Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Nochtadh Cosanta

Ról an Rialálaí Carthanas mar ‘dhuine forordaithe’

Faoi Ionstraim Reachtúil Uimh. 367 de 2020, sainíodh Príomhfheidhmeannach an Rialálaí Carthanas mar ‘dhuine forordaithe’ chun nochtaí a fháil maidir le héagóiritheoireachtaí iomchuí i leith gach ní a bhaineann le rialáil carthanas de bhun an Achta Carthanas 2009. 

Is é an phríomhfhreagracht atá ar Phríomhfheidhmeannach an Rialálaí Carthanas mar dhuine forordaithe faoin Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, ná céannacht an nochtóra a chosaint a mhéid is mó is féidir agus an fhaisnéis atá tugtha sa nochtadh a scrúdú de réir a ghnáthnósanna imeachta le haghaidh a fheidhmeanna reachtúla a chur i gcrích.

Beartas agus Nós Imeachta an Rialálaí Carthanas maidir le Nochtadh Cosanta - Bealaí Seachtracha Tuairiscithe

Féadfar nochtaí cosanta a chur isteach:

Tríd an ríomhphost chuig: protecteddisclosures@charitiesregulator.ie

Nó tríd an bpost chuig: 

Nochtadh Cosanta,
An Rialálaí Carthanas,
3 Duga Sheoirse,
An Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta,
Baile Átha Cliath 1,
D01X5X0

 

Nochtaí cosanta ó oibrithe laistigh den Rialálaí Carthanas

Leis an Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, cumasaítear d’oibrithe ábhar imní a chur in iúl maidir le héagóiritheoireacht fhéideartha san áit oibre.  Cinntítear leis an Acht gurb ann do choimircí chun oibrithe a chosaint ar bhearta díoltais.

Leis an Acht, ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí na nithe seo a leanas a dhéanamh: 

  • faisnéis i scríbhinn a thabhairt d’oibrithe maidir leis na nósanna imeachta sin. 

Gabhann an Rialálaí Carthanas air féin an tacaíocht riachtanach a thabhairt d’aon bhall foirne a chuireann fíorábhair imní in iúl. 

 

Tuarascáil Bhliantúil maidir le Nochtadh Cosanta

Faoi alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí agus gach duine forordaithe tuarascáil bhliantúil chuig an Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta agus Athchóirithe a fhoilsiú maidir leis an líon nochtaí cosanta a fuarthas sa bhliain roimhe agus maidir leis an ngníomh a rinneadh ina leith (más ann).

2023 - Ní bhfuair an Rialálaí Carthanas aon nochtaí cosanta inmheánacha agus fuair sé 17 Nochtadh Chosanta Sheachtracha ina cháil mar 'dhuine forordaithe', mar atá leagtha amach sa Tuarascáil Bhliantúil maidir le Nochtadh Cosanta don bhliain 2023.

2022 – Sa bhliain 2022, ní bhfuair an Rialálaí Carthanas aon nochtaí cosanta inmheánacha agus fuair sé sé Nochtadh Chosanta Sheachtracha ina cháil mar ‘dhuine forordaithe' Tuarascáil Bhliantúil maidir le Nochtadh Cosanta don 2022

2021 - Ní bhfuair an Rialálaí Carthanas aon nochtaí cosanta inmheánacha sa bhliain 2021.
*Cuireadh ocht nochtadh chosanta faoi bhráid an Rialálaí Carthanas sa bhliain 2021.
*Is “Duine Forordaithe” faoin Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, atá i bPríomhfheidhmeannach an Rialálaí Carthanas i gcás gach ní a   bhaineann le rialáil carthanas de bhun an Achta Carthanas 2009.

  • Tuarascálacha Bliantúla maidir le Nochtaí Cosanta Inmheánacha

    • 2020

      Ní bhfuair an Rialálaí Carthanas aon nochtaí cosanta inmheánacha sa bhliain 2020. 

    • 2019

      Ní bhfuair an Rialálaí Carthanas aon nochtaí cosanta inmheánacha sa bhliain 2019. 

    • 2018

      Ní bhfuair an Rialálaí Carthanas aon nochtaí cosanta inmheánacha sa bhliain 2018.

    • 2017

      Ní bhfuair an Rialálaí Carthanas aon nochtaí cosanta inmheánacha sa bhliain 2017. 

    • 2016

      Ní bhfuair an Rialálaí Carthanas aon nochtaí cosanta inmheánacha sa bhliain 2016. 

Top