Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Comhaltaí an Údaráis

Is údarás neamhspleách é an Rialálaí Carthanas. Bunaíodh faoin Acht Carthanas 2009 é. Ba iad an tAire Stáit don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a cheap Comhaltaí an Údaráis.

Próifílí

Tá 13 comhaltaí ag an Údarás faoi láthair, cheap an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Gerry Kearney

Gerry Kearney

Cathaoirleach

D’oibrigh Gerry mar chathaoirleach agus mar chomhalta boird ar fud raon leathan comhlachtaí san earnáil neamhbhrabúis, lenar áiríodh Ionad Rutland, Fiontraithe Sóisialta Éireann, Ard-Eaglais Chríost, Nuálaithe Sóisialta Óga, agus Clan Credo. Rinne sé cathaoirleacht ar roinnt Coistí Rialachais agus Iniúchóireachta freisin. Roimhe seo, bhí sé ina Chathaoirleach ar an gCeoláras Náisiúnta, ar Fhóram Comhoibríoch Iarchónaitheoirí na nÁras Máithreacha agus Naíonán agus ar an gCoiste um Theorainneacha Toghlimistéar Áitiúil. Sheol sé roinnt athbhreithnithe neamhspleácha éagsúla, agus athbhreithniú ar an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ar an gceann is déanaí díobh. Tá sé ina iar-Ard-Rúnaí ar Roinn Rialtais agus sealbhaíonn sé bunchéim i nuatheangacha agus cáilíochtaí iarchéime in Iompraíocht Eagraíochtúil agus i mBainistíocht Phoiblí.

Mari Daly

Mari Daly

Tá Mari Daly ina dlíodóir seanchleachta ag a bhfuil saineolas dlí, rialála agus beartais i meascán de chleachtas inmheánach agus de chleachtas príobháideach, agus í ina comhalta de bhoird ar fud na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha. Thosaigh sí a gairm dlí mar dhuine den lucht dlíthíochta le Bardas Bhaile Átha Cliath sula ndeachaigh sí isteach i gCónaidhm Fhostóirí na hÉireann. San áit sin, chleacht sí mar dhlíodóir fostaíochta agus mar speisialtóir beartais sular ghlac sí an ról mar abhcóide ginearálta le Ibec. Shealbhaigh sí an ról sin ar feadh roinnt mhaith blianta ansin. Chuaigh sí isteach in Covington & Burling, gnólacht Meiriceánach dlí, cúpla bliain ó shin, áit ar thug sí comhairle do chliaint idirnáisiúnta agus ar scríobh sí ailt agus blaganna ar an dlí um príobháideacht agus cosaint sonraí. D’fhóin sí mar chomhalta boird de roinnt comhlachtaí príobháideacha agus poiblí, lenar áiríodh an Bord Pinsean agus Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann, agus bhí sí ina comhalta den Ghrúpa Athbhreithnithe Dlí Cuideachtaí le fada.

Cathy Holahan

Cathy Holahan

Tá cúlra gairmiúil san innealtóireacht agus sa ghnó ag Cathy. I measc na taithí atá aici tá obair le heagraíochtaí poiblí, príobháideacha, tráchtála agus neamhthráchtála in Éirinn agus i dtíortha eile. Tá Cathy ag obair le Fiontraíocht Éireann faoi láthair, áit ar rannchuidigh sí le beartais agus cleachtais a fhorbairt i réimsí éagsúla. Bhain a hobair is déanaí le forbairt eacnamaíoch réigiúnach. Tá Cathy ina comhalta de roinnt bord/coistí trí obair seirbhíse poiblí agus ar bhonn deonach pobail – agus poist á sealbhú aici mar chathaoirleach, mar leaschathaoirleach, mar rúnaí cuideachta agus mar stiúrthóir. Tá an-díriú ag Cathy ar an gclár oibre leas-sealbhóirí, lena n-áirítear caidreamh, trédhearcacht oibríochtaí, agus rialachas, agus tá an-spéis aici ann.

Nicola Keogh

Nicola Keogh

Is aturnae cáilithe í Nicola agus tá céim BA (Onóracha) ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, aici. Glacadh Nicola isteach mar Aturnae le Dlí-Chumann na hÉireann sa bhliain 1996. Tá Nicola ag obair san earnáil neamhbhrabúis le breis agus 20 bliain anuas agus tugann sí comhairle maidir le raon leathan nithe dlí agus rialachais a bhaineann le heagraíochtaí carthanúla. Oibríonn sí i ndlúthchomhar le carthanais chun a chinntiú go gcomhlíonann siad an tAcht Carthanas, Acht na gCuideachtaí agus an Cód Rialachais. D’oibrigh Nicola lena lán carthanas in Éirinn agus i dtíortha eile agus chabhraigh sí le líon mór carthanas a bhunú, a chumasc agus a athstruchtúrú ar fud a gairme. Tá Teastas i nDlí agus Cleachtas Rúnaíochta Cuideachta ó Dhlí-Chumann na hÉireann ag Nicola agus tá Dioplóma i Rialachas Corparáideach ón Corporate Governance Institute, Éire, aici. Tá sí ina comhalta den Charity Law Association (an Ríocht Aontaithe) agus den Chumann Cleachtóirí Iontaobhais agus Eastáit. Chomh maith leis sin, bhí sí ina comhalta den choiste de chuid an Dlí-Chumainn a d’ullmhaigh an tuarascáil dar teideal “Charity Law: A Case for Reform” (2002).

Stephen Keogh

Stephen Keogh

Tá Stephen ina Aturnae agus ina Chomhpháirtí Bainistíochta ag MHP Sellors LLP. Is Aturnae tráchtála é Stephen, agus saineolas aige ar chomhairle a chur ar chuideachtaí agus ar chomhlachtaí earnála poiblí. D’fhóin Stephen mar Uachtarán ar Chomhlachas Tráchtála na Sionainne ón mbliain 2020 go dtí an bhliain 2022 agus mar Rúnaí na Cuideachta ón mbliain 2013 go dtí an bhliain 2018. Tá Stephen ina chomhalta den Sainphainéal Comhairleach um Dhlí agus Teicneolaíocht ag Scoil an Dlí, Ollscoil Luimnigh. Bhí sé ina chomhalta de Thascfhórsa Geilleagrach an Chláir roimhe sin. Sealbhaíonn Stephen céim BBS (Cuntasaíocht agus Airgeadas) ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Agus é ina Aturnae Cleachtach de chuid Dhlí-Chumann na hÉireann, sealbhaíonn Stephen Dioplóma Iarchéime sa Dlí ó Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus Dioplóma sa Dlíthíocht Tráchtála ó Dhlí-Chumann na hÉireann. Bhí roinnt ról san earnáil dheonach ag Stephen thar na deich mbliana seo a chuaigh thart.

Lorraine Lally

Lorraine Lally

Is abhcóide cleachtach í Lorraine. Tá taithí aici ar obair le cliaint ar fud gach réimse den dlí. Tá spéis ar leith aici sa dlí teaghlaigh, sa dlí inimirce, sa dlí um chearta an duine agus i réimsí eile den dlíthíocht shibhialta. Tá ag Lorraine céim LLM i nDlí Idirnáisiúnta um Chearta an Duine ón Lárionad Éireannach um Chearta an Duine, mar aon le céim LLM i nDlí Idirnáisiúnta Seirbhísí Airgeadais ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá an-spéis ag Lorraine sa rialachas corparáideach agus sa rialáil agus beidh sí ina comhalta den Choiste Seirbhísí Carthanais.

Darren Lehane

Darren Lehane

Tá Darren ina Abhcóide Sinsearach a chleachtann i réimsí an dlí phoiblí, an dlí tráchtála agus an dlí seasaireachta. Rinne sé staidéar ar an dlí ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus bronnadh céim BCL air sa bhliain 2001 agus bronnadh céim LLM air sa bhliain 2002. Glaodh chun Bharra na hÉireann agus chun Bharra Shasana agus na Breataine Bige é sna blianta 2004 agus 2015 faoi seach. D’éirigh sé ina Abhcóide Sinsearach sa bhliain 2020. Tá sé ina chomhalta tofa de Chomhairle Bharra na hÉireann agus déanann sé cathaoirleacht ar an gCoiste um Chleachtais Ghairmiúla faoi láthair. Tá sé ina chomhalta de Chomhairle Chumann Onórach Óstaí an Rí freisin. Tá dúspéis aige sa dlí a bhaineann le carthanais agus scríobh sé faoi bhunús dhlínse parens patriae na hArd-Chúirte.

Máire McMahon

Máire McMahon

Tá Máire McMahon ina dlíodóir i gcleachtadh ginearálta i dTiobraid Árann, agus dúspéis aici sa dlí teaghlaigh. Tá BCL aici ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus tá LLM aici sa Dlí Teaghlaigh agus sa Bheartas Teaghlaigh ó Ollscoil Anglia Thoir. D’fhóin Máire mar Iontaobhaí agus mar Leas-Uachtarán Náisiúnta le Freagracht as Rialachas i gCumann Naomh Uinseann de Pól ar feadh tréimhse 5 bliana agus, le linn na tréimhse sin, bhain sí Teastas san Iontaobhaíocht agus Rialachas Carthanas amach ó Dhlí-Chumann na hÉireann, i gcomhar leis an Wheel. Tá baint aici leis an gcarthanas sin ar leibhéal áitiúil go fóill. Tá sí ina comhalta den bhord ar charthanas áitiúil seirbhísí do leanaí i dTiobraid Árann freisin.

John O’Donnell

John O’Donnell

Tá John ina chuntasóir cáilithe agus ina Stiúrthóir Bainistíochta ar KPMG, áit a stiúrann sé cleachtas Rialála Árachais an ghnólachta. Chaith sé breis agus 25 bliana san earnáil árachais, ar lena linn a phléigh sé le feidhmeanna iniúchóireachta, rialaithe airgeadais, comhlíonta agus rialála. San am i láthair, tugann sé comhairle do chuideachtaí árachais maidir lena n-idirghníomhaíocht le Banc Ceannais na hÉireann, a dhéanann rialáil orthu. Tacaíonn sé freisin leis na feidhmeanna riosca, comhlíonta agus iniúchóireachta inmheánaí de chuid cuideachtaí árachais agus athárachais. Déanann John speisialtóireacht i Rialachas Corparáideach, áit a ndéanann sé meastóireachtaí boird agus athbhreithnithe rialachais ar ghnólachtaí atá lonnaithe go príomha san earnáil Seirbhísí Airgeadais. D’oibrigh John i meascán den earnáil phoiblí agus den earnáil phríobháideach; roimh a ról reatha, d’oibrigh sé do Bhanc Ceannais na hÉireann ar feadh seacht mbliana, áit a raibh sé freagrach as measúnú a dhéanamh ar iarratais ar cheadúnais cuideachtaí árachais nua in Éirinn, i measc nithe eile.

Michael O’Sullivan

Michael O’Sullivan

Tá Michael O’Sullivan ina iarchomhalta den Gharda Síochána. Chuaigh sé ar scor i mí an Mhárta 2020, tráth a bhí sé ina Choimisinéir Cúnta. Bhí poist ardbhainistíochta de chineál imscrúdaitheach, rialála agus formhaoirseachta aige sa tír seo agus thar lear araon, agus é ag obair le Europol in Den Haag, le Coimisiún an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe sa Chambóid, sa tSeirbia, i Montainéagró, sa Mhacadóin agus i Ruanda. Tráth a chuaigh sé ar scor, bhí sé ina chomhalta de Bhord Bainistíochta Europol in Den Haag, bhí sé ina chomhalta de Choiste Formhaoirseachta Eurojust, agus bhí sé ina chomhalta de Choiste Feidhmiúcháin Eorpach Interpol in Lyon, agus é ar an gcéad Éireannach riamh a ceapadh chuig an gCoiste Feidhmiúcháin sa bhliain 2017. I mí Iúil 2020, cheap an Rialtas é mar dhuine amháin de na hainmnithe tuata chuig an gCoiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Pianbhreitheanna a Ghearradh de chuid Chomhairle na mBreithiúna ar feadh téarma ceithre bliana. Tá sé ina chomhalta tuata de Choiste Athbhreithnithe an Údaráis Rialála Seirbhísí Dlí agus tá sé ina chomhalta de Bhord Achomhairc an Údaráis Slándála Príobháidí freisin. Sealbhaíonn sé Dioplóma Iarchéime sa Cheannaireacht Feidhmiúcháin (UCD – Ollscoil Harvard, SAM) agus céim Baitsiléara Ealaíon (Onóracha) sa Bhainistíocht (UCL).

An Dr Geraldine Smith

An Dr Geraldine Smith

Is Sainchomhairleoir Comhairleach Rialachais, Iniúchóireachta Inmheánaí agus Riosca í Geraldine. Is cuntasóir cáilithe agus iniúchóir inmheánach cairte í Geraldine. Tá taithí breis agus 32 bhliain aici ar obair i róil shinsearacha iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí agus rialachais. D’éirigh Geraldine as Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) i mí an Mhárta 2022, áit a raibh sí ar an Stiúrthóir Náisiúnta um Iniúchóireacht Inmheánach ar a raibh freagracht as an tseirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí do FSS agus Tusla. Sular oibrigh sí do FSS, bhí sí ar an Stiúrthóir Iniúchóireachta le hÚdarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir agus bhí sí ina hIniúchóir Sinsearach le hOifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Tá Geraldine ar an gCathaoirleach ar Choiste Iniúchóireachta agus Riosca Oifig na nOibreacha Poiblí, tá sí ina comhalta saineolaíoch neamhspleách de Choiste Iniúchóireachta, Riosca, Comhlíonta agus Airgeadais Chumann Peile na hÉireann agus, roimhe sin, bhí sí ar an gCathaoirleach ar Choiste Iniúchóireachta an Bhoird Íocaíochtaí Seirbhísí Liachta Ginearálta. Tá Geraldine ina Comhalta de Chumann na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte agus is Iniúchóir Inmheánach Cairte (CMIIA) í. Tá aici freisin Dochtúireacht i Rialachas, céim MA i mBainistíocht Phoiblí, Dioplóma i Stiúradh Cuideachta (Institiúid na Stiúrthóirí) agus Dioplómaí i Rialachas Corparáideach (Scoil Ghnó Smurfit sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus Cumann na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte (ACCA).

Ercus Stewart

Ercus Stewart

Tá Ercus Stewart SC ag cleachtadh ag an mBarra ó bhí an bhliain 1970 ann. Tá sé ina Abhcóide Sinsearach ón mbliain 1982 i leith. Díríonn a chleachtadh ar an dlí sibhialta, an dlí tráchtála, an dlí saothair, an dlíthíocht agus an eadráin. Tá sé ina chomhalta den Bharra i dTuaisceart Éireann, i Sasana agus an Bhreatain Bheag agus san Astráil (NSW) freisin. De bhreis ar a chleachtadh dlí, tá Ercus ina eadránaí in Eadráin Tráchtála idirnáisiúnta agus intíre. Tá sé ina idirghabhálaí freisin. Chomh maith leis sin, tá sé ina chomhalta den Chúirt Eadrána Spóirt i Lausanne, an Eilvéis, agus rinne sé eadránú faoin gCúirt sin. Tá sé ina iarchathaoirleach ar an mBrainse Éireannach d’Institiúid Chairte na nEadránaithe agus tá sé ar an údar ar "Arbitration Commentary and Sources", ar fhoilsigh Firstlaw é sa bhliain 2003, agus ar "Compensation on Dismissal: Employment Law and Practice", ar fhoilsigh Bloomsbury Professional é sa bhliain 2008. Tá sé ina léachtóir ar cuairt le clár an Dioplóma in Eadráin sa Scoil Dlí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ó tosaíodh an clár sa bhliain 1997 i leith, rud ar ghlac sé páirt lárnach ann. Tá baint aige le hobair charthanais agus le heagraíochtaí carthanúla le breis agus 50 bliain anuas. Áirítear leis na heagraíochtaí sin Chernobyl Children's Project International, Romania Breadbasket Appeal, Care After Prison, Crann - Crainn d’Éirinn, agus a lán eile. Bhí sé ina chomhbhunaitheoir, agus ina chathaoirleach ar feadh roinnt mhaith blianta, ar Just Sport Ireland, a oibríonn chun díospóidí spóirt in Éirinn a réiteach. Chomh maith leis sin, bhí baint aige thar roinnt mhaith blianta le CARE - Feachtas ar son Cúram a Thabhairt do Leanaí Díothacha.

Tony Ward, Baitsiléir Tráchtála, an tÚdarás Iompair Airgeadais

Tony Ward, Baitsiléir Tráchtála, an tÚdarás Iompair Airgeadais

Is as Muineachán do Tony. Cháiligh sé mar Chuntasóir Cairte sa bhliain 1989. Tá sé pósta le Eleanor agus tá beirt leanaí aige, mar atá Ash agus Rachel. D’oibrigh Tony i róil éagsúla chleachtais agus sainchomhairleoireachta agus i róil airgeadais agus róil chruinnithe airgid san earnáil carthanas. Ón mbliain 2016 go dtí an bhliain 2022, bhí sé ar an Stiúrthóir Airgeadais le The Wheel, atá ar an mbratchomhlacht náisiúnta do charthanais agus eagraíochtaí neamhbhrabúis in Éirinn. Ghabh sé le déanaí do ghairm nua mar Shainchomhairleoir Airgeadais a sholáthróidh seirbhísí airgeadais, rialachais, ceannaireachta agus meantóireachta d’eagraíochtaí éagsúla san earnáil phríobháideach, san earnáil phoiblí agus san earnáil carthanas. Tá Tony ag obair i roinnt ról neamhfheidhmiúcháin, lena n-áirítear le Sightsavers Ireland, atá ar an tSeirbhís Tathanta Náisiúnta do dhaoine faoi mhíchumas. Chomh maith leis sin, tá sé ar an gcathaoirleach ar a chlub áitiúil CLG do mhná. Tá sé ar an gcathaoirleach ar Ghrúpa Sainleasa carthanas agus eagraíochtaí neamhbhrabúis Chuntasóirí Cairte Éireann agus tá sé ar an gcathaoirleach neamhspleách ar Ghrúpa Úsáideoirí Míchumais Iarnród Éireann. Tá an-spéis aige sa spórt agus is reathaí agus rothaí gníomhach é. Bhí sé ina ionadaí d’Éirinn i sé cinn de Chraobhchomórtais an Domhain agus de Chraobhchomórtais na hEorpa i lúthchleasaíocht mheánraoin idir an bhliain 1999 agus an bhliain 2005. Chomh maith leis sin, tá sé mharatón rite aige. Ba é an ceann is déanaí díobh, agus an ceann deiridh, b’fhéidir, i Nua-Eabhrac sa bhliain 2015!

Faisnéis maidir le Fochoistí

Bhunaigh an tÚdarás ceithre choiste, is iad sin:

  • An Coiste Airgeadais, Iniúchóireachta, Riosca agus Rialachais

    Bunaíodh an Coiste Airgeadais, Iniúchóireachta, Riosca agus Rialachais chun cabhrú leis an Údarás na freagrachtaí atá air a chomhlíonadh maidir leis na nithe seo:

    • Tuairisciú airgeadais;
    • Bainistíocht riosca;
    • Córais rialaithe inmheánaigh;
    • Iniúchóireacht;
    • Próiseas an Rialálaí Carthanas maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh a oibleagáidí reachtúla.

    Is iad seo na comhaltaí den choiste:

    • Geraldine Smith (Cathaoirleach & Comhalta den Údarás)
    • Máire McMahon (Comhalta den Údarás)
    • Cathy Holahan (Comhalta den Údarás)
    • Martin Corboy (Seachtrach)
    • Michelle Walshe (Seachtrach)
  • An Coiste Rialála

    Bunaíodh an coiste chun comhairle a chur ar an Údarás maidir lena chur chuige rialachais.  Áirítear lena chuid dualgas athbhreithniú (bliantúil) a dhéanamh ar bheartas rialachais an Rialálaí Carthanas agus cur chun feidhme an bheartais a mhaoirsiú, mar aon le faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha rialachais agus rialála.

    Is iad seo na comhaltaí den choiste:

    • Tony Ward (Comhalta den Údarás);
    • Michael O'Sullivan (Comhalta den Údarás);
    • Niall Byrne (Seachtrach);
    • Terry O’Niadh (Seachtrach).
  • An Coiste Feidhmíochta, Pleanála Acmhainní agus Comhairleach

    Bunaíodh an Coiste chun cabhrú leis an Údarás earcú an Phríomhfheidhmeannaigh a bhainistiú, chun an próiseas bainistíochta feidhmíochta a mhaoirsiú don lucht ardbhainistíochta agus chun téarmaí agus coinníollacha bhaill foirne an Rialálaí Carthanas a bhreithniú, lena n-áirítear na téarmaí faoina ndéantar baill foirne a shannadh don Rialálaí Carthanas/a thabhairt ar iasacht dó/a leithdháileadh air/a aistriú chuige. Tá triúr comhaltaí ann ar an gcoiste, a bhfuil gach duine díobh ina gcomhaltaí den Údarás.

    Tháinig an coiste le chéile ceithre huaire sa bhliain 2016. Ba iad seo na comhaltaí den choiste:

    • Ercus Stewart (Cathaoirleach & Comhalta den Údarás);
    • Máire McMahon (Comhalta den Údarás);
    • Stephen Keogh (Comhalta den Údarás).
  • An Coiste Seirbhísí Carthanais

    Bunaíodh an Coiste chun cabhrú leis an Údarás na feidhmeanna a dílsíodh do Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla roimhe sin a chomhlíonadh.  Áirítear leo sin diúscairt maoine carthanais a údarú, iontaobhaithe nua a cheapadh agus maoin carthanais a dhílsiú d’iontaobhaithe, Scéimeanna Ionchorpraithe agus Scéimeanna Cy-Près a dhréachtú, agus deontais agus scoláireachtaí a cheadú. Tá tuilleadh faisnéise ar an tAonad Seirbhísí Carthanais suíomh gréasáin.

    Is iad seo na comhaltaí den choiste:

    • Darren Lehane (Cathaoirleach & Comhalta den Údarás);
    • Nicola Keogh (Comhalta den Údarás);
    • Lorraine Lally (Comhalta den Údarás);
    • An Breitheamh John Martin (Comhalta Seachtrach);
    • John Gill (Comhalta Seachtrach);
    • Graham Richards (Comhalta Seachtrach).
Top