Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Na Nithe a Dhéanaimid

Coinnímid clár poiblí d’eagraíochtaí carthanúla atá i mbun oibre in Éirinn ar bun agus cinntímid go gcomhlíonann siad na hAchtanna Carthanas

Is iad na príomhfheidhmeanna atá againn clár poiblí d’eagraíochtaí carthanúla atá i mbun oibre in Éirinn a bhunú agus a choinneáil ar bun agus a chinntiú go gcomhlíonann siad na hAchtanna Carthanas.

Glacaimid páirt freisin i seirbhísí a sholáthar do charthanais, lena n-áirítear ceapacháin iontaobhaithe carthanais nua a údarú, scéimeanna ionchorpraithe a dhréachtú, scéimeanna Cy-près a údarú agus tailte arna sealbhú ar iontaobhas a dhiúscairt.

Faoi Chuid 4 den Acht Carthanas 2009, tá an chumhacht ag an Rialálaí Carthanas imscrúdaitheoirí a cheapadh chun imscrúdú a dhéanamh ar na gnóthaí de chuid aon eagraíochta carthanúla.

Is é atá i gceist lenár Misean:

An earnáil carthanas a rialáil chun leas an phobail chun comhlíonadh an dlí carthanas a chinntiú agus chun tacú leis an dea-chleachtas i rialachas agus i riarachán carthanas.

Is é atá i gceist lenár bhFís:

Earnáil carthanas atá beoga, a bhfuil iontaoibh aisti agus a bhfuil meas uirthi mar gheall ar an leas pobail a chuireann sí ar fáil.

Is é atá i gceist lenár Luachanna:

Ár Luachanna

Is é atá i gceist lenár gCuspóirí:

  • iontaoibh agus muinín an phobail as bainistiú agus riaradh iontaobhas carthanúil agus eagraíochtaí carthanúla a mhéadú;
  • comhlíonadh a ndualgas ag iontaobhaithe carthanas a chur chun cinn i rialú agus bainistiú iontaobhas carthanúil agus eagraíochtaí carthanúla;
  • úsáid éifeachtach maoine iontaobhas carthanúil nó eagraíochtaí carthanúla a chur chun cinn;
  • cuntasacht eagraíochtaí carthanúla do dheontóirí agus do thairbhithe bronntanas carthanúil, agus don phobal, a chinntiú;
  • tuiscint a chur chun cinn ar an gceanglas gur chun leas an phobail a bheidh aidhmeanna carthanúla;
  • clár d’eagraíochtaí carthanúla a bhunú agus a chothabháil;
  • comhlíonadh an Achta Carthanas ag eagraíochtaí carthanúla a chinntiú, agus faireachán a dhéanamh ar an gcéanna;
  • imscrúduithe a dhéanamh de réir an Achta Carthanas;
  • feabhas ar riaradh agus bainistiú eagraíochtaí carthanúla a spreagadh agus a éascú trí fhaisnéis nó comhairle a sholáthar, lena n-áirítear go háirithe ar mhodh treoirlínte, cód cleachtais agus doiciméad bunreachtúil eiseamláireach a eisiúint (nó, de réir mar is cuí leis, a cheadú);
  • cibé gníomhaíochtaí a sheoladh nó cibé faisnéis (lena n-áirítear faisnéis staidrimh) a fhoilsiú a bhaineann le heagraíochtaí carthanúla agus iontaobhais charthanúla agus is cuí leis;
  • faisnéis (lena n-áirítear faisnéis staidrimh) nó comhairle a sholáthar don Aire, nó tograí a chur faoina bhráid nó faoina bráid, maidir le hábhair a bhaineann le feidhmeanna an Rialálaí.
Top