Carthanais - Tá na grafaicí faisnéise thíos deartha chun cabhrú leat do bhealach a dhéanamh trínár dtairseach do chustaiméirí. Cliceáil ar gach grafaic chun í a mhéadú.
Scoileanna - Tá na grafaicí faisnéise thíos deartha chun cabhrú leat do bhealach a dhéanamh trínár dtairseach do chustaiméirí. Cliceáil ar gach grafaic chun í a mhéadú.
Tabhair faoi deara: Tá sé ina cheanglas dlíthiúil ar iontaobhaithe a chinntiú gur ceart agus cothrom le dáta atá sonraí a gcarthanais. TÁBHACHTACH: Ní féidir sonraí áirithe a athrú ach amháin le toiliú ón Rialálaí Carthanas, lena n-áirítear ainm an charthanais agus cuspóir carthanúil an charthanais (ach gan a bheith teoranta dóibh).
Chun sonraí do charthanais a nuashonrú nó a leasú, logáil isteach i gcuntas do charthanais ach úsáid a bhaint as an gcnaipe flannbhuí ‘Logáil isteach’ thíos nó sa chúinne ag an mbarr ar dheis den leathanach agus do shonraí a nuashonrú ansin tríd an táb ‘Sonraí a Nuashonrú’.
Teastóidh uait an t-ainm úsáideora agus an pasfhocal a roghnaíodh le linn cuntas an charthanais a bhunú.
Tabhair faoi Deara
Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an t-eispéireas is fearr is féidir ar ár suíomh Gréasáin, bain úsáid as Google Chrome mar bhrabhsálaí Gréasáin chun logáil isteach i gcuntas do charthanais.
Faisnéis Úsáideach
-
Cad is ciall leis an gcomhartha súile?
Cad is ciall leis an gcomhartha súile?
Beidh comhartha "súile" ann in aice le roinnt den fhaisnéis a chuirfidh tú isteach.
I gcás eagraíochtaí atá cláraithe cheana féin, tugann sé le fios go mbeidh an fhaisnéis lena mbaineann le feiceáil go huathoibríoch ar an gClár Poiblí.
Má tá iarratas á dhéanamh agat ar Chlárú, ní bheidh sé sin le feiceáil ar an gClár Poiblí ach i gcás gur ceadaíodh do chlárú.
-
Ainm an Charthanais a Athrú
Is cion é ainm do charthanais a athrú gan cead a fháil ón Rialálaí Carthanas.
Chun ainm do charthanais a athrú, ní mór do dhuine de na hiontaobhaithe carthanais iarraidh a chur faoi bhráid an Rialálaí Carthanas trí do chuntas ar líne.
Ba cheart duit alt 42(2) den Acht Carthanas 2009 a léamh freisin chun amharc ar na critéir a chuirfidh an Rialálaí Carthanas i bhfeidhm le linn dó measúnú a dhéanamh ar iarraidh ar athrú ainm.
-
A iarraidh go gcoinneofaí doiciméid charthanais gan foilsiú
Má chreideann tú go bhfuil cúis mhaith ann nár cheart aon mhír faisnéise a iontrálfaidh tú (sna réimsí a bhfuil an comhartha 'súile' acu) a bheith le feiceáil ar an gClár poiblí Carthanas, déan teagmháil linn chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na chéad bhearta eile.
Seol litir nó ríomhphost, ina leagtar amach an chúis ar mhaith le do charthanas go gcoinneofaí an fhaisnéis sin gan foilsiú.
Breithneoimid d’iarraidh agus déanfaimid teagmháil leat ar an ábhar ansin.
-
Stádas faoin gCód Rialachais do Charthanais a Thabhairt Cothrom le Dáta
Cliceáil anseo chun teacht ar an treoir úsáideora uainn - Coinnigh Stádas faoin gCód Rialachais ar bun – Treoir Úsáideora