Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Carthanas a chlárú

Ceanglaítear ar gach carthanas a oibríonn in Éirinn bheith cláraithe linn. Anseo, is féidir leat foghlaim faoi na ceanglais chlárúcháin agus tús a chur le d’iarratas ar chlárú mar eagraíocht charthanúil ar an gClár Carthanas (“Clár”).

An bhfuil tú ag clárú eagraíocht charthanúil?

Ba cheart duit an treoir seo a leanas a léamh sula ndéanann tú iarratas ar chlárú mar charthanas:

  1. Cad is Carthanas ann?
  2. Treoirlínte Clárúcháin
  3. Treoir d’Iontaobhaithe Carthanais
  4. Cad is Tairbhe Phoiblí ann?

Leagtar amach san Acht Carthanas 2009 (‘an tAcht’) na ceanglais nach mór do d’eagraíocht charthanúil iad a chomhlíonadh chun go measfar gur carthanas í. Is é an bealach is fearr chun an sainmhíniú ar eagraíocht charthanúil a léiriú ná an léaráid shimplí seo a leanas a úsáid:

An Tástáil Carthanais -

Is próiseas dlíthiúil é an próiseas clárúcháin, agus is gá gur phróiseas láidir a bheadh ann chun a chinntiú go bhfuil ag Éirinn earnáil carthanas atá beoga, a bhfuil iontaoibh aisti agus a bhfuil meas uirthi mar gheall ar an leas pobail a chuireann sí ar fáil. Sa phróiseas sin, beidh ar d’eagraíocht a léiriú go bhfuil cumas aici an cuspóir carthanúil nó na cuspóirí carthanúla atá aici a chur ar aghaidh, go bhfuil pleananna soiléire i bhfeidhm aici i ndáil leis na gníomhaíochtaí a bhfuil sé beartaithe aici iad a sheoladh chun an cuspóir sin a chur ar aghaidh agus go dtuigeann sí cén chuid den phobal a bhainfidh tairbhe as a cuid oibre agus conas a bhainfidh an chuid sin den phobal tairbhe.

  • An ceart duit carthanas a bhunú?

    Má tá tú ag smaoineamh faoi charthanas a bhunú, ba cheart duit a bhreithniú, sula dtosaíonn tú an próiseas clárúcháin, cé acu atá nó nach bhfuil sé sin ar an mbealach is fearr chun an aidhm atá agat a bhaint amach. Breithnigh na ceisteanna seo a leanas:

    • An bhfuil carthanas ann cheana a dhéanann na gníomhaíochtaí céanna agus a bhféadfá cabhrú leis mar oibrí deonach nó mar iontaobhaí carthanais?
    • An bhfuil fonn ort carthanas a thosú nó an bhfuil fonn ort airgead a chruinniú?
    • An bhfuil agat an cumas agus an tacaíocht atá ag teastáil chun carthanas a reáchtáil?
    • An mbeidh agat na hacmhainní riaracháin agus airgeadais a bheidh ag teastáil chun carthanas a reáchtáil san fhadtéarma?

    Ar bhreithnigh tú aon rogha eile ar charthanas a bhunú?

    Má chinneann tú gurb é carthanas a bhunú an rogha cheart duit, léigh ar aghaidh chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin bpróiseas clárúcháin, lena n-áirítear roinnt de na doiciméid, na beartais agus na próisis a theastaíonn chun carthanas a chlárú agus a reáchtáil.

  • Cé nach bhféadfaidh clárú mar charthanas? Eagraíochtaí eisiata

    Eisiatar comhlachtaí áirithe ó chlárú mar charthanais. Má tá gníomhaíochtaí d’eagraíochta ag teacht leo sin atá leagtha amach thíos, is féidir gur comhlacht eisiata thú. Sa chás sin, molaimid duit comhairle neamhspleách a lorg sula leanann tú ar aghaidh le d’iarratas.

    • Níl grúpaí arb é an t-aon chuspóir amháin atá acu cluiche nó spórt lúthchleasach nó amaitéarach a chur chun cinn incháilithe chun clárú mar charthanas. Féadfaidh grúpaí spóirt clárú ar leithligh do dhíolúine chánach do chomhlachtaí spóirt. Déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim chun tuilleadh faisnéise a fháil. Tá eisceachtaí ann uaidh sin, mar shampla carthanas a bhaineann úsáid as an spórt mar mhodh chun an cuspóir carthanúil atá aige a chur ar aghaidh. Sampla de sin is ea cás ina mbaineann eagraíocht a chuireann imeascadh daoine faoi mhíbhuntáiste ar aghaidh agus a spreagann iad chun rannpháirtíocht iomlán a dhéanamh sa tsochaí úsáid as an spórt mar mhodh chun daoine a bhfuil míchumas foghlama orthu a imeascadh isteach sa tsochaí.
    • Páirtithe Polaitíochta, nó comhlacht a chuireann páirtí polaitíochta nó iarrthóir polaitíochta chun cinn.
    • Comhlacht a chuireann cúis pholaitíochta chun cinn, ach amháin i gcás go mbaineann cur chun cinn na cúise sin go díreach le cuspóirí carthanúla an chomhlachta a chur ar aghaidh. Tá eisceachtaí ann uaidh sin, áfach. Mar shampla i gcás go bhfuil cur chun cinn na cúise sin coimhdeach (tánaisteach) le cuspóir carthanúil nó cuspóirí carthanúla na heagraíochta a chur ar aghaidh. Sampla d’eagraíocht ar féidir go measfar gur carthanas í go fóill is ea eagraíocht a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aici seirbhísí a sholáthar do dhaoine gan dídean ach a bhfuil cuspóir coimhdeach aici dul i mbun feachtais ar son seirbhísí a fheabhsú don ghrúpa daoine sin. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an treoirdhoiciméad uainn dar teideal: Treoir maidir le Cúiseanna Polaitíochta a bheith á gCur Chun Cinn ag Carthanais.
    • Ceardchumann nó comhlacht ionadaíoch fostóirí.
    • Cumann lucht tráchtála.

    Comhlacht a dhéanann cur chun cinn ar chuspóirí atá neamhdhleathach, atá contrártha don mhoráltacht phoiblí, atá contrártha don bheartas poiblí, atá ina dtacaíocht le sceimhlitheoireacht nó le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, cibé acu sa Stát nó lasmuigh den Stát, nó a théann chun tairbhe d’eagraíocht a bhfuil sé neamhdhleathach ag duine a bheith ina chomhalta nó ina comhalta di.

  • Cé nach bhféadfaidh clárú mar charthanas? Cúiseanna eile

    • Gan pas a fháil sa Tástáil Carthanais

    Ní carthanas faoin Acht í aon eagraíocht nach gcomhlíonann gach eilimint den tástáil carthanais atá leagtha amach. Aon eagraíocht nach gcomhlíonann an tástáil carthanais, ní fhéadfar í a chlárú mar charthanas faoin Acht agus ní fhéadfaidh sí carthanas a ghairm di féin.

    •  Cruinniú airgid ar son duine aonair

    Ceanglaítear ar charthanais dul chun tairbhe don phobal nó do chuid den phobal. Iad sin a chruinníonn airgead ar son duine aonair amháin, nó ar son líon beag daoine aonair sainaitheanta, ní éireoidh leo sa tástáil carthanais.

    •  Eagraíochtaí áirithe 'neamhbhrabúis'

    Cé go bhfuil carthanais ina gcineál eagraíochta ‘neamhbhrabúis’ amháin, níl gach eagraíocht ‘neamhbhrabúis’ ina gcarthanais faoin Acht. Chun a bheith ina carthanas, ní mór d’eagraíocht a bheith bunaithe chun críche carthanúla nó chun críocha carthanúla agus chun na críche nó chun na gcríoch sin amháin agus ní mór di tairbhe phoiblí a sholáthar. Ní carthanas a bheidh in eagraíocht nach bhfuil aon chuspóir carthanúil aici, fiú amháin i gcás go n-oibríonn sí ar bhonn neamhbhrabúis. Sampla de sin a bheadh in eagraíocht neamhbhrabúis a bunaíodh chun an turasóireacht a chur chun cinn. Ní ionann cur chun cinn na turasóireachta agus cuspóir carthanúil faoin Acht.

    • Eagraíochtaí a bhfuil cuspóirí measctha acu

    Is ag roinnt eagraíochtaí atá nithe ar a dtugtar cuspóirí measctha, áit a bhfuil roinnt de na gníomhaíochtaí de chuid na heagraíochta carthanúil agus a bhfuil cinn eile neamhcharthanúil. Sampla d’eagraíocht den sórt sin is ea eagraíocht a sholáthraíonn traenáil pheile do leanaí ar tháille sheachtainiúil den chuid is mó agus, uair amháin sa tseachtain, a sholáthraíonn traenáil saor in aisce do leanaí is dídeanaithe mar mhodh chun imeascadh sóisialta a chur chun cinn. Is eisiata atá ceann amháin de na cuspóirí sin, toisc nach meastar an spórt a bheith ina chuspóir carthanúil faoin Acht. Mheasfaí an cuspóir eile – traenáil a sholáthar chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn – a bheith ina chuspóir carthanúil faoin Acht, áfach. Ní bhfaigheadh eagraíocht a bhfuil cuspóirí measctha aici pas sa tástáil carthanais toisc nach bhfuil a cuspóirí carthanúil agus carthanúil amháin.

    •  I gcás gur mó an tairbhe phríobháideach ná an tairbhe phoiblí

    Is é is tairbhe phríobháideach ann ná tairbhe a ghnóthaíonn eagraíocht nó duine aonair amháin, seachas mar dhuine den phobal nó mar chuid den phobal, as gníomhaíochtaí an charthanais. Tá roinnt tairbhe príobháidí ceadaithe, i gcás go meastar í a bheith riachtanach chun gur féidir leis an gcarthanas oibriú agus a sheirbhís a sholáthar. Mar shampla, is mar nithe atá coimhdeach agus riachtanach sna himthosca a aithnítear tairbhí príobháideacha ceadaithe amhail tuarastail foirne agus íocaíochtaí a dhéantar le tríú páirtithe a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí amhail trealamh oifige, cíos nó táillí cuntasaíochta.  Ní mór aon íocaíocht den sórt sin a bheith réasúnach freisin, áfach.

    Chun go mbeidh tairbhe phríobháideach ceadaithe, ní mór don charthanas a léiriú go bhfuil an tairbhe:

    • Réasúnach sna himthosca uile
    • Coimhdeach leis an tairbhe phoiblí a ghabhann leis na gníomhaíochtaí a sholáthraíonn an tairbhe phoiblí (tá an tairbhe phríobháideach sa bhreis ar na gníomhaíochtaí sin nó tugann sí tacaíocht bhreise dóibh)
    • Riachtanach chun an tairbhe phoiblí a bhaint amach

    Measúnófar an tairbhe phríobháideach i ngach cás chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil sí ceadaithe. Cuirfear imthosca gach cáis san áireamh le linn an tairbhe phríobháideach a mheasúnú. Ní ceadmhach an tairbhe phríobháideach a bheith níos mó ná an tairbhe phoiblí. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an treoir uainn dar teideal ‘Cad is Tairbhe Phoiblí Ann?’

  • Seicliosta réamhiarratais

    Áirítear leis an liosta seo a leanas roinnt de na doiciméid is gá duit a léamh, a thuiscint agus a ullmhú sula dtosaíonn tú aon ghníomhaíochtaí nó sula gcuireann tú iarratas ar chlárú isteach:

    An bhfuil na Treoirlínte Clárúcháin uainn léite agat?

     

    An bhfuil an rannán maidir le comhlachtaí eisiata léite agat? An bhfuil tú i do chomhlacht eisiata?

     

    An bhfuil a fhios agat cén struchtúr a bheidh ar an eagraíocht?

     

    An bhfuil do bhunreacht dréachtaithe agat? Agus an bhfuil sé amhlaidh go dtuigeann tú na nithe atá le cur ar áireamh i do bhunreacht, bunaithe ar na bunreachtanna eiseamláireacha uainn do Chuideachtaí faoi Theorainn Ráthaíochta agus do Chomhlachais Neamhchorpraithe?

     

    An bhfuil sé amhlaidh go dtuigeann tú do chuspóir carthanúil agus an bhfuil an treoir dar teideal Cad is Carthanas ann? léite agat?

     

    An bhfuil a fhios agat cé na gníomhaíochtaí a sheolann an eagraíocht charthanúil agus na gníomhaíochtaí a bhfuil sé beartaithe aici iad a sheoladh chun an cuspóir carthanúil nó na cuspóirí carthanúla atá aici a chur chun cinn?

     

    An bhfuil an doiciméad dar teideal Treoir d’Iontaobhaithe Carthanais léite agat? An bhfuil triúr iontaobhaithe nó níos mó agat agus an bhfuil cothromaíocht ann ar an mbord?

     

    An bhfuil sé amhlaidh go dtuigeann tú coinbhleacht leasa agus an bhfuil an treoir dar teideal Treoir d’Iontaobhaithe Carthanais léite agat?

     

    An bhfuil an treoir dar teideal Treoir maidir le Cosaint d’Eagraíochtaí Carthanúla a Oibríonn le Leanaí léite agat?

     

    An bhfuil an treoir dar teideal Treoir maidir le Cosaint d’Eagraíochtaí Carthanúla a Oibríonn le Daoine Soghonta (Aosaigh) léite agat?

     

    An bhfuil a fhios agat cé na cuspóirí atá agat chun do chuspóir carthanúil a chur ar aghaidh ar feadh na 24 mhí atá romhainn?

     

    An bhfuil a fhios agat conas a chruinníonn an eagraíocht charthanúil airgead agus conas a bheartaíonn sí airgead a chruinniú?

     

    An bhfuil sonraí agat faoin líon ball foirne agus oibrithe deonacha atá agat?

     

    An bhfuil a fhios agat cá mhéad airgid a chruinnigh an eagraíocht charthanúil le linn an 12 mhí díreach roimh an iarratas?

     

    An bhfuil sonraí agat faoi gach cuntas banc agus gach cuntas comhar creidmheasa atá ag an eagraíocht charthanúil?

     

    An bhfuil ainm gach iontaobhaí carthanais agus an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí orthu ar eolas agat?

     

  • D’iarratas a ullmhú

    A luaithe atá na doiciméid riachtanacha ar fad agus an fhaisnéis riachtanach ar fad agat, beidh tú réidh le d’iarratas ar chlárú a chur isteach. Is fiú d’aimsir a thógáil le linn duit d’iarratas a ullmhú toisc go laghdóidh sé sin an dóchúlacht go seolfar d’iarratas ar ais chugat chun iarraidh ort tuilleadh faisnéise a sholáthar. 

    Tá bunreacht d’eagraíochta ar cheann amháin de na príomhdhoiciméid a theastóidh uait le linn duit d’iarratas a dhéanamh. Is é an bunreacht an doiciméad dlíthiúil ina leagtar amach an cuspóir ar lena aghaidh a bunaíodh d’eagraíocht agus conas a oibríonn sí. 

    Bunreacht Eiseamláireach do Chuideachtaí faoi Theorainn Ráthaíochta agus Bunreacht Eiseamláireach d’eagraíochtaí carthanúla nach cuideachtaí iad (ar Comhlachais Neamhchorpraithe iad, amhail Comhlachas, cumann nó fondúireacht) ar fáil ón Rialálaí Carthanas. Rinne an Rialálaí Carthanas na doiciméid eiseamláireacha sin a dhearadh chun dréachtú níos fearr bunreachtanna a spreagadh agus a éascú. 

    Tá clásail áirithe ann nach mór iad a chur ar áireamh i mbunreacht agus, mura nglacann tú ceann amháin dár mbunreachtanna eiseamláireacha, ní mór duit na clásail sin a chur ar áireamh i do bhunreacht. Tá clásail chaighdeánacha do Chuideachtaí faoi Theorainn Ráthaíochta agus clásail chaighdeánacha d’eagraíochtaí carthanúla nach cuideachtaí iad ar fáil uainn.

    Is gá duit an fhaisnéis riachtanach ar fad agus na doiciméid riachtanacha ar fad a chur isteach. Cuirfear moill ar d’iarratas mura ndéanann tú amhlaidh. Beidh an t-am a thógfar chun d’iarratas a phróiseáil ag brath ar roinnt tosca, lena n-áirítear cáilíocht na faisnéise a soláthraíodh san iarratas agus cáilíocht na ndoiciméad tosaigh a fuair an Rialálaí Carthanas, cineál d’iarratais, an líon foriomlán iarratas atá á bpróiseáil, cineál agus méid na heagraíochta is iarratasóir agus a fhreagrúla a bheidh tú d’aon cheisteanna a chuirfear ort.

    D’Iarratas a Chruthú

    Ba cheart don iarratasóir na ceanglais le haghaidh iarratas a dhéanamh ar chlárú ar an gClár Carthanas a léamh agus a thuiscint. Ní fhéadfaidh tú iarratas a dhéanamh ach amháin trí ‘Mo Chuntas’, ár dtairseach ar líne. Is gá duit cuntas custaiméara a bhunú chun ‘Mo Chuntas’ a rochtain.

    Chun tosú ar chuntas úsáideora nua a chruthú, cliceáil ar an nasc ‘Cruthaigh Cuntas’. Tar éis duit an fhaisnéis riachtanach a iontráil, seolfar ríomhphost fíorúcháin chuig an seoladh ríomhphoist a chuir tú ar fáil.

    Beidh an t-ainm logála isteach, an pasfhocal agus an seoladh ríomhphoist a iontrálfar isteach sa chuntas custaiméara nasctha leis an bhfoirm iarratais. Coinnigh taifead ar na sonraí an-tábhachtach sin. Molaimid go n-úsáidfí seoladh ríomhphoist ginearálta neamhphearsanta a bhfuil rochtain ag níos mó ná duine cuí amháin i d’eagraíocht air, mar shampla info@charity.com.

    A luaithe atá do chuntas bunaithe agat, is féidir leat iarratas nua a chruthú trí chliceáil ar ‘Comhdú Nua’ ar thaobh na láimhe clé den scáileán agus trí ‘Iarratas Nua ar Chlárú’ a roghnú ansin.

  • Treoir úsáideach agus teimpléid úsáideacha

  • An próiseas clárúcháin

    Leanann an Rialálaí Carthanas próiseas trí chéim le linn dó measúnú a dhéanamh ar na hiarratais ar chlárú a chuirtear faoinár mbráid. 

    3 Céim

    Céim 1: Seiceáil ar dhoiciméid.

    Ar an gcéad dul síos, seiceáiltear iarratais chun a chinntiú go bhfuil siad iomlán. Ciallaíonn sé sin gur comhlánaíodh na rannáin uile den fhoirm agus gur sholáthair an eagraíocht atá ag déanamh iarratas ar chlárú (an t-iarratasóir) na doiciméid riachtanacha uile. Seolfaimid an t-iarratas ar ais chuig an iarratasóir i gcás go mbeidh aon fhaisnéis bhunúsach agus/nó aon doiciméid ar iarraidh.

    Céim 2: Measúnú ón Rialálaí Carthanas.

    Tar éis dúinn a dheimhniú gur sholáthair an t-iarratasóir na doiciméid riachtanacha, déanfaimid measúnú ar an iarratas chun a chinneadh cé acu a léirítear nó nach léirítear ann go gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais dhlíthiúla lena c(h)lárú mar charthanas de réir an Achta Carthanas 2009.  Tugaimid an ‘tástáil carthanais’ air sin.

    Le linn an mheasúnaithe sin, seolfaimid an t-iarratas ar ais chuig an iarratasóir i gcás go mbeidh aon cheisteanna againn nó go dteastóidh tuilleadh faisnéise uainn. Is é cuspóir na céime seo cabhrú le hiarratasóirí faisnéis a sholáthar dúinn chun aghaidh a thabhairt ar na heilimintí uile den tástáil carthanais.  Molaimid d’iarratasóirí aghaidh a thabhairt ar aon saincheisteanna nó aon fhadhbanna a shainaithnímid agus an t-iarratas, agus an fhaisnéis riachtanach ann, a sheoladh ar ais chugainn gan mhoill.  Ar an tslí sin, beifear in ann leanúint leis an iarratas a chur ar aghaidh go réidh.

    Céim 3: Cinnteoireacht.

    A luaithe a bheidh an fhaisnéis riachtanach ar fad againn chun gur féidir an t-iarratas a mheasúnú in aghaidh cheanglais dhlíthiúla an Achta, rachaidh an t-iarratas isteach sa chéim dheiridh, ar lena linn a dhéanfar cinneadh. Ní fhéadfaidh iarratasóir aon athruithe a dhéanamh ar iarratas ná é a tharraingt siar ag an gcéim seo. Is mar sin atá chun cothroime a chinntiú do gach iarratasóir. Ní mór dúinn ár n-acmhainní a leithdháileadh go cóir agus go cothrom. Faoin am a bhainfidh iarratas an chéim seo amach, beidh deiseanna dóthanacha agus faisnéis dhóthanach tugtha don iarratasóir chun ceanglais an Achta a thuiscint. 

    Tá dhá thoradh fhéideartha ann ag an gcéim cinnteoireachta: ceadaítear an t-iarratas nó diúltaítear dó. 

    Iarratas a cheadú: Má chomhlíonann eagraíocht ceanglais dhlíthiúla an Achta chun a mheas gur carthanas í, ceadófar an t-iarratas agus cuirfimid an cinneadh sin in iúl don eagraíocht i scríbhinn. Eiseofar Uimhir Charthanais Chláraithe chuig an eagraíocht agus cuirfear í leis an gClár poiblí Carthanas. Cuirfimid an eagraíocht ar an eolas freisin i gcás gur ceadaíodh a hiarratas faoi réir coinníollacha áirithe a bheith á gcomhlíonadh ag an eagraíocht. Mar shampla, is féidir go gceanglófar uirthi doiciméad rialaithe leasaithe a chomhdú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí.

    Diúltú d’iarratas: Mura gcomhlíonann eagraíocht ceanglais dhlíthiúla an Achta chun a mheas gur carthanas í, cuirfimid an cinneadh sin in iúl don iarratasóir i scríbhinn trí litir dá ngairtear Fógra go bhFuiltear ar Intinn a Mholadh go nDiúltófaí don Iarratas.  Míneofar sa litir sin cén fáth a bhfuil sé ar intinn ag an Aonad Clárúcháin a mholadh go ndiúltófaí don iarratas.

    Beidh ceart ag an iarratasóir freagra a thabhairt ar an bhfógra sula ndéanfar cinneadh críochnaitheach.  Ciallaíonn sé sin go mbeidh deis aige/aici aon earráid dlí nó aon mhífhaisnéis faoi fhíorais atá san fhógra a cheartú. Ní fhéadfaidh an t-iarratasóir an t-iarratas a leasú ná faisnéis bhreise nár cuireadh faoi bhráid an Rialálaí Carthanas le linn chéim a dó, roimh an gcéim cinnteoireachta, a chur isteach.  Ní fhéadfaidh iarratasóir aon fhaisnéis bhreise a chur isteach ach amháin chun tacú leis an tuairim atá aige/aici go bhfuil earráid dlí nó mífhaisnéis faoi fhíorais san fhógra.

    Aon fhreagra a gheofar ó iarratasóir maidir le haon earráid dlí nó maidir le haon mhífhaisnéis faoi fhíorais, breithneofar é sula ndéanfaidh bord an Rialálaí Carthanas cinneadh críochnaitheach ar an iarratas.

    Má dhiúltaítear d’iarratas, féadfaidh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh chuig an mBinse Achomhairc do Charthanais. Is comhlacht neamhspleách é sin a bunaíodh leis an Acht. Ní mór achomhairc a chur isteach tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis d’iarratasóir fógra a fháil faoin gcinneadh chun diúltú don iarratas, mura bhfadaíonn an Binse Achomhairc do Charthanais an tréimhse le haghaidh achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh.

Top