Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Ár bhFaisnéis Airgeadais

Ráitis Airgeadais

Ceanglaítear le halt 30 den Acht Carthanas 2009 ar Bhord an Údaráis na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir atá faighte nó caite aige a choimeád i cibé foirm a cheadóidh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Foilseoidh an Rialálaí Carthanas na Ráitis Airgeadais is gá ar a shuíomh Gréasáin ar bhonn bliantúil.

Luach Saothair an Bhoird

Luach Saothair na gComhaltaí den Bhord Rialachais

Íoctar luach saothair leis na comhaltaí de Bhord an Údaráis de réir na bhforálacha atá leagtha amach sa Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú (2016).

Cloíonn an tÚdarás Rialála Carthanas leis an bprionsabal um ‘Dhuine Amháin, Tuarastal Amháin’, ar faoina bhun nach bhféadfar aon táillí boird a íoc le seirbhísigh phoiblí ná le fostaithe earnála poiblí a shuíonn ar bhoird Stáit agus a thabharfar rogha do chomhaltaí den Bhord an táille ghaolmhar boird a tharscaoileadh ar bhonn lánroghnach mar chuid de phrótacal foirmiúil. 

Féadfar táille freastail €295 in aghaidh an chruinnithe a íoc le Comhaltaí Seachtracha d’Fhochoistí an Bhoird ar aon dul le ciorclán E12/1/70 ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, rud ina leagtar amach na táillí a fhéadfar a íoc. Is i leith an lae a freastalaíodh ar an gcruinniú a íoctar an Táille Freastail.

Áirítear leis na Ráitis Airgeadais a fhoilsítear gach bliain sceideal de na táillí agus na caiteachais chomhiomlána a íocadh le gach Comhalta den Bhord; féach Ráitis Airgeadais an Údaráis chun tuilleadh sonraí a fháil.

Tá beartas i bhfeidhm ag an Rialálaí Carthanas ina leagtar amach táillí na gcomhaltaí den Bhord agus táillí na gcomhaltaí seachtracha.

 

Íocaíochtaí Prasa

Tá an Rialálaí Carthanas tiomanta do gach iarracht a dhéanamh a chuid soláthraithe a íoc go pras.  Is féidir le soláthraithe cabhrú leis déanamh amhlaidh trína chinntiú:

  • go seoltar sonraisc chearta go díreach chuig Cuntais Iníoctha
  • go soláthraítear sonraí cruinne cuntais bainc

go bhfuil a stádas Imréitigh Cánach le Coimisinéirí Ioncaim na hÉireann cothrom le dáta

Luach Saothair Chomhaltaí an Údaráis

Is táillí socraithe iad seo a íoctar le Comhaltaí an Údaráis ar aon dul leis an mBeartas Rialtais.  I gcás gur roghnaigh Comhalta den Údarás a tháille a tharscaoileadh, nó i gcás nach bhfuil sé i dteideal táille a fháil faoin bprionsabal ‘Duine Amháin, Tuarastal Amháin’, tá an méid sin léirithe sa Tuarascáil Bhliantúil agus sna Ráitis Airgeadais don tréimhse.

Is in Oifig an Rialálaí Carthanas a thionóltar formhór na gcruinnithe de chuid an Údaráis agus is gá do roinnt comhaltaí taisteal óna mbunáit faoi seach dá bharr sin.  Aisíoctar costais taistil agus chothaithe de réir rátaí atá ag teacht leo sin atá sainithe sa bheartas rialtais.  Tá sonraí faoi na costais a íocadh le Comhaltaí an Údaráis i leith freastal ar chruinnithe an Údaráis le fáil sa Tuarascáil Bhliantúil agus sna Ráitis Airgeadais araon don tréimhse.

Top