Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Iarrataí Saorála Faisnéise

Iarrataí Saorála Faisnéise

Tugtar leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 ("an tAcht") an ceart duit chun rochtain a fháil, a mhéid is mó is féidir, ar thaifid atá i seilbh an Rialálaí Carthanas.  Dearbhaítear leis an Acht an ceart atá ag daoine den phobal rochtain a fháil, a mhéid is mó is féidir, ar fhaisnéis oifigiúil i gcomhréir le leas an phobail agus leis an gceart chun príobháideachta atá ag daoine aonair.

Faoin Acht, tá ag gach duine:

  • Ceart dlíthiúil chun rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí.
  • Ceart dlíthiúil go ndéanfaí faisnéis oifigiúil a bhaineann leis/léi a leasú i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
  • Ceart dlíthiúil chun cúiseanna a fháil le breitheanna a théann i bhfeidhm air/uirthi.
  • Conas Iarratas a Dhéanamh

    Ba cheart duit iarraidh saorála faisnéise a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an bhFoirm Ceiste anseo.

    Is féidir leat iarraidh a chur isteach i scríbhinn chuig an duine seo a leanas freisin:

    An tOifigeach Saorála Faisnéise
    An Rialálaí Carthanas
    3 Duga Sheoirse
    LSAI
    Baile Átha Cliath 1
    D01 X5X0

    Mar mhalairt air sin, is féidir leat iarraidh a sheoladh le ríomhphost chuig foi@charitiesregulator.ie

    Agus iarraidh á déanamh agat, ba cheart duit a lua go bhfuil an iarraidh sin á déanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.  Ba cheart duit sonraí chomh sonrach agus is féidir a thabhairt ionas go mbeifear in ann an fhaisnéis a shainaithint go héasca agus, más féidir, ba cheart duit an tréimhse ama a bhaineann le d’iarraidh a chur in iúl (e.g. idir Bealtaine 2013 agus Nollaig 2018).

  • Loga Nochta Saorála Faisnéise

    Is é beartas an Rialálaí Carthanas loga nochta ar iarrataí Saorála Faisnéise neamhphearsanta a phostáil ar a shuíomh Gréasáin chun críocha tagartha.

  • An tAonad Beartais Ginearálta um Shaoráil Faisnéise

    Ar an suíomh Gréasáin um Shaoráil Faisnéise, atá á chothabháil ag an Láraonad Beartais um Shaoráil Faisnéise, tugtar forbhreathnú agus míniú cuimsitheach ar na cearta agus ar na freagrachtaí a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 (foi.gov.ie).

  • Ó 'Oifig an Choimisinéara Faisnéise'

    Is é Oifig an Choimisinéara Faisnéise an comhlacht achomhairc do Shaoráil Faisnéise in Éirinn.  Is é an ról atá againn athbhreithniú a dhéanamh ar bhreitheanna a thugann comhlachtaí poiblí ar iarrataí saorála faisnéise.  Táimid lonnaithe ar Shráid Líosain i mBaile Átha Cliath.

    Oifig an Choimisinéara Faisnéise
    18 Sráid Líosain Íochtarach
    Baile Átha Cliath 2
    D02 HE97

    Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Faisnéise trí ríomhphost a sheoladh chuig info@oic.ie nó trí ghlao a chur ar 01-6395689.

     

Top