Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

An tAcht Carthanas (Leasú), 2024

Forbhreathnú ar an Acht agus ar na hathruithe atá i bhfeidhm.

Is é atá san Acht Carthanas (Leasú), 2024 (an tAcht), ná leasuithe ar an Acht Carthanas 2009, arb é an príomhphíosa reachtaíochta lena rialaítear rialáil na hearnála carthanas in Éirinn é. Tabharfar na hathruithe isteach ar bhonn céimnithe. I gcás gach ailt, ceanglaítear ar an Aire ordú um thosach feidhme a shíniú agus a leagan faoi bhráid an Oireachtais sula bhféadfaidh an t-alt teacht i bhfeidhm.

In oirchill an mhéid sin, tá an Rialálaí Carthanas ag déanamh idirchaidreamh leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail chun pleanáil agus ullmhú do chur chun feidhme na n-athruithe. Nuair a bheidh siad tugtha isteach, is é an toradh a bheidh ar na hathruithe ná feabhsú agus neartú a dhéanamh ar an gcreat rialála atá ann cheana agus ar an gcur chuige comhréireach a ndéanaimid iarracht é a ghlacadh i leith na feidhme atá againn mar rialálaí. 

Gheobhaidh tú forbhreathnú ar an Acht thíos, ina leagtar amach na príomhathruithe a thugtar isteach leis an Acht, cad is ciall leo agus cé na nithe ar féidir le carthanais a bheith ag súil leo. Gheobhaidh tú faisnéis freisin faoi na horduithe um thosach feidhme a síníodh go dtí seo, ina mínítear na hathruithe a bhfuil feidhm acu anois.

  • Forbhreathnú

    Réimse athraithe
    An tAcht Carthanas 2009
    Cad atá á athrú?
    Cad is ciall leis seo?
    Cé na nithe ar féidir le carthanais a bheith ag súil leo?

    Clárú

    Doiciméad Rialaithe (Bunreacht) an Charthanais – Alt 42A

    Nuair a bheidh an t-alt seo den Acht tosaithe, ceanglófar ar charthanais ceadú a lorg ón Rialálaí Carthanas sula leasóidh siad an clásal cuspóirí, an clásal ioncaim agus maoine nó an clásal foirceanta ina mbunreacht. Ceanglófar orthu freisin ceadú a fháil chun athrú a dhéanamh ar chuspóir carthanúil.

    Ní mór ceadú a fháil ón Rialálaí Carthanas sula ndéanfaidh carthanas aon athruithe ar na trí chlásal sin ina bhunreacht/ina dhoiciméad rialaithe.

    Is é atá i gceist leis sin a chinntiú nach ndéanfaidh carthanas aon athruithe a d’fhéadfadh a fhágáil nach gcomhlíonann sé a thuilleadh na ceanglais dhlíthiúla atá ar charthanas agus a d’fhéadfadh a stádas mar charthanas a chur i mbaol.

    Déanfaidh an Rialálaí Carthanas treoir agus faisnéis a ullmhú agus a fhoilsiú don earnáil carthanas sula dtosóidh an tAire na hathruithe sin.

    Beidh foirmeacha agus treoracha oiriúnacha ar líne ar fáil.

    Tagairtí do charthanas a bheith ina charthanas cláraithe – Alt 46(7)

    Liostaítear san Acht an fhaisnéis nach mór a fhoilsiú.

    Nuair a bheidh an t-alt seo tosaithe ag an Aire, ceanglófar ar charthanas a lua gur carthanas é agus a ainm (mar atá le feiceáil ar an gClár) agus a uimhir charthanais chláraithe a sholáthar i ngach doiciméad poiblí (lena n-áirítear ar an teilifís agus ar an Idirlíon).

    Beidh ar charthanais a ndoiciméid phoiblí reatha a athbhreithniú agus a chinntiú go mbeidh na daoine sin a mbeidh doiciméid á n-ullmhú nó á nuashonrú acu ar an eolas faoin gceanglas dlíthiúil seo.

    Ullmhóidh an Rialálaí Carthanas faisnéis agus rachaidh sé i dteagmháil leis an earnáil carthanas sula dtosófar an t-alt iomchuí.

    Tá Cearta an Duine á gcur leis mar chuspóir carthanúil Alt 39

    Féadfaidh eagraíochtaí a chuireann cur ar aghaidh chearta an duine chun cinn clárú mar charthanais. Féadfaidh carthanais atá ann cheana ceadú a lorg freisin chun cearta an duine a chur leis mar chuspóir carthanúil.

    Cé go bhforáiltear leis an Acht do chearta an duine a chur leis mar chuspóir carthanúil, ní áirítear leis aon mhíniú ar chearta an duine. Rachaidh an Rialálaí Carthanas i dteagmháil leis an earnáil carthanas agus le leassealbhóirí tábhachtacha eile chun teacht ar mhíniú. Ina dhiaidh sin, déanfaimid treoirdhoiciméid nuashonraithe a ullmhú agus a fhoilsiú agus nuashonróimid an fhoirm clárúcháin, ar ina leith a bheidh athruithe bonneagair TF ag teastáil.

    An míniú ar iontaobhaí carthanais agus na dualgais agus na hoibleagáidí atá ar iontaobhaithe

    Tá an míniú ar iontaobhaí carthanais leasaithe – Alt 3

    Ní dhéanfar rúnaí cuideachta a mheas go huathoibríoch a bheith ina (h)iontaobhaí carthanais a thuilleadh ach amháin i gcás gur stiúrthóir ar an gcuideachta é/í freisin

    Déanfaidh an Rialálaí Carthanas treoir nuashonraithe a ullmhú agus a fhoilsiú maidir leis na dualgais agus na hoibleagáidí dlíthiúla atá ar iontaobhaithe carthanais, agus rachaidh sé i dteagmháil leis an earnáil carthanas sula dtosófar an t-alt seo den Acht ionas go mbeidh iontaobhaithe ar an eolas faoin alt agus go mbeidh am acu chun ullmhú dó.

    San am i láthair, ceanglaítear ar charthanais an fhaisnéis faoina gcarthanas ar an gClár Carthanas a choinneáil cothrom le dáta. Mionsonraítear san Acht Carthanas (Leasú) an fhaisnéis a gceanglaítear ar iontaobhaithe le dlí í a sholáthar don Rialálaí Carthanas. Alt 39(11)

    Ní mór d’iontaobhaithe carthanais a chinntiú go gcoinníonn siad mionsonraí a gcarthanais ar an gClár cothrom le dáta. Áirítear leis sin:

    *Ainm an charthanais

    *Iontaobhaithe carthanais

    *Seoladh na príomháite gnó

    Ní mór d’iontaobhaithe carthanais fógra a thabhairt don Rialálaí freisin i gcás go mbeidh sé beartaithe acu a gcarthanas a fhoirceannadh.

    Luaitear san Acht den chéad uair riamh nach mór do charthanas triúr iontaobhaithe ar a laghad a bheith aige. Ina theannta sin, ní ceadmhach d’fhormhór na n-iontaobhaithe a bheith ina ngaol bainteach agus ní mór dóibh cónaí a bheith orthu sa Stát, sa Ríocht Aontaithe nó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Alt 54A

    Ceanglaítear ar charthanais anois triúr iontaobhaithe ar a laghad a bheith acu ar a mbord/a gcoiste i gcónaí. Is féidir go mbeidh ar roinnt carthanas iontaobhaithe breise a earcú ionas go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais dhlíthiúla atá orthu maidir le comhdhéanamh a mboird iontaobhaithe.

    Tá na príomhdhualgais atá ar iontaobhaithe liostaithe go follasach san Acht Carthanas (Leasú). Alt 54B

    Luaitear go soiléir san Acht anois na príomhdhualgais atá ar iontaobhaithe carthanais, agus tuilleadh soiléire á thabhairt maidir leis an ról atá acu laistigh de charthanas. Ba cheart d’iontaobhaithe a chinntiú go bhfuil siad ar an eolas faoi na dualgais sin agus aird a thabhairt ar an treoir iomchuí chun a chinntiú go bhfuil na dualgais sin á gcomhlíonadh acu.

    Déanfaidh an Rialálaí Carthanas treoir a ullmhú agus a fhoilsiú roimh ré.

    Ceanglófar ar charthanais Clár Comhaltaí a choimeád. Alt 54D

    Ní mór do charthanais taifead a choimeád ar na comhaltaí den charthanas. Ní mór ainm agus seoladh gach comhalta agus an dáta a d’éirigh sé/sí ina c(h)omhalta a bheith ar áireamh sa chlár comhaltaí sin.

    Is gnách go gciallaíonn na comhaltaí de charthanas na daoine sin atá i dteideal freastal ar Chruinnithe Ginearálta Bliantúla nó Cruinnithe Ginearálta Urghnácha an charthanais agus a fhéadfaidh vótáil ar nithe amhail ráitis airgeadais an charthanais a cheadú nó togra a cheadú le haghaidh iontaobhaithe an charthanais a chur leis nó a chur as oifig.

    I bhformhór na gcásanna, leagfar amach i mbunreacht nó doiciméad rialaithe an charthanais an ról atá ag comhaltaí, cé na daoine a fhéadfaidh a bheith ina gcomhalta agus conas a fhéadfar comhaltaí a chur leis nó a chur as oifig. Féadfaidh comhaltaí a bheith ina n-iontaobhaithe, ina gcomhaltaí coiste, ina n-oibrithe deonacha nó ina dtacadóirí de chuid an charthanais.

    Rialacháin airgeadais

    Tá rialacháin nua chuntasaíochta á dtabhairtisteach, mar aon leis an Ráiteas faoi Chleachtas Molta do Charthanais. Alt 48

    San am i láthair, ní mór do gach carthanas ráitis airgeadais a ullmhú gach bliain. Tá dea-chur amach ag cuntasóirí ar fhormáid na ráiteas do charthanais ar cuideachtaí iad, toisc nach mór na ráitis sin a chomhdú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO).

    Leis na rialacháin nua chuntasaíochta, caighdeánófar formáid na ráiteas airgeadais do gach carthanas, agus cuirfear lena éifeachtúla atá siad dá bharr sin. Mar thoradh ar an bhformáid sin, cuirfear lena shoiléire atá faisnéis faoi ghnóthaí airgeadais an charthanais do dheontóirí, do mhaoinitheoirí agus do dhaoine eile a bhfuil spéis acu i gcarthanas. Toradh eile a bheidh uirthi is ea go mbeidh gnóthaí airgeadais na gcarthanas inchomparáide go díreach le chéile agus go gcuirfear feabhas ar na sonraí faoin earnáil atá ar fáil ar an gClár Carthanas.

    Beidh an leibhéal mionsonraí a cheanglófar a thabhairt i ráitis airgeadais ag brath ar mhéid an charthanais. Ullmhóidh carthanais bheaga cuntais shimplí ioncaim agus chaiteachais, ullmhóidh carthanais mheánmhéide cuntais fabhraithe, agus méadófar an tairseach iniúchóireachta do charthanais mhóra. Leagfaidh an tAire na tairseacha do charthanais bheaga, do charthanais mheánmhéide agus do charthanais mhóra síos mar chuid de thabhairt isteach na rialachán cuntasaíochta.

    Ullmhóidh an Rialálaí Carthanas treoirdhoiciméid mhionsonraithe agus rachaidh sé i dteagmháil leis an earnáil agus le leas-sealbhóirí tábhachtacha eile, lena n-áirítear gairmithe cuntasaíochta, tamall maith roimh chur chun feidhme na rialachán nua cuntasaíochta.

    Beidh cuntasóirí in ann comhairle a thabhairt do charthanais i ndáil le haon athruithe ar féidir go mbeidh feidhm acu maidir le ráitis airgeadais a ullmhú do do charthanas.

    Comhaontuithe agus Ceapacháin

    Féadfaidh carthanas comhaontuithe íoctha a dhéanamh le hiontaobhaithe carthanais agus le comhaltaí in imthosca áirithe. Cuid 6A

    Féadfaidh carthanas fostaí a cheapadh mar iontaobhaí. Féadfaidh carthanas comhaontú a dhéanamh le hiontaobhaí nó le comhalta chun a shocrú go soláthróidh an t-iontaobhaí nó an comhalta sin seirbhís don charthanas

    Féadfaidh an tAire rialacháin reachtúla a dhéanamh maidir le ceapacháin. Déanfaidh an Rialálaí Carthanas treoir a fhorbairt agus a fhoilsiú.

    Tuarascáil bhliantúil

    Alt 52

    Cé gur ann go fóill don oibleagáid atá ann tuarascáil bhliantúil a chomhdú laistigh de 10 mí ó dheireadh na bliana airgeadais, gairfear tuairisceán bliantúil den tuarascáil sin as seo amach.

    Athrófar na tagairtí uile do thuarascáil bhliantúil i dtreoir agus foirmeacha an Rialálaí Carthanas agus ar a shuíomh Gréasáin.

    An tAcht Carthanas, 1961 A bhaineann le feidhmeanna seirbhísí carthanais

    Tá alt 34(2) a bhaineann le maoin carthanais a aistriú chuig carthanas eile ar luach faoi bhun margadhluacha á athrú.

    Tá alt 29(4) aisghairthe

    Tá alt 53 aisghairthe

    Tá alt 54 aisghairthe

    Ní bheidh feidhm a thuilleadh ag an gceanglas á rá nach mór don charthanas a gheobhaidh an mhaoin cuspóir carthanúil difriúil a bheith aige. Ní fhéadfaidh an Rialálaí Carthanas scéim cy-près arna ceapadh ag an Ard-Chúirt a leasú ina dhiaidh sin. Níl aon cheanglas ann a thuilleadh fógra a thabhairt don Rialálaí Carthanas faoi imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le carthanas. Ní sholáthróidh an Rialálaí Carthanas a thuilleadh aon stór do ghníomhais arna dtaisceadh ag iontaobhaithe carthanais.

    Déanfaidh an Rialálaí Carthanas a shuíomh Gréasáin, a threoir agus a fhoirmeacha a nuashonrú chun na hathruithe iomchuí a léiriú.

  • I.R. Uimh. 10 de 2025 An chéad ordú um thosach feidhme Le héifeacht ón 27.01.25

    Réimse athraithe
    An tAcht Carthanas 2009
    Cén t-athrú a rinneadh?
    Cad is ciall leis seo?
    Na chéad chéimeanna eile

    Iontaobhaithe carthanais

    Leasaíodh an míniú ar iontaobhaí carthanais. (Alt 3)

    Ní dhéanfar rúnaí cuideachta a mheas go huathoibríoch a bheith ina (h)iontaobhaí carthanais a thuilleadh ach amháin i gcás gur stiúrthóir ar an gcuideachta é/í freisin.

    Más cuideachta é do charthanas, seiceáil cé acu is stiúrthóir é/í do rúnaí cuideachta freisin. Más rud é nach stiúrthóir é/í, déan na hathruithe cuí. Más mian leat d’iontaobhaithe carthanais a nuashonrú, is féidir leat é sin a dhéanamh trí ‘Mo Chuntas’ trí fhoirm um Iontaobhaithe, Baint agus Comhairleoirí Seachtracha a Nuashonrú a chomhlánú agus a chur isteach.

    Daoine bainteacha

    Leasaíodh an míniú ar dhuine bainteach. (Alt 2(2))

    Meastar go bhfuil duine bainteach le duine aonair más rud é gur leanbh, leasleanbh, tuismitheoir, leastuismitheoir, deartháir, deirfiúr, céile, páirtnéir sibhialta, comhchónaitheoir, seantuismitheoir nó garleanbh leis an duine aonair é/í nó gur leanbh le páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir an duine aonair é/í.

    Ba cheart do do charthanas, agus dá iontaobhaithe go háirithe, deimhin a dhéanamh de go dtuigeann siad cé atá ina “d(h)uine bainteach” faoin dlí carthanas ar mhaithe le coinbhleachtaí leasa féideartha a sheachaint.

    Clárú

    Rinneadh mionleasú ar an míniú ar bhunreacht (Alt 2(1))

    Athraíodh an fhoclaíocht ó “…..meabhrán agus airteagail chomhlachais” go “bunreacht”.

     

    Rinneadh mionleasú ar an míniú ar chomhlacht oideachais. (Alt 2(1))

    Ní mheastar a thuilleadh gur comhlacht oideachais é aon chomhlacht arna bhunú chun níos mó ná institiúid ardoideachais amháin a chistiú agus chuige sin amháin.

     

    Ceanglas faisnéis a sholáthar

    Leasaíodh foclaíocht alt 53(1) chun go bhféadfaidh an Rialálaí Carthanas teorainn ama do fhreagra agus an fhormáid ina mbeidh an fhaisnéis le soláthar a shonrú. Is é an toradh atá ar an leasú sin gur cion é gan ordachán arna eisiúint faoi alt 53(1) a chomhlíonadh.

    Roimhe seo, bhí an Rialálaí Carthanas in ann ordachán a eisiúint chun ceanglas a chur ar “eagraíocht charthanúil” faisnéis a sholáthar, agus ceanglaíodh ar an eagraíocht charthanúil an t-ordachán sin a chomhlíonadh. Féadfar an t-ordachán a eisiúint chuig iontaobhaí carthanais nó chuig an gcarthanas anois. Is cion é mainneachtain ordachán a chomhlíonadh.

    I bhformhór na gcásanna, is ar bhonn deonach a sholáthraíonn carthanais faisnéis dúinn. Ina ainneoin sin, molaimid do gach carthanas athbhreithniú a dhéanamh ar na próisis atá ar bun acu le haghaidh déileáil le comhfhreagras ón Rialálaí Carthanas. Cabhróidh sé sin lena chinntiú nach mbeidh orainn ordachán i scríbhinn a eisiúint le haghaidh faisnéise i ngach cás agus, i gcás go mbeidh orainn déanamh amhlaidh, cabhróidh sé lena chinntiú go bhfaighimid an fhaisnéis a bheidh á hiarraidh againn laistigh den tréimhse shonraithe ama.

    Eagraíochtaí carthanúla a chosaint

    Cuireadh fo-alt nua leis. Alt 74(1)(f).

    Is é atá in alt 74(1) ná roinnt foras ar a bhféadfaidh an Rialálaí Carthanas iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt chun bearta a dhéanamh ar mhaithe le carthanas agus a shócmhainní a chosaint. Áirítear leis na forais sin anois cásanna inar deimhin leis an Ard-Chúirt nach bhfuil iontaobhaithe an charthanais ag déanamh bainistiú ná formhaoirseacht éifeachtach ar ghníomhaíochtaí an charthanais.

     

    Cuireadh fo-alt 74(3B) leis, a fhágann go mbeidh iontaobhaithe carthanais arna gceapadh chuig carthanas le hordú ón Ard-Chúirt faoi alt 74 faoi dhliteanas teoranta.

    Ní bheidh iontaobhaithe carthanais arna gceapadh chuig carthanas le hordú ón Ard-Chúirt faoi dhliteanas i leith gníomhartha a rinneadh roimh a gceapachán ná i leith a ngníomhartha féin mar iontaobhaí de chuid an charthanais ach amháin i gcás go ndearnadh na gníomhartha sin de mheon mímhacánta nó de dheasca a bhfaillí féin.

     

    Cuireadh fo-alt nua leis maidir le carthanas a fhoirceannadh. Alt 74(4)(g)

    Féadfaidh an Ard-Chúirt ordú a dhéanamh anois á ordú go ndéanfaí carthanas a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh.

     

    Leasú ar an Acht Carthanas, 1961

    Alt 34(2) (d’Acht 1961)

    Baineadh den Acht an ceanglas faoi alt 34(2) a bhaineann le maoin carthanais a aistriú chuig carthanas a bhfuil cuspóirí carthanúla difriúla aige ar luach faoi bhun margadhluacha.

    Maidir le carthanais a dhéanfaidh iarratas ar údarú chun maoin a aistriú chuig carthanas eile ar luach faoi bhun margadhluacha, féadfaidh siad an mhaoin a aistriú anois chuig carthanas a bhfuil cuspóirí carthanúla comhchosúla aige.

    Ailt 29(4), 53 agus 54 (d’Acht 1961

    Aisghaireadh na hailt seo ina n-iomláine.Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach an rannán Seirbhísí Carthanas dár suíomh Gréasáin.

    Baineadh den Acht an ceanglas chun fógra a thabhairt don Rialálaí Carthanas faoi thionscnamh imeachtaí.

Top