Tugtar na cearta reachtúla seo a leanas leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 (an tAcht):
- an ceart chun rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh comhlachtaí poiblí a chumhdaítear leis an Acht;
- an ceart go ndéanfaí faisnéis phearsanta i dtaifead a leasú i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach;
- an ceart chun cúiseanna a fháil le breitheanna a thugann comhlachtaí poiblí agus a théann i bhfeidhm ar an duine.
De bharr na gceart sin, is amhlaidh, ón 21 Aibreán 1998, go bhféadfaidh daoine rochtain a iarraidh ar fhaisnéis phearsanta atá á coinneáil fúthu, beag beann ar an uair a cruthaíodh an fhaisnéis sin, agus rochtain a iarraidh ar thaifid eile ina bhfuil faisnéis neamhphearsanta agus a cruthaíodh tar éis an 21 Aibreán 1998.
De réir alt 8 den Acht, ceanglaítear ar an Rialálaí Carthanas scéim a ullmhú agus a fhoilsiú maidir le foilsiú faisnéise ag an eagraíocht. Ullmhaíodh ár scéim i gcomhréir leis na treoirlínte ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe: