Foirm Iarrata ar Rochtain d’Ábhair Shonraí

Cuid 1 - Faisnéis faoin Ábhar Sonraí (An duine a bhfuil an iarraidh á déanamh aige/aici)

Cuid 2 - Faisnéis faoin Iarraidh

Chun cabhrú linn na sonraí pearsanta atá á lorg a shainaithint agus a aimsiú, déan cinnte de go dtugann tú faisnéis faoin teagmháil a bhí agat leis an Rialálaí Carthanas, mar aon le haon aitheantóirí sonracha, e.g. aon seoladh a bhí agat roimhe seo, uimhreacha tagartha ón teagmháil a bhí agat linn roimhe seo, etc. Is féidir go gceanglófar ort cruthúnas aitheantais (pas reatha nó ceadúnas tiomána reatha, mar aon le bille fóntais a seoladh chugat le déanaí nó litir a sheol an Rialtas chugat le déanaí) a sholáthar sula n-eiseofar aon fhaisnéis phearsanta.

Luaigh an fráma ama a bhaineann le d’iarraidh (e.g. Iúil 2017 nó Eanáir 2017 - Aibreán 2017)

Tabhair aon fhaisnéis eile atá agat a d’fhéadfadh cabhrú linn freagairt do d’iarraidh

Cuid 4 - Cineál Cumarsáide

Cuir tic leis an rogha chuí



Cuid 5 - Dearbhú

Fógra Príobháideachta

Baileoidh an tOifigeach Cosanta Sonraí sa Rialálaí Carthanas na sonraí a thugann tú ar an bhfoirm seo. Is é an Rialálaí Carthanas an rialaitheoir sonraí le haghaidh na faisnéise a thugann tú. Is iad seo a leanas sonraí teagmhála an rialaitheora sonraí: An tOifigeach Cosanta Sonraí, An Rialálaí Carthanas, 3 Duga Sheoirse, LSAI, Baile Átha Cliath 1, D01 X5X0 Ríomhphost: DPA@charitiesregulator.ie Teileafón: +353-1-6331500

1. Is féidir go n-úsáidfidh an Rialálaí Carthanas na sonraí pearsanta a thugann tú ar an bhfoirm seo chun freagairt do d’iarraidh ar rochtain d’ábhair shonraí.

2. Is é an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán 2016/679) an bonn dlí atá againn le haghaidh sonraí a bhailiú agus a phróiseáil.

3. Déanfar na sonraí pearsanta atá tugtha anseo a stóráil go slán ar mhodhanna leictreonacha.

4. Is é an tOifigeach Cosanta Sonraí an teagmhálaí le haghaidh aon cheisteanna i dtaca leis an bhfoirm seo; ríomhphost: DPA@charitiesregulator.ie

5. Stórálfar na sonraí ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta na hIarrata ar Rochtain d’Ábhair Shonraí nó fad a bheidh siad ag teastáil chun freagairt don iarraidh agus chun freastal ar aon iarrataí eile ón ábhar sonraí – e.g. go ndéanfaí sonraí a cheartú, a scriosadh, etc. – cibé acu is déanaí.

6. Tá sé de cheart agat aon mhíchruinneas i do shonraí a cheartú. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart duit scríobh chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí ag an seoladh atá liostaithe thuas, agus aon mhíchruinneas is gá a cheartú á leagan amach agat.

7. Tá sé de cheart agat, nuair is cuí, scriosadh do shonraí a áirithiú agus/nó srian a fháil ar phróiseáil do shonraí. Tá sé de cheart agat cur in aghaidh phróiseáil do shonraí freisin. De bhreis air sin, tá sé de cheart agat gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí. Is féidir tuilleadh mionsonraí faoi do chearta cosanta sonraí a fháil i ráiteas Cosanta Sonraí an Rialálaí Carthanas, atá ar fáil ag https://www.charitiesregulator.ie/ga/cosaint-sonraí