Fóram leas-sealbhóirí an Rialálaí Carthanas

Tá an Rialálaí Carthanas ag lorg ainmniúcháin chuig fóram leas-sealbhóirí nua, áit a dtabharfar deis d’iontaobhaithe carthanais agus don Rialálaí Carthanas faisnéis agus tuairimí a mhalartú ar thopaicí atá ábhartha do rialáil na hearnála, lena n-áirítear saincheisteanna atá ag teacht chun cinn.

Nuair a bheidh sé ar bun, beidh an fóram ina chainéal tábhachtach trínar féidir a chinntiú go mbreithneofar tuairimí agus aiseolas na hearnála carthanas nuair a bheidh beartais, treoir agus ábhair rialála á bhforbairt ag an Rialálaí Carthanas. 

Oibreoidh an fóram ar bhonn píolótach ar dtús, agus idir dháréag iontaobhaithe carthanais agus 20 iontaobhaí carthanais aige.  Déanfaidh coiste roghnúcháin breithniú ar na hainmniúcháin a gheofar agus comhaontóidh sé na comhaltaí deiridh, agus sinn ag iarraidh a chinntiú go mbeidh comhaltas an fhóraim leas-sealbhóirí ag teacht le próifíl reatha na hearnála carthanas de réir cuspóir carthanúil, méide, foirm dhlíthiúil agus láthair gheografach. Cuimseoidh an coiste roghnúcháin comhalta amháin de bhord an Rialálaí Carthanas, comhalta amháin d’fhoireann ardbhainistíochta an Rialálaí Carthanas, agus Patricia Cronin, cathaoirleach neamhspleách ar an bhfóram leas-sealbhóirí. Agus í ina hiarchomhalta de bhord an Rialálaí Carthanas, tá taithí shuntasach agus eolas suntasach ag Patricia ar an earnáil.

I dteannta iontaobhaithe carthanais agus ionadaithe don Rialálaí Carthanas, tabharfar cuireadh do bhreathnadóirí ó ranna rialtais agus ó ghníomhaireachtaí stáit eile freastal ar chruinnithe i gcás go mbeidh na nithe ar an gclár oibre ábhartha dá réimse/réimsí freagrachta féin.

Cé go mbeidh ar na comhaltaí ar iontaobhaithe iad am a chur i leataobh don fhóram, níl sé beartaithe go mbeidh rannpháirtíocht san fhóram am-íditheach. Tiocfaidh an fóram le chéile dhá uair sa bhliain (san earrach agus san fhómhar/sa gheimhreadh) ar bhonn hibrideach – i bpearsa agus go fíorúil. I bhformhór na gcásanna, tiocfaidh sé le chéile ag oifigí an Rialálaí Carthanas ag 3 Duga Sheoirse (atá suite faoi fhad siúil de Stáisiún Uí Chonghaile agus in aice le stad Luas Dhuga Sheoirse).   Mairfidh cruinnithe dhá uair an chloig de ghnáth agus, ag brath ar an gclár oibre, is féidir go mbeidh roinnt ábhar le léamh nó le breithniú roimh an gcruinniú. Is féidir go ngairfidh an Cathaoirleach cruinnithe breise. Is féidir go n-iarrfaidh an Rialálaí Carthanas, i gcomhairle leis an gCathaoirleach, barúlacha nó aiseolas trí ríomhphost ó am go ham freisin.

Cé go n-oibreoidh an fóram ar bhonn píolótach ar feadh bliain amháin ar dtús, féachann an Rialálaí Carthanas air mar thionscnamh fadtéarmach. Samhlaímid go bhfónfaidh ainmnithe ar feadh dhá bhliain ar dtús ar mhaithe le comhleanúnachas a chinntiú agus go mbeidh iomlaoid comhaltaí ann ina dhiaidh sin. 

Is féidir le haon duine atá ag iarraidh iontaobhaí carthanais a ainmniú chuig an bhfóram é sin a dhéanamh tríd an bhfoirm ainmniúcháin  oifigiúil a úsáid. Ní mór ainmniúcháin a chur isteach le ríomhphost chuig press@charitiesregulator.ie faoi 5 p.m. Dé Máirt an 23 Márta 2023.