Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Faisnéis Ghinearálta

Róil, freagrachtaí agus feidhmeanna

Bunaíodh an tÚdarás Rialála Carthanas (‘an Rialálaí Carthanas’) an 16 Deireadh Fómhair 2014 agus tá sé freagrach as iontaobhais charthanúla agus eagraíochtaí carthanúla (carthanais) a rialáil agus a chosaint. Tá roinnt feidhmeanna ginearálta ag an Rialálaí Carthanas faoin Acht Carthanas 2009 (‘an tAcht’), is iad sin:

  • Iontaoibh agus muinín an phobail as bainistiú agus riaradh carthanas a mhéadú;
  • Comhlíonadh a ndualgas ag iontaobhaithe carthanas a chur chun cinn i rialú agus bainistiú carthanas;
  • Úsáid éifeachtach maoine carthanas a chur chun cinn;
  • Cuntasacht carthanas do dheontóirí agus do thairbhithe bronntanas carthanúil, agus don phobal, a chinntiú;
  • Tuiscint a chur chun cinn ar an gceanglas gur chun leas an phobail a bheidh aidhmeanna carthanúla;
  • Clár de charthanais a bhunú agus a chothabháil;
  • Comhlíonadh an Achta ag carthanais a chinntiú, agus faireachán a dhéanamh ar an gcéanna;
  • Feabhas ar riaradh agus bainistiú carthanas a spreagadh agus a éascú trí fhaisnéis nó comhairle a sholáthar, lena n-áirítear go háirithe ar mhodh treoirlínte, cód iompair agus doiciméad bunreachtúil eiseamláireach a eisiúint agus a cheadú, nuair a mheastar é sin a bheith cuí;
  • Cibé gníomhaíochtaí a sheoladh nó cibé faisnéis (lena n-áirítear faisnéis staidrimh) a fhoilsiú a bhaineann le carthanais agus iontaobhais charthanúla, nuair a mheastar é sin a bheith cuí; agus
  • Faisnéis (lena n-áirítear faisnéis staidrimh) nó comhairle a sholáthar don Aire, nó tograí a chur faoina bhráid nó faoina bráid, maidir le hábhair a bhaineann le feidhmeanna an Rialálaí Carthanas.

 

Tuairisc ghinearálta ar na haicmí taifead a shealbhaíonn an Rialálaí Carthanas

Is gá taifid iomlána chruinne a chruthú agus a chothabháil chun an Rialálaí Carthanas a chumasú a ghnó a chur i gcrích go héifeachtach agus na hoibleagáidí reachtúla atá air faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018, agus faoin Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986, a chomhlíonadh. Dá réir sin, déantar taifid a shealbhaíonn an Rialálaí Carthanas – a gcomhdaítear a bhformhór ar chomhaid chruachóipe – a chruthú nó a fháil i gcúrsa ghnó an Rialálaí Carthanas agus cuimsítear iontu faisnéis oifigiúil nó sonraí oifigiúla a bhaineann go díreach le gnó an Rialálaí Carthanas. Áirítear iad seo a leanas le samplaí de thaifid den sórt sin:

  • Taifid a bhaineann le bunús, struchtúr, feidhmeanna, nósanna imeachta, gnó agus idirbhearta an Rialálaí Carthanas;
  • Cláir oibre agus miontuairiscí cruinnithe;
  • Nótaí ar chomhráite suntasacha teileafóin;
  • Taifid ina n-iarrtar ceadú le haghaidh gníomh ar leith a dhéanamh nó breith ar leith a thabhairt;
  • Taifid ina léirítear cén fáth nach ndearnadh gníomh ar leith nó nár tugadh breith ar leith;
  • Páipéir imscrúdaitheacha; agus
  • Meabhráin a scaipeadh chun barúlacha nó ceadú a fháil ó Airí, ó Ranna nó ón Rialtas ina leith.

 

Ról an Phríomhfheidhmeannaigh

Tagraítear do ról an Phríomhfheidhmeannaigh in alt 20 den Acht Carthanas 2009, áit a gceanglaítear ar an duine aonair riarachán an Údaráis a sheoladh agus a bhainistiú, agus a rialú i gcoitinne, agus cibé feidhmeanna a chinnfidh an tÚdarás a chomhlíonadh. 

Beidh an Príomhfheidhmeannach cuntasach don Údarás as an Údarás a bhainistiú go héifeachtúil éifeachtach agus as a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

Is é an Bord a cheapann an Príomhfheidhmeannach, atá freagrach as an eagraíocht a riar agus a bhainistiú.

Cuireann an Príomhfheidhmeannach tuarascáil maidir le gníomhaíochtaí an Rialálaí Carthanas isteach mar mhír chaighdeánach ag cruinnithe Boird.  Tagann an Príomhfheidhmeannach le chéile go tráthrialta le comhaltaí den fhoireann bhainistíochta feidhmiúcháin, ina n-aonar agus i dteannta a chéile, chun plé a dhéanamh ar dhul chun cinn sna réimsí freagrachta faoi seach agus chun saincheisteanna leathana agus pleanáil chun cinn a bhreithniú.

Ról an Údaráis

Faoin Acht Carthanas 2009, ceanglaítear ar Bhord an Údaráis Rialála Carthanas líon nach lú ná naonúr comhaltaí agus nach mó ná 20 comhalta a bheith aige. De réir na Tuarascála Bliantúla don bhliain 2021, tá dháréag comhaltaí agus Cathaoirleach amháin ag an mBord faoi láthair. Tá an tÚdarás Rialála Carthanas tiomanta do struchtúir, próisis agus córais dea-chleachtais a chur i bhfeidhm, ar nithe iad lena dtacaítear le dualgais a oibriú go rathúil ar bhealach eiticiúil, cuntasach, trédhearcach agus éifeachtach. Cloíonn an tÚdarás Rialála Carthanas leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú (2016). Ceadaítear leis an Acht go mbunófaí Coistí chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

 

(a) Cúnamh agus comhairle a thabhairt don Údarás i ndáil lena chuid feidhmeanna go léir nó aon cheann dá chuid feidhmeanna a chomhlíonadh, agus

(b) Cibé feidhmeanna de chuid an Údaráis a bheidh arna dtarmligean chucu a chomhlíonadh.

 

Is iad seo a leanas na Coistí de chuid an Údaráis Rialála Carthanas a bunaíodh faoi alt 13 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht:

 

  1. An Coiste Airgeadais, Iniúchóireachta, Riosca agus Rialachais;
  2. An Coiste Seirbhísí Carthanais;
  3. An Coiste Feidhmíochta, Pleanála Acmhainní agus Comhairleach; agus
  4. An Coiste Rialála.

 

Féadfaidh an tÚdarás téarmaí tagartha coiste a chinneadh agus a nós imeachta a rialáil agus féadfaidh sé, le toiliú an Aire, ceann amháin nó níos mó dá chuid feidhmeanna is cuí leis a tharmligean chuig coiste. Tá an tÚdarás freagrach as daoine aonair a cheapadh chun fónamh ar Choistí. Ceadaíonn an tÚdarás na ceapacháin a dhéantar chuig coistí.

Tá an Cathaoirleach freagrach as Bord an Údaráis a stiúradh agus a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige. Tá an Cathaoirleach freagrach as roinnt feidhmeanna eile freisin, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh:

  • tá an Cathaoirleach agus an Príomhfheidhmeannach araon freagrach as Clár Oibre an Bhoird a bhainistiú go héifeachtach. Socraíonn an Cathaoirleach an Clár Oibre sin i gcomhairle le Rúnaí an Bhoird agus leis an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin araon;
  • gníomhú mar Chathaoirleach ag na cruinnithe a bhfreastalaíonn sé nó sí orthu;
  • féadfaidh sé nó sí cruinniú neamhsceidealaithe de chuid an Údaráis a chomóradh;
  • cultúr oscailteachta agus díospóireachta a chur chun cinn tríd an lucht príomhbhainistíochta agus gach comhalta den Bhord a chumasú rannchuidiú éifeachtach a dhéanamh; agus
  • a chinntiú go bhfaigheann an Bord faisnéis atá cruinn, tráthúil agus soiléir. Ba cheart don Chathaoirleach a chinntiú go ndéantar cumarsáid éifeachtach le gach leas-sealbhóir iomchuí.

 

Foilseofar miontuairiscí ar shuíomh Gréasáin an Rialálaí Carthanas tar éis gach cruinnithe de chuid an Bhoird. Sula bhfoilseofar na miontuairiscí, déanfar measúnú agus athbhreithniú orthu ar aon dul leis an Reachtaíocht Saorála Faisnéise agus Cosanta Sonraí chun a chinntiú go bhfolófar aon sonraí pearsanta nó aon sonraí íogaire atá iontu. Ní mór don Bhord aon nithe atá le folú a cheadú ag an gcéad chruinniú eile dá chuid sula bhfoilseofar na miontuairiscí.

An Creat Rialachais Chorparáidigh

Is é cuspóir an Chreata Rialachais Chorparáidigh achoimre a dhéanamh ar na príomhghnéithe de rialachas corparáideach laistigh den Rialálaí Carthanas. Tá Creat Rialachais Chorparáidigh an Rialálaí Carthanas ceaptha chun a bheith ina threoir le haghaidh gach duine a oibríonn don Rialálaí Carthanas agus thar a cheann agus le haghaidh na ndaoine a bhfreastalaíonn an eagraíocht orthu. Leagtar amach ann na caighdeáin iompair a bhfuil an Rialálaí Carthanas ag súil leo óna chuid fostaithe agus sealbhóirí oifige, a luachanna, agus na córais agus na nósanna imeachta rialachais a bhféachann an Rialálaí Carthanas le cloí leo. Forbraíodh an Creat Rialachais de réir an Chaighdeáin Rialachais Chorparáidigh don Státseirbhís. Is é an príomhdhoiciméad lena mbuntacaítear le rialachas an Rialálaí Carthanas ná an Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú.

Agus é de chineál tuairisciúil, tá an Creat ag teacht leis an gCód Cleachtais sin. Tá an Creat ceaptha chun a bheith ina dhoiciméad beo agus cuirfear leis ar aon dul leis an dea-chleachtas. Déanfaidh an Príomhfheidhmeannach agus Bord an Rialálaí Carthanas athbhreithniú ar an gCreat ar bhonn bliantúil, nó de réir mar is gá, chun éifeachtacht an Chreata a chinntiú agus chun an Creat a leathnú de réir mar a ghlactar tuilleadh beartas.

Pleananna agus Straitéisí Gnó

Faoi théarmaí an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997, tá ceanglas reachtúil ar gach roinn agus oifig rialtais Ráiteas Straitéise a tháirgeadh gach trí bliana. Tugtar sa Ráiteas Straitéise ón Rialálaí Carthanas breac-chuntas ar an misean agus na spriocanna straitéiseacha atá aige. Leagtar amach ann an comhthéacs reatha atá roimh a leas-sealbhóirí agus roimh an eagraíocht agus mionsonraítear ann na gealltanais atá á dtabhairt ag an Rialálaí Carthanas maidir leis na spriocanna straitéiseacha atá aige a chomhlíonadh.

Tuarascálacha Bliantúla

De réir an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997, déanann an Rialálaí Carthanas an t-eolas is deireanaí ar na gealltanais atá tugtha sa Ráiteas Straitéise uaidh a thabhairt sa Tuarascáil Bhliantúil gach bliain. Tá an Tuarascáil ceaptha chun a bheith ina modh trínar féidir faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht agus, ar an tslí sin, measúnú a dhéanamh ar thionchar an Ráitis Straitéise ón Rialálaí Carthanas. Tugtar leis an Tuarascáil freisin deis chun aird a tharraingt ar shaincheisteanna nua nó ar imthosca a bhíonn ag athrú. Mar sin, is gné thábhachtach de phróiseas cuntasachta an Rialálaí Carthanas. Cuirtear an Tuarascáil Bhliantúil faoi bhráid an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail faoin 30 Meitheamh gach bliain lena ceadú aige nó aici agus lena leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Is féidir gach Tuarascáil Bhliantúil a fháil ar an leathanach ‘Tuarascáil Bhliantúil’ den suíomh Gréasáin.

Struchtúir Eagraíochta agus Phá/Ghrádaithe

Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a chomhaontaíonn na scálaí pá agus na rátaí taistil agus cothaithe do gach seirbhíseach poiblí.

Soláthraítear le struchtúr an Rialálaí Carthanas línte follasacha tuairiscithe agus soiléire maidir le réimsí freagrachta. Is ag grád an Phríomhoifigigh/an Phríomhoifigigh Chúnta a shanntar an fhreagracht as gach ceann de na sé Aonad Gnó atá ag an Rialálaí Carthanas. Is féidir faisnéis bhreise faoi struchtúr an Rialálaí Carthanas a fháil ar an suíomh Gréasáin.

Láthair agus Sonraí Teagmhála don Eagraíocht

Tá oifigí an Rialálaí Carthanas suite ag:

An tÚdarás Rialála Carthanas,

3 Duga Sheoirse,

An Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta,

Baile Átha Cliath 1,

D01 X5X0,

Éire.

 

Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála do na seirbhísí atá ar fáil ón Rialálaí Carthanas:

 

Sonraí faoi Chomhaontuithe Formhaoirseachta agus Dearbhaithe, faoi Chomhaontuithe Seirbhíse agus faoi Mheabhráin Tuisceana

Cinnteoidh an Rialálaí Carthanas, ar bhonn bliantúil, go sínítear na comhaontuithe iomchuí. Is iad na hArd-Rúnaithe iomchuí agus Príomhfheidhmeannach an Rialálaí Carthanas a shíníonn na socruithe Formhaoirseachta agus na Meabhráin Tuisceana sin ar bhonn comhpháirteach, agus leagtar amach iontu na leibhéil chomhaontaithe feidhmíochta/seirbhíse i ndáil leis an gComhlacht don bhliain atá le teacht. Chomh maith leis sin, éascaítear leo spriocanna bliantúla agus spriocanna ilbhliantúla araon a ghlacadh agus táscairí aschuir agus toraidh a fhorbairt, lena n-áirítear garspriocanna, chun gur féidir feidhmíocht a thomhas in aghaidh spriocanna.
Déanann an Rialálaí Carthanas Meabhráin Tuisceana le gníomhaireachtaí eile freisin. Soláthraítear leis na Meabhráin Tuisceana sin creat le haghaidh dlúthchaidreamh oibre a chothú idir an Rialálaí Carthanas agus gníomhaireachtaí eile. Leis na Meabhráin Tuisceana, tacaítear le comhar agus comhoibriú chun comhroinnt chuí faisnéise agus measúnú cuí faisnéise ag an dá pháirtí a chinntiú chun ionracas eagraíochtaí carthanúla agus iontaobhas carthanúil in Éirinn a chothú agus chun tacú leis an muinín atá ag an bpobal as carthanais a oibríonn in Éirinn nó faoi dhlí na hÉireann.

Foilsíonn an Rialálaí Carthanas gach Meabhrán Tuisceana ar a shuíomh Gréasáin.

An Chairt agus an Plean Gníomhaíochta do Chustaiméirí

Is é an cuspóir atá leis an gCairt agus an Plean Gníomhaíochta do Chustaiméirí ón Rialálaí Carthanas ná breac-chuntas a thabhairt ar an gcaighdeán seirbhíse a bhfuil an Rialálaí Carthanas ag iarraidh é a sholáthar dá chustaiméirí agus a chinntiú go gcuirtear gach caidreamh i gcrích de réir an 12 Phrionsabal um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí. Bíonn obair an Rialálaí Carthanas ag brath go mór ar chaidreamh sláintiúil cóimheasúil a bheith aige lena leas-sealbhóirí. Dá bhrí sin, is é an aidhm atá ag an Rialálaí Carthanas caidreamh a dhéanamh lena chustaiméirí ar bhealach cúirtéiseach, a chinntiú go soláthrófar seirbhísí go tráthúil, agus bheith faisnéiseach agus éifeachtach ina chuid caidrimh.

Top