Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Aicmiúchán

Baineann an caighdeán aicmiúcháin carthanas leis an dóigh a ndéantar carthanais a bhfuil na saintréithe céanna acu, nó a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, a roinnt ina ngrúpaí nó ina gcatagóirí ar leith.

Cad atá sa Chaighdeán Aicmiúcháin Carthanas?

I mbeagán focal, baineann an caighdeán aicmiúcháin carthanas leis an dóigh a ndéantar carthanais a bhfuil na saintréithe céanna acu, nó a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, a roinnt ina ngrúpaí nó ina gcatagóirí ar leith. 

Soláthrófar soiléire chun críocha taighde agus comparáide mar thoradh ar an gcumas chun carthanais a bhfuil gníomhaíochtaí comhchosúla ar bun acu a ghrúpáil. Toradh eile a bheidh air is ea go dtreorófar maoinitheoirí agus an lucht déanta beartas agus iad ag déanamh measúnú ar an earnáil carthanas agus go n-éascófar comhoibriú agus comhroinnt eolais i measc carthanais chláraithe in Éirinn. 

Ní rud beacht é aicmiúchán agus níl aon chaighdeán foirfe ann do gach carthanas.  Beidh comhréiteach le déanamh ag carthanais áirithe agus na catagóirí is cuí á gcinneadh acu.  Coinníodh an t-aicmiúchán simplí, agus tá na catagóirí leathan go leor chun go mbeidh gach carthanas in ann an chatagóir ‘is oiriúnaí’ a roghnú.  Is faoi gach carthanas atá sé breithniú a dhéanamh ar an gcatagóir ‘is oiriúnaí’ dóibh féin laistigh den chaighdeán trí leas a bhaint as an bhfaisnéis agus as na samplaí atá leagtha amach sa Treoir Aicmiúcháin.

TABHAIR FAOI DEARA: Cé go bhfuil teorainn ann leis an líon catagóirí a bhféadfaidh carthanas iad a roghnú, ní chuireann sé sin aon teorainn leis na cineálacha gníomhaíochtaí a bhféadfaidh carthanas tabhairt fúthu chun an cuspóir carthanúil nó na cuspóirí carthanúla atá aige a chur chun cinn. Leanfar le deis a thabhairt do charthanais tuilleadh mionsonraí a thabhairt faoi éagsúlacht a gcuid oibríochtaí sa rannán gníomhaíochtaí den tuarascáil bhliantúil a chomhdaíonn carthanais.

  • Cén dóigh a n-oibríonn aicmiúchán carthanas?

    Tá 10 ngrúpa phríomha ann. Ní mór do gach carthanas ceann amháin ar a laghad de na grúpaí príomha sin a roghnú, ach féadfaidh sé dhá cheann díobh a roghnú.

    1. Seirbhísí Sóisialta agus Pobail
    2. Seirbhísí Sláinte agus Cúraim
    3. Forbairt Pobail agus Tithíocht
    4. An Comhshaol agus Ainmhithe
    5. Caidreamh Pobail, an tAthmhuintearas, Tathant, agus Freagracht Chathartha
    6. Cistiú, Daonchairdeas, Dea-Mhéin, agus Obair Shaorálach
    7. Oideachas agus Taighde
    8. Creideamh
    9. Na hEalaíona agus an Cultúr
    10. Gníomhaíochtaí Idirnáisiúnta

    Tá gach grúpa príomha fo-roinnte ina roinnt grúpaí tánaisteacha chun na gníomhaíochtaí a chatagóiriú tuilleadh.  Tar éis do charthanas grúpa aicmiúcháin príomha a roghnú, beidh sé in ann dhá ghrúpa thánaisteacha ar a mhéad atá nasctha leis an ngrúpa príomha sin a roghnú. Tá ciseal nó fo-aicmiúchán eile ag roinnt mhaith de na grúpaí tánaisteacha freisin, áit a gcuirtear mionsonraí breise leis an aicmiúchán.

    Is féidir leat tuilleadh faisnéise faoi na grúpaí, agus roinnt samplaí praiticiúla, a fháil sa Treoir Aicmiúcháin.

  • Cé na nithe ba cheart d’iontaobhaithe carthanais a bhreithniú agus a gcarthanas á aicmiú acu?

    Ba cheart d’iontaobhaithe carthanais an cuspóir carthanúil nó na cuspóirí carthanúla ar chuige nó chucu a ceadaíodh an carthanas, an príomhchuspóir, gníomhaíochtaí an charthanais agus an caiteachas airgeadais ar gach gníomhaíocht (gan costais foirne agus riaracháin a áireamh) a bhreithniú chun an t-aicmiúchán is cuí don charthanas a chinneadh. 

    Beidh an Caighdeán Aicmiúcháin agus an Treoir Aicmiúcháin úsáideach d’iontaobhaithe ina leith sin.

    Tá sé tábhachtach a thuiscint nach ar shásra an tsoláthair ba cheart an rogha aicmiúcháin a shuí. Ina ionad sin, ba cheart d’iontaobhaithe díriú ar cad is cuspóir leis an ngníomhaíocht agus ar an tairbhe phoiblí a bhíonn á soláthar.  Mar shampla, baineann roinnt carthanas úsáid as an spórt mar mheán chun an cuspóir carthanúil atá acu a chomhlíonadh.  Ní hé an spórt an tairbhe phoiblí a bhíonn á soláthar ag na carthanais sin, áfach. Ina ionad sin, is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an tairbhe phoiblí ná cuimsiú sóisialta a chur chun cinn do dhaoine faoi mhíchumas nó líonra tacaíochta a sholáthar do mharthanóirí ailse. Mar sin, is ar na nithe sin ba cheart don charthanas a roghanna aicmiúcháin a bhunú.

  • Conas is féidir an Fhoirm Aicmiúcháin a chur isteach?

    Tar éis do na hiontaobhaithe carthanais an t-aicmiúchán a chinneadh, ba cheart foirm Aicmiúcháin Carthanas a chomhlánú agus a chur isteach tríd an gcuntas ar líne atá ag do charthanas leis an Rialálaí Carthanas (‘Mo Chuntas’). Tugtar forbhreathnú air sin sa treoir céim ar chéim uainn.

    Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun tuarascálacha agus foirmeacha a chomhdú thar ceann do charthanais. 

Top