Déanann an Rialálaí Carthanas scrúdú ar fhaisnéis a bhaineann le tiomnachtaí carthanúla a fhaightear ón Oifig Phrobháide, a bhfuil sainordú reachtúil aici tuarascáil bhliantúil a thabhairt don Rialálaí Carthanas ar na tiomnachtaí carthanúla uile do charthanais in Éirinn.
Ní mór do sheiceadóirí/ionadaithe pearsanta dlíthiúla admhálacha le haghaidh íocaíochtaí tiomnachtaí carthanúla a chur faoi bhráid an Rialálaí Carthanas laistigh de shé (6) mhí ó dheonú probháide a eisiúint faoi alt 52 den Acht Carthanas, 1961.
Maidir le tiomnachtaí do charthanais eachtracha nach bhfuil aon ghníomhaíochtaí acu in Éirinn, ní thagann siad faoi shainchúram na reachtaíochta. Ní cheanglaítear ar ionadaithe pearsanta dlíthiúla iad sin a chur ar áireamh san fhoirm tiomnachta carthanúla.
Uacht amháin, foirm amháin
Tabhair faoi deara go dtarlóidh sé, bunaithe ar aiseolas ón lucht dlí, nach ndéanfar an fhoirm tiomnachta carthanúla a chomhlánú ar líne a thuilleadh ón 1 Feabhra 2024.
D’fhoilsigh an tSeirbhís Chúirteanna an fhoirm nach mór a chomhlánú agus a chur faoi bhráid na hOifige Probháide/na Clárlainne Probháide Ceantair in éineacht le d’iarratas ar dheonú i gcás go mbeidh tiomnacht charthanúil ar áireamh san uacht. Gheobhaidh tú nasc chuig an bhfoirm sa rannán thíos.
Ní mór d’ionadaithe pearsanta dlíthiúla nó d’aturnaetha atá ag gníomhú thar a gceann an fhoirm aonair ar líne sin dar teideal an ‘Fhoirm Tiomnachta Carthanúla’ a chomhlánú, rud ina bhfuil an fhoclaíocht do na tiomnachtaí carthanúla uile atá ar áireamh in uacht. Ba cheart mionsonraí faoi na tiomnachtaí carthanúla uile a bheith ar áireamh san fhoirm chomhlánaithe, lena n-áirítear tiomnacht an iarmhair más rud é gur tairbhí iarmharach é an carthanas.
Má chuireann tú roinnt foirmeacha isteach i ndáil leis an aon eastát amháin, seolfar na foirmeacha/an t-iarratas ar ais chugat agus beidh moill ann ar d’iarratas a phróiseáil dá bharr.
-
Conas is féidir liom foirm tiomnachta carthanúla a chomhdú?
Chun an Fhoirm Tiomnachta Carthanúla a chomhlánú, ní mór duit na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- An fhoirm a íoslódáil ón suíomh Gréasáin Courts.ie
- An fhoirm a chomhlánú agus na tiomnachtaí carthanúla uile a liostú
- Ainm carthanais chláraithe agus uimhir charthanais chláraithe aon tairbhí ar carthanas atá cláraithe in Éirinn é a liostú – cuardaigh an Clár Carthanas ar ár suíomh Gréasáin
- A shocrú go ndéanfadh na hionadaithe pearsanta dlíthiúla/an t-aturnae atá ag gníomhú thar a gceann an fhoirm a shíniú
- Cóip den fhoirm a dhéanamh do do chomhad féin
- An fhoirm chruachóipe a chur faoi bhráid na hOifige Probháide/na Clárlainne Probháide Ceantair in éineacht le d’iarratas ar dheonú probháide.
Ceanglaítear ar an Oifig Phrobháide na mionsonraí seo a leanas a sholáthar don Rialálaí Carthanas de réir na n-oibleagáidí reachtúla atá air faoi na hAchtanna Carthanas:
- Mionsonraí faoi gach réadtiomnú carthanúil (bronntanas maoine réadaí) nó tiomnacht charthanúil atá ar áireamh in aon uacht arna hiontráil san Oifig Phrobháide nó sa Chlárlann Phrobháide Cheantair
- Ainm an tiomnóra (an duine éagtha)
- Ainm an duine ar deonaíodh probháid dó/di
- Dáta na huachta agus dáta an deonaithe probháide.
-
Seol d’admhálacha le haghaidh íocaíochtaí tiomnachtaí carthanúla chuig an Rialálaí Carthanas
Laistigh de shé mhí ón deonú a eisiúint, ní mór na nithe seo a leanas a chur faoi bhráid an Rialálaí Carthanas:
- Admhálacha le haghaidh íocaíochtaí tiomnachtaí carthanúla leis na tairbhithe carthanais,
nó
- Más rud é nach mbeidh an tiomnacht charthanúil íoctha laistigh de shé mhí ó dháta an deonaithe, deimhniú á rá gur cuireadh an carthanas ar an eolas faoin tiomnacht charthanúil. Ba cheart don ionadaí pearsanta dlíthiúil a dheimhniú cén uair a mheasfar go n-íocfar an tiomnacht. Nuair a bheidh an tiomnacht charthanúil íoctha, ní mór don ionadaí pearsanta dlíthiúil admhálacha le haghaidh íocaíochtaí a sheoladh chuig an Rialálaí Carthanas.
Seol admhálacha ar na bealaí seo a leanas:
Trí ríomhphost chuig: CSU@charitiesregulator.ie
nó
Le casadh an phoist chuig: An tAonad Seirbhísí Carthanais, An Rialálaí Carthanas, 3 Duga Sheoirse, LSAI, Baile Átha Cliath 1, D01 X5X0, Éire
Féadfar admhálacha a chur isteach i riocht litreach nó comhfhreagrais scríofa shínithe eile ón gcarthanas cláraithe ina ndeimhnítear go bhfuair sé an tiomnacht.
Tabhair faoi deara nach n-admhaíonn an Rialálaí Carthanas nuair a fhaigheann sé admhálacha le haghaidh íocaíochtaí tiomnachtaí carthanúla. Níl aon cheanglas ar an Rialálaí Carthanas litir dhíolúine a eisiúint lena foilsiú. Má roghnaítear an tiomnacht charthanúil lena spotseiceáil, féadfaidh tú comhfhreagras eile a fháil ón Rialálaí Carthanas.
Má tá difríocht ann sa tsuim a tugadh mar bhronntanas i leagáid shonrach, nó má tá athrú eile ann i mionsonraí na tiomnachta carthanúla i gcomparáid le foclaíocht na huachta, féadfaidh an Rialálaí Carthanas cuntais an eastáit agus míniú ar an difríocht a iarraidh.
Ba cheart d’ionadaithe pearsanta dlíthiúla comhairle dlí a fháil sula ndáilfidh siad tiomnacht charthanúil, más gá.Más rud é gur ionadaí dlíthiúil pearsanta thú atá ag comhlánú foirm tiomnachta carthanúla agus nach bhfuil aon aturnae ag gníomhú chun an t-eastát a riar, ní gá duit ach é sin a lua ar an bhfoirm tiomnachta carthanúla.
Níor cheart an fhoirm tiomnachta carthanúla a úsáid ach amháin le haghaidh tiomnachtaí i ndáil le carthanais atá ag oibriú in Éirinn.
-
Ceisteanna Coitianta
-
Cad ba cheart dom a dhéanamh má tá bronntanas do charthanas Éireannach ar áireamh in uacht?
Má tá bronntanas do charthanas ar áireamh in uacht, ba cheart an bronntanas sin a thabhairt don charthanas sin. Ní mór duit an Oifig Phrobháide, an carthanas agus an Rialálaí Carthanas a chur ar an eolas faoin mbronntanas. Ba cheart duit an Clár poiblí Carthanas a chuardach chun a shainaithint cén carthanas cláraithe ar cheart an bronntanas a íoc leis agus ba cheart duit comhairle dlí a fháil chun cabhrú leat é sin a dhéanamh.
-
Cad ba cheart dom a dhéanamh má chruthaítear le huacht iontaobhas carthanúil nua?
Má chruthaítear le huacht iontaobhas carthanúil nua, ba cheart duit comhairle dlí a fháil. Foghlaim conas carthanas nua a chlárú ar ár suíomh Gréasáin.
Má bhunaítear le huacht iontaobhas carthanúil nua, tá dualgais ar na hiontaobhaithe freisin mionsonraí an iontaobhais a chothabháil agus a chomhdú ar an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Iontaobhas trí shuíomh Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil faoin gceannteideal “Iontaobhais Charthanúla” ar an rannán Ceisteanna Coitianta dár suíomh Gréasáin. Níl an Rialálaí Carthanas freagrach as an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Iontaobhas.
-
Cad ba cheart dom a dhéanamh má fhágtar le huacht tiomnacht charthanúil le haghaidh Aifrinn a léamh?
Ba cheart duit an Clár Carthanas a chuardach ar ár suíomh Gréasáin agus iarraidh ar an tairbhí ainmnithe a shainaithint cén carthanas cláraithe ar cheart an bronntanas a íoc leis. Ba cheart duit mionsonraí faoi sin a chur ar áireamh ar an bhfoirm tiomnachta carthanúla.
-