Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Ár bPróiseas Cinnteoireachta

An próiseas le haghaidh stádas carthanúil a dheonú

Is é an chéad chéim de phróiseáil a dhéanamh ar iarratas eagraíochta ná a sheiceáil cé acu atá nó nach bhfuil an t-iarratas iomlán agus bailí.  A luaithe a mheastar iarratas na heagraíochta a bheith iomlán, sannfar do dhuine amháin de na cásoifigigh é agus déanfar measúnú iomlán air.  Tá seans ann go seolfaidh an cásoifigeach an t-iarratas ar ais chuig an iarratasóir chun tuilleadh sonraí nó soiléire a fháil. I gcásanna den sórt sin, tá sé chun leas na heagraíochta freagra a thabhairt don chásoifigeach a luaithe is féidir.

A luaithe a chríochnaíonn an cásoifigeach measúnú ar an iarratas, déanfaidh sé nó sí moladh maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart an eagraíocht a chlárú.  Cuirfear an moladh in iúl do Phríomhfheidhmeannach an Rialálaí Carthanas ar deireadh chun breith chríochnaitheach a thabhairt maidir leis an iarratas.

Eagraíochtaí a meastar go huathoibríoch gur carthanais iad

Meastar go huathoibríoch gur carthanais faoin Acht Carthanas 2009 iad eagraíochtaí áirithe agus, dá bhrí sin, ceanglaítear orthu iarratas a dhéanamh ar chlárú:

Scoileanna: Ceanglaítear ar scoileanna clárú faoi alt 2, Cuid 1, den Acht, lena bhforáiltear go n-aithneofar cur ar aghaidh an oideachais mar chuspóir carthanúil.  Faoi na critéir sin, is mar eagraíocht charthanúil a cháilíonn scoil - a bhfuil an príomhchuspóir atá léi oideachas a chur ar aghaidh - agus ní mór í a chlárú leis an Rialálaí Carthanas dá bharr sin.  Ina theannta sin, leagtar amach in alt 2, Cuid 1, den Acht go dtagann an comhlacht seo a leanas, i measc comhlachtaí eile, faoin sainmhíniú ar ‘chomhlacht oideachais’: ‘scoil aitheanta de réir bhrí Acht 1998’.

Eagraíochtaí creidimh
Ceanglaítear ar eagraíochtaí creidimh clárú faoi alt 2, Cuid 1, den Acht, lena bhforáiltear go n-aithneofar cur ar aghaidh an chreidimh mar chuspóir carthanúil.  Faoi na critéir sin, is mar eagraíocht charthanúil a cháilíonn eagraíocht a chuireann creideamh ar aghaidh agus ní mór í a chlárú leis an Rialálaí Carthanas dá bharr sin.

Top