Cóipcheart agus Séanadh

Cóipcheart

Tá an t-ábhar a léirítear ar an suíomh seo faoi réir chóipcheart an Rialtais (alt 191 den Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000).  Is le haghaidh úsáid phearsanta amháin a fhéadfar an t-ábhar a íoslódáil chuig comhad nó chuig printéir.  I gcás go bhfuil an t-ábhar seo á eisiúint chuig daoine eile, ní mór an fhoinse (an URL san áireamh) agus an stádas cóipchirt a admháil.  Ní áirítear leis an gceart chun ábhar faoi réir chóipcheart an Rialtais a atáirgeadh ábhar ar bith ar an suíomh seo ar le tríú páirtí é.  Ní mór an t-údarú chun ábhar den sórt sin a atáirgeadh a fháil ó na sealbhóirí cóipchirt lena mbaineann.

Séanadh

Is mar threoir faisnéise amháin a chuirtear ábhar na leathanach seo ar fáil.  Is é an aidhm atá leo rochtain an phobail a mhéadú ar fhaisnéis faoin Údarás Rialála Carthanas agus faoin earnáil carthanas.  Cé go ndéantar dianiarracht ábhar a ullmhú lena fhoilsiú, ní ghlacann an tÚdarás Rialála Carthanas freagracht ar bith, agus ní ghlactar freagracht ar bith thar a cheann, as aon earráidí, easnaimh nó ráitis mhíthreoracha atá ann ar na leathanaigh seo agus ar shuíomh ar bith a bhfuil nasc chuige ó na leathanaigh seo.  Cé go ndéantar dianiarracht iontaofacht na suíomhanna liostaithe a chinntiú, níor cheart glacadh leis gurb ionann é sin agus formhuiniú na suíomhanna sin.