Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Maidir linne

Forbhreathnú ar na nithe a ndéanann an tAonad Seirbhísí Carthanais bainistiú orthu.

Déanann an tAonad Seirbhísí Carthanais bainistiú ar iarrataí ar thoiliú nó treoir ón Rialálaí Carthanas maidir le nithe praiticiúla a dhéanann difear don dóigh a ndéileálann carthanais áirithe lena sócmhainní, lena maoin agus lena rialachas inmheánach nó don dóigh a leanann carthanais le seirbhísí a sholáthar dá dtairbhithe.

Maidir le carthanais nó daoine eile a dhéileálann le carthanais nó le maoin charthanúil, is gá dóibh agus dá gcomhairleoirí dlí a bhreithniú cé acu a bheidh nó nach mbeidh údarú ón Rialálaí Carthanas ag teastáil chun tabhairt faoi ghníomhartha áirithe a bheartaíonn siad a dhéanamh, i gcás go bhfuil teorainneacha ann ina ndoiciméid rialaithe nó i dtéarmaí na n-iontaobhas bunaidh ar a sealbhaítear a sócmhainní carthanais nó i gcás go bhfuil srianta dlíthiúla eile ann ar theideal. Áirítear iad seo a leanas leis na gníomhartha sin:

  • a bheartú maoin charthanúil a dhíol, a léasú nó a mhorgáistiú
  • scéim cy-près a cheapadh (athrú a dhéanamh ar an gcuspóir ar lena aghaidh a shealbhaítear maoin carthanais)
  • iontaobhaithe nua a cheapadh chuig maoin carthanais
  • oibríochtaí an charthanais a fhoirceannadh
  • cumasc le carthanais eile
  • imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh
  • comhréiteach a dhéanamh ar éilimh a bhaineann le sócmhainní carthanais nó le bronntanais a fágadh ag carthanas le huacht
  • idirbhearta eile a dhéanamh a bhaineann le sócmhainní carthanais

Tá sé de chumhacht ag roinnt carthanas na gníomhartha/na hathruithe sin a dhéanamh cheana féin agus ní theastaíonn toiliú uathu dá bharr sin.  I gcásanna eile, is gá don Rialálaí Carthanas idirghabháil a dhéanamh sa chás chun cabhrú le cloí lena bhfuil ar intinn ag daoine a thugann tabhartais agus tiomnachtaí do charthanas.  Ba cheart d’iarratasóirí breathnú ar dhoiciméad rialaithe an charthanais agus ar an reachtaíocht chun an seasamh a shuí sula ndéanann siad iarratas chuig an Rialálaí Carthanas.  Ag brath ar an gcineál gníomhaíochta atá á bhreithniú, is féidir go gceanglófar orthu fógra a thabhairt don Rialálaí Carthanas roimh ré freisin.

Féadfaidh carthanais agus daoine eile (mar atá leagtha amach sa reachtaíocht) iarratais a dhéanamh de bhun na nAchtanna Carthanas, 1961 agus 1973, arna leasú. Tá ag an Aonad Seirbhísí Carthanais na feidhmeanna a dílsíodh do Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d’Éirinn (na Coimisinéirí) roimhe sin.  Aistríodh na feidhmeanna sin chuig an Rialálaí Carthanas de bhun alt 82 den Acht Carthanas 2009 tar éis dhíscaoileadh na gCoimisinéirí de bhun Chuid 6 den Acht Carthanas 2009.

SéanadhTá an treoir ar an suíomh Gréasáin seo á eisiúint ag an Rialálaí Carthanas faoi alt 14(1)(i) den Acht Carthanas 2009 ar mhaithe le feabhas ar riaradh agus bainistiú eagraíochtaí carthanúla a spreagadh agus a éascú. Níl an fhaisnéis ina ráiteas críochnúil, agus níl sí deartha chun a bheith ina ráiteas críochnúil, ar an dlí. Ní thugtar aon chomhairle dlí inti ach oiread. Níor cheart an treoir a úsáid in ionad comhairle ghairmiúil ó fhoinse atá cáilithe go cuí. Molann an Rialálaí Carthanas d’iontaobhaithe carthanais a ndoiciméad rialaithe a léamh agus a gcomhairle dlí neamhspleách féin a fháil nuair is gá. Ní ghlacann an Rialálaí Carthanas le freagracht ná dliteanas ar bith as aon earráidí, míchruinneas nó easnaimh san fhaisnéis ar an suíomh Gréasáin seo ná in aon treoirdhoiciméad atá foilsithe air.

Top