Is iad iontaobhaithe carthanais na daoine a fheidhmíonn rialú ar charthanas ar deireadh thiar agus a bhfuil freagracht dhlíthiúil orthu as an gcarthanas.
- Más cuideachta é an carthanas, is féidir go dtabharfar ‘stiúrthóirí’ nó ‘comhaltaí boird’ ar na daoine sin freisin. Tabhair faoi deara nach ndéanfar rúnaí cuideachta a mheas go huathoibríoch a bheith ina (h)iontaobhaí carthanais a thuilleadh ó mhí Eanáir 2025 i leith.
- I gcumann neamhchorpraithe – ar cumann é a bhfuil foirm dhlíthiúil aige agus a bhfuil doiciméad rialaithe i bhfeidhm aige – is féidir go dtabharfar comhaltaí coiste orthu. I gcás iontaobhais, bíonn an scéal níos casta in amanna. Más iad iontaobhaithe an iontaobhais na daoine a chinneann an beartas agus a rialaíonn na sócmhainní, is iontaobhaithe carthanais iad freisin.
Mura bhfuil tú cinnte faoi cé acu atá tú i d’iontaobhaí carthanais nó nach bhfuil, tá sé tábhachtach go seiceálfá struchtúr dlíthiúil do charthanais chun soiléiriú a fháil ar do phost. Tá sé tábhachtach go bhféachfá ar bhunreacht nó ar ghníomhas iontaobhais (‘doiciméad rialaithe’) do charthanais freisin.
Bhí níos mó ná 75,000 iontaobhaí carthanais ann i bPoblacht na hÉireann ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2021.
Más iontaobhaí carthanais thú, seiceáil iontráil do charthanais ar an gClár Carthanas chun a chinntiú go bhfuil do shonraí taifeadta i gceart. Is féidir sonraí iontaobhaithe carthanais a leasú ach foirm um Iontaobhaithe, Baint agus Comhairleoirí Seachtracha a Nuashonrú a chomhlánú agus a chur isteach. Is féidir an fhoirm sin a fháil trí ‘Mo Chuntas’.
Cé na dualgais dhlíthiúla atá ar iontaobhaí carthanais?
Tá dualgais shonracha ar iontaobhaithe carthanais faoin Acht Carthanas 2009 agus ní mór dóibh deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonann a gcarthanas na ceanglais atá leagtha amach i bpíosaí ábhartha eile reachtaíochta.
Na dualgais dhlíthiúla atá ar iontaobhaí carthanais
Áirítear iad seo a leanas leis na píosaí ábhartha eile reachtaíochta:
- An reachtaíocht cosanta sonraí;
- An reachtaíocht fostaíochta; agus
- An reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta.
I gcás gur cuideachta é an carthanas, is amhlaidh, faoin dlí cuideachtaí agus faoin dlí coiteann, go bhfuil dualgais bhreise ar iontaobhaí carthanais ar stiúrthóir cuideachta é/í freisin.
Ceisteanna Coitianta d’iontaobhaithe carthanais
-
Is iontaobhaí carthanais mé, cé na hacmhainní atá ar fáil dom?
Tá na doiciméid seo a leanas ar fáil:
An Cód Rialachais do Charthanais
Treoir d’iontaobhaithe carthanais
Treoir maidir le cúiseanna polaitíochta a bheith á gcur chun cinn ag carthanais
Treoirlínte do charthanais maidir le rialuithe inmheánacha airgeadais
Treoirlínte d’eagraíochtaí carthanúla maidir le cruinniú airgid ón bpobal
-
Cárb as a dtagann dualgais an iontaobhaí carthanais?
Tagann dualgais d’iontaobhaithe carthanais as na nithe seo a leanas:
- Doiciméad rialaithe do charthanais;
- An reachtaíocht (reacht);
- An dlí coiteann (corpas dhlí na hÉireann atá bunaithe ar an gcleachtas seanbhunaithe agus ar bhreitheanna na gcúirteanna).
Tá dualgais shonracha ar iontaobhaithe carthanais faoin Acht Carthanas 2009. Chomh maith leis sin, ceanglaítear orthu a chinntiú go gcomhlíonann a gcarthanas na ceanglais atá leagtha amach faoi phíosaí ábhartha eile reachtaíochta, e.g. an reachtaíocht cosanta sonraí, an reachtaíocht fostaíochta, an reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta, etc.
I gcás gur cuideachta é an carthanas, is amhlaidh, faoin dlí cuideachtaí agus faoin dlí coiteann, go bhfuil dualgais bhreise ar iontaobhaí carthanais ar stiúrthóir cuideachta é/í freisin.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na freagrachtaí atá ar stiúrthóirí cuideachta, féach suíomh gréasáin Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, íoslódáil an doiciméad Treoir d’iontaobhaithe carthanais uainn.
-
An íocfar liom as a bheith i m’iontaobhaí carthanais?
Ní ceadmhach d’iontaobhaithe brabús a dhéanamh ar a ndualgais mar iontaobhaí carthanais a chomhlíonadh. Ní fhéadfaidh tú glacadh le tuarastal a bhaineann go sonrach le do ról mar iontaobhaí carthanais. Ní fhéadfaidh tú aon sochair eile a fháil ina leith ach oiread. Féadfar speansais réasúnacha a thabhaíonn tú le linn duit do dhualgais a chomhlíonadh a aisíoc leat, áfach.
Foráiltear le halt 89 den Acht Carthanas 2009 go bhféadfaidh iontaobhaithe carthanais comhaontú seirbhíse i scríbhinn a dhéanamh le carthanas. Níor tháinig an t-alt sin i bhfeidhm go fóill, áfach. Soláthróidh an Rialálaí Carthanas tuilleadh treorach maidir le luach saothair in am is i dtráth.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, íoslódáil an doiciméad Treoir d’Iontaobhaithe Carthanais uainn.
-
An féidir le haon duine ar bith a bheith ina (h)iontaobhaí carthanais?
Ní bheidh gach duine cáilithe chun gníomhú mar iontaobhaí carthanais. Tá forais ann le duine a dhícháiliú óna bheith ina (h)iontaobhaí carthanais, mar shampla, i gcás:
- go mbreithneofar ina f(h)éimheach é/í;
- go ndéanfaidh sé/sí comhshocraíocht fhoirmiúil dócmhainneachta le Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann, ar comhshocraíocht í atá ceadaithe ag an gcúirt;
- go gciontófar é/í ar díotáil i gcion; agus
- gur cuideachta é/í atá i gcúrsa a foirceanta.
Chun tuilleadh sonraí a fháil agus chun amharc ar liosta iomlán de na forais le duine a dhícháiliú óna bheith ina (h)iontaobhaí carthanais, féach alt 55 den Acht Carthanas 2009