh-inrochtana - Suíomh Gréasáin

Táimid ag obair chun feabhas a chur ar chomhlíonadh inrochtaineachta ár suímh Gréasáin, agus déanfaimid dianiarracht gach caighdeán inrochtaineachta a chur i bhfeidhm i leith an ábhair a fhoilseofar ar ár suíomh Gréasáin as seo amach.

Ní lán-inrochtana atá codanna de shuíomh Gréasáin an Rialálaí Carthanas. Mar shampla

  1. Ábhar – mion-saincheist amháin – tá roinnt lipéad foirme ar iarraidh go fóill;
  2. Tá tacaí in easnamh ar roinnt foirmeacha, ar tacaí iad a d’fhéadfadh bheith úsáideach d’úsáideoirí áirithe;
  3. Úsáidtear teidil uathghinte i roinnt físeán

Ábhar Neamh-inrochtana - Tairseach

Táimid ag obair i gcomhar lenár gcomhpháirtithe soláthar seirbhíse chun feabhas a chur ar chomhlíonadh inrochtaineachta ár dtairsí, agus déanfaimid dianiarracht gach caighdeán inrochtaineachta a chur i bhfeidhm i leith an ábhair a fhoilseofar amach anseo.

Ní lán-inrochtana atá codanna den Tairseach ‘Mo Chuntas’ atá i bhfeidhm ag an Rialálaí Carthanas. Mar shampla:

  1. Ábhar – tá roinnt saincheisteanna ann a bhaineann le téacs malartach ar an bpríomhlógó; sainaithníonn teidil leathanaigh an suíomh, seachas an leathanach; agus tá roinnt mion-saincheisteanna athshreafa ann i ndáil le freagrúlacht;
  2. Méarchlár – níl roinnt réimsí den Tairseach inrochtana leis an méarchlár. Tagtar ar roinnt eilimintí ceilte agus ní féidir éalú ó roinnt fógraí leis an méarchlár. Tá roinnt saincheisteanna ann a bhaineann le hinfheictheacht fócais ar eilimintí idirghníomhacha den suíomh;
  3. Dath – tá roinnt saincheisteanna ann go fóill i ndáil le codarsnacht datha agus le codarsnacht neamhthéacs;
  4. Teanga – ar an leagan Béarla de leathanaigh, níl clibeanna teanga lang=”ga” marcáilte ar roinnt nasc chuig téacs Gaeilge.
  5. Nascleanúint – is gá eochracha rochtana a bhaint; teastaíonn scipnasc chun an ceanntásc agus nascleanúint bhairr a sheachaint; teastaíonn cnaipí agus naisc chun an t-ábhar atá ar fáil a léiriú do léitheoirí scáileáin; ba cheart don scorán nascleanúna a léiriú do léitheoirí scáileáin cé acu atá sé oscailte nó dúnta; agus osclaíonn roinnt leathanach i bhfuinneoga nua gan foláireamh a thabhairt don úsáideoir;
  6. Foirmeacha (agus roinnt nasc) – is gá roinnt lipéad a cheangal nó a bharrfheabhsú do ghléasanna cúnta chun gur féidir iad a úsáid i gceart agus go héasca; tá roinnt lipéad neamhriachtanach i láthair; ní thugann roinnt ceisteanna foirme aon aiseolas do na roghanna a chuirtear isteach; agus is gá roinnt teachtaireachtaí stádais a bharrfheabhsú;

Tá sé beartaithe uasghrádú córais a dhéanamh ar an Tairseach ‘Mo Chuntas’ sna míonna atá romhainn chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna atá leagtha amach thuas.

An Ráiteas Inrochtaineachta seo a ullmhú

Rinneadh an ráiteas seo a athbhreithniú agus a nuashonrú den uair is deireanaí an 8 Márta 2024.

Agus an Mhodheolaíocht le haghaidh Comhréireacht Inrochtaineachta Suíomhanna Gréasáin a Mheas á húsáid acu, rinne sainchomhairleoirí neamhspleácha inrochtaineachta iniúchadh ar an suíomh Gréasáin seo i mí na Bealtaine 2022 chun a mhéid a chomhlíonann sé Leibhéal AA de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG 2.1) a shuí.

Aiseolas agus Faisnéis Teagmhála

Tá an Rialálaí Carthanas tiomanta d’inrochtaineacht dhigiteach a chinntiú do dhaoine faoi mhíchumas. Cuirimid fáilte roimh aon aiseolas maidir le hinrochtaineacht an tsuímh Gréasáin seo.

Má bhíonn aon bharúlacha nó aon ghearáin agat faoi inrochtaineacht an tsuímh Gréasáin seo, seol ríomhphost chugainn ag

Accessofficer@charitiesregulator.ie nó cuir glao orainn ar 01-6331500.

Más rud é nach mbeidh tú sásta leis an dóigh ar fhreagraíomar do d’iarraidh, féadfaidh tú gearán a chur isteach trí ríomhphost a sheoladh chuig Complaints@charitiesregulator.ie nó trí ghlao a chur orainn ar 01-6331500.

Oifigeach Rochtana an Rialálaí Carthanas

Déileálann ár nOifigeach Rochtana le fiosruithe agus gearáin a bhaineann le hinrochtaineacht. Is é an ról atá ag an Oifigeach Rochtana cúnamh agus treoir a thabhairt, a shocrú agus a chomhordú do dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag rochtain na seirbhísí a sholáthraímid.

Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Rochtana trí ríomhphost a sheoladh chuig Accessofficer@charitiesregulator.ie nó trí ghlao a chur ar 01-6331500.

Nósanna Imeachta Forfheidhmiúcháin

Chun faisnéis a fháil faoi conas gearán a dhéanamh, féach an Beartas uainn maidir le Gearáin.

Más rud é nach mbeidh tú sásta leis an dóigh ar fhreagraíomar do do ghearán, féadfaidh tú iarraidh ar an Ombudsman do ghearán a fhiosrú. Tá faisnéis teagmhála agus treoir maidir le conas gearán a dhéanamh ar fáil ó Oifig an Ombudsman.

Méid an téacs a mhéadú

Shuiteálamar rogha lena gcumasaítear méid an téacs a choigeartú ag barr ár leathanaigh Gréasáin.

Mar mhalairt air sin, beidh tú in ann méid an téacs ar leathanaigh Ghréasáin a athrú mar a leanas i bhformhór na gcásanna:

  • an eochair Rialúcháin [Ctrl] agus an eochair plus (+) a bhrú ag an am céanna chun méid an téacs a mhéadú
  • an eochair Rialúcháin [Ctrl] agus an eochair lúide (-) a bhrú ag an am céanna chun méid an téacs a laghdú
  • i gcás Internet Explorer nó Mozilla Firefox, roghnaigh ‘Méid an téacs’ ón roghchlár ‘Amharc’
  • nó brúigh agus coinnigh síos an eochair Rialúcháin agus bain úsáid as an scrollroth ar do luchóg
  • nó brúigh agus coinnigh síos an eochair Rialúcháin agus bain úsáid as an gcomhartha '+' chun méid an téacs a mhéadú

Rogha ardchodarsnachta

Chuireamar rogha i bhfeidhm lena gcumasaítear amharc ar an suíomh Gréasáin i mód ardchodarsnachta. Leis an mód sin, athraítear an suíomh Gréasáin go huathoibríoch go dath dubh agus buí, agus na híomhánna uile i liathscála.

Socruithe ar iPhone nó ar iPad

Má úsáideann tú iPhone nó iPad chun an tIdirlíon a rochtain, is féidir leat na socruithe súmála a athrú chun cabhrú leat.

  • téigh chuig Socruithe > Ginearálta > Inrochtaineacht agus ansin cumasaigh Súmáil
  • tapáil an scáileán faoi dhó le trí mhéar chun scáileán iomlán do ghléis iPhone/iPod/iPad a shúmáil
  • chun bogadh thart, coinnigh trí mhéar síos ar an scáileán agus tarraing an scáileán chun codanna difriúla de a thaispeáint, nó coinnigh méar amháin síos feadh imeall an scáileáin chun peanáil
  • más gá duit súmáil isteach tuilleadh, tapáil an scáileán faoi dhó le trí mhéar agus tarraing anuas nó aníos é
  • chun súmáil siar, tapáil an scáileán faoi dhó le trí mhéar arís

Is féidir leat an cnaipe 'baile' a chumrú freisin chun súmáil a chur ar siúl trí chliceáil faoi thrí air.

Áiseanna Nascleanúna

Tá nasc mionrianaithe ar fáil ag barr gach leathanaigh chun cabhrú leat an suíomh a nascleanúint.

Íomhánna

Tá sé mar aidhm againn a chinntiú go mbeidh tréithe tuairisciúla (ALT) ar áireamh i ngach ábhar agus i ngach íomhá mhaisiúil ar an suíomh seo. Soláthraítear teidil ALT anseo chun míniú a thabhairt ar an ábhar nó ar chuspóir na híomhá atá i gceist.

Formáid na nDoiciméad

Tá cuid mhór de na foilseacháin ar an suíomh Gréasáin seo ar fáil i bhformáid PDF ionas go mbeidh sé níos éasca iad a léamh agus a phriontáil as líne. Níl an fhormáid sin ar fáil go réidh i ngach cás do dhaoine faoi mhíchumas. Mar sin, chuireamar achoimrí ar fáil i bhformhór na ndoiciméad, ar nithe iad is féidir a úsáid in áit na gcomhad PDF. Tá an ghníomhaireacht ag obair i dtreo a comhaid PDF a dhéanamh inrochtana go hiomlán.

Chun comhaid PDF a léamh, beidh Adobe Reader ag teastáil uait ar do ríomhaire.

Íoslódáil Adobe Reader anseo (saor in aisce)

Top