Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

An Clár Carthanas a Nuashonrú

Is féidir go mbeidh ar do charthanas an clár a nuashonrú trí sheoladh nua, uimhir theileafóin nua nó sonraí bainc nua a iontráil ar an gclár nó chun iontaobhaithe carthanais a chur leis nó a scriosadh. Is próiseas simplí é an próiseas chun an clár a nuashonrú.

Cad atá sa Chlár?

Déanaimid Clár Carthanas (an Clár) a chothabháil ina liostaítear na carthanais uile a bhí cláraithe in Éirinn an 16 Deireadh Fómhair 2014 nó a cláraíodh tar éis an dáta sin. Más rud é gur cláraíodh carthanas tar éis an dáta sin agus nach ann dó a thuilleadh, beidh faisnéis an charthanais sin ar fáil freisin nuair a bheidh an Clár á chuardach.

Tá an Clár ina fhoinse iontaofa thrédhearcach faisnéise faoi charthanais in Éirinn agus, tríd an bhfaisnéis ar an gClár a bheith ar fáil go poiblí, cabhraítear le hiontaoibh agus muinín an phobail as an earnáil a chothú. 

Áirítear leis an gClár Carthanas na sonraí seo a leanas faoi charthanas:

  • An cuspóir carthanúil agus na haidhmeanna carthanúla atá aige
  • Ainm a iontaobhaithe
  • An líon daoine a fhostaíonn sé
  • An líon oibrithe deonacha atá aige
  • Aon tuarascálacha bliantúla a chomhdaigh sé
  • Faisnéis airgeadais áirithe
  • A stádas maidir le comhlíonadh an Chóid Rialachais
  • A aicmiúchán 

Más iontaobhaí carthanais thú, tá sé tábhachtach go gcinnteofá go bhfuil sonraí do charthanais ar an gClár Carthanas ceart agus go gcoinnítear cothrom le dáta iad.

Tá ceanglas dlíthiúil ar charthanais a bhfaisnéis a choinneáil cothrom le dáta ar an gClár.

Trína sonraí a choinneáil cothrom le dáta ar an gClár, cinntítear freisin go bhfaighidh carthanais cumarsáidí tábhachtacha uainn.

  • Conas an Clár a nuashonrú

    Is próiseas simplí é an próiseas chun an Clár a nuashonrú. Ní mór na nuashonruithe uile a dhéanamh trí úsáid a bhaint as foirmeacha sonracha, atá ar fáil nuair a logálann tú isteach i ‘Mo Chuntas’, ár gcóras ar líne. 

    Conas logáil isteach i ‘Mo Chuntas’ 

    Tá raon acmhainní ar fáil uainn chun cabhrú leat sa phróiseas seo. Tugtar forbhreathnú amhairc sa treoir céim ar chéim uainn agus pléitear gach céim den phróiseas san fhíseán treorach uainn. Tá treoir ar an bpróiseas sin le fáil sa Treoir Úsáideora do Charthanais uainn freisin. Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun tuarascálacha agus foirmeacha a chomhdú thar ceann do charthanais.


    A luaithe atá tú logáilte isteach, feicfidh tú rannán ar a dtugtar ‘Comhdú Nua’ ar thaobh na láimhe clé den scáileán. Cliceáil ar ‘Comhdú Nua’. Beidh mír aníos le feiceáil ar thaobh na láimhe deise ansin. Cliceáil ar ‘Carthanas Reatha’ ag an mbarr agus ansin ar ‘Tosaigh’.

  • Na foirmeacha atá le húsáid chun an Clár a nuashonrú

    An nuashonrú atá ag teastáil

    Ainm na Foirme

    Cuspóir na Foirme

    Aicmiúchán

    Foirm Aicmiúcháin Carthanas

    Bain úsáid as an bhfoirm seo chun aicmiúchán do charthanais a roghnú. Tá tuilleadh faisnéise faoin gcaighdeán aicmiúcháin carthanas ar fáil. Tugtar forbhreathnú air sin sa treoir céim ar chéim uainn.

     

    Iontaobhaithe a nuashonrú

    Iontaobhaithe, Baint agus Comhairleoirí Seachtracha a Nuashonrú

    Bain úsáid as an bhfoirm seo chun iontaobhaithe carthanais a nuashonrú, a scriosadh nó a chur leis nó chun faisnéis a bhaineann le baint* agus comhairleoirí seachtracha a nuashonrú.

     

    Mínitheoir: Is ann do bhaint i gcás go bhfuil caidreamh teaghlaigh, comhpháirtíochtaí gnó nó conarthaí fostaíochta ann idir iontaobhaithe carthanais agus aon duine de d’fhostaithe nó aon soláthraithe earraí nó seirbhísí. Ba cheart fógra a thabhairt don Rialálaí Carthanas faoi aon bhaint iomchuí.

    Sonraí carthanais a fhíorú

    Sonraí Carthanais a Fhíorú

    Bain úsáid as an bhfoirm seo mar réiteach uileghabhálach chun sonraí do charthanais a nuashonrú. Ba cheart duit úsáid a bhaint as an bhfoirm seo chun a sheiceáil cé acu atá nó nach bhfuil sonraí uile do charthanais ceart.

     

    Leis an bhfoirm, líonfar isteach go huathoibríoch na sonraí ón gClár. Is féidir leat úsáid a bhaint as an bhfoirm seo chun a sheiceáil cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí sin ceart.

     

    Mura bhfuil na sonraí sin ceart, is féidir leat úsáid a bhaint as an bhfoirm chun do shonraí a nuashonrú, lena n-áirítear na sonraí seo a leanas: d’uimhir theileafóin; do sheoladh ríomhphoist; seoladh do charthanais; uimhir do charthanais leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí; agus uimhir Dhíolúine Carthanúla Cánach (CHY) do charthanais ó na Coimisinéirí Ioncaim.

     

    Mínitheoir: Is gnách go dtagraíonn an príomhsheoladh don láthair ina ndéanann na hiontaobhaithe carthanais gníomhaíochtaí an charthanais a stiúradh, a rialú agus a chomhordú. I gcás carthanas ar cuideachta é, is gnách go mbeidh an príomhsheoladh comhionann le seoladh cláraithe na cuideachta, mar atá liostaithe san Oifig um Chlárú Cuideachtaí.

     

    Molaimid duit uimhir theileafóin thiomnaithe a chur isteach anseo do do charthanas, seachas uimhir phearsanta a úsáid.

     

    Molaimid duit seoladh ríomhphoist tiomnaithe a úsáid do do charthanas, seachas seoladh ríomhphoist pearsanta a úsáid, agus a chinntiú go bhfuil rochtain ag níos mó ná duine amháin air, mar shampla charityname@gmail/hotmail/yahoo.ie.

     

    Ceadaítear do dhuine foirmeacha a chur isteach thar ceann an charthanais (Comhdaitheoir Údaraithe)

    Comhdaitheoir Údaraithe

    Bain úsáid as an bhfoirm seo chun a nuashonrú cé a fhéadfaidh cuntas carthanais a rochtain ar ‘Mo Chuntas’. Tá raon acmhainní ar fáil uainn chun cabhrú leat sa phróiseas seo. Tugtar forbhreathnú amhairc sa treoir céim ar chéim uainn agus pléitear gach céim den phróiseas san fhíseán treorach uainn.

    Do Thuarascáil Bhliantúil a Chur Isteach

    Tuarascáil Bhliantúil

    Bain úsáid as an bhfoirm seo chun do Thuarascáil Bhliantúil a chur isteach. Gach bliain, ní mór do charthanas Tuarascáil Bhliantúil a chur faoinár mbráid laistigh de 10 mí ó dheireadh a bhliana airgeadais. Tá leathanach Gréasáin ‘Tuarascáil Bhliantúil’ ar fáil uainn, ar a mionsonraítear an fhaisnéis a cheanglaítear chun an tuarascáil a chomhlánú.

     

    Do bhunreacht nó do chuspóirí carthanúla a nuashonrú

    Foirm um Bunreacht a Chur Isteach / Do Chuspóirí Carthanúla a Nuashonrú

    Bain úsáid as an bhfoirm seo chun cóip de do bhunreacht a chur isteach chun a chur in iúl dúinn go bhfuil sé beartaithe agat athruithe a dhéanamh ar do chuspóir carthanúil nó ar do chuspóirí carthanúla, ar do phríomhchuspóir, ar do chlásal ioncaim agus maoine nó ar do chlásal foirceanta.

     

    Is é an bunreacht, nó an doiciméad rialaithe, an doiciméad dlíthiúil ina leagtar amach an cuspóir ar lena aghaidh a bunaíodh do charthanas agus conas a oibríonn sé. Is féidir go dtabharfar na ‘rialacha’ air freisin, ag brath ar struchtúr dlíthiúil na heagraíochta.

    I gcás fhormhór na n-athruithe ar féidir go mbeidh iontaobhaithe carthanais ag iarraidh iad a dhéanamh ar bhunreacht carthanais, ní gá don Rialálaí Carthanas iad a athbhreithniú sula ndéanfar iad. Ní mór duit cóip den leagan is cothroime le dáta de do bhunreacht a chur faoinár mbráid go fóill, áfach.

    Ní mór don Rialálaí Carthanas athruithe áirithe a athbhreithniú sula ndéanfar iad, áfach. Is iad sin:

     

    • Príomhchuspóir 
    • Cuspóir carthanúil 
    • Clásal Ioncaim agus Maoine
    • Clásal foirceanta

    Má tá sé beartaithe agat aon cheann de na nithe sin a athrú, ní mór duit na hathruithe beartaithe a chur faoinár mbráid. Déanfaimid athbhreithniú ar do bhunreacht chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh do bhunreacht na ceanglais atá ar eagraíochtaí carthanúla faoin Acht go fóill.

     

    Ba cheart duit na hathruithe beartaithe a shonrú go soiléir sa doiciméad a uaslódálfaidh tú lena athbhreithniú. Mar shampla, is féidir leat na hathruithe a rianú ar an doiciméad reatha.

     

    Tá tuilleadh faisnéise ar fáil trínár leathanach Gréasáin

    Stádas do charthanais maidir le comhlíonadh an Chóid Rialachais do Charthanais a nuashonrú

    Foirm um Stádas Comhlíonta an Chóid Rialachais do Charthanais a Chothabháil

    Bain úsáid as an bhfoirm seo chun sinn a chur ar an eolas faoina mhéid atá an Cód Rialachais do Charthanais á chomhlíonadh agat.

    Ceanglaítear ar charthanais a stádas maidir le comhlíonadh an Chóid Rialachais do Charthanais a dhearbhú agus a dtuarascáil bhliantúil á cur isteach acu. Más rud é nach bhfuil do charthanas lánchomhlíontach nó nach bhfuil a phróiseas comhlíonta críochnaithe aige, áfach, féadfaidh tú do thuarascáil bhliantúil a chomhdú go fóill. Baineann tú úsáid as an bhfoirm seo chun do stádas maidir le comhlíonadh an Chóid Rialachais do Charthanais a nuashonrú nó a leasú tar éis tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh.

    Tá tuilleadh faisnéise ar fáil trínár leathanach Gréasáin ‘Tuarascáil Bhliantúil’.

     

    Seoladh, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin a nuashonrú

    Sonraí Teagmhála agus Láithreacha Oibriúcháin a Chothabháil

    Bain úsáid as an bhfoirm seo chun seoladh, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin do charthanais a nuashonrú.

     

    Mínitheoir: Is gnách go dtagraíonn an príomhsheoladh don láthair ina ndéanann na hiontaobhaithe carthanais gníomhaíochtaí an charthanais a stiúradh, a rialú agus a chomhordú. I gcás carthanas ar cuideachta é, is gnách go mbeidh an príomhsheoladh comhionann le seoladh cláraithe na cuideachta, mar atá liostaithe san Oifig um Chlárú Cuideachtaí.

     

    Molaimid duit uimhir theileafóin thiomnaithe a chur isteach anseo do do charthanas, seachas uimhir phearsanta a úsáid.

     

    Molaimid duit seoladh ríomhphoist tiomnaithe a úsáid do do charthanas, seachas seoladh ríomhphoist pearsanta a úsáid, agus a chinntiú go bhfuil rochtain ag níos mó ná duine amháin air, mar shampla charityname@gmail/hotmail/yahoo.ie.

     

    Ainm an charthanais a nuashonrú

    Athrú Ainm

    Bain úsáid as an bhfoirm seo má d’athraigh tú d’ainm nó má tá sé beartaithe agat d’ainm a athrú.

     

    Is gá duit toiliú a fháil ón Rialálaí Carthanas chun an t-athrú seo a dhéanamh. Mar sin, ní ceadmhach duit na hathruithe a ghlacadh ach amháin tar éis duit an toiliú sin a fháil.

     

    Cuntas Bainc a Nuashonrú

    Cuntas Bainc a Chothabháil

    Bain úsáid as an bhfoirm seo chun do chuntas Bainc/Comhar Creidmheasa/Seirbhíse Íocaíochta Leictreonaí a nuashonrú. Ceanglaítear ort sonraí a chur isteach faoi gach cuntas.

     

    Cruinnitheoirí airgid gairmiúla a chur leis nó a athrú

    Sonraí Cruinnitheoirí Airgid a Chothabháil

    Bain úsáid as an bhfoirm seo chun cruinnitheoirí airgid a chur leis nó a scriosadh.

     

    Mínitheoir: Is é is cruinnitheoir airgid gairmiúil ann ná duine nó cuideachta lena n-íocann eagraíocht táille chun cabhrú léi airgead a chruinniú. Áirítear leis sin ardáin ar líne lena n-íocann tú céatadán de na cistí a cruinníodh as an tseirbhís a soláthraíodh.

    Athrú ar dheireadh na bliana airgeadais

    Athrú ar Dheireadh na Bliana Airgeadais

    Bain úsáid as an bhfoirm seo chun deireadh do bhliana airgeadais a athrú. Beidh ort deireadh do bhliana airgeadais reatha a lua, mar aon leis an dáta a d’athraigh tú deireadh do bhliana airgeadais agus an dáta nua. Beidh ort a mhíniú conas a chinnteoidh tú nach mbeidh aon bhearna ann i do thuairisciú.

    Do charthanas a fhoirceannadh

    Carthanas Cláraithe a Fhoirceannadh agus a Dhíchlárú

    Bain úsáid as an bhfoirm seo chun do charthanas a fhoirceannadh agus a dhíchlárú.

     

    Más carthanas alt 40 (carthanas a bunaíodh roimh an 16 Deireadh Fómhair 2014) thú, beidh ort teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le do charthanas a fhoirceannadh.

     

    Mínitheoir: Treoir maidir le Carthanas a Fhoirceannadh

     

     

     

  • Nach féidir leat logáil isteach i ‘Mo Chuntas’?

    Más rud é go ndearna tú dearmad ar do phasfhocal nó d’ainm úsáideora nó nach bhfuil tú bunaithe mar chomhdaitheoir údaraithe, léireofar duit sna físeáin treorach uainn conas do phasfhocal/d’ainm úsáideora a aisghabháil agus conas a éirí i do chomhdaitheoir údaraithe. Mar mhalairt air sin, is féidir leat na céimeanna thíos a leanúint.

     

     

     

     

     

     

     

    Pasfhocal dearmadta?

    1. Cliceáil ar an nasc ‘Pasfhocal Dearmadta?’ ar leathanach Logála Isteach ‘Mo Chuntas’.
    2. Iontráil an t-ainm logála isteach do do chuntas custaiméara.
    3. Seolfaimid ríomhphost chugat ina mbeidh treoracha le haghaidh do phasfhocal a athrú. Ní oibreoidh an nasc sin ach amháin i gcás gur iontráil tú ainm logála isteach bailí agus go mbeidh rochtain agat ar an seoladh ríomhphoist atá nasctha le do chuntas custaiméara.

    Tábhachtach: Más rud é nach bhfaighidh tú ríomhphost uainn, tá seans ann nár iontráil tú an t-ainm logála isteach ceart atá nasctha le do chuntas custaiméara.

    Ainm úsáideora dearmadta?

    1. Cliceáil ar an nasc ‘Pasfhocal Dearmadta?’ ar leathanach Logála Isteach ‘Mo Chuntas’.
    2. Cliceáil ar ‘Ainm Logála Isteach Dearmadta?’
    3. Iontráil an seoladh ríomhphoist atá nasctha le do chuntas custaiméara. Ní oibreoidh an nasc sin ach amháin i gcás go mbeidh an seoladh ríomhphoist atá nasctha le do chuntas custaiméara ar eolas agat agus go mbeidh rochtain agat air. Seolfaimid ríomhphost chugat ina mbeidh liosta de na hainmneacha logála isteach atá cláraithe don seoladh ríomhphoist sin.

    Tábhachtach: Más rud é nach bhfaighidh tú ríomhphost uainn, tá seans ann nár iontráil tú an seoladh ríomhphoist ceart atá nasctha le do chuntas custaiméara.

    Cruthaigh úsáideoir nua

    Más rud é nach cuimhin leat do shonraí logála isteach agus/nó nach féidir leat an seoladh ríomhphoist atá nasctha le do chuntas custaiméara a rochtain, beidh ort cuntas úsáideora nua a chruthú Ní gá duit a bheith i d’iontaobhaí chun a bheith i do chomhdaitheoir údaraithe. Féadfaidh an carthanas a chinneadh cé na daoine atá údaraithe chun comhduithe nó faisnéis a chur isteach thar a cheann, lena n-áirítear comhairleoirí seachtracha agus eagraíochtaí seachtracha.

    A luaithe atá an fhoirm um ‘úsáideoir nua a chruthú’ comhlánaithe agus curtha isteach agat, seolfar ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist a chuir tú ar fáil. Tá nasc fíorúcháin ann sa ríomhphost sin.

    Tar éis duit do chuntas custaiméara nua a fhíorú, ba cheart duit foirm um chomhdaitheoir údaraithe a chomhdú chun cuntas do charthanais a rochtain. 

  • Éirí i do chomhdaitheoir údaraithe

    Leis an treoir céim ar chéim seo, cabhrófar leat an fhoirm um chomhdaitheoir údaraithe a chomhlánú.

    1. Logáil isteach i do chuntas custaiméara nua.
    2. Cliceáil ar ‘Comhdú Nua’.
    3. Beidh mír aníos le feiceáil ar thaobh na láimhe deise ansin.Cliceáil ar ‘Carthanas Reatha’ ag an mbarr.
    4. Iontráil d’Uimhir Charthanais Chláraithe sa bhosca ‘Cuardaigh Ainm Carthanais nó Uimhir Charthanais Chláraithe’.
    5. Comhdaigh foirm um chomhdaitheoir údaraithe thar ceann an charthanais. Ní mór duit litir údarúcháin atá scríofa ar pháipéar sainchlóite an charthanais agus atá sínithe ag duine amháin ar a laghad de na hiontaobhaithe carthanais reatha atá cláraithe leis an Rialálaí Carthanas a uaslódáil. Tabhair faoi deara nach nglacaimid le sínithe digiteacha amhail sínithe clóscríofa. Tá an fhoclaíocht mholta don litir údarúcháin ar fáil ar leathanach 3 den leagan Béarla den treoir úsáideora.

    Gheobhaidh tú treoir úsáideach chun cabhrú leat do bhealach a dhéanamh trí ‘Mo Chuntas’. Is féidir leat anTreoir Theicniúil Úsáideora dar teideal ‘'Mo Chuntas' a úsáid’a íoslódáil freisin chun freagraí a fháil ar aon cheisteanna teicniúla.

Top