Déanann an Rialálaí Carthanas scrúdú ar fhaisnéis a bhaineann le tiomnachtaí carthanúla a fhaightear ón Oifig Phrobháide, a bhfuil sainordú reachtúil aige tuarascáil a thabhairt don Rialálaí Carthanas ar gach tiomnacht charthanúil do charthanais in Éirinn. Maidir le tiomnachtaí do charthanais eachtracha nach bhfuil aon ghníomhaíochtaí acu in Éirinn, ní thagann siad faoi shainchúram na reachtaíochta agus ní cheanglaítear ar sheachadóirí/ionadaithe pearsanta dlíthiúla iad sin a chur ar áireamh san fhoirm tiomnachta carthanúla.
Uacht amháin, foirm amháin
Ceanglaítear ar ionadaithe pearsanta dlíthiúla nó aturnaetha atá ag gníomhú thar a gceann foirm aonair ar líne dar teideal ‘Foirm Tiomnachta Carthanúla’ ina luaitear gach tiomnacht charthanúil in uacht a chomhlánú nuair atáthar ag déanamh iarratais ar dheonú i gcás go mbeidh tiomnacht charthanúil ar áireamh san uacht. Ba cheart mionsonraí a thabhairt faoi gach tiomnacht charthanúil a chur ar áireamh san fhoirm, lena n-áirítear tiomnacht an iarmhair más rud é gur tairbhí iarmharach é an carthanas. Má chuireann tú roinnt foirmeacha isteach i ndáil leis an aon eastát amháin, seolfar na foirmeacha/an t-iarratas ar ais chugat agus beidh moill ann ar d’iarratas a phróiseáil dá bharr.
Maidir leis an bhFoirm Tiomnachta Carthanúla:
- ní mór í a ghiniúint agus a chur isteach ar líne trí thairseach ‘Mo Chuntas’ an Rialálaí Carthanas;
- ní mór í a íoslódáil agus a phriontáil lena síniú ag an ionadaí pearsanta dlíthiúil/aturnae atá ag gníomhú thar a c(h)eann;
- ní mór í a scanadh agus a uaslódáil chuig an aighneacht ar ‘Mo Chuntas’; agus
- ní mór an chóip chrua a chur isteach mar aon leis an iarratas ar dheonú chuig an Oifig Phrobháide/chuig an gClárlann Phrobháide Cheantair.
Beidh cuntas úsáideora ag teastáil ó ionadaithe pearsanta dlíthiúla/aturnaetha atá ag gníomhú thar a gceann chun logáil isteach i ‘Mo Chuntas’. Is féidir faisnéis faoi ‘Mo Chuntas’ a fháil ar ár suíomh Gréasáin, lena n-áirítear conas cuntas úsáideora nua a chruthú nó logáil isteach i gcuntas atá ann cheana.
Ceanglaítear ar an Oifig Phrobháide na mionsonraí seo a leanas a chur ar aghaidh chuig an Rialálaí Carthanas de réir na n-oibleagáidí reachtúla atá air faoi na hAchtanna Carthanas:
- mionsonraí faoi gach réadtiomnú carthanúil nó tiomnacht charthanúil atá in aon uacht arna hiontráil san Oifig Phrobháide/sa Chlárlann Phrobháide Cheantair;
- ainm an tiomnóra (an duine éagtha);
- ainm an duine ar deonaíodh probháid dó/di;
- dáta na huachta agus dáta an deonaithe probháide nó litreacha riaracháin a bhfuil an uacht ceangailte leo.
-
Conas is féidir liom foirm tiomnachta carthanúla a chomhdú?
Ní mór an ‘Fhoirm Tiomnachta Carthanúla’ a ghiniúint agus a chur isteach ar líne trí thairseach ‘Mo Chuntas’ an Rialálaí Carthanas; Ar thaobh na láimhe clé den leathanach baile, cliceáil ar “Seirbhísí Carthanais” agus roghnaigh “Foirm Tiomnachta Carthanúla” ón liosta cineálacha iarratais agus comhlánaigh an fhoirm ar líne. Ansin, priontáil cóip den fhoirm chomhlánaithe, cuir isteach d’uimhir thagartha aighneachta cúig dhigit, déan socruithe le haghaidh an chóip chrua a bheith sínithe ag na hionadaithe pearsanta dlíthiúla, uaslódáil cóip scanta chuig d’aighneacht ar ‘Mo Chuntas’ agus cuir isteach an chóip chrua mar aon leis an iarratas uait ar dheonú chuig an Oifig Phrobháide/chuig an gClárlann Phrobháide Cheantair.
Tar éis an deonú a eisiúint, ní mór admhálacha le haghaidh íocaíochtaí tiomnachtaí carthanúla le tairbhithe a chur isteach chuig an Rialálaí Carthanas thar ceann an eastáit. D’fhéadfaí na hadmhálacha sin a chur isteach i riocht litreach nó comhfhreagrais scríofa eile ón gcarthanas cláraithe ina ndeimhnítear go bhfuair sé an tiomnacht.
I gcás nach mbeifear in ann íocaíocht tiomnachta carthanúla a dhéanamh go pras, ceanglaítear ar ionadaithe pearsanta dlíthiúla/aturnaetha atá ag gníomhú thar a gceann fógra a thabhairt don tairbhí faoin tiomnacht charthanúil agus an fógra sin a chur ar aghaidh chuig an Rialálaí Carthanas. Ní mór duit d’uimhir thagartha aighneachta cúig dhigit a lua i ngach comhfhreagras maidir le foirm tiomnachta carthanúla. Is féidir an uimhir thagartha aighneachta a aimsiú sa rannán “Mo Chomhduithe” de do thairseach ‘Mo Chuntas’.
Má tá difríocht ann sa tsuim a tugadh mar bhronntanas i leagáid shonrach, nó má tá athrú eile ann i mionsonraí na tiomnachta carthanúla i gcomparáid le foclaíocht na huachta, ba cheart cuntais an eastáit agus míniú a sheoladh chuig an Rialálaí Carthanas. D’fhéadfadh gur chuí Tuairim/Comhairle faoi shéala an Rialálaí Carthanas a iarraidh de bhun alt 21 den Acht Carthanas, 1961, sula ndéanfaidh tú aon dáileadh in imthosca áirithe.
Tabhair na nithe seo a leanas faoi deara:
- Ní gá duit a bheith i do Chomhdaitheoir Údaraithe do charthanas chun foirm tiomnachta carthanúla a chomhdú. Amhail i gcás gach iarratais de chuid an Aonaid Seirbhísí Carthanais, féadfaidh aon duine clárú le haghaidh cuntas úsáideora ar ‘Mo Chuntas’ agus foirm a chomhdú ansin. Trí fhoirm a chomhdú, deimhníonn tú go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh isteach ceart agus go bhfuil tú údaraithe chun an comhdú a dhéanamh thar ceann an eastáit.
- Más rud é gur ionadaí dlíthiúil pearsanta thú atá ag déanamh comhdú thar ceann an eastáit agus nach bhfuil aon aturnae ag gníomhú chun an t-eastát a riar, féadfaidh tú do sheoladh a iontráil sa rannán “Sonraí aturnae” ar an bhfoirm ar líne agus luaigh nach bhfuil aon aturnae i gceist.
- Tar éis duit an leagan PDF den fhoirm tiomnachta carthanúla a ghiniúint, eiseofar uimhir thagartha aighneachta chugat. Ba cheart duit an uimhir thagartha aighneachta a lámhscríobh ar bharr na foirme agus nóta a dhéanamh den uimhir sin do do chomhad féin. Luaigh an uimhir thagartha aighneachta i ngach comhfhreagras amach anseo.
- Nuair a bheidh an fhoirm sínithe, ní mór duit do dhréachtchomhdú i ‘Mo Chuntas’ a oscailt agus an fhoirm shínithe a uaslódáil in éineacht leis an iarratas. Ní mór duit ansin (1) an fhoirm shínithe a chur isteach ar líne chuig an Rialálaí Carthanas; agus (2) an fhoirm pháipéir a thaisceadh in éineacht le d’iarratas ar dheonú probháide/litreacha riaracháin a bhfuil an uacht ceangailte leo chuig an Oifig Phrobháide/chuig an gClárlann Phrobháide Cheantair.
- Tabhair faoi deara go dtarlóidh sé, mar gheall ar an líon iarratas a fhaightear, go dtógfaidh sé roinnt míonna chun foirm tiomnachta carthanúla a phróiseáil tar éis deonú a eisiúint. Féadfaidh tú admhálacha le haghaidh íocaíochtaí tiomnachtaí carthanúla a chur isteach ar na bealaí seo a leanas: (1) iad a cheangal le Teachtaireacht i ‘Mo Chuntas’, agus an uimhir thagartha aighneachta á lua; nó (2) iad a sheoladh trí ríomhphost
chuig charityservices@charitiesregulator.ie, agus an uimhir thagartha aighneachta á lua; nó (3) iad a sheoladh tríd an bpost cláraithe chuig an seoladh seo a leanas, agus an uimhir thagartha aighneachta á lua: An tAonad Seirbhísí Carthanais, An Rialálaí Carthanas, 3 Duga Sheoirse, An Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta, Baile Átha Cliath 1, D01 X5X0, Éire; nó (4) iad a sheachadadh chuig ár n-oifig, agus an uimhir thagartha aighneachta á lua.
Níor cheart an fhoirm tiomnachta carthanúla a úsáid ach amháin le haghaidh tiomnachtaí i ndáil le carthanais atá ag oibriú in Éirinn.
-
Cad ba cheart dom a dhéanamh má áirítear le huacht clásal lena mbunaítear iontaobhas carthanúil nua/eagraíocht charthanúil nua?
Ba cheart d’ionadaithe pearsanta dlíthiúla comhairle dlí ghairmiúil neamhspleách a lorg más cosúil go mbunaítear le clásal in uacht duine éagtha iontaobhas carthanúil nua/eagraíocht charthanúil nua. B’fhiú Tuairim/Comhairle a fháil ón Rialálaí Carthanas faoi alt 21 den Acht Carthanas, 1961, mura bhfuil sé soiléir an bhfuil sé mar rún leis an gclásal san uacht carthanas nua a bhunú nó an tiomnacht charthanúil, agus tiomnacht charthanúil amháin, í. Tá faisnéis úsáideach maidir leis na hoibleagáidí chun carthanas nua a chlárú leis an Rialálaí Carthanas de bhun an Achta Carthanas 2009 ar fáil ar ár suíomh Gréasáin.
Má bhunaítear le huacht iontaobhas carthanúil nua, tá dualgais ar na hiontaobhaithe freisin mionsonraí an iontaobhais a chothabháil agus a chomhdú ar an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Iontaobhas trí shuíomh Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil faoin gceannteideal “Iontaobhais Charthanúla” ar an rannán Ceisteanna Coitianta dár suíomh Gréasáin. Níl an Rialálaí Carthanas freagrach as an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Iontaobhas.