Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Cás-staidéir agus seimineár gréasáin

Cás-staidéir agus seimineáir Ghréasáin atá ceaptha chun cabhrú le carthanais nó daoine a dhéileálann le carthanais nó maoin charthanúil iarratas a dhéanamh ar thoiliú nó ar ordachán ón Rialálaí Carthanas.

  • Cás-Staidéir

    • Cás-Staidéar 1 - Díol Maoine Carthanais ag a bhfuil Acmhainneacht mar Thalamh Forbraíochta – alt 34, an tAcht Carthanas, 1961

      Chuir carthanas reiligiúnach ag a raibh maoin mhór i limistéar uirbeach ina bhféadfaí teaghaisí cónaithe a fhorbairt iarratas faoi bhráid an Údaráis Rialála Carthanas (“an Rialálaí Carthanas”) ar dhíol a údarú ag margadhluach na maoine. Bhí an íocaíocht as an maoin le déanamh i riocht airgid thirim agus i riocht oibreacha athchóirithe ar an maoin (atá fós in úsáid ag an gcarthanas) agus bheadh sí ag brath go páirteach ar an bpraghas in aghaidh an aonaid a bhainfeadh an forbróir amach ar deireadh agus na tithe á ndíol aige.

      Roinnt blianta tar éis don charthanas na téarmaí díola a chomhaontú leis an bhforbróir, faoi réir ceadú pleanála agus rialála, chuir an carthanas iarratas ar údarú faoi bhráid an Rialálaí Carthanas.  Cuireadh in iúl go soiléir sa tuarascáil luachála a cuireadh isteach nár margaíodh an mhaoin lena díol ar an margadh oscailte. D’fhág sé sin go raibh sé an-deacair a chinneadh cé acu a bhí nó nach raibh margadhluach á bhaint amach dá mhaoin carthanais.  Is tar éis an margadh a thástáil a gheofar an tuairim is cruinne ó luachálaí ar mhargadhluach i gcónaí. 

      Chomh maith leis sin, cé go raibh an tuarascáil luachála cuimsitheach, ba ar iasachtóirí an fhorbróra a díríodh í. Ní raibh sé sin inghlactha ag an Rialálaí Carthanas, toisc gurb é an cuspóir atá leis an tuarascáil luachála a shuí cé acu atá nó nach bhfuil margadhluach á bhaint amach ag an gcarthanas dá mhaoin carthanais.  Ba cheart an tuarascáil luachála a ullmhú chun tairbhe don charthanas agus ar ordú an charthanais i ngach cás.

      Iarradh ar an gcarthanas dearbhuithe breise agus doiciméadacht bhreise a sholáthar agus fuarthas iad, lenar áiríodh tuarascáil luachála neamhspleách ó luachálaí eile, sular dheonaigh Bord an Rialálaí Carthanas údarú le haghaidh an mhaoin a dhíol.

      Príomhleideanna

      ·       Ba cheart do charthanais luachálaí neamhspleách a fhostú sula ndéanann siad aon chinneadh chun maoin carthanais a dhíol.  Is féidir le luachálaithe comhairle a thabhairt maidir leis an margadhluach agus maidir leis na bealaí inar féidir an mhaoin a mhargú agus inar féidir an luach is mó is féidir a bhaint amach agus maoin á díol.  Níor cheart do charthanais praghas le haghaidh maoin carthanais a dhíol a chomhaontú sula lorgaíonn siad comhairle ghairmiúil ó luachálaí neamhspleách. 

      ·       Leanann an Rialálaí Carthanas próiseas láidir agus díol maoine carthanais á údarú aige. Tugann sé aird ar roinnt nithe éagsúla, lena n-áirítear leas an charthanais agus an ról atá ag an Rialálaí maidir le feabhas a chur ar iontaoibh agus muinín an phobail as an earnáil.  Glacaimid cur chuige pragmatach, agus tacaímid le carthanais trí threoir a thabhairt dóibh maidir leis na caighdeáin rialachais a bhfuiltear ag súil leo agus iad ag déanamh cinntí chun maoin carthanais a dhíol agus maidir leis an doiciméadacht tacaíochta lena dtacófar leis na cinntí sin ar deireadh.

      ·       Is dá lánrogha féin a sholáthraíonn an Rialálaí Carthanas seirbhísí do charthanais de bhun na nAchtanna Carthanas, 1961 go 1973, lena n-áirítear díol maoine carthanais a údarú.  Tionscnaítear próiseas dlíthiúil tráth a fhaightear gach iarratas.  Ní mór do Bhord an Rialálaí Carthanas iarratais a athbhreithniú trí fhochoiste dá chuid, is é sin an Coiste Seirbhísí Carthanais.  Déanann an Coiste Seirbhísí Carthanais moltaí do Bhord an Rialálaí Carthanas maidir le cé acu ba cheart údarú a dheonú nó diúltú dó. Is é an Bord a dhéanann an cinneadh i ngach cás.

      ·       Ní mór do charthanais a bheith cothrom le dáta leis na hoibleagáidí reachtúla atá orthu, lena n-áirítear an oibleagáid atá orthu a dtuarascálacha bliantúla a chomhdú leis an Rialálaí Carthanas. Ní mór dóibh a chinntiú go bhfuil na sonraí uile a bhaineann lena gcarthanas cothrom le dáta ar an gClár Carthanas sula gcuireann siad iarratas faoi bhráid an Rialálaí Carthanas faoi na hAchtanna Carthanas, 1961 agus 1973.

    • Cás-Staidéar 2 - Siopa carthanais a dhíol lasmuigh den mhargadh – alt 34, an tAcht Carthanas, 1961

      Foilsíodh é seo sa Tuarascáil Bhliantúil 2022 (an 25 Iúil 2023) – leathanach 39

      Sa bhliain 2022, bhreithnigh an tAonad Seirbhísí Carthanais díol maoine carthanais i lár cathrach Bhaile Átha Cliath. Cé gur comhaontaíodh an díol “lasmuigh den mhargadh” ar dtús, níor údaraigh an Rialálaí Carthanas é. Tharla sé sin toisc, bunaithe ar an doiciméadacht iarratais a cuireadh i láthair, nár measadh go raibh margadhluach á bhaint amach ag an bpraghas comhaontaithe díola. Áiríodh leis an doiciméadacht sin praghsanna ar mhaoine inchomparáide sa láthair lena mbaineann agus an praghas a d’íoc an carthanas ar dtús chun an mhaoin a cheannach. D’ordaigh an Rialálaí Carthanas go gcuirfí an mhaoin ar an margadh ar feadh tréimhse sé seachtaine agus go ndéanfaí margaíocht chuí agus go gcuirfí comharthaí cuí in airde chun aird na dtairgeoirí féideartha uile a tharraingt ar dhíol na maoine. Fuarthas roinnt tairiscintí a bhí níos airde ná an praghas comhaontaithe díola agus glacadh leis an tairiscint is airde. Bhí an praghas a baineadh amach 25% níos airde ná an praghas a chomhaontaigh an carthanas ar dtús. Mhéadaigh an praghas díola faoi shé fhigiúr dá bharr sin, rud a d’fhéadfaí a úsáid chun freastal ar chuspóirí carthanúla an charthanais. Ba ag an bpraghas is airde a deonaíodh an t-iarratas ar dhíol a údarú.

    • Cás-Staidéar 3 - Fáltais díola le húsáid chun na gcríoch bunaidh ar chucu a sealbhaíodh an mhaoin – alt 34/alt 29, an tAcht Carthanas, 1961

      Rinne carthanas a shealbhaigh foirgneamh scoile chun tairbhe do leanaí de chreideamh ar leith sa limistéar áitiúil iarratas chuig an Rialálaí Carthanas ar dhíol an fhoirgnimh scoile a údarú. Bhí sé beartaithe aige na fáltais díola a úsáid chun tairbhe do leanaí scoile i limistéar eile.

      Bhreithnigh Bord an Rialálaí Carthanas na hiontaobhais bhunaidh ar ar sealbhaíodh an mhaoin, mar atá leagtha amach sna gníomhais teidil don mhaoin nuair a cheannaigh an carthanas í.  Níor údaraigh Bord an Rialálaí Carthanas an díol maoine bunaithe ar an iarratas a rinneadh, toisc nach raibh sé beartaithe na fáltais díola a úsáid chun na gcríoch carthanúil bunaidh.  Údaraíodh an díol ina dhiaidh sin nuair a leasaigh na hiontaobhaithe an togra le haghaidh na fáltais díola a úsáid chun go mbeadh sé ag teacht leis na hiontaobhais ar ar sealbhaíodh an foirgneamh scoile. 

      Is féidir go mbeidh carthanais ag iarraidh maoin carthanais a dhiúscairt ar chuid mhór cúiseanna, lena n-áirítear i gcás nach bhfuil an mhaoin ag teastáil a thuilleadh, i gcás nach bhfuil an mhaoin oiriúnach don fheidhm a thuilleadh, i gcás nach bhfuil an mhaoin suite a thuilleadh i láthair ina soláthraíonn an carthanas a chuid seirbhísí, nó ar chúiseanna eile, amhail i gcás nach bhfuil an mhaoin oiriúnach dá háitiú nó dá húsáid a thuilleadh. 

      Mar sin féin, tá dualgas ar iontaobhaithe carthanais a chinntiú go n-úsáidtear maoin carthanais chun críocha carthanúla agus chucu sin amháin agus go n-úsáidtear na fáltais ó dhíol aon mhaoine carthanais chun na gcríoch bunaidh ar chucu a sealbhaíodh í. 

      Má sealbhaíodh maoin chun críocha ginearálta an charthanais, mar shampla, is féidir gur leor a rá go n-úsáidfear na fáltais díola chun na gcríoch sin.  Má sealbhaíodh an mhaoin chun tairbhe do dhaoine i limistéar ar leith nó d’inscne ar leith nó a bhfuil riachtanas ar leith acu, is féidir go mbeidh an mhaoin ina cuid de rud ar a dtugtar “ciste srianta”, agus ní mór na fáltais díola a shealbhú chun na gcríoch sin.  Tá treoir ina leith sin ar fáil uainn ar ár suíomh Gréasáin. 

      Má tá sé beartaithe na fáltais díola a úsáid do chuspóir níos leithne nó do chatagóir níos leithne tairbhithe, is féidir go mbeidh sé riachtanach iarratas a dhéanamh chuig an Rialálaí Carthanas nó chuig na Cúirteanna ar scéim cy-près chun cuspóirí an iontaobhais ar a sealbhaítear an mhaoin nó na fáltais ó dhíol na maoine a athrú.

    • Cás-Staidéar 4 - Buntáiste don charthanas – alt 34, an tAcht Carthanas, 1961

      Rinne carthanas ag a raibh maoin thréigthe a bhí suite ar acra amháin iarratas ar dhíol na maoine ar phraghas €12,000 a údarú.

      Chuir an t-iarratasóir tuarascáil luachála aon leathanaigh isteach, inar luadh go raibh an praghas a comhaontaíodh ar an bpraghas is fearr a bhí ar fáil. Níor tugadh aon mhionsonraí faoi mhargú na maoine, áfach.  Níor mheas Bord an Rialálaí Carthanas, a bhfuil sé de chumhacht aige na hiarratais sin a údarú, go raibh margadhluach á bhaint amach ag an bpraghas sin, agus d’ordaigh sé don iarratasóir an mhaoin a mhargú:

      Ordaíonn an Rialálaí Carthanas nach mór an mhaoin a thairiscint agus a fhógairt lena díol ar an margadh oscailte ar bhonn comhghníomhaireachta ar feadh tréimhse ocht seachtaine ar a laghad, gan an praghas forchoimeádta a bheith níos lú ná an luach is airde sna tuarascálacha luachála a cuireadh isteach. Agus an mhaoin á margú, ba cheart comharthaí a chur in airde ag an maoin agus ba cheart an mhaoin a fhógairt in oifigí na ngníomhairí, ar líne agus in eagrán amháin ar a laghad de nuachtán áitiúil. Ní mór an mhaoin a chur ar fáil lena hiniúchadh ag gach páirtí leasmhar. Ba cheart don Charthanas na tairiscintí uile a gheofar a bhreithniú. Ba cheart mionsonraí iomlána faoin stair mhargaíochta, faoi iniúchtaí agus faoi thairiscintí a chur faoi bhráid an Rialálaí Carthanas, mar aon le haon athruithe ar na téarmaí díola atá beartaithe. 

      Sa chéad tuarascáil luachála a cuireadh isteach in éineacht leis an iarratas, sainaithníodh roinnt tosca éagsúla a chuaigh i bhfeidhm ar luach agus indíoltacht na maoine. Beag beann ar na tosca sin, comhaontaíodh an mhaoin a dhíol le tríú páirtí ar phraghas €60,000 tar éis í a mhargú ar an margadh oscailte. Bhí an tsuim sin cúig huaire níos airde ná an praghas bunaidh a comhaontaíodh.  Thug an ceantálaí bunaidh tuarascáil chun a léiriú go raibh na luachanna talún sa limistéar cothrom le thart ar €8,000 in aghaidh an acra.  Ba chosúil nár cuireadh an acmhainneacht forbartha ag an láithreán san áireamh ach oiread sa chéad tuarascáil luachála a cuireadh isteach. 

      Chun go mbeidh an díol ina “bhuntáiste” don charthanas, ar caighdeán é a leagtar síos leis an reachtaíocht (alt 34 den Acht Carthanas, 1961), ní mór don charthanas a léiriú go bhfuil margadhluach á bhaint amach aige.  Ag féachaint do phrionsabail ghinearálta dhlí na n-iontaobhas, ní mór d’iontaobhaithe a chinntiú go rachaidh an díol beartaithe chun tairbhe don charthanas nó dá chuid tairbhithe sna himthosca uile. 

    • Cás-Staidéar 5 - Seiceadóirí ag gníomhú chun eastát a riar – alt 21, an tAcht Carthanas, 1961

      D’iarr seiceadóirí a bhí ag plé le heastát Duine Éagtha a d’fhág tiomnachtaí carthanúla dá pharóiste áitiúil ina dhiaidh tuairim ó Bhord an Rialálaí Carthanas faoina shéala maidir le cé acu a chruthaítear nó nach gcruthaítear le téarmaí na huachta eagraíocht charthanúil nua a bheadh faoi réir an phróisis iarratais ar chlárú mar charthanas nó maidir le cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh siad an tiomnacht a íoc le carthanas cláraithe sainaitheanta atá ann cheana.

      Chuir an Duine Éagtha coinníoll ar áireamh ina uacht á rá go sealbhófaí na tiomnachtaí carthanúla ina uacht ar iontaobhas chun tairbhe don pharóiste, agus ní chun tairbhe don deoise.  D’ordaigh sé freisin gur cheart na hordacháin ón sagart paróiste a iarraidh i ndáil leis na sócmhainní a dhíol nó i ndáil leis an teideal chun na sócmhainní a aistriú.

      Cuireadh Tuairim Abhcóide isteach in éineacht leis an iarratas.  Dar leis an Tuairim Abhcóide, (1) ní mór an mhaoin a dhílsiú ar dtús do na seiceadóirí chun na gcríoch atá leagtha amach san uacht agus (2) ba cheart tuairim an Údaráis a iarraidh sula n-aistrítear aon cheann de na sócmhainní.

      Cé go bhfuil oibleagáid ar an Rialálaí Carthanas breithniú a dhéanamh ar iarratais iomlána arna bhfáil faoi alt 21 den Acht Carthanas, 1961, níl aon oibleagáid air ráiteas faoina thuairim ná comhairle a thabhairt.  Rinne an Rialálaí Carthanas breithniú ar an doiciméadacht tacaíochta ar fad, lenar áiríodh an Tuairim Abhcóide.  In imthosca an iarratais a cuireadh i láthair, áit a raibh an carthanas in ann a chomhairle dlí féin a fháil agus a bhfuair sé sainchomhairle dlí ó abhcóide, mheas Bord an Rialálaí Carthanas nach raibh sé riachtanach tuairim ná comhairle a thabhairt.

    • Cás-Staidéar 6 - Comhréiteach éilimh in aghaidh carthanais – alt 22, an tAcht Carthanas, 1961

      D’fhág Duine Éagtha a eastát ar fad do thrí charthanas ina uacht agus níor fhág sé rud ar bith don triúr leanaí a bhí aige.  Cé go ndearnadh soláthar do bheirt de na leanaí le linn don Duine Éagtha a bheith beo, ní dhearnadh aon soláthar don leanbh eile.  Níl aon chearta uathoibríocha ag leanaí chun sciar a fháil d’eastát a dtuismitheoirí. Mar sin féin, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt ar sholáthar ón eastát i gcás gur mhainnigh na tuismitheoirí cloí leis an dualgas morálta a bhí orthu soláthar a dhéanamh dóibh le linn dóibh a bheith beo nó tráth a mbáis. Rinne an tríú leanbh iarratas den sórt sin in aghaidh an eastáit.

      Tá dualgas ar sheiceadóirí an t-eastát a riar de réir fhorálacha na huachta.  Rinne an Seiceadóir cosaint iomlán in aghaidh na n-imeachtaí Cúirte a thionscain an leanbh.  Thug an tAbhcóide don eastát Tuairim don Seiceadóir á rá go mbeadh sé an-deacair an t-éileamh a chosaint go rathúil toisc nach ndearna an Duine Éagtha aon soláthar ar bith dá leanbh ó luathaois.  Tháinig an tAbhcóide ar an gconclúid go dtarlódh sé, dá dtabharfaí an ní chun trialach, go bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go ndámhfaí 50% de luach an Eastáit don leanbh, mar aon lena chostais dlí.  Ina theannta sin, d’fhéadfadh na costais dlí a bheadh i gceist leis an gcás a chosaint a bheith cothrom le beagnach 50% de luach an eastáit, arbh eastát measartha é. 

      Tháinig na páirtithe ar chomhréiteach, faoi réir ceadú rialála a fháil ó Bhord an Rialálaí Carthanas faoi alt 22 den Acht Carthanas, 1961, áit a nglacfadh an gearánaí le 40% den eastát, agus costais dlí san áireamh.  Tar éis dóibh comhairle dlí neamhspleách a fháil, chomhaontaigh na trí thairbhí carthanais gur thoradh inghlactha é sin sna himthosca agus go raibh ciall le tuilleadh costas dlí agus imeachtaí cúirte a sheachaint. 

      Rialaigh Bord an Rialálaí Carthanas go raibh sé cuí oiriúnach agus chun tairbhe do na carthanais an comhréiteach a chomhaontú, agus d’údaraigh sé an comhréiteach de bhun alt 22 den Acht Carthanas, 1961.  Ós rud é nach bhféadfaidh carthanais éileamh a chomhréiteach i gcás nach dtugtar de chumhacht dóibh déanamh amhlaidh ina mbunreacht (agus ós rud é nach bhféadfaidh seiceadóirí éileamh a chomhréiteach i gcás go bhfuil siad ag gníomhú faoi théarmaí uachta nach dtugtar léi de chumhacht dóibh déanamh amhlaidh), bheadh orthu dul chun na Cúirte chun an comhréiteach a chomhaontú murar iarr siad ceadú ón Rialálaí Carthanas.

  • Seimineár Gréasáin

Top