Is é an bunreacht, nó an doiciméad rialaithe, an doiciméad dlíthiúil ina leagtar amach an cuspóir ar lena aghaidh a bunaíodh do charthanas agus conas a oibríonn sé. Is féidir go dtabharfar na ‘rialacha’ air freisin, ag brath ar struchtúr dlíthiúil na heagraíochta.
Ba cheart bunreacht do charthanais a bheith mar bhonn do na nithe uile a dhéanfaidh do charthanas agus don dóigh a ndéanfaidh sé iad. Ní mór a chur in iúl go soiléir sa bhunreacht gur bunaíodh do charthanas chun críche carthanúla nó chun críocha carthanúla agus chun na críche nó chun na gcríoch sin amháin.
I gcás fhormhór na n-athruithe ar bhunreacht an charthanais, ní gá don Rialálaí Carthanas athbhreithniú a dhéanamh orthu. Teastaíonn uainn cóip den leagan is cothroime le dáta de do bhunreacht, áfach. Tá na clásail ar gá athbhreithniú a dhéanamh orthu leagtha amach thíos.
Tá an bunreacht ina dhoiciméad bunúsach lena gcinntítear go gcomhlíonann carthanas an tAcht agus lena dtacaítear le dea-rialachas carthanais. Is faoi charthanas atá sé a chinntiú go bhfuil a bhunreacht ina bhunreacht cuí, go bhfuil sé cothrom le dáta agus go gcomhlíonann sé ceanglais an Achta Carthanas 2009 (an tAcht). Mura bhfuil carthanas cinnte faoi cé acu atá nó nach bhfuil a bhunreacht ina bhunreacht cuí do charthanas, ba cheart dó comhairle neamhspleách a lorg.
Tabhair faoi deara go bhfuil sé de chumhacht ag an Rialálaí Carthanas an Clár Carthanas (“an Clár”) a athbhreithniú chun a chinntiú go bhfuil na carthanais ar an gClár ina n-eagraíocht charthanúil de réir bhrí an Achta Carthanas 2009. Tá an t-athbhreithniú sin, má dhéantar é, ar leithligh agus leithleach ó do bhunreacht a chur isteach trí Fhoirm um Bunreacht a Chur Isteach / Do Chuspóirí Carthanúla a Nuashonrú. Ní chuireann próiseáil na Foirme sin aon chosc ar an Rialálaí Carthanas athbhreithniú a dhéanamh ar d’iontráil ar an gClár sa todhchaí.
-
Na cásanna inar gá athbhreithniú a dhéanamh ar do bhunreacht
I gcás fhormhór na n-athruithe ar bhunreacht carthanais, ní gá don Rialálaí Carthanas athbhreithniú a dhéanamh orthu. Teastaíonn uainn cóip den leagan is cothroime le dáta de do bhunreacht, áfach.
Is ann do dhá chlásal – an clásal príomhchuspóra agus an clásal cuspóirí carthanúla – a bhfuil bunús dlí acu agus ar ina leith a dhéanfaimid athbhreithniú ar do bhunreacht chun a chinntiú go gcomhlíonann do bhunreacht na ceanglais atá ar charthanais faoin Acht go fóill.
-
Príomhchuspóir
Is gá an príomhchuspóir atá ag bunreacht carthanais a iontráil ar an gClár, agus ní mór fógra a thabhairt dúinn faoi aon athruithe ar an bpríomhchuspóir sin. I gcás go bhfuil athrú ar chuspóir á dhéanamh mar gheall ar athrú ar chuspóir carthanúil, déanfar athbhreithniú ar an athrú sa chomhthéacs sin.
-
Cuspóir carthanúil
Déanfaimid athbhreithniú i gcás go bhfuil sé beartaithe ag carthanas cuspóir carthanúil a chur leis nó a bhaint, toisc nach mór do charthanas a léiriú go bhfuil an cuspóir carthanúil sin á chur ar aghaidh aige chun leas an phobail.
-
Clásal Ioncaim agus Maoine
I gclásal Ioncaim agus Maoine an charthanais, ní mór a fhoráil nach n-úsáidfear ioncam agus maoin an charthanais ach amháin chun an Príomhchuspóir atá aige, mar atá leagtha amach sa bhunreacht, a chur chun cinn. Tá sé sin leagtha amach in alt 2 den Acht, lena gceanglaítear ar eagraíocht charthanúil, faoina bunreacht, a maoin go léir (idir réadach agus phearsanta) a úsáid ar mhaithe lena cuspóir carthanúil a chur chun cinn, seachas airgead a chaitear ar oibriú agus cothabháil an chomhlachta, agus lena sonraítear nach mbeadh aon chuid den mhaoin iníoctha le comhaltaí an chomhlachta. Ba cheart an méid sin a léiriú i do bhunreacht agus ba cheart ár gclásal caighdeánach a bheith ann.
-
Clásal foirceanta
Ní mór a fhoráil sa chlásal foirceanta gurb amhlaidh, más rud é, ar an gcarthanas a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh, go mbeidh maoin ar bith fágtha tar éis na fiacha agus na dliteanais uile a bheith glanta, nach ndéanfar í a íoc leis na comhaltaí den charthanas ná a dháileadh orthu. Ina ionad sin, tabharfar maoin den sórt sin d’institiúid charthanúil éigin eile nó d’institiúidí carthanúla éigin eile a mbeidh a príomhchuspóirí nó a bpríomhchuspóirí ar aon dul le príomhchuspóirí an charthanais nó aistreofar chuig institiúid nó chuig institiúidí den sórt sin í. Tá sé sin leagtha amach in alt 2 den Acht, lena gceanglaítear ar charthanas, faoina bhunreacht, a mhaoin go léir (idir réadach agus phearsanta) a úsáid ar mhaithe lena chuspóir carthanúil a chur chun cinn, seachas airgead a chaitear ar oibriú agus cothabháil an chomhlachta, agus lena sonraítear nach mbeadh aon chuid den mhaoin iníoctha le comhaltaí an chomhlachta. Ba cheart an méid sin a léiriú i do bhunreacht agus ba cheart ár gclásal caighdeánach a bheith ann.
-
-
Na cásanna nach gá aon athbhreithniú a dhéanamh iontu
Is annamh a dhéanfaidh an Rialálaí Carthanas athbhreithniú ar do bhunreacht mura bhfuil tú ag déanamh aon athruithe ar na míreanna atá liostaithe thíos agus mura bhfuil tú ag cur an bhunreachta isteach ach amháin ar na cúiseanna seo a leanas:
Is annamh a dhéanfaidh an Rialálaí Carthanas athbhreithniú ar do bhunreacht mura bhfuil tú ag déanamh aon athruithe ar na míreanna atá liostaithe thíos agus mura bhfuil tú ag cur an bhunreachta isteach ach amháin ar na cúiseanna seo a leanas:
- Tá tú ag cur cóip den bhunreacht isteach gan aon athruithe
- Tá tú ag cur cóip den bhunreacht isteach gan aon athruithe seachas athruithe ar chlásail cumhachtaí nó rialachais. Ní bheidh aon athbhreithniú ag teastáil má tá tú ag déanamh athruithe ar na clásail cumhachtaí nó rialachais i do bhunreacht, agus orthu sin amháin; mar shampla, athruithe ar an líon iontaobhaithe nó comhaltaí, nó athruithe ar na rialacha maidir leis an gcruinniú ginearálta bliantúil nó maidir leis an dóigh a ndéantar vótáil
- Tá tú ag cur cóip den bhunreacht isteach gan aon athruithe seachas athruithe chun earráid litrithe nó formáidithe a cheartú sa phríomhchuspóir
- Tá tú ag cur bunreacht lán-nua isteach, ar aon dul leis an reachtaíocht reatha nó leis an mbunreacht eiseamláireach
-
Treoir Úsáideach: Bunreacht
Chuireamar bunreachtanna samplacha le chéile do na struchtúir eagrúcháin seo a leanas: Bunreacht Eiseamláireach le haghaidh Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta agus Bunreacht Eiseamláireach le haghaidh Comhlachas agus le haghaidh Comhlachtaí Neamhchorpraithe Eile. Beidh na nithe sin an-úsáideach duit maidir le do bhunreacht a dhréachtú agus maidir lena chinntiú go gcomhlíonfaidh do bhunreacht reatha ceanglais an Achta.
-
Seicliosta maidir leis an mBunreacht
Ba cheart roinnt clásal a bheith ar áireamh i do bhunreacht chun a chinntiú go gcomhlíonann do charthanas an tAcht agus go bhfuil sé in ann é féin a oibriú agus a rialú.
-
Ainm an Charthanais
Ba cheart ainm do charthanais ar do bhunreacht a bheith díreach mar an gcéanna le d’ainm ar an gClár. Seiceáil é sin tríd an gClár a chuardach sula gcuirfidh tú an fhoirm seo isteach. Mura bhfuil ainm do charthanais ceart ar an gClár, comhlánaigh foirm um "Athrú Ainm".
-
Príomhchuspóir
Ní mór príomhchuspóir a bheith sa doiciméad rialaithe. Is é is príomhchuspóir ann ná ráiteas ina leagtar amach an cuspóir príomhúil atá ag eagraíocht. Is gnách go mbíonn sé le feiceáil i dtús an doiciméid, mar atá léirithe sna bunreachtanna samplacha.
Ní mór an príomhchuspóir nó na príomhchuspóirí a bheith ag teacht leis an gcuspóir carthanúil roghnaithe. Is féidir go mbeidh cuspóirí coimhdeacha nó fochuspóirí sa doiciméad rialaithe freisin. Is é is cuspóir coimhdeach nó fochuspóir ann ná cuspóir a ghabhann le príomhchuspóir an charthanais agus a thacaíonn leis.
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith leagtha amach go soiléir sa phríomhchuspóir:
- cén cuspóir ar lena aghaidh a bunaíodh an carthanas
- cén áit a n-oibreoidh sé
- cé a bhainfidh tairbhe as
- conas a bhainfidh sé a chuspóirí amach
Mar shampla: ‘Is é an príomhchuspóir ar lena aghaidh atá CARTHANAS ABC á bhunú ná na healaíona (cad é) i mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo (cén áit), a chur ar aghaidh do dhaoine óga (cé) trí oiliúint i scileanna drámaíochta agus amharclannaíochta a sholáthar saor in aisce (conas).’
-
Clásail Chaighdeánacha
Tá dhá chlásal chaighdeánacha ann lena ndéantar eagraíocht charthanúil d’eagraíocht agus ba cheart iad sin a bheith ar áireamh i mbunreacht gach carthanais. Is iad sin an clásal ioncaim agus maoine agus an clásal foirceanta. Clásail Chaighdeánacha do Chuideachtaí faoi Theorainn Ráthaíochta agus Clásail Chaighdeánacha d’Eintitis Neamhchorpraithe.
Mura bhfuil an leagan is cothroime le dáta de na clásail sin ar áireamh i do bhunreacht, molaimid duit iad a iontráil ann sula gcuirfidh tú do bhunreacht isteach. Déanfaidh an Rialálaí Carthanas athbhreithniú ar aon athruithe ar na clásail chaighdeánacha sin.
-
Rialachas
Moltar do charthanais clásail shonracha rialachais a chur ar áireamh ina mbunreacht chun rialachas inmheánach éifeachtach an charthanais a éascú agus chun tacú leis an rialachas sin. Is é atá i gceist le ‘clásail rialachais’ anseo ná clásail ina mionsonraítear míreanna amhail iad seo a leanas:
- cruinnithe ginearálta a chomórad
- fógra a thabhairt faoi chruinnithe agus cruinnithe a riar
- coinbhleachtaí leasa
- iontaobhaithe a cheapadh
Féach na bunreachtanna eiseamláireacha uainn chun críocha tagartha.
-
Cumhachtaí
Moltar do charthanais cumhachtaí sonracha a chur ar áireamh ina mbunreacht chun oibriú an charthanais a éascú agus chun tacú leis an oibriú sin. Is é atá i gceist le ‘clásail cumhachtaí’ anseo ná clásail ina mionsonraítear cumhachtaí amhail an chumhacht chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- ranníocaíochtaí deonacha, tabhartais, tiomnachtaí nó airgead a fháil
- iarratas a dhéanamh ar dheontas
- baill foirne a fhostú
- comhshocraíocht léasaithe a dhéanamh
Féach na bunreachtanna eiseamláireacha uainn chun críocha tagartha.
-
-
Conas na hathruithe a chur isteach
Is féidir le carthanais a mbunreacht a chur isteach, nó athbhreithniú ar an leasú atá beartaithe acu ar na réimsí atá mionsonraithe thuas a iarraidh, trí úsáid a bhaint as ‘Mo Chuntas’, ár dTairseach ar Líne. Tugtar an Fhoirm um Bunreacht a Chur Isteach / Do Chuspóirí Carthanúla a Nuashonrú ar an bhfoirm.