An Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais

Cad atá sa Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais?

Tá an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais ina chomhlacht idir-rialtasach. Chuir Airí bhalldlínsí an Tascfhórsa ar bun é sa bhliain 1989.  Tá Éire ina ball den Tascfhórsa ón mbliain 1991 i leith agus tá sí tiomanta do na moltaí uaidh a chur chun feidhme.  Tá sé mar chuspóir ag an Tascfhórsa caighdeáin a leagan síos, agus cur chun feidhme éifeachtach beart dlí, rialála agus oibríochtúil a chur chun cinn, le haghaidh sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta agus bagairtí gaolmhara eile ar shláine an chórais airgeadais idirnáisiúnta a chomhrac.

Déanann an Tascfhórsa faireachán ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag a chuid ball ar na bearta riachtanacha a chur chun feidhme; déanann sé athbhreithniú ar theicnící sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta agus ar bhealaí inar féidir iad a chomhrac; agus cuireann sé glacadh agus cur chun feidhme na mbeart cuí chun cinn ar bhonn domhanda.  Déanann sé meastóireachtaí frithpháirteacha ar a chuid ball sula gcuirfear tuarascáil deiridh le chéile.

Conas a théann an Tascfhórsa i bhfeidhm ar an earnáil carthanas?

Tagann an earnáil carthanas faoi raon feidhme rialacha an Tascfhórsa maidir le heagraíochtaí neamhbhrabúis. Is é Moladh 8 de na rialacha sin an moladh a bhfuil feidhm aige maidir leis an earnáil. Rinneadh Moladh 8 a athbhreithniú le déanaí, tar éis dul i mbun comhairliúchán domhain leis an earnáil idirnáisiúnta eagraíochtaí neamhbhrabúis, d’fhonn íoslaghdú a dhéanamh ar aon tionchar diúltach – idir thionchar díreach agus thionchar indíreach – a d’fhéadfadh bearta frithsciúrtha airgid/frithmhaoinithe sceimhlitheoireachta a imirt ar obair na hearnála sochaí sibhialta. Chuir an Tascfhórsa tuarascáil dar teideal ‘An baol go mbainfeadh sceimhlitheoirí mí-úsáid as eagraíochtaí neamhbhrabúis’ le chéile sa bhliain 2014 agus d’eisigh sé páipéar dea-chleachtais dar teideal ‘An Dea-Chleachtas maidir le Mí-Úsáid Eagraíochtaí Neamhbhrabúis a Chomhrac’ sa bhliain 2015.

An Measúnú Riosca Náisiúnta maidir le Frithsciúradh Airgid agus maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac

Thug Éire faoin gcéad Mheasúnú Riosca Náisiúnta uaithi maidir le Frithsciúradh Airgid agus maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac. Is é an aidhm atá leis measúnú leathan a thabhairt ar na rioscaí frithsciúrtha airgid/maoinithe sceimhlitheoireachta atá ann in Éirinn, tuiscint níos fearr a ghnóthú orthu agus straitéisí éifeachtacha a fhorbairt chun dul i ngleic leo.

Cabhróidh torthaí an mheasúnaithe riosca náisiúnta le bonn eolais a chur faoin mbeartas agus faoi oibríochtaí agus faoi chinntí chun acmhainní a leithdháileadh ar na réimsí lena mbaineann an riosca is mó. Léirítear i dtuarascáil an athbhreithnithe tuiscint ar na réimsí riosca ar cheart formhór na n-acmhainní a dhíriú orthu. Is doiciméad inathraithe í an tuarascáil, a thabharfar cothrom le dáta ar bhonn tréimhsiúil.

An Roinn Airgeadais - Measúnú Riosca Náisiúnta d’Éirinn: Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta

Naisc Úsáideacha:

An Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais - Suíomh Gréasáin an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais

An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta - Sciúradh Airgid - An leathanach ar shuíomh Gréasáin na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta maidir le 'Sciúradh Airgid'

EUR-Lex: Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh - Treoir (AE) Uimh. 2015/849 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta

An Roinn Airgeadais - An leathanach ar shuíomh Gréasáin na Roinne Airgeadais maidir le 'Cur in aghaidh Sciúradh Airgid/Maoiniú Sceimhlitheoireachta'

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais - An leathanach ar shuíomh Gréasáin na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais maidir le 'Sciúradh Airgid'

Banc Ceannais na hÉireann - 'Tús Eolais maidir le Frithsciúradh Airgid'

Treoir ó Choimisiún Carthanas na Ríochta Aontaithe – Comhairle agus faisnéis maidir leis na príomhghnéithe de reachtaíocht frithsceimhlitheoireachta na Ríochta Aontaithe agus maidir leis an dóigh a bhféadfaí leis an reachtaíocht sin dul i bhfeidhm ar charthanais agus ar a gcuid oibre