Iarrataí Saorála Faisnéise
Tugtar leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 ("an tAcht") an ceart duit chun rochtain a fháil, a mhéid is mó is féidir, ar thaifid atá i seilbh an Rialálaí Carthanas. Dearbhaítear leis an Acht an ceart atá ag daoine den phobal rochtain a fháil, a mhéid is mó is féidir, ar fhaisnéis oifigiúil i gcomhréir le leas an phobail agus leis an gceart chun príobháideachta atá ag daoine aonair.
Faoin Acht, tá ag gach duine:
- Ceart dlíthiúil chun rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí.
- Ceart dlíthiúil go ndéanfaí faisnéis oifigiúil a bhaineann leis/léi a leasú i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
- Ceart dlíthiúil chun cúiseanna a fháil le breitheanna a théann i bhfeidhm air/uirthi.
-
Conas Iarratas a Dhéanamh
Ba cheart duit iarraidh saorála faisnéise a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an bhFoirm Ceiste anseo.
Is féidir leat iarraidh a chur isteach i scríbhinn chuig an duine seo a leanas freisin:
An tOifigeach Saorála Faisnéise
An Rialálaí Carthanas
3 Duga Sheoirse
LSAI
Baile Átha Cliath 1
D01 X5X0Mar mhalairt air sin, is féidir leat iarraidh a sheoladh le ríomhphost chuig foi@charitiesregulator.ie
Agus iarraidh á déanamh agat, ba cheart duit a lua go bhfuil an iarraidh sin á déanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Ba cheart duit sonraí chomh sonrach agus is féidir a thabhairt ionas go mbeifear in ann an fhaisnéis a shainaithint go héasca agus, más féidir, ba cheart duit an tréimhse ama a bhaineann le d’iarraidh a chur in iúl (e.g. idir Bealtaine 2013 agus Nollaig 2018).
-
Loga Nochta Saorála Faisnéise
Is é beartas an Rialálaí Carthanas loga nochta ar iarrataí Saorála Faisnéise neamhphearsanta a phostáil ar a shuíomh Gréasáin chun críocha tagartha.
-
An tAonad Beartais Ginearálta um Shaoráil Faisnéise
Ar an suíomh Gréasáin um Shaoráil Faisnéise, atá á chothabháil ag an Láraonad Beartais um Shaoráil Faisnéise, tugtar forbhreathnú agus míniú cuimsitheach ar na cearta agus ar na freagrachtaí a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 (foi.gov.ie).
-
Ó 'Oifig an Choimisinéara Faisnéise'
Is é Oifig an Choimisinéara Faisnéise an comhlacht achomhairc do Shaoráil Faisnéise in Éirinn. Is é an ról atá againn athbhreithniú a dhéanamh ar bhreitheanna a thugann comhlachtaí poiblí ar iarrataí saorála faisnéise. Táimid lonnaithe ar Shráid Líosain i mBaile Átha Cliath.
Oifig an Choimisinéara Faisnéise
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Faisnéise trí ríomhphost a sheoladh chuig info@oic.ie nó trí ghlao a chur ar 01-6395689.