Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Tuarascáil Bhliantúil - conas a chur isteach

Ceanglaítear le dlí ar gach eagraíocht charthanúil Tuarascáil Bhliantúil a chomhlánú maidir lena ngníomhaíochtaí sa bhliain airgeadais roimhe agus maidir lena ngnóthaí airgeadais sa tréimhse sin agus an tuarascáil sin a chur faoi bhráid an Rialálaí Carthanas.

Cad atá sa tuarascáil bhliantúil?

Ceanglaítear ar gach carthanas tuairisc a thabhairt don Rialálaí Carthanas gach bliain ar a ngníomhaíochtaí agus a n-airgeadas don dá mhí dhéag roimhe trí úsáid a bhaint as an bhfoirm tuarascála bliantúla ar líne atá ar fáil tríd an gcuntas atá acu leis an Rialálaí Carthanas. Foilsítear an fhoirm tuarascála ar an gClár poiblí Carthanas ar líne agus úsáidtear í chun cabhrú le deontóirí agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:

  • Na nithe a rinne do charthanas thar an 12 mhí seo a chuaigh thart chun gach ceann dá chuspóirí carthanúla a chur chun cinn
  • Na daoine ar thug do charthanas cabhair dóibh
  • An dóigh ar chruinnigh do charthanas cistí agus an dóigh ar chaith sé iad
  • An áit a raibh na tairbhí a bhain le hobair do charthanais le brath

Seachas an dlí a chomhlíonadh, is féidir le carthanais, trí thuarascáil bhliantúil a chur isteach, an dea-obair a dhéanann siad a chur i láthair agus a thaispeáint go bhfuil siad tiomanta do dhea-rialachas, do thrédhearcacht agus do chuntasacht.

Ba cheart tuarascálacha bliantúla a chomhlánú agus a chur isteach laistigh de dheich mí ó dheireadh bliana airgeadais do charthanais.  Má chríochnaíonn bliain airgeadais do charthanais an 31 Nollaig, mar shampla, beidh an Tuarascáil Bhliantúil le cur isteach an 31 Deireadh Fómhair an bhliain dár gcionn nó roimh an dáta sin.

  • Cén fhaisnéis is gá a thabhairt i dTuarascáil Bhliantúil?

    Áirítear leis an nóta faisnéise seo treoir maidir leis an bhfaisnéis a mbeifear ag súil leis go soláthróidh carthanas í faoina ghníomhaíochtaí agus a airgeadas agus a fhoirm tuarascála bliantúla á comhlánú aige. Ba cheart é a léamh i gcomhar leis an bhfaisnéis thíos.

    Comhlíonadh an Chóid Rialachais do Charthanais: Mar chuid de thuarascáil bhliantúil do charthanais chuig an Rialálaí Carthanas, fiafrófar díot cén dóigh a bhfuil an Cód Rialachais do Charthanais á chomhlíonadh ag do charthanas.  

    Ceanglaítear ar charthanais a mhéid atá an Cód Rialachais do Charthanais á chomhlíonadh acu a dhearbhú agus a dtuarascáil bhliantúil á cur isteach acu. Más rud é nach bhfuil do charthanas lánchomhlíontach nó nach bhfuil a phróiseas comhlíonta críochnaithe aige, áfach, féadfaidh tú do thuarascáil bhliantúil a chomhdú go fóill. Cuir isteach stádas comhlíonta iarbhír do charthanais tráth atá an tuarascáil bhliantúil á comhdú agat. Féadfaidh tú an stádas sin a leasú tráth níos déanaí chun tuilleadh dul chun cinn a léiriú trí logáil isteach i do chuntas agus trí úsáid a bhaint as an bhfoirm um Stádas Comhlíonta an Chóid Rialachais do Charthanais a Chothabháil.

    Gníomhaíochtaí: Beidh ort cur síos a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí do charthanais le linn na tréimhse tuairiscithe. Ba cheart iarracht ar leith a dhéanamh chun a thaispeáint gur thug do charthanas faoi ghníomhaíochtaí a raibh mar aidhm leo a chuspóirí carthanúla a chur chun cinn. Maidir le carthanas a bhfuil mar chuspóir aige ‘fulaingt ainmhithe a chosc nó faoiseamh a thabhairt ar an gcéanna’, mar shampla, ba cheart dó a léiriú go soiléir sa chur síos ar a ghníomhaíochtaí go bhfuil an cuspóir sin, agus an cuspóir sin amháin, á shaothrú aige. I gcás go bhfuil níos mó ná cuspóir carthanúil amháin ag carthanas, ba cheart dó bheith in ann a thaispeáint gur shaothraigh sé gach ceann de na cuspóirí atá aige.

    Iarrfar ort freisin sonraí a thabhairt faoin gcuid den tsochaí a bhain tairbhe as obair do charthanais, faoin líon daoine a rinne obair dheonach do do charthanas le linn na bliana agus faoin líon ball foirne a bhí fostaithe ag do charthanas.

    Airgeadas: Ceanglófar ort sonraí a thabhairt dúinn faoi ollioncam agus ollchaiteachas do charthanais. Áirítear leis sin sonraí faoi fhoinsí ioncaim agus faoin méid a chaith do charthanas ar chostais foirne thar an mbliain.

    Fágfaidh ríomh uathoibríoch na bhfigiúirí sin nach gá don chomhdaitheoir ach a sheiceáil go bhfuil na figiúirí a iontráladh ar an bhfoirm tuarascála bliantúla ag teacht le ráitis airgeadais an charthanais, á chinntiú go dtuairiscítear figiúirí cruinne.

    Ceanglófar ort tuairisc a thabhairt ar do shócmhainní iomlána agus do dhliteanais iomlána, lena n-áirítear airgead sa bhanc agus ar láimh, sócmhainní eile agus dliteanais iomlána. Ceanglófar ort aon tuairimí iniúchóireachta a dhearbhú freisin.

    Aistrithe Idirnáisiúnta Cistí: 

    Ceanglófar ort na nithe seo a leanas a dhearbhú:

    • An t-ioncam iomlán a fuair do charthanas ó áiteanna lasmuigh den stát
      • lena n-áirítear, mar shampla, tabhartais, ioncam infheistíochta, etc.
      • na tíortha a bhfuarthas ioncam uathu
    • Na cistí iomlána a chaith do charthanas lasmuigh den stát nó a d’aistrigh sé chuig áiteanna lasmuigh den stát
      • lenar áiríodh, mar shampla, cistí a aistriú chuig brainse eachtrach, soláthairtí a cheannach ó áiteanna thar lear lena n-úsáid in Éirinn, cistí a sheoladh thar lear chun do chuspóir carthanúil a chur chun cinn, pá eachtrach a íoc, etc.
      • na tíortha ar aistríodh na cistí sin chucu
    • Na modhanna a úsáideadh chun na cistí sin a aistriú chuig áiteanna laistigh den stát nó lasmuigh de (e.g., banc Éireannach, An Post, etc.). 

    Tá an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais ina chomhlacht idirnáisiúnta a bunaíodh chun bearta a fhorbairt ar mhaithe le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac. Dar le Moladh 8 ón Tascfhórsa, rinneadh eagraíochtaí neamhbhrabúis – carthanais san áireamh – a shainaithint go sonrach mar eintitis leochaileacha a d’fhéadfaí a úsáid chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta.  Mar atá leagtha amach sa treoirdhoiciméad uainn dar teideal Treoir do Charthanais maidir le Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chosc, táthar ag súil leis go mbeidh córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag carthanais chun bheith san airdeall ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.

    Cé gur ceanglas reachtúil é go gcoinneodh gach carthanas leabhair chuntais chuí, aithníonn an Rialálaí Carthanas gur féidir nach dtabharfar sa chóras cuntas atá i bhfeidhm i roinnt carthanas faoi láthair tuairiscí mionsonraithe maidir le foinse nó ceann scríbe aon chistí a aistríodh chuig áiteanna laistigh den Stát nó lasmuigh de. Mar sin féin, bheifí ag súil leis go mbeadh carthanas ar an eolas, tríd is tríd, ar cé na háiteanna ónar tháinig aon chistí a fuarthas agus ar cé na háiteanna chuig ar seoladh aon chistí a íocadh. Ar a laghad, ba cheart do charthanas bheith ar an eolas faoi cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé aon idirbhearta airgeadais le tíortha ardriosca amhail an Albáin, Oileáin Cayman, Giobráltar, an Phacastáin, etc. Tá liosta iomlán de na tíortha ardriosca ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais. Ba cheart go mbeifí in ann na tíortha a ndéanann carthanas idirbhearta leo a shainaithint trí shúil a chaitheamh ar na hUimhreacha Idirnáisiúnta Cuntas Bainc (IBAN) atá luaite ar shonraisc nó i do chuntas bainc ar líne, mar shampla.

    Maidir leis na figiúirí le haghaidh ‘Aistrithe Idirnáisiúnta Cistí’ atá le hiontráil ar an Tuarascáil Bhliantúil, féadfar meastachán atá bunaithe ar an eolas is fearr agus ar thoimhdí réasúnacha a iontráil i gcás nach féidir le carthanas iomlán beacht a sholáthar mar gheall ar na hacmhainní atá ar fáil nó mar gheall ar dheacrachtaí ar leith a bhaineann le faisnéis a thiomsú. Ba cheart d’iontaobhaithe carthanais na figiúirí measta beartaithe le haghaidh aistrithe idirnáisiúnta a phlé agus a cheadú, áfach, agus an méid sin a thaifeadadh i miontuairiscí an Bhoird, mar aon leis an modheolaíocht agus leis na toimhdí a úsáideadh chun teacht ar na figiúirí a cuireadh isteach. Is féidir go n-iarrfaidh an Rialálaí Carthanas an fhaisnéis sin mar chuid dár ngnáthphróisis um fhaireachán ar chomhlíonadh.

     

     

    Doiciméid: Is féidir go mbeidh tú ag iarraidh cóip de do chuntais a uaslódáil agus do thuarascáil bhliantúil á cur isteach agat.  Má chuireann tú cuntais isteach, déan cinnte de go mbeidh siad i bhformáid PDF agus go mbeidh níos lú ná 5 MB iontu.  

    Scoileanna: Ceanglaítear ar scoileanna Tuarascáil Bhliantúil a chomhlánú agus a chur isteach. Tá cuid den fhaisnéis is gá a thabhairt san fhoirm Tuarascála Bliantúla do scoileanna comhlánaithe roimh ré. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach an Tuarascáil Bhliantúil Scoile - treoir úsáideora.

     Tabhair faoi deara:

    • go bhféadfaidh an Rialálaí Carthanas, i gcúinsí áirithe, faisnéis nó doiciméid bhreise a éileamh
    • gurb amhlaidh, maidir le haon tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí agus aon chuntais a chuirfear isteach, a chuirfear iad ar fáil ar an gClár Poiblí Carthanas

    Má thug tú faoi deara aon fhadhb le Tuarascáil Bhliantúil a chuir tú isteach, déan teagmháil linn trí ‘Mo Chuntas’.

  • Conas is féidir tuarascáil bhliantúil a chur isteach?

    Title slide from How to video to complete and submit an annual report

    Déantar foirmeacha tuarascála bliantúla a chomhlánú agus a chur isteach tríd an gcuntas ar líne atá ag do charthanas leis an Rialálaí Carthanas. Tá raon acmhainní ar fáil uainn chun cabhrú leat sa phróiseas seo. Tugtar forbhreathnú amhairc sa treoir céim ar chéim uainn agus pléitear gach céim den phróiseas san fhíseán treorach uainn. Tairgtear sa Treoir Úsáideora do Charthanais treoir maidir leis an bpróiseas sin freisin, agus tugtar sa Tuarascáil Bhliantúil Scoile - Treoir Úsáideora faisnéis do scoileanna. Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun foirmeacha tuarascála a chomhlánú agus a chomhdú thar ceann do charthanais. Is féidir leat ‘Mo Chuntas’ a rochtain trí úsáid a bhaint as an gcnaipe Logála Isteach sa chúinne ag barr ar dheis dár suíomh Gréasáin.

    A luaithe atá tú logáilte isteach, feicfidh tú rannán ar a dtugtar ‘comhdú nua’ ar thaobh na láimhe clé den scáileán. Cliceáil ar ‘Comhdú Nua’. Beidh mír aníos le feiceáil ar thaobh na láimhe deise ansin. Cliceáil ar ‘Carthanas Reatha’ ag an mbarr agus ansin ar ‘Tosaigh’.

    Ar feitheamh leasú a dhéanamh ar an Acht Carthanas 2009, ní cheanglaítear ar charthanais doiciméid amhail ráitis airgeadais nó tuarascálacha corparáideacha eile a cheangal lena bhfoirm tuarascála bliantúla faoi láthair agus iad ag cur na foirme sin faoi bhráid an Rialálaí Carthanas. 

    I gcás go roghnóidh carthanas doiciméid a cheangal lena thuarascáil bhliantúil, is chun críocha inmheánacha amháin a úsáidfidh an Rialálaí Carthanas na ceangaltáin sin.

    I gcás gur cuideachta atá cláraithe leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO) é an carthanas, is le feiceáil ar an gClár Carthanas a bheidh na ráitis airgeadais a chuireann an carthanas faoi bhráid CRO agus atá le feiceáil ar Chlár na gCuideachtaí.

  • Nach féidir leat logáil isteach?

    Tagann úsáideoirí ar thrí fhadhb choiteanna agus iad ag iarraidh logáil isteach i ‘Mo Chuntas’. Tá a bpasfhocal dearmadta acu, tá a n-ainm úsáideora dearmadta acu, nó níl siad socraithe mar chomhdaitheoir údaraithe. Sna físeáin treorach uainn, léireofar duit conas do phasfhocal/d’ainm úsáideora a aisghabháil agus conas a éirí i do chomhdaitheoir údaraithe.

     

                                                                                                                   

                                      

    Pasfhocal dearmadta
    Mura cuimhin leat do Phasfhocal, cliceáil ar an nasc ‘Pasfhocal Dearmadta?’ ar leathanach Logála Isteach ‘Mo Chuntas’.

    Iontráil an tAinm Logála Isteach do do chuntas custaiméara ansin.

    Seolfaimid ríomhphost chugat ina mbeidh treoracha le haghaidh do phasfhocal a athrú.

    Ní oibreoidh an nasc sin ach amháin i gcás gur iontráil tú Ainm Logála Isteach bailí agus go mbeidh rochtain agat ar an seoladh ríomhphoist atá nasctha le do chuntas custaiméara.

    Tábhachtach: Más rud é nach bhfaighidh tú ríomhphost uainn, tá seans ann nár iontráil tú an tAinm Logála Isteach ceart atá nasctha le do chuntas custaiméara.

    Ainm úsáideora dearmadta
    Mura cuimhin leat d’Ainm Logála Isteach, cliceáil ar an nasc ‘Pasfhocal Dearmadta?’ ar leathanach Logála Isteach ‘Mo Chuntas’.

    Cliceáil ar an nasc ‘Ainm Logála Isteach Dearmadta?’ ansin agus iontráil an seoladh ríomhphoist atá nasctha le do chuntas custaiméara.

    Ní oibreoidh an nasc sin ach amháin i gcás go mbeidh an seoladh ríomhphoist atá nasctha le do chuntas custaiméara ar eolas agat agus go mbeidh rochtain agat air. Seolfaimid ríomhphost chugat ina mbeidh liosta de na hAinmneacha Logála Isteach atá cláraithe don seoladh ríomhphoist sin.

    Tábhachtach: Más rud é nach bhfaighidh tú ríomhphost uainn, tá seans ann nár iontráil tú an seoladh ríomhphoist ceart atá nasctha le do chuntas custaiméara.
     
    Cruthaigh úsáideoir nua
    Más rud é nach cuimhin leat do shonraí logála isteach agus/nó nach féidir leat an seoladh ríomhphoist atá nasctha le do chuntas custaiméara a rochtain, beidh ort cuntas úsáideora nua a chruthú ach cliceáil ar an nasc ‘Cruthaigh Cuntas’. Ní gá duit a bheith i d’iontaobhaí chun a bheith i do chomhdaitheoir údaraithe. Féadfaidh an carthanas aon duine ar bith a roghnú chun comhduithe nó faisnéis a chur isteach thar a cheann, lena n-áirítear daoine seachtracha agus eagraíochtaí seachtracha.

    Seolfar ríomhphost ansin chuig an seoladh ríomhphoist a chuir tú ar fáil. Tá nasc fíorúcháin ann sa ríomhphost sin.

    Tar éis duit do chuntas custaiméara nua a fhíorú, ba cheart duit foirm um Chomhdaitheoir Údaraithe a chomhdú chun cuntas do charthanais a rochtain. Leis an treoir céim ar chéim seo, cabhrófar leat an fhoirm um chomhdaitheoir údaraithe a chomhlánú

    A luaithe atá tú logáilte isteach i do chuntas custaiméara nua, cliceáil ar ‘Comhdú Nua’.

    Beidh mír aníos le feiceáil ar thaobh na láimhe deise ansin. Cliceáil ar ‘Carthanas Reatha’ ag an mbarr.

    Iontráil d’Uimhir Charthanais Chláraithe sa bhosca ‘Cuardaigh Ainm Carthanais nó Uimhir Charthanais Chláraithe’ ansin.

    Is féidir leat foirm um Chomhdaitheoir Údaraithe a chomhdú ansin thar ceann an charthanais.

    Ní mór duit litir údarúcháin atá scríofa ar pháipéar sainchlóite an charthanais agus atá sínithe ag duine amháin ar a laghad de na hiontaobhaithe carthanais reatha atá cláraithe leis an Rialálaí Carthanas a uaslódáil. Tabhair faoi deara nach nglacaimid le sínithe digiteacha, e.g., sínithe clóscríofa.

    Is féidir leat an fhaisnéis ar an gClár Carthanas, lena n-áirítear faisnéis faoi na hiontaobhaithe carthanais atá cláraithe, a athbhreithniú ach cliceáil anseo agus an carthanas a chuardach.

    Tá an fhoclaíocht mholta don litir údarúcháin ar fáil ar leathanach 3 den leagan Béarla den treoir úsáideora.

  • Tar éis Tuarascáil Bhliantúil a chur isteach

    Conas is féidir liom sonraí mo Charthanais a nuashonrú? 

    Lean an nasc seo a leanas chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi shonraí do charthanais a athrú, lena n-áirítear iontaobhaithe a nuashonrú nó a bhaint, dáta deiridh do bhliana airgeadais a athrú, cuspóir do charthanais a athrú, etc.: Sonraí carthanais a leasú 

    Má dhéanaim botún sa tuarascáil bhliantúil, an féidir liom é a cheartú? 

    Is féidir. Mar sin féin, ní bheidh aon rochtain agat ar an tuarascáil bhliantúil a luaithe a bheidh sí curtha isteach agus cláraithe ar ár gcóras. Mar sin, ní bheidh tú in ann an tuarascáil a chur in eagar ná aon doiciméid a chur léi ina dhiaidh sin. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Rialálaí Carthanas trí ‘Mo Chuntas’ chun a iarraidh go seolfaí an tuarascáil ar ais chugat. Déanfar teagmháil dhíreach leat nuair a bheidh an tuarascáil bhliantúil ar fáil lena rochtain agus lena cur in eagar.

Top