Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid

Comhlíonann an Rialálaí Carthanas Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid), 2005 (I.R. Uimh. 279 de 2005) (arna leasú), agus spreagann sé athúsáid na faisnéise a thagann faoi raon feidhme na rialachán sin (an “Fhaisnéis Earnála Poiblí”), lena n-áirítear ábhair atá ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo.  Tá na rialacháin ar fáil ag www.psi.gov.ie. Is ceadmhach duit Faisnéis Earnála Poiblí a athúsáid de réir théarmaí an “cheadúnais faisnéise earnála poiblí” is déanaí atá ar fáil ag www.psi.gov.ie agus i gcomhréir leis an gceadúnas sin agus, in aon chás, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas (a dtugtar an “Ceadúnas” orthu i gcoitinne”):

  • ní mór an fhoinse agus an cóipcheart a aithint i gcásanna ina soláthraíonn tú an fhaisnéis do dhaoine eile;
  • ní mór an fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn;
  • níor cheart an fhaisnéis a chur as a riocht ná a athrú ar shlí eile;
  • níor cheart an fhaisnéis a úsáid ar bhealach míthreorach;
  • níor cheart an fhaisnéis a úsáid ar bhealach a thugann le fios nó a thugann le tuiscint ar shlí eile go dtacaíonn an Rialálaí Carthanas le haon táirge, le haon seirbhís nó le haon dóigh eile a mbaineann tú nó aon pháirtí eile úsáid as na hábhair;
  • níor cheart an fhaisnéis a úsáid chun críocha neamhdhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta ná chun tacú leis na críocha sin;
  • níor cheart an fhaisnéis a úsáid ar bhealach a thabharfadh le fios go dtacaíonn an Rialálaí Carthanas leis an ábhar lena mbaineann. Níor cheart í a úsáid ach oiread ar bhealach ar dóigh dó daoine eile a chur ar míthreoir; agus
  • níor cheart aon suaitheantas, aon lógó nó aon mharc de chuid an Rialálaí Carthanas a atáirgeadh ach amháin i gcás go mbeidh an suaitheantas, an lógó nó an marc sin ina chuid dhílis den doiciméad atá á athúsáid.

I gcás coinbhleachta idir téarmaí an cheadúnais faisnéise earnála poiblí agus na coinníollacha seo, is ag na coinníollacha seo a bheidh tosaíocht.

Chun nach mbeidh aon amhras ann, níl feidhm ag an gCeadúnas maidir le Faisnéis Earnála Poiblí atá faoi úinéireacht nó faoi chóipcheart ag tríú páirtí.

Mar shampla, agus faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach thuas i ngach cás, áirítear leis na cearta a dheonaítear duit faoin gCeadúnas an ceart chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • ábhair Faisnéise Earnála Poiblí a bhrabhsáil ar ár suíomh Gréasáin agus Faisnéis Earnála Poiblí a chóipeáil chun amharc uirthi;
  • cruachóipeanna a phriontáil amach le haghaidh úsáid phearsanta, tráchtála agus neamhthráchtála;
  • comhaid a shábháil agus Faisnéis Earnála Poiblí a dháileadh agus a atáirgeadh, ar choinníoll go sainaithnítear foinse na Faisnéise Earnála Poiblí go soiléir agus go n-aithnítear úinéir an chóipchirt go soiléir; agus
  • naisc a chruthú chuig suíomh Gréasáin an Rialálaí Carthanas, ar choinníoll nach dtaispeántar san fhuinneog brabhsálaí ach an Fhaisnéis Earnála Poiblí a bhfaightear rochtain uirthi ar shuíomh Gréasáin an Rialálaí Carthanas trí naisc den sórt sin.

San am i láthair, ní ghearrtar aon táille i leith Faisnéis Earnála Poiblí a athúsáid. 

Is é seo a leanas ainm agus sonraí teagmhála an duine atá freagrach as Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid inár n-eagraíocht:

An tOifigeach Saorála Faisnéise, An Rialálaí Carthanas, 3 Duga Sheoirse, LSAI, Baile Átha Cliath 1, D01 X5X0. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach trí ríomhphost a sheoladh chuig foi@charitiesregulator.ie.

Tá an scéim foilsitheoireachta ar ullmhaigh an Rialálaí Carthanas í faoi alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, ar fáil anseo.