An Loga Nochta Saorála Faisnéise
An Loga Nochta Saorála Faisnéise
De réir alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise (Faisnéis i dtaobh comhlachtaí saorála faisnéise a fhoilsiú), foilsíonn an Rialálaí Carthanas an loga nochta saorála faisnéise uaidh ar a shuíomh Gréasáin. Soláthraítear sa loga nochta sin sonraí faoi iarrataí áirithe saorála faisnéise nach mbaineann le hiarrataí ar fhaisnéis phearsanta, amhail dáta na hiarrata, an chatagóir iarrthóra (e.g., iriseoir, duine den phobal, comhalta de ghrúpa gnó/leasa, comhalta den Oireachtas, comhalta d’Údarás Áitiúil, etc.), tuairisc achomair ar an iarraidh saorála faisnéise, an bhreith a tugadh agus, i gcás gur géilleadh don iarraidh, an dáta a eisíodh na taifid.
An Clár Carthanas
Tá leagan iomlán den chlár poiblí carthanas ar fáil lena íoslódáil ó shuíomh Gréasáin an Rialálaí Carthanas. Nuashonraítear an clár gach mí, mar a cheanglaítear faoi alt 39 den Acht Carthanas 2009.