Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Cosaint Sonraí

Réamhrá

Tá an Rialálaí Carthanas tiomanta do chearta agus príobháideacht daoine aonair a chosaint de réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (an Rialachán Ginearálta) agus de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 go 2018. Leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, comhlánaítear an Rialachán Ginearálta agus pléitear go fairsing leis an dóigh a bhforfheidhmítear an Rialachán Ginearálta in Éirinn.  Ba cheart aon tagairt do ‘Dlíthe Cosanta Sonraí’ sa ráiteas seo a thuiscint mar thagairt don Rialachán Ginearálta, do na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus d’aon reachtaíocht leasaitheach. Tugtar leis na Dlíthe Cosanta Sonraí cearta do dhaoine aonair maidir le príobháideacht a sonraí pearsanta. Leagtar leo freagrachtaí ar na daoine sin a dhéanann sonraí den sórt sin a shealbhú agus a phróiseáil freisin. Déanann an Rialálaí Carthanas sonraí pearsanta áirithe a bhailiú, a stóráil agus a phróiseáil chun na feidhmeanna atá aige a chomhlíonadh. Ciallaíonn sonraí pearsanta aon fhaisnéis a bhaineann le duine aonair beo sainaitheanta nó in-sainaitheanta.

Cumhdaíonn an phróiseáil raon leathan oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta, lena n-áirítear ar mhodhanna láimhe agus uathoibrithe. Áirítear na nithe seo a leanas léi:

  • sonraí pearsanta a bhailiú,
  • sonraí pearsanta a thaifeadadh,
  • sonraí pearsanta a eagrú,
  • sonraí pearsanta a struchtúrú,
  • sonraí pearsanta a stóráil,
  • sonraí pearsanta a oiriúnú nó a athrú,
  • sonraí pearsanta a aisghabháil,
  • sonraí pearsanta a cheadú,
  • sonraí pearsanta a úsáid,
  • sonraí pearsanta a nochtadh trína dtarchur,
  • sonraí pearsanta a chomhroinnt nó a chur ar fáil ar shlí eile,
  • sonraí pearsanta a ailíniú nó a chur le chéile,
  • sonraí pearsanta a shrianadh, agus
  • sonraí pearsanta a léirscriosadh nó a dhíothú.

Tugtar sa Ráiteas Cosanta Sonraí seo faisnéis faoi na bealaí ina ndéanann an Rialálaí Carthanas sonraí pearsanta a bhaineann le daoine aonair a bhailiú, a stóráil agus a úsáid.

An Reachtaíocht Cosanta Sonraí

Tháinig an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018. Ba é an toradh a bhí air go ndearnadh athrú suntasach ar an dlí cosanta sonraí san Eoraip, gur neartaíodh na cearta atá ag daoine aonair agus gur méadaíodh na hoibleagáidí atá ar eagraíochtaí.  Tá an Rialachán Ginearálta deartha chun tuilleadh smachta a thabhairt do dhaoine aonair ar a sonraí pearsanta.

Is iad seo a leanas na príomhphrionsabail a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Rialachán Ginearálta:

  • dlíthiúlacht;
  • cothroime;
  • trédhearcacht;
  • teorainn a chur leis na críocha ar chucu a fhéadfar sonraí pearsanta a úsáid;
  • teorainn a chur leis na sonraí pearsanta a fhéadfar a bhailiú agus leis na críocha ar chucu a fhéadfar iad a úsáid;
  • cruinneas;
  • teorannú stórála;
  • sláine agus rúndacht; agus
  • cuntasacht (Airteagal 5 den Rialachán Ginearálta). 

Cé go bhfuil feidhm dhíreach ag an Rialachán Ginearálta mar dhlí sna Ballstáit uile, ceadaítear leis tuilleadh éifeachta a thabhairt do shaincheisteanna áirithe sa dlí náisiúnta.  In Éirinn, is é an dlí náisiúnta lena dtugtar tuilleadh éifeachta don Rialachán Ginearálta, i measc nithe eile, ná an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018 (‘Acht 2018’).

Cosaint Sonraí agus an Rialálaí Carthanas

  • Cé sinn

    Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea an tÚdarás Rialála Carthanas (an “Rialálaí Carthanas”). Is údarás neamhspleách é a bunaíodh de réir an Achta Carthanas 2009, arna leasú (“Acht 2009”). Tá príomhfheidhmeanna an Rialálaí Carthanas leagtha amach in alt 14 d’Acht 2009 agus áirítear leo an ceanglas chun clár d’eagraíochtaí carthanúla a bhunú agus a chothabháil agus comhlíonadh Acht 2009 a chinntiú agus faireachán a dhéanamh ar an gcéanna.

  • Ár bPrionsabail Chosanta Sonraí

    Tá an Rialálaí Carthanas tiomanta do na prionsabail seo a leanas a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, mar atá leagtha amach sna Dlíthe Cosanta Sonraí, a chomhlíonadh agus do chomhlíonadh na bprionsabal sin a léiriú.

    Maidir le sonraí pearsanta:

    • próiseálfar go dleathach, go cothrom agus go trédhearcach iad;
    • baileofar iad chun críocha sonracha, follasacha agus dlisteanacha;
    • beidh siad leordhóthanach agus ábhartha agus teoranta don mhéid is gá le haghaidh próiseáil;
    • beidh siad cruinn agus, nuair is gá, coinneofar cothrom le dáta iad;
    • coimeádfar iad i bhfoirm ónar féidir an t-ábhar sonraí a shainaithint go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá; agus
    • próiseálfar iad ar mhodh lena gcinnteofar slándáil chuí.
  • Cearta na ndaoine aonair a mbailítear a sonraí

    Tá an Rialálaí Carthanas tiomanta do bheartais chuí agus nósanna imeachta cuí a dhearadh agus a chothabháil chun cosaint a thabhairt do na cearta atá ag daoine aonair chun na nithe seo a leanas a dhéanamh faoi na Dlíthe Cosanta Sonraí:

    • a sonraí pearsanta a rochtain;
    • a sonraí pearsanta a cheartú;
    • a sonraí pearsanta a léirscriosadh;
    • srian a chur le próiseáil a sonraí pearsanta;
    • a sonraí pearsanta a aistriú;
    • agóid a dhéanamh in aghaidh phróiseáil a sonraí pearsanta; agus
    • toiliú a tharraingt siar (i gcás go mbeimid ag brath ar thoiliú chun sonraí a phróiseáil).

    Ní dearbhcheart atá in aon cheann de na cearta atá luaite thuas, agus is féidir go dtiocfaidh cora áirithe chun cinn nach bhféadfaidh daoine aonair na cearta sin a fheidhmiú iontu. Más rud é go dtiocfaidh cor den sórt sin chun cinn, tabharfar míniú mionsonraithe don duine aonair ar cén fáth nach bhféadfaidh sé nó sí na cearta atá aige nó aici a fheidhmiú.

  • Sonraí teagmhála an rialaitheora

    Is é an rialaitheoir sonraí a chinneann cén fáth agus cén dóigh a bpróiseáiltear sonraí pearsanta. Sa chás seo, is é an Rialálaí Carthanas an Rialaitheoir do na sonraí pearsanta a phróiseálann sé. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Rialálaí Carthanas ar roinnt bealaí, atá leagtha amach ar an leathanach teagmhála dár suíomh Gréasáin.

  • Sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí

    Rinne an Rialálaí Carthanas Oifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh.  Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí trí ríomhphost a sheoladh chuig DPA@Charitiesregulator.ie.

  • An Bunús Dlí atá le Próiseáil Sonraí Pearsanta ag an Rialálaí Carthanas

    Beidh an bunús dlí le próiseáil sonraí pearsanta ag an Rialálaí Carthanas ag brath ar cad a dhéanaimid, mar atá leagtha amach san Acht Carthanas 2009, arb é ár reachtaíocht rialaithe é, agus ar cén fáth a bhfuil an phróiseáil á déanamh.  

    I gcás go mbeidh sonraí pearsanta á bpróiseáil ag an Rialálaí Carthanas chun na feidhmeanna dlíthiúla atá aige a chomhlíonadh, ní mór dó ceann amháin ar a laghad de na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 6 den Rialachán Ginearálta a chomhlíonadh. Tá gach ceann de na ceanglais sin, agus samplaí díobh, leagtha amach thíos:

    • Airteagal 6(1)(a)

      Tá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha. Is dóigh go mbeidh toiliú ina fhoras cuí i gcás go mbeidh eagraíocht ag iarraidh fíor-rogha a thairiscint do dhaoine aonair – mar shampla, cé acu ba mhaith nó nár mhaith leo nuachtlitreacha a fháil. Agus toiliú á úsáid acu mar fhoras, ní mór d’eagraíochtaí a chur san áireamh go bhféadfaidh an t-ábhar sonraí toiliú a tharraingt siar aon tráth. Ina theannta sin, is féidir go mbeidh sé deacair toiliú dlíthiúil bailí a shuí i gcás go mbeidh éagothroime cumhachta ann sa chaidreamh idir an Rialaitheoir agus an tÁbhar Sonraí (amhail fostaíocht nó le linn próiseáil ag údarás poiblí).

    • Airteagal 6(1)(b)

      Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh ar páirtí ann an t-ábhar sonraí a chomhlíonadh nó chun bearta a dhéanamh arna iarraidh sin ag an ábhar sonraí sula ndéanfaidh sé nó sí conradh. Is minic a bhíonn próiseáil sonraí pearsanta i gceist le conradh a dhéanamh idir dhá pháirtí nó níos mó. Áirítear leis sin cásanna ina bpróiseálann an Rialálaí Carthanas sonraí pearsanta ball foirne chun a chinntiú go bhfaighidh siad íocaíocht ar aon dul lena gconradh fostaíochta.

    • Airteagal 6(1)(c)

      Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh. Chun go mbeidh feidhm ag an Airteagal seo, ní mór bunús a bheith le haon phróiseáil sonraí faoi dhlí an Aontais Eorpaigh nó faoi dhlí na hÉireann. Roinnt samplaí de sin is ea sonraí fostaithe a chomhroinnt leis na Coimisinéirí Ioncaim, sonraí a phróiseáil faoi na rialacháin maidir le sciúradh airgid, agus sonraí a nochtadh de bhun ordú cúirte.

    • Airteagal 6(1)(d)

      Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint.  Is é an sainmhíniú a thugtar ar leas ríthábhachtach ná “leas atá riachtanach do shaol an ábhair sonraí nó do shaol duine nádúrtha eile”. Fágann sé sin nach bhféadfaimid sonraí a phróiseáil faoin Airteagal seo ach amháin i gcor ‘bás nó beatha’ agus i gcás gur gá an phróiseáil a dhéanamh chun go dtiocfaidh an t-ábhar sonraí slán as an gcor. Is dóigh nach mbeidh aon fheidhm ag an Airteagal seo ach amháin i gcora éigeandála. Féadfar é a chur i bhfeidhm i leith cora mórscála freisin, lena n-áirítear sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha daonnúla, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar eipidéimí agus ar a leathadh.

    • Airteagal 6(1)(e)

      Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir. Chun go mbeidh feidhm ag an Airteagal seo, ní mór bunús soiléir a bheidh ag an bpróiseáil sonraí faoin dlí. I gcás an Rialálaí Carthanas, is gá an bunús sin a bheith leagtha amach in ailt áirithe den Acht Carthanas 2009, amhail alt 39, lena gceanglaítear ar Iontaobhaithe sonraí pearsanta áirithe a sholáthar don phróiseas clárúcháin.

    • Airteagal 6(1)(f)

      Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, seachas i gcás ina mbeidh sáraíocht ag na leasanna sin ar leasanna nó ar chearta bunúsacha agus ar shaoirsí bunúsacha an ábhair sonraí, lena gceanglaítear go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe más leanbh é an t-ábhar sonraí. Beidh feidhm ag leas dlisteanach maidir le próiseáil sonraí i gcás go n-úsáidfidh an eagraíocht sonraí pearsanta ar mhodh a mbeadh an t-ábhar sonraí ag súil leis. Beidh feidhm ag coinníollacha an Leasa Dhlisteanaigh i gcás nach gceanglófar le dlí go ndéanfaí an phróiseáil, ach go mbeidh tairbhe shoiléir ag baint léi, nach dóigh go sárófar príobháideacht an ábhair sonraí mar thoradh ar an bpróiseáil agus gur cheart ionchas réasúnach a bheith ag an ábhar sonraí go n-úsáidfear a shonraí nó a sonraí ar an modh sin. Áirítear leis sin cásanna ina dtugann an Rialálaí Carthanas rochtain do chuideachta teicneolaíochta faisnéise ar a ardáin ar líne chun a chinntiú go bhfuil na coimircí teicneolaíochta faisnéise dóthanach agus go bhfuil na coimircí cuí i bhfeidhm.

      Tá an Rialálaí Carthanas ainmnithe mar údarás inniúil faoin Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí freisin, rud a achtaíodh isteach sa dlí faoi Chuid 5 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Leis an Treoir sin, pléitear le sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, ar críocha iad nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí. Beidh próiseáil sonraí pearsanta faoin Treoir teoranta do roinnt gníomhaíochtaí de chuid an Rialálaí Carthanas, go háirithe na próisis seo a leanas:

      • cionta coiriúla a chosc;
      • cionta coiriúla a imscrúdú;
      • cionta coiriúla a bhrath; agus
      • cionta coiriúla a ionchúiseamh.

      Áirítear fiosrúcháin agus imscrúduithe leis na cineálacha críoch ar chucu a bhaileoidh an Rialálaí Carthanas sonraí pearsanta faoin Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí - lena n-áirítear sonraí pearsanta a fhaightear go díreach ó ábhair sonraí agus sonraí pearsanta a fhaightear ó eagraíocht is ábhar d’fhiosrúchán nó d’imscrúdú.

  • Cén Dóigh a mBailíonn an Rialálaí Carthanas Sonraí Pearsanta?

    Bíonn an cineál Sonraí Pearsanta a phróiseálann an Rialálaí Carthanas ag brath ar an gcríoch ar chuici a phróiseáiltear na sonraí sin agus ar an mbunús dlí le déanamh amhlaidh. Ní dhéanfaidh an Rialálaí Carthanas Sonraí Pearsanta ná catagóirí speisialta sonraí a phróiseáil ach amháin a mhéid is réasúnach agus is gá chun na feidhmeanna atá aige faoi Acht 2009 a chomhlíonadh, agus is ar mhaithe le leas an phobail a chuirfidh sé na cúraimí sin i gcrích.  Bíonn na catagóirí Sonraí Pearsanta a phróiseáiltear ag brath ar an aonad gnó a láimhseálann na sonraí, mar a leanas:

    • An tAonad um Chomhlíonadh

      Is féidir go bhfaighidh an tAonad um Chomhlíonadh na nithe seo a leanas le linn dó na feidhmeanna atá aige a chomhlíonadh:

      1. Sonraí Pearsanta (lena n-áirítear ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist, uimhir theagmhála, teideal poist, ról nó áit oibre); agus
      2. Sonraí catagóire speisialta (sonraí a bhaineann le tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, sonraí a bhaineann leis an tsláinte, sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha).
    • An tAonad Seirbhísí Carthanais

      Is féidir go bhfaighidh an tAonad Seirbhísí Carthanais na nithe seo a leanas le linn dó na feidhmeanna atá aige a chomhlíonadh: 

      1. Áirítear leis na Sonraí Pearsanta a fhaightear ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist, uimhir theagmhála agus dáta breithe. Is féidir go mbainfidh na Sonraí Pearsanta sin leis an iarratasóir nó le tríú páirtí atá ábhartha don iarratas, lena n-áirítear ceannaitheoirí, tairbhithe agus sealbhóirí teidil roimhe.

      Is féidir go bhfaighidh an tAonad Seirbhísí Carthanais Sonraí Pearsanta agus sonraí catagóire speisialta ó dhaoine aonair a dhéanann teagmháil leis, lena n-áirítear na daoine aonair seo a leanas:

      • iarratasóirí,
      • seiceadóirí,
      • iontaobhaithe nó a n-ionadaithe.
    • An tAonad um Chlárú agus Tuairisciú

      Is féidir go bhfaighidh an tAonad um Chlárú agus Tuairisciú na nithe seo a leanas le linn dó na feidhmeanna atá aige a chomhlíonadh:

      1. Is féidir go n-áireofar leis na Sonraí Pearsanta a fhaightear ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, uimhir chuntais bainc agus doiciméid aitheantais (pasanna/ceadúnais tiomána). Is féidir go mbainfidh na Sonraí Pearsanta le hIontaobhaithe na heagraíochta (nó daoine atá bainteach leis na hIontaobhaithe), Stiúrthóirí, Oifigigh nó baill foirne de chuid an iarratasóra, oibrithe deonacha, síntiúsóirí, tairbhithe agus comhairleoirí reatha nó iarchomhairleoirí de chuid an iarratasóra.
    • An tAonad um Chumarsáid agus Caidreamh le Leas-Sealbhóirí

      Is féidir go bhfaighidh an tAonad um Chumarsáid agus Caidreamh le Leas-Sealbhóirí na nithe seo a leanas le linn dó na feidhmeanna atá aige a chomhlíonadh:

      1. Sonraí Pearsanta ó thríú páirtithe, lena n-áirítear leas-sealbhóirí, pearsanra carthanais, iontaobhaithe, soláthraithe, iriseoirí agus páirtithe leasmhara eile. Is féidir go n-áireofar leis na Sonraí Pearsanta a fhaightear ainm, seoladh, teideal, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin.
    • An tAonad Gnóthaí Corparáideacha

      Is féidir go bhfaighidh an tAonad Gnóthaí Corparáideacha na nithe seo a leanas le linn dó na feidhmeanna atá aige a chomhlíonadh:

      1. Is féidir go n-áireofar leis na Sonraí Pearsanta a fhaightear ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, doiciméid aitheantais, aitheantas foirne agus sonraí uimhir chuntais bainc. Is féidir go mbainfidh na Sonraí Pearsanta le daoine aonair a chuireann iarrataí isteach. Is féidir go mbainfidh siad freisin le Caidreamh le Leas-Sealbhóirí maidir le Taighde a dhéanann an Rialálaí Carthanas, mar aon le Sonraí Pearsanta a bhaineann le baill foirne.
    • An tAonad Airgeadais

      Is féidir go bhfaighidh an tAonad Airgeadais na nithe seo a leanas le linn dó na feidhmeanna atá aige a chomhlíonadh:

      1. Sonraí Pearsanta ó thríú páirtithe, lena n-áirítear leas-sealbhóirí, pearsanra carthanais, iontaobhaithe agus soláthraithe. Is féidir go n-áireofar leis na Sonraí Pearsanta a fhaightear ainm, seoladh, teideal, seoladh ríomhphoist, sonraí cuntais bainc agus uimhir theileafóin.
  • An Chríoch ar Chuici a Phróiseáiltear Sonraí Pearsanta

    Próiseálann an Rialálaí Carthanas sonraí pearsanta chun roinnt críocha difriúla, a eascraíonn as na cumhachtaí agus na feidhmeanna reachtúla atá aige agus as na dualgais reachtúla atá air.

    Tagann cumhachtaí, feidhmeanna agus dualgais reachtúla an Rialálaí Carthanas as an Acht Carthanas 2009, agus áirítear leo na nithe seo a leanas: 

    • measúnú a dhéanamh ar iarratais ar chlárú;
    • Clár Poiblí d’eagraíochtaí carthanúla a oibríonn in Éirinn a chothabháil;
    • imscrúduithe a dhéanamh ar ghnóthaí eagraíochtaí carthanúla;
    • an Comhchoiste Infheistíochta a chothabháil agus a riar;
    • carthanais/iontaobhaithe carthanais a chur ar an eolas faoina nuacht agus imeachtaí, faoi oiliúint agus seimineáir, agus faoi sheirbhísí ríomhfhoghlama;
    • bonn eolais a chur faoi thaighde ar an earnáil carthanas in Éirinn;
    • liosta seachadta cruinn de na daoine atá cláraithe leis a chothabháil;
    • a shuíomh Gréasáin agus a oibríochtaí inmheánacha a riar agus a fheabhsú, lena n-áirítear fabhtcheartú, anailís sonraí, tástáil agus taighde, agus chun críocha staidrimh agus suirbhé; agus
    • críocha acmhainní daonna a bhaineann le fostaíocht le Bord an Rialálaí Carthanas nó le Coiste dá chuid nó a bhaineann le ceapacháin chuig Bord an Rialálaí Carthanas nó chuig Coiste dá chuid.

    Próiseálann an Rialálaí Carthanas sonraí pearsanta le linn dó na feidhmeanna ginearálta atá aige a chomhlíonadh freisin, lena n-áirítear le linn dó baill foirne a earcú, íocaíochtaí a dhéanamh le baill foirne, sonraí pearsanta fostaithe a chomhroinnt le húdaráis chánach, etc.

    Is é an aidhm atá leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a chinntiú go bpróiseáiltear Sonraí Pearsanta ar bhealach dleathach, cothrom agus trédhearcach, gan aon difear díobhálach a dhéanamh do chearta an Ábhair Sonraí. 

    Beidh an Rialálaí Carthanas ag brath ar na bunúis dlí seo a leanas faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 go 2018, le linn dó Sonraí Pearsanta a phróiseáil. Beidh an bunús dlí ábhartha ag brath ar an aonad gnó ábhartha a phróiseálann na sonraí, mar a leanas:

    Aonad

    Toiliú

    Conradh

    Oibleagáid Dhlíthiúil

    Leas Ríthábhachtach

    Leas an Phobail

    Leas Dlisteanach

    Seirbhísí Carthanais

     

    ×

    ×

     

    ×

     

    Comhlíonadh agus Forfheidhmiú

     

    ×

    ×

    ×

    ×

     

    Clárú agus Tuairisciú

     

    ×

    ×

     

     

     

    Cumarsáid

    ×

    ×

     

     

     

     

    Gnóthaí Corparáideacha

    ×

    ×

    ×

     

    ×

    ×

    Airgeadas

     

    ×

    ×

     

    ×

     

     

    I gcás go mbeidh an bunús dlí le haghaidh Sonraí Pearsanta a phróiseáil bunaithe ar thoiliú an Ábhair Sonraí nó, nuair is gá, ar thoiliú sainráite an Ábhair Sonraí, féadfar an toiliú sin a tharraingt siar am ar bith. I gcás go dtarraingeofar toiliú siar, ní dhéanfaidh sé sin aon difear don bhunús dlí le haghaidh na próiseála a rinneadh roimhe sin.

  • Cé na Daoine a Fhaigheann na Sonraí Pearsanta a Phróiseálann an Rialálaí Carthanas?

    Déanann an Rialálaí Carthanas gach beart réasúnach chun a chinntiú go gcosnaíonn ár mbaill foirne do shonraí pearsanta agus go mbíonn siad ar an eolas faoi na hoibleagáidí slándála faisnéise atá orthu. Ní thugaimid rochtain ar do shonraí pearsanta ach amháin dóibh sin a bhfuil riachtanas gnó acu leis na sonraí sin a fháil.

    Is féidir go gcomhroinnfimid sonraí pearsanta le tríú páirtithe iontaofa, i gcás go mbeidh cúis dhleathach againn le déanamh amhlaidh. Áirítear iad seo a leanas leis na tríú páirtithe agus na cásanna atá i gceist leis sin:

    • Soláthraithe seirbhíse dár gcóras clárúcháin;
    • Soláthraithe seirbhíse dár gcóras TF;
    • Soláthraithe seirbhíse a eisíonn ár ríomhiris nó a eisíonn cuirí chuig ár n-imeachtaí;
    • Íocaíochtaí a chinntiú maidir leis an gComhchiste Infheistíochta;
    • Na feidhmeanna riachtanacha atá againn a chomhlíonadh i gcomhar le gníomhaireachtaí eile rialtais, lena n-áirítear na Coimisinéirí Ioncaim, an Garda Síochána agus an Oifig um Chlárú Cuideachtaí; agus
    • Institiúidí airgeadais, le haghaidh íocaíochtaí a phróiseáil.

    Sula gcomhroinntear aon sonraí pearsanta, cinntíonn an Rialálaí Carthanas go bhfuil comhaontuithe agus coimircí ábhartha comhroinnt sonraí i bhfeidhm.

  • Coinneáil Sonraí

    Is é atá i gceist leis an gcoinneáil ná cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta. Tá na tréimhsí coinneála do na sonraí pearsanta a shealbhaíonn an Rialálaí Carthanas bunaithe ar cheanglais na reachtaíochta cosanta sonraí agus ar an gcríoch ar chuici a dhéantar na sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil. I gcás gearán, mar shampla, coinneoidh an Rialálaí Carthanas sonraí pearsanta fad is gá déanamh amhlaidh chun an gearán a láimhseáil agus chun aon ghníomh a bheidh riachtanach ina dhiaidh sin a chur i gcrích. 

    In imthosca áirithe, tá na tréimhsí coinneála a chuireann an Rialálaí Carthanas i bhfeidhm i leith na sonraí pearsanta a phróiseálann sé bunaithe freisin ar na ceanglais dhlíthiúla agus rialála atá air faisnéis a choinneáil ar feadh tréimhse shonraithe agus ar na tréimhsí ábhartha teorann le haghaidh caingean dlí a thionscnamh.

    Chomh maith leis sin, is amhlaidh, mar chomhlacht poiblí, nach mór don Rialálaí Carthanas an tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986, a chomhlíonadh. Luaitear san Acht sin: Níl tosaíocht ag aon reachtaíocht ar an Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986, maidir le taifid phoiblí a rochtain. Sula bhféadfar aon taifid a dhíothú, a choinneáil nó a tharraingt siar, ní mór cloí leis na forálacha atá leagtha amach san Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986, agus i Rialacháin 1988.

  • Conas do Shonraí Pearsanta a rochtain

    I measc na gceart a thugtar d’Ábhair Sonraí leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí tá an ceart chun cóip a fháil dá Sonraí Pearsanta atá á bpróiseáil ag an Rialálaí Carthanas.

    Ionas gur féidir leis an Rialálaí Carthanas na Sonraí Pearsanta atá á n-iarraidh a aimsiú, ba cheart duit ár bhFoirm Iarrata ar líne ar Rochtain d’Ábhair Sonraí a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chugainn.

    Tabhair faoi deara: Toisc gur gá dúinn aitheantas aon duine a dhéanann Iarraidh ar Rochtain d’Ábhair Sonraí a fhíorú, beidh ort cineálacha sonracha aitheantais a thabhairt dúinn (tá sonraí le fáil san Fhoirm Iarrata). 

    Tabharfar freagra ar d’Iarraidh laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear í nó, i gcás go mbeidh deacracht ann maidir le d’aitheantas a fhíorú, laistigh de mhí amháin ó d’aitheantas a fhíorú.

    Is féidir leat Iarraidh ar Rochtain d’Ábhair Sonraí a dhéanamh i scríbhinn chuig an Rialálaí Carthanas freisin:

    An tOifigeach Cosanta Sonraí
    An Rialálaí Carthanas, 3 Duga Sheoirse, LSAI, Baile Átha Cliath 1, D01 X5X0

    Mar mhalairt air sin, is féidir leat iarraidh a sheoladh le ríomhphost chuig DPA@charitiesregulator.ie

    Féadfaidh Ábhar Sonraí a iarraidh freisin go ndéanfaí a Shonraí Pearsanta nó a Sonraí Pearsanta a cheartú. Déanfar é sin laistigh de 40 lá ón iarraidh a dhéanamh, ar choinníoll go mbeidh fianaise réasúnach ann chun tacú leis an ngá atá le ceartú nó le léirscriosadh. Beidh ort a insint dúinn cén fhaisnéis atá mícheart agus cén fhaisnéis ba cheart a chur ina háit. Tabharfaimid fógra faoin méid sin d’fhaighteoirí ar nochtadh na Sonraí Pearsanta sin dóibh (más ann dóibh), ach amháin i gcás nach mbeidh sé sin indéanta nó go mbeidh iarracht dhíréireach i gceist leis sin.

    Is ortsa atá an fhreagracht as a chinntiú go bhfuil na Sonraí Pearsanta uile a thug tú dúinn cruinn agus iomlán. Más rud é go dtiocfaidh athrú ar aon fhaisnéis a thug tú dúinn, cuir sinn ar an eolas faoi sin a luaithe is féidir.

  • Freagrachtaí

    Tá freagracht ar aon duine (ball foirne nó duine conraithe) a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an Rialálaí Carthanas an beartas cosanta sonraí seo a chomhlíonadh. 

  • Oiliúint agus Feasacht

    Faigheann gach ball foirne oiliúint ar an mbeartas seo. Faigheann baill foirne nua oiliúint ar an mbeartas seo mar chuid dá n-ionduchtú. Ní mór an oiliúint sin a chur i gcrích.

  • Athruithe ar an Ráiteas Cosanta Sonraí

    Coinnítear an Ráiteas Cosanta Sonraí seo faoi athbhreithniú tráthrialta. Mar sin, is féidir go ndéanfar athruithe air.  

    Má bhíonn aon bharúlacha nó aon cheisteanna agat maidir leis an Ráiteas Cosanta Sonraí seo, seol le ríomhphost iad chuig ár bhFoireann Cosanta Sonraí ag DPA@CharitiesRegulator.ie.

Top