Féachann an Rialálaí Carthanas le treoir agus comhairle a chur ar fáil maidir le gach gné dár gcuid oibre.
Cuireadh an eagraíocht ar bun faoin Acht Carthanas 2009. Tá cóip den doiciméad sin faoi iamh anseo chun críocha tagartha.
Má tá tú ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil, d’fhoilsíomar sraith treoirdhoiciméad chun cabhrú leat d’iarratas a bhreithniú agus a chur isteach. Tugtar sna doiciméid sin comhairle maidir le rialachas agus leis an dea-chleachtas freisin.
Ginearálta
Rialachas
An Cód Rialachais do Charthanais agus an Tacar Uirlisí
Tá iontaobhaithe carthanais freagrach as rialachas a gcarthanais agus ba cheart dóibh deimhin a dhéanamh de go gcuirtear na sé phrionsabal atá sa Chód Rialachais do Charthanais i bhfeidhm ann.
Chun cúnamh agus tacaíocht phraiticiúil a thabhairt d’iontaobhaithe carthanais a gcuid oibre a chur i gcrích, tá an Rialálaí Carthanas tiomanta do shraith treoirdhoiciméad agus teimpléad a fhorbairt.
Cliceáil anseo chun dul chuig an leathanach tiomnaithe don Chód Rialachais do Charthanais