Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Na Seirbhísí a Sholáthraímid

Is leagtha amach thíos atá faisnéis faoi na seirbhísí a thairgeann an Rialálaí Carthanas agus sonraí faoi na feidhmeanna atá ag an eagraíocht, faoi na seirbhísí a sholáthraíonn sí agus faoi na próisis chinnteoireachta atá i bhfeidhm aici:

 

An Fhaisnéis is Gá a Thabhairt sa Scéim

Is iad na príomhfheidhmeanna atá ag an Rialálaí Carthanas clár poiblí d’eagraíochtaí carthanúla a oibríonn in Éirinn a bhunú agus a chothabháil agus a chinntiú go gcomhlíonann siad na hAchtanna Carthanas. Gabhann an Rialálaí Carthanas do sheirbhísí a sholáthar do charthanais freisin, lena n-áirítear ceapacháin iontaobhaithe carthanais nua a údarú, scéimeanna corpraithe a cheapadh, scéimeanna Cy-Près a údarú agus tailte arna sealbhú ar iontaobhais charthanúla a dhiúscairt.

Faoi Chuid 4 den Acht Carthanas 2009, tá sé de chumhacht ag an Rialálaí Carthanas imscrúdaitheoirí a cheapadh chun imscrúdú a dhéanamh ar ghnóthaí aon eagraíochta carthanúla. 

Tagann raon leathan cineálacha gníomhaíochta faoi shainchúram an Rialálaí Carthanas, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

  • iontaoibh agus muinín an phobail as bainistiú agus riaradh iontaobhas carthanúil agus eagraíochtaí carthanúla a mhéadú;
  • comhlíonadh a ndualgas ag iontaobhaithe carthanas a chur chun cinn i rialú agus bainistiú iontaobhas carthanúil agus eagraíochtaí carthanúla;
  • úsáid éifeachtach maoine iontaobhas carthanúil nó eagraíochtaí carthanúla a chur chun cinn;
  • cuntasacht eagraíochtaí carthanúla do dheontóirí agus do thairbhithe bronntanas carthanúil, agus don phobal, a chinntiú;
  • tuiscint a chur chun cinn ar an gceanglas gur chun leas an phobail a bheidh aidhmeanna carthanúla;
  • clár d’eagraíochtaí carthanúla a bhunú agus a chothabháil;
  • comhlíonadh an Achta Carthanas ag eagraíochtaí carthanúla a chinntiú, agus faireachán a dhéanamh ar an gcéanna;
  • imscrúduithe a dhéanamh de réir an Achta Carthanas;
  • feabhas ar riaradh agus bainistiú eagraíochtaí carthanúla a spreagadh agus a éascú trí fhaisnéis nó comhairle a sholáthar, lena n-áirítear go háirithe ar mhodh treoirlínte, cód cleachtais agus doiciméad bunreachtúil eiseamláireach a eisiúint (nó, de réir mar is cuí leis, a cheadú);
  • cibé gníomhaíochtaí a sheoladh nó cibé faisnéis (lena n-áirítear faisnéis staidrimh) a fhoilsiú a bhaineann le heagraíochtaí carthanúla agus iontaobhais charthanúla agus is cuí leis; agus
  • faisnéis (lena n-áirítear faisnéis staidrimh) nó comhairle a sholáthar don Aire, nó tograí a chur faoina bhráid nó faoina bráid, maidir le hábhair a bhaineann le feidhmeanna an Rialálaí Carthanas.

 

Tuairisc ghinearálta ar na haicmí taifead a shealbhaíonn an Rialálaí Carthanas

An tAonad um Chomhlíonadh agus Forfheidhmiú

Is iad seo a leanas na príomhfheidhmeanna atá ag an Aonad um Chomhlíonadh agus Forfheidhmiú:

  • Comhlíonadh a ndualgas ag iontaobhaithe carthanas a chur chun cinn i rialú agus bainistiú carthanas;
  • Comhlíonadh na nAchtanna Carthanas ag eagraíochtaí carthanúla a chinntiú, agus faireachán a dhéanamh ar an gcéanna;
  • Imscrúduithe a dhéanamh de réir na nAchtanna Carthanas;
  • Feabhas ar riaradh agus bainistiú eagraíochtaí carthanúla a spreagadh agus a éascú trí fhaisnéis nó comhairle a sholáthar.

Téann an rannóg i dteagmháil leis an bpobal agus bíonn sí ag brath ar dhea-chaidreamh a chothú leis an bpobal chun a cuid oibre a chur i gcrích.

Faoi Ionstraim Reachtúil Uimh. 367 de 2020, sainíodh Príomhfheidhmeannach an Rialálaí Carthanas mar ‘dhuine forordaithe’ chun nochtaí a fháil maidir le héagóiritheoireachtaí iomchuí i leith gach ní a bhaineann le rialáil carthanas de bhun an Achta Carthanas 2009. Féach an leathanach ‘Nochtadh Cosanta’ den suíomh Gréasáin chun tuilleadh faisnéise a fháil.

An tAonad um Chlárú agus Tuairisciú

Is iad seo a leanas na príomhfheidhmeanna atá ag an Aonad um Chlárú agus Tuairisciú:

  • Córas clárúcháin éifeachtach a chothabháil agus a fhorbairt tuilleadh do charthanais
  • Carthanais a chlárú de réir an bheartais agus an phróisis clárúcháin
  • Córas tuairiscithe éifeachtach a bhunú agus a chothabháil do charthanais
  • Tacaíocht agus treoir a thabhairt d’eagraíochtaí atá ag déanamh iarratas ar chlárú nó atá ag smaoineamh faoi iarratas a dhéanamh ar chlárú
  • An Clár Carthanas a chothabháil

 

An tAonad Seirbhísí Carthanais

 Tá an tAonad Seirbhísí Carthanais freagrach as bainistiú a dhéanamh ar iarrataí ar thoiliú nó ordú ón Rialálaí Carthanas i ndáil le nithe praiticiúla a dhéanann difear don dóigh a ndéileálann carthanais lena maoin, lena sócmhainní nó lena rialachas inmheánach nó don dóigh a leanann carthanais le seirbhísí a sholáthar dá dtairbhithe.

Féadfaidh carthanais agus daoine eile iarratais a dhéanamh faoi na hAchtanna Carthanas, 1961 agus 1973, arna leasú. Tá ag an Aonad Seirbhísí Carthanais na feidhmeanna a dílsíodh do Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla (na Coimisinéirí) roimhe sin. Aistríodh na feidhmeanna sin chuig an Rialálaí Carthanas de bhun alt 82 den Acht Carthanas 2009 tar éis dhíscaoileadh na gCoimisinéirí de bhun Chuid 6 den Acht Carthanas 2009.Áirítear iad seo a leanas leis an raon iarratas a fhéadfar a dhéanamh chuig an Aonad Seirbhísí Carthanais:

  • Toiliú le Maoin Carthanais a Dhíol ar Luach Iomlán
  • Toiliú le Maoin Carthanais a Aistriú/a Dhíol idir Carthanais ar Phraghas faoi bhun Luach Iomlán
  • Toiliú le Maoin Carthanais a Léasú
  • Toiliú le Léas Maoine Carthanais a Ghéilleadh
  • Toiliú le Maoin Carthanais a Mhorgáistiú
  • Toiliú le Maoin Carthanais a Mhalartú
  • Scéim Cy-Près a ghlanadh i gcás go mainneoidh na cuspóirí bunaidh atá le carthanas, le tiomnacht charthanúil nó le hiontaobhas carthanúil – alt 29 den Acht Carthanas, 1961, arna leasú;
  • Tuairim nó Comhairle a Thabhairt faoi Shéala an Údaráis i ndáil le riar nó maoin carthanais – alt 21 den Acht Carthanas, 1961;
  • Comhréiteach a cheadú i leith éileamh arna dhéanamh ag carthanas nó ina aghaidh – alt 22 den Acht Carthanas, 1961;
  • Cumasc idir carthanas amháin agus carthanas eile nó aistriú sócmhainní chuig carthanas eile a údarú, i gcás go mbeidh teorainneacha ann i ndoiciméid rialaithe na gcarthanas (nó nach dtabharfar sna doiciméid sin aon chumhacht dóibh an cumas nó an t-aistriú a údarú) nó i gcás go mbeidh teorainneacha ann i dtéarmaí na n-iontaobhas bunaidh ar a sealbhaítear a sócmhainní carthanais;
  • Tionscnamh imeachtaí dlí a údarú i gcás ní carthanais – alt 25 den Acht Carthanas, 1961, arna leasú;
  • Fógra a thabhairt faoi dhlíthíocht/imeachtaí dlí a bhaineann le carthanas – alt 53 den Acht Carthanas, 1961, arna leasú;
  • Cabhrú le scrúdú a dhéanamh ar Fhoirmeacha Achoimre ‘PAS3’ a fhaightear ón Oifig Phrobháide agus ina soláthraítear sonraí faoi gach tiomnacht charthanúil – alt 52 den Acht Carthanas, 1961, arna leasú.

Is féidir tuilleadh sonraí ar na cineálacha iarratais agus an phróisis a fháil ar ár suíomh Gréasáin.

An tAonad Gnóthaí Corparáideacha

Seirbhís tacaíochta inmheánaí is ea an tAonad um Ghnóthaí Corparáideacha, atá freagrach go príomha as a chinntiú go gcomhlíontar roinnt oibleagáidí rialachais agus as feabhas a chur ar bheartais chorparáideacha, ar nósanna imeachta corparáideacha agus ar thorthaí corparáideacha.  Tá sí freagrach freisin as úsáid éifeachtach acmhainní a eagrú, as formhaoirseacht a dhéanamh ar úsáid acmhainní agus as aon deacrachtaí ina leith sin a réiteach ionas go mbaineann an Rialálaí Carthanas na cuspóirí straitéiseacha atá aige amach:

Déanann an tAonad Gnóthaí Corparáideacha formhaoirseacht ar na nithe seo a leanas:

  • Acmhainní Daonna;
  • Acmhainní TFC;
  • Iarrataí Saorála Faisnéise;
  • Tacaíocht Rúnaíochta don Údarás;
  • An Córas Bainistíochta Cáilíochta; agus
  • Cóiríocht Oifige.

Tá an tAonad freagrach as tacú le socruithe foriomlána rialachais faisnéise an Rialálaí Carthanas freisin.

An tAonad Airgeadais

Soláthraíonn an tAonad Airgeadais creat agus córas rialaithe airgeadais don Rialálaí Carthanas de réir cheanglais airgeadais agus reachtúla an rialtais: 

  • Acmhainní Airgeadais;
  • Próiseáil Íocaíochtaí;
  • Bainistíocht Sócmhainní; agus
  • Buiséad Bliantúil.

Pléann an tAonad Airgeadais leis an gComhchiste Infheistíochta freisin, rud lena gcuirtear na sócmhainní de chuid carthanas éagsúil de chúram ar an Rialálaí Carthanas de réir alt 83 den Acht Carthanas 2009

Cumarsáid agus Caidreamh le Leas-Sealbhóirí

Tá an tAonad um Chumarsáid agus Caidreamh le Leas-Sealbhóirí freagrach go príomha as caidreamh a dhéanamh leis an bpobal thar ceann an Rialálaí Carthanas.  Áirítear leis sin:

  • Ceisteanna ó na meáin agus preaseisiúintí a láimhseáil;
  • Bainistiú a dhéanamh ar an ábhar ar an suíomh Gréasáin agus sna meáin shóisialta; agus
  • Imeachtaí comhairliúcháin phoiblí a eagrú.

Ina theannta sin, láimhseálann sé an caidreamh idir an Rialálaí Carthanas agus Teachtaí Dála, Airí agus leas-sealbhóirí eile agus socraíonn sé go n-aistreofaí ábhar agus comhfhreagras go Gaeilge.

Top