Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol

Cad is ciall leis seo? 

Leis na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, tugtar ceart duit rochtain a fháil ar Fhaisnéis Comhshaoil atá á sealbhú ag Údaráis Phoiblí nó thar a gceann.

Féach Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007 go 2011 (I.R. Uimh. 133 de 2007, I.R. Uimh. 662 de 2011 agus I.R. Uimh. 615 de 2014).

De réir na rialachán sin, ní foláir faisnéis maidir leis an gcomhshaol atá á coinneáil ag údarás poiblí nó atá á coinneáil thar a cheann a chur ar fáil ach í a iarraidh, faoi réir eisceachtaí áirithe.

Tugtar sainmhíniú ar fhaisnéis comhshaoil sna Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol; tugtar breac-chuntas iontu ar an dóigh a bhféadfar iarrataí ar fhaisnéis a chur faoi bhráid údaráis phoiblí agus an dóigh nach foláir d’údaráis phoiblí déileáil le hiarrataí.

  • Cén fhaisnéis a fhéadfaidh mé a iarraidh?

    Féadfaidh tú Faisnéis Comhshaoil atá á sealbhú ag an Rialálaí Carthanas nó thar a cheann a iarraidh.  Is leis na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol a shainmhínítear cad is Faisnéis Comhshaoil ann (féach an liosta thíos) agus a chinntear an cineál faisnéise atá ar fáil.

    D’fhéadfadh go mbeadh an Fhaisnéis Comhshaoil atá ag teastáil uait ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Rialálaí Carthanas cheana féin.  Tugtar breith ar an iarraidh a luaithe is féidir de ghnáth ach ní mór breith a thabhairt mí amháin ar a dhéanaí ón dáta a fuarthas an iarraidh.  I gcás nach bhfuil an Rialálaí Carthanas ábalta freagra a thabhairt laistigh den tréimhse ama aon mhí mar go bhfuil an fhaisnéis a theastaíonn casta nó go bhfuil méid mór faisnéise ann, scríobhfaimid chuig an iarratasóir laistigh de mhí amháin lena chur in iúl dó cén uair a eiseofar freagra.  Níor cheart an dáta sin a bheith níos mó ná dhá mhí ón iarraidh bhunaidh a fháil.

  • Conas a shainmhínítear Faisnéis Comhshaoil?

    Is féidir Faisnéis Comhshaoil a shealbhú in aon fhoirm ábhartha (lena n-áirítear i bhfoirm scríofa, in amharcfhoirm, i gclosfhoirm nó i bhfoirm leictreonach) agus is féidir í a shainmhíniú mar seo a leanas:

    • Staid na n-eilimintí den chomhshaol, amhail aer agus atmaisféar, uisce, ithir, talamh, an tírdhreach agus láithreáin nádúrtha, lena n-áirítear bogaigh, limistéir chósta agus mhuirí, bithéagsúlacht agus a comhpháirteanna, lena n-áirítear orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus an idirghníomhaíocht idir na heilimintí sin;
    • Tosca amhail substaintí, fuinneamh, torann, radaíocht nó dramhaíl, lena n-áirítear dramhaíl radaighníomhach, astaíochtaí, sceitheadh agus aon ábhair eile a scaoiltear isteach sa chomhshaol a dhéanann difear, nó ar dóigh dóibh difear a dhéanamh, do na heilimintí den chomhshaol;
    • Bearta (lena n-áirítear bearta riaracháin) amhail beartais, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhaontuithe comhshaoil agus gníomhaíochtaí a dhéanann difear, nó ar dóigh dóibh difear a dhéanamh, do na heilimintí agus do na tosca sin dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b), mar aon le bearta nó le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh na heilimintí sin a chosaint;
    • Tuarascálacha ar chur chun feidhme na reachtaíochta comhshaoil;
    • Anailísí costais is tairbhe agus anailísí agus toimhdí eacnamaíocha eile a úsáidtear faoi chuimsiú na mbeart agus na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír (c); agus
    • Staid shláinte agus shábháilteacht an duine, lena n-áirítear éilliú an tslabhra bia, nuair is iomchuí, an riocht ar bheatha an duine, láithreáin chultúrtha agus struchtúir thógtha sa mhéid go ndéanann staid na n-eilimintí den chomhshaol dá dtagraítear i mír (a) difear dóibh, nó sa mhéid go bhféadfadh na heilimintí sin difear a dhéanamh dóibh, nó, trí na heilimintí sin, sa mhéid go ndéanann ceann ar bith de na nithe dá dtagraítear i míreanna (b) agus (c) difear dóibh.
  • Cén cineál faisnéise nach bhfuil ar fáil faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol?

    Níl feidhm ag na Rialacháin maidir le Faisnéis Comhshaoil a cheanglaítear a chur ar fáil faoi aon fhoráil reachtúil eile.

    Maidir le faisnéis nach dtagann faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar Fhaisnéis Comhshaoil (mar atá leagtha amach thuas) agus nach bhfuil ar fáil go poiblí cheana féin, féadfar í a iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.

  • Conas is féidir liom iarraidh a dhéanamh faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol?

    Seol ríomhphost chuig foi@charitiesregulator.ie, á lua go bhfuil an iarraidh á déanamh faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, agus déan na nithe seo a leanas:

    • Tabhair d’ainm, do sheoladh agus aon sonraí teagmhála ábhartha eile;
    • An fhaisnéis comhshaoil atá á hiarraidh agat a leagan amach ar an mbealach is sonraí is féidir; agus
    • Sonraigh an fhormáid inarbh fhearr leat an fhaisnéis a fháil.
  • Táillí

    Ní ghearrtar aon táille thosaigh as iarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol.  Mar sin féin, d’fhéadfadh go ngearrfadh an Rialálaí Carthanas táille réasúnta as an bhfaisnéis a iarradh a sholáthar.  D’fhéadfadh go n-áireofaí léi sin na costais a bhaineann le faisnéis a chur le chéile, a chóipeáil, a phriontáil nó a chur sa phost.  Ní ghearrtar aon táille as iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach.

    Is é €50 an táille a ghearrtar as achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil. Gearrtar táille €15 más rud é go bhfuil an t-iarratasóir ina shealbhóir cárta leighis, ina chleithiúnaí de chuid sealbhóra cárta leighis nó ina thríú páirtí atá ag déanamh achomhairc in aghaidh na breithe faisnéis áirithe a eisiúint.

  • Breith maidir le hIarraidh

    • Ní mór breith a thabhairt laistigh de mhí amháin i bhformhór na gcásanna agus féadfar géilleadh d’iarraidh, géilleadh go páirteach d’iarraidh nó diúltú géilleadh d’iarraidh inti.
    • Leagtar amach sna Rialacháin forais éigeantacha lánroghnacha le diúltú géilleadh d’iarraidh ar rochtain ar fhaisnéis. I gceachtar cás, ní mór don Rialálaí Carthanas na cúiseanna leis an diúltú a shonrú i scríbhinn.
    • I gcás go mbeidh an fhaisnéis lena mbaineann i seilbh údarás poiblí seachas an Rialálaí Carthanas, tarchuirfimid d’iarraidh go díreach chuig an eagraíocht chuí nó cuirfimid in iúl duit cén eagraíocht ar cheart duit an iarraidh a dhéanamh chuici.
  • Má dhiúltaítear géilleadh do m’iarraidh ar fhaisnéis, an bhféadfaidh mé achomharc a dhéanamh in aghaidh na breithe?

    Féadfaidh.  Faoi Airteagal 11 de na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, tá an ceart ag duine athbhreithniú inmheánach ar an mbreith thosaigh a iarraidh.  Féadfaidh sé freisin athbhreithniú inmheánach a iarraidh mura bhfuil freagra faighte aige laistigh den tréimhse ama chuí.  Ní foláir athbhreithniú inmheánach a iarraidh laistigh de mhí amháin tar éis an bhreith bhunaidh a fháil (féadfaidh an t-údarás poiblí an tréimhse ama sin a shíneadh ach níl de cheangal air déanamh amhlaidh).  Ní ghearrtar aon táille as athbhreithniú inmheánach a iarraidh.

    Is éard atá i gceist le hathbhreithniú inmheánach ná athbhreithniú iomlán ar an ábhar a dhéanann ball foirne den údarás poiblí. Féadfaidh sé an bhreith bhunaidh a tugadh a dheimhniú, a athrú nó a neamhní.

     Toradh i scríbhinn ar an athbhreithniú lena dtugtar eolas faoin mbreith agus an chúis leis an mbreith duit agus lena gcuirtear in iúl duit do cheart chun achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na táillí a bhaineann leis an achomharc sin, eiseofar iad chugat laistigh de mhí amháin tar éis dháta fála na hiarrata ar an athbhreithniú.

  • An Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil

    Mura bhfuil tú sásta leis an toradh ar an athbhreithniú inmheánach, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil.  Ní foláir duit achomharc a dhéanamh laistigh de mhí amháin tar éis an bhreith ar an athbhreithniú inmheánach a fháil ón údarás poiblí.  Féadfaidh an Coimisinéir an teorainn ama sin a shíneadh i gcásanna aonair, áfach.

    Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 HE97.

    Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil trí ríomhphost a sheoladh chuig info@ocei.ie nó trí ghlao a chur ar 1890-253238.

Top