Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Ceisteanna Coitianta

Scrollaigh síos chun teacht ar fhreagraí a bhaineann leis na nithe seo a leanas: Do charthanas a bhainistiú, an Cód Rialachais do Charthanais, Iontaobhais charthanúla, Carthanas a dhúnadh nó a fhoirceannadh, Iarratais faoi na hAchtanna Carthanas, 1961 agus 1973, agus Scoileanna.

Ceisteanna Coitianta atá dírithe ar an bPobal i gCoitinne maidir le géarchéimeanna atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn

  • Conas is féidir liom tacaíocht a thabhairt nó síntiús a sholáthar chun cúnamh a thabhairt i leith na géarchéime reatha san Úcráin?

    Is é an bealach is éasca chun cúnamh a thabhairt ná síntiús a sholáthar. Maidir le haon duine atá ag iarraidh tacaíocht a thabhairt do dhaoine a mbíonn géarchéim ag déanamh difear dóibh, ba cheart dó/di a chinntiú go soláthróidh sé/sí aon síntiúis do charthanais chláraithe a bhfuil teist acu maidir le tacaí praiticiúla agus cúnamh praiticiúil a thabhairt, cosúil leis na tacaí agus an cúnamh a theastaíonn ó na daoine a mbíonn an ghéarchéim ag déanamh difear dóibh agus ó na daoine a bhíonn ag tabhairt tacaíocht dóibh ag an am. Is féidir leat a sheiceáil cé acu atá nó nach bhfuil carthanas Éireannach ar leith cláraithe ar an gClár Carthanas.

  • Cén carthanas ar cheart dom síntiús a thabhairt dó?

    Cé nach bhféadfaimid aon charthanas ar leith a mholadh, tá taithí shuntasach ag roinnt carthanas cláraithe in Éirinn cheana féin ar chúnamh a thabhairt i leith raon leathan géarchéimeanna náisiúnta agus idirnáisiúnta, amhail tacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe, oibriú laistigh de limistéir choinbhleachta, agus cúnamh riachtanach agus tacaí riachtanacha a thabhairt Seiceáil an Clár Carthanas sula dtabharfaidh tú aon síntiús. 

  • Ba mhaith liom carthanas a bhunú chun cabhair a thabhairt. An bhféadfaidh mé carthanas nua a bhunú nó an próiseas iarratais a bhrostú chun cúnamh a thabhairt i leith géarchéime?

    Faoi dhlí na hÉireann, ní fhéadfaidh tú carthanas a bhunú ná tosú ar shíntiúis a bhailiú gan a bheith cláraithe leis an Rialálaí Carthanas. Tá sé níos éasca agus níos tapa síntiús a thabhairt do charthanais sheanbhunaithe seachas do charthanas féin a bhunú. Mar is eol d’aon duine a chláraigh leis an Rialálaí Carthanas le déanaí, is dianphróiseas é an próiseas clárúcháin. Mar sin, maidir le haon duine den phobal atá ag iarraidh airgead a chruinniú nó cineálacha eile cúnaimh a thabhairt do dhaoine a mbíonn géarchéim náisiúnta nó idirnáisiúnta ag déanamh difear dóibh, tá sé ríthábhachtach go rachadh sé/sí i dteagmháil le carthanas cláraithe atá ann cheana a bhfuil creat seanbhunaithe eagraíochtúil i bhfeidhm aige le haghaidh cúnamh agus tacaíocht a thabhairt i staideanna géarchéime den chineál céanna agus a bhfuil taithí aige ar an méid sin. Cabhróidh sé sin lena chinntiú go rachaidh aon síntiúis go díreach chuig na daoine a bhfuil an gá is mó acu leo.

  • Ar cheart dom taisteal chun cúnamh a thabhairt i leith géarchéime?

    Is féidir leat amharc ar an gcomhairle ón Roinn Gnóthaí Eachtracha maidir le taisteal thar lear. Tairgeann an Roinn measúnú oibiachtúil anseo ar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht romhat agus tú ag taisteal chuig tíortha difriúla

Ceisteanna Coitianta atá dírithe ar Charthanais Chláraithe maidir le géarchéimeanna nó tubaistí náisiúnta nó idirnáisiúnta

  • Conas is féidir le mo charthanas cabhair a thabhairt i leith géarchéim nó tubaiste náisiúnta nó idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn?

    Más rud é gur carthanas cláraithe thú agus go bhfuil tú ag iarraidh tacaíocht a thabhairt i leith géarchéim náisiúnta nó idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn, amhail an cogadh san Úcráin, nó i leith tubaiste nádúrtha, amhail an crith talún sa Tuirc agus sa tSiria, beidh ort breithniú a dhéanamh ar roinnt saincheisteanna an-tábhachtach ar dtús: 

    1.An áirítear leis an gcuspóir carthanúil ar bunaíodh do charthanas lena aghaidh tacaíocht géarchéime/cistiú géarchéime/síntiúis ghéarchéime a sholáthar go díreach do charthanais chláraithe eile nó do thairbhithe?

    Más rud é nach n-áirítear le do chuspóir carthanúil tacaíocht géarchéime/cistiú géarchéime/síntiúis ghéarchéime a sholáthar agus go bhfuil tú ag iarraidh cabhair a thabhairt i leith géarchéim atá ag teacht chun cinn, is féidir go mbeidh ort cuspóir carthanúil nua a chur le do dhoiciméad rialaithe. Má tá do charthanas ag smaoineamh faoi chuspóir nua a chur leis, ní mór duit na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    a) Cloí le do rialacha inmheánacha féin chun an cuspóir carthanúil nua a cheadú

    agus ansin

    b) Toiliú a lorg ón Rialálaí Carthanas.

    Chun toiliú a lorg uainn, beidh ort logáil isteach i do chuntas custaiméara inár dtairseach ar líne agus foirm um athrú cuspóra a chur isteach. Déanfaidh an Rialálaí Carthanas measúnú ar an bhfoirm ansin. 

    Féach an treoir uainn maidir le do chuntas custaiméara agus na foirmeacha sin a rochtain: https://www.charitiesregulator.ie/en/information-for-charities/myaccount 

    2.An gceadaítear le doiciméad rialaithe do charthanais tacaíocht géarchéime/cistiú géarchéime/síntiúis ghéarchéime a sholáthar?

    Mar eolas, is é an doiciméad rialaithe an doiciméad dlíthiúil ina leagtar amach cad a dhéanann d’eagraíocht agus conas a oibríonn sí. Tugtar an ‘bunreacht’ air de ghnáth. Tugtar na ‘rialacha’ air freisin, áfach, ag brath ar struchtúr dlíthiúil an charthanais. Ba cheart doiciméad rialaithe d’eagraíochta a bheith mar bhonn do na nithe uile a dhéanfaidh d’eagraíocht agus don dóigh a ndéanfaidh sí iad.

    Más rud é nach gceadaítear le do dhoiciméad rialaithe tacaíocht géarchéime/cistiú géarchéime/síntiúis ghéarchéime a sholáthar agus go bhfuil tú ag iarraidh cabhair a thabhairt i leith géarchéim atá ag teacht chun cinn, is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar aon athruithe ar an doiciméad rialaithe ná go dtiocfadh athrú chomh mór sin ar chineál na heagraíochta nach gcáilíonn sí mar charthanas faoin Acht Carthanas 2009 a thuilleadh. Is é sin an fáth a gceanglaítear ar charthanais ceadú a lorg ón Rialálaí Carthanas sula nglacfaidh siad aon athruithe ar a ndoiciméad rialaithe. Chun toiliú a lorg, beidh ort logáil isteach i do chuntas custaiméara inár dtairseach ar líne agus foirm um athrú cuspóra a chur isteach. Déanfaidh an Rialálaí Carthanas measúnú ar an bhfoirm ansin.  

    3.An bhfuil sé beartaithe agat cistí, síntiúis nó airgead deontais a tugadh don charthanas le haghaidh cuspóir eile cheana féin a úsáid chun tacaíocht a thabhairt i leith géarchéim nua?

    Ba cheart duit bheith ar an eolas gur thug an síntiúsóir na cistí duit bunaithe ar do chuspóir carthanúil ag an am sin. Ní fhéadfar na síntiúis sin a úsáid le haghaidh aon chuspóra seachas an cuspóir bunaidh ar tugadh iad lena aghaidh.

  • An bhfuil cibearshlándáil chuí i bhfeidhm agat?

    In imthosca áirithe, bíonn gá ann le bheith níos airdeallaí ar an gcibearshlándáil agus ar an mbaol méadaithe go ndéanfaí cibirionsaí agus fioscaireacht. Tá tuilleadh faisnéise faoi sin ar fáil ó Bhiúró Náisiúnta Cibearchoireachta an Gharda Síochána.

    https://www.garda.ie/ga/fuinn/coireacht-eagraithe-agus-tromchoireacht/cibearchoireachta/

  • An ndearna tú breithniú ar chomhairle dlí a fháil chun a chinneadh cé na nithe a fhéadfaidh do charthanas a dhéanamh agus cé na nithe nach bhféadfaidh sé a dhéanamh?

    D’fhéadfadh gurbh fhiú comhairle dlí nó comhairle ghairmiúil a fháil chun a chinneadh cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh do charthanas tabhairt faoi ghníomhaíocht nua nó chun a chinneadh cé acu a bheidh nó nach mbeidh sé riachtanach athruithe a dhéanamh ar dhoiciméad rialaithe an charthanais.

‘Mo Chuntas’ a Rochtain – Ceisteanna Teicniúla

Tá na grafaicí faisnéise thíos deartha chun cabhrú leat do bhealach a dhéanamh trínár dtairseach do chustaiméirí. Cliceáil ar gach grafaic chun í a mhéadú. Caith súil ar na grafaicí sula dtéann tú chuig ‘Mo Chuntas.

Carthanais

  

Scoileanna

  

 

  • Conas is féidir liom cuntas custaiméara me charthanais (‘Mo Chuntas’) a rochtain?

    Sínigh isteach i gcuntas custaiméara do charthanais ar leathanach Logála Isteach ‘Mo Chuntas’.

  • Conas is féidir liom cuntas custaiméara – ‘Mo Chuntas’ – a chruthú?

    Beidh ort cuntas úsáideora nua a chruthú ach cliceáil ar ‘Cruthaigh Cuntas’.

    Seolfar ríomhphost ansin chuig an seoladh ríomhphoist a chuir tú ar fáil. Tá nasc fíorúcháin ann sa ríomhphost sin.

  • Ní cuimhin liom m’Ainm Logála Isteach agus/nó mo Phasfhocal, an féidir leat cabhrú liom?

    Teastóidh d’ainm logála isteach, do phasfhocal agus rochtain ar an seoladh ríomhphoist atá nasctha le do chuntas custaiméara uait chun an cuntas custaiméara a rochtain.

    Cruthaíodh d’Ainm Logála Isteach nuair a bunaíodh an cuntas custaiméara. Is féidir seoladh ríomhphoist a úsáid mar Ainm Logála Isteach. Is féidir ainm duine a úsáid freisin.

     

    Mura cuimhin leat do Phasfhocal, cliceáil ar an nasc ‘Pasfhocal Dearmadta?’ ar leathanach Logála Isteach ‘Mo Chuntas’.

    Iontráil an tAinm Logála Isteach do do chuntas custaiméara ansin.

    Seolfaimid ríomhphost chugat ina mbeidh treoracha le haghaidh do phasfhocal a athrú.

    Ní oibreoidh an nasc sin ach amháin i gcás gur iontráil tú Ainm Logála Isteach bailí agus go mbeidh rochtain agat ar an seoladh ríomhphoist atá nasctha le do chuntas custaiméara.

    Tábhachtach: Más rud é nach bhfaighidh tú ríomhphost uainn, tá seans ann nár iontráil tú an tAinm Logála Isteach ceart atá nasctha le do chuntas custaiméara.

     

    Mura cuimhin leat d’Ainm Logála Isteach, cliceáil ar an nasc ‘Pasfhocal Dearmadta?’ ar leathanach Logála Isteach ‘Mo Chuntas’.

    Cliceáil ar an nasc ‘Ainm Logála Isteach Dearmadta?’ ansin agus iontráil an seoladh ríomhphoist atá nasctha le do chuntas custaiméara.

    Ní oibreoidh an nasc sin ach amháin i gcás go mbeidh an seoladh ríomhphoist atá nasctha le do chuntas custaiméara ar eolas agat agus go mbeidh rochtain agat air. Seolfaimid ríomhphost chugat ina mbeidh liosta de na hAinmneacha Logála Isteach atá cláraithe don seoladh ríomhphoist sin.

    Tábhachtach: Más rud é nach bhfaighidh tú ríomhphost uainn, tá seans ann nár iontráil tú an seoladh ríomhphoist ceart atá nasctha le do chuntas custaiméara.

     

     

    Más rud é nach cuimhin leat do shonraí logála isteach agus/nó nach féidir leat an seoladh ríomhphoist atá nasctha le do chuntas custaiméara a rochtain, beidh ort cuntas úsáideora nua a chruthú ach cliceáil ar an nasc ‘Cruthaigh Cuntas’.

    Seolfar ríomhphost ansin chuig an seoladh ríomhphoist a chuir tú ar fáil. Tá nasc fíorúcháin ann sa ríomhphost sin.

    Tar éis duit do chuntas custaiméara nua a fhíorú, ba cheart duit foirm um Chomhdaitheoir Údaraithe a chomhdú chun cuntas do charthanais a rochtain.

     

    A luaithe atá tú logáilte isteach i do chuntas custaiméara nua, cliceáil ar ‘Tosaigh Comhdú Nua’.

    Beidh mír aníos le feiceáil ar thaobh na láimhe deise ansin. Cliceáil ar ‘Carthanas Reatha’ ag an mbarr.

    Iontráil d’Uimhir Charthanais Chláraithe sa bharra ‘Cuardaigh Carthanas’ ansin.

    Is féidir leat foirm um Chomhdaitheoir Údaraithe a chomhdú ansin thar ceann an charthanais.

     

    Ní mór duit litir údarúcháin atá scríofa ar pháipéar sainchlóite an charthanais agus atá sínithe ag duine amháin ar a laghad de na hiontaobhaithe carthanais reatha atá cláraithe leis an Rialálaí Carthanas a uaslódáil. Tabhair faoi deara nach nglacaimid le sínithe digiteacha, e.g., sínithe clóscríofa.

    Is féidir leat an fhaisnéis ar an gClár Carthanas, lena n-áirítear faisnéis faoi na hiontaobhaithe carthanais atá cláraithe, a athbhreithniú ach cliceáil anseo agus an carthanas a chuardach.

    Tá an fhoclaíocht mholta don litir údarúcháin ar fáil ar leathanach 3 den treoir úsáideora anseo.

     

    Tabhair faoi deara: Ní bhfaighidh tú rochtain ar chuntas an charthanais go díreach tar éis duit an fhoirm um chomhdaitheoir údaraithe a chur isteach. Fíoróidh an Rialálaí Carthanas an fhoirm agus cuirfimid in iúl duit a luaithe is féidir leat do chuntas a rochtain. Is féidir go dtógfaidh sé lá oibre amháin nó dhó chun an fhoirm a phróiseáil. Seolfaimid ríomhphost chugat chun a insint duit go bhfuil rochtain agat ar chuntas an charthanais anois. Is féidir leis an gcomhdaitheoir údaraithe tosú ansin ar do thuarascáil bhliantúil a chomhdú nó ar shonraí do charthanais a nuashonrú.

    Beidh ainm an charthanais liostaithe faoin gceannteideal ‘Mo Charthanas a Bhainistiú’ ar do dheais an chéad uair eile a logálfaidh tú isteach i ‘Mo Chuntas’.

  • Logáil mé isteach i ‘Mo Chuntas’, ach ní féidir liom aon fhoirmeacha, an Tuarascáil Bhliantúil ina measc, a rochtain. Cá bhfuilim ag dul as strae?

    a) I gcás nach bhfuair tú rochtain ar do chuntas custaiméara inár gcóras nua TF riamh:

    Beidh ort d’fhaisnéis teagmhála a nuashonrú i ‘Mo Phróifíl’ sular féidir leat foirmeacha a chur isteach den chéad uair.

     Profile IconCliceáil ar an tsiombail seo ag an mbarr ar dheis den scáileán agus cliceáil ar ‘Mo Phróifíl’. 

    Cliceáil ar an gcnaipe ‘Cuir in eagar’ agus líon isteach an Céadainm, an Sloinne agus an Uimhir Theileafóin.

    Cliceáil ar ‘Sábháil’ agus fill ar an Deais.

    Beidh tú in ann aon fhoirmeacha a theastaíonn chun do charthanas a bhainistiú, an fhoirm Tuarascála Bliantúla ina measc, a rochtain ansin.

    b) Níl do chuntas (‘Mo Chuntas’) nasctha le do charthanas:

    Beidh ort foirm um Chomhdaitheoir Údaraithe a chomhdú chun aighneachtaí a rochtain agus a chomhdú thar ceann an charthanais.

    A luaithe atá tú logáilte isteach, cliceáil ar ‘Tosaigh Comhdú Nua’.

    Beidh mír aníos le feiceáil ar thaobh na láimhe deise ansin. Cliceáil ar ‘Carthanas Reatha’ ag an mbarr.

    Iontráil Uimhir Charthanais Chláraithe an charthanais a bhfuil tú ag iarraidh comhdú dó sa bharra ‘Cuardaigh Carthanas’ ansin.

    Is féidir leat foirm um Chomhdaitheoir Údaraithe a chomhdú ansin thar ceann an charthanais.

    Ní mór litir ceadaithe atá sínithe ag duine amháin ar a laghad de na hIontaobhaithe Carthanais atá liostaithe ar an gClár Carthanas faoi láthair a uaslódáil in éineacht leis an bhfoirm sin – féach leathanach 6 den treoir úsáideora anseo.

  • Táim ag obair thar ceann carthanais, ach níl aon rochtain agam as ‘Mo Chuntas’. Conas is féidir Tuarascáil Bhliantúil nó foirmeacha eile a chomdú don charthanas seo?

    Beidh ort cuntas úsáideora a chruthú ach cliceáil ar ‘Cruthaigh Cuntas’ mura bhfuil cuntas custaiméara (‘Mo Chuntas’) agat cheana féin.

    A luaithe atá tú logáilte isteach, cliceáil ar ‘Tosaigh Comhdú Nua’.

    Beidh mír aníos le feiceáil ar thaobh na láimhe deise ansin. Cliceáil ar ‘Carthanas Reatha’ ag an mbarr.

    Iontráil Uimhir Charthanais Chláraithe an charthanais a bhfuil tú ag iarraidh comhdú dó sa bharra ‘Cuardaigh Carthanas’ ansin.

    Is féidir leat foirm um Chomhdaitheoir Údaraithe a chomhdú ansin thar ceann an charthanais.

    Ní mór litir ceadaithe atá sínithe ag duine amháin ar a laghad de na hIontaobhaithe Carthanais atá liostaithe ar an gClár Carthanas faoi láthair a uaslódáil in éineacht leis an bhfoirm sin – féach leathanach 6 den treoir úsáideora anseo.

  • Cé chomh slán is atá suíomh Gréasáin an Rialálaí Carthanas?

    Oibrítear suíomh Gréasáin an Rialálaí Carthanais de réir na gcaighdeán slándála is airde atá ar fáil.  Chun a dheimhniú gur slán atá an leathanach, seiceáil an bhfuil deilbhín glas fraincín ann i do bhrabhsálaí nó nach bhfuil.

An Cód Rialachais do Charthanais

  • Cad atá i gceist leis an gCód Rialachais do Charthanais?

    Tá an Cód Rialachais do Charthanais (comhad PDF) comhdhéanta de na nithe seo a leanas -

    • na sé phrionsabal um rialachas ar cheart do gach carthanas iad a chur i bhfeidhm,
    • na croíchaighdeáin a bhfuilimid ag súil go gcomhlíonfaidh gach carthanas iad agus na prionsabail á gcur i ngníomh acu, agus
    • caighdeáin bhreise lena léirítear an dea-chleachtas do charthanais ag a bhfuil ardleibhéil ioncaim agus/nó struchtúir chasta eagrúcháin agus chistiúcháin agus/nó líon suntasach fostaithe.

    Agus an Cód á scríobh againn, thugamar aird ar charthanais atá comhdhéanta d’oibrithe deonacha amháin agus ar charthanais a bhfuil líon beag ball foirne íoctha acu. Rinneamar amhlaidh chun fíorscéal na hearnála carthanas in Éirinn a léiriú, áit a bhfuil an dá ghrúpa sin freagrach as formhór na gcarthanas cláraithe.

    Cuireadh caighdeáin bhreise rialachais ar áireamh sa Chód freisin. Is caighdeáin iad sin a bhfuilimid ag súil go gcomhlíonfaidh na carthanais is casta iad.

    Ar na cúiseanna sin, tá an Cód ábhartha do gach carthanas a oibríonn in Éirinn.

  • Cé ar a bhfuil an Cód dírithe?

    Tá an Cód dírithe ar iontaobhaithe carthanais.  Tagann na daoine seo a leanas faoin téarma ‘iontaobhaí carthanais’:

    • comhaltaí coiste;
    • comhaltaí comhairle;
    • comhaltaí boird;
    • stiúrthóirí cuideachta.

    De réir an dlí, tá freagracht aonair agus freagracht chomhpháirteach araon ar iontaobhaithe carthanais as a dtarlaíonn laistigh dá gcarthanas.  Mar sin, mura gcomhlíonann a gcarthanas na dualgais dhlíthiúla atá air, beidh na hiontaobhaithe freagrach mar dhaoine aonair agus mar chomhaltaí de bhord, de choiste, de chomhairle nó de chroíghrúpa eile (dá ngairtear an ‘bord’ sa Chód seo).

  • Cé na sé phrionsabal atá sa Chód?

     Tá iontaobhaithe carthanais freagrach as rialachas a gcarthanais agus ba cheart dóibh deimhin a dhéanamh de go gcuirtear na prionsabail rialachais seo a leanas i bhfeidhm ann.

     Tá do charthanas:

  • Cé na deich gcéim de chomhlíonadh?

    Céim 1

    Léigh an Cód Rialachais do Charthanais (comhad PDF) (an ‘Cód’) ina iomláine.

    Céim 2

    Cinn cé acu atá nó nach bhfuil do charthanas ina charthanas casta chun críche an Chóid.

    Céim 3

    I gcás gach caighdeáin, cinn cén gníomh nó cé na gníomhartha a dhéanfaidh tú chun an caighdeán sin a chomhlíonadh i do charthanas.

    Céim 4

    Leag gach gníomh amach in aice leis an gcaighdeán ábhartha san Fhoirm um Chomhlíonadh a Thaifeadadh (doiciméad WORD).

    Céim 5

    Mura mbaineann aon cheann de na caighdeáin le do charthanas, mínigh cén fáth. Tabhair an míniú in aice leis an gcaighdeán sin ar an bhFoirm um Chomhlíonadh a Thaifeadadh (doiciméad WORD).

    Céim 6

    Cinn cén fhianaise is féidir leat a sholáthar ar an ngníomh atá á dhéanamh agat nó ar na gníomhartha atá á ndéanamh agat chun gach caighdeán a bhaineann le do charthanas a chomhlíonadh.

    Céim 7

    Leag an fhianaise is féidir leat a sholáthar amach in aice leis an ngníomh ábhartha san Fhoirm um Chomhlíonadh a Thaifeadadh (doiciméad WORD).

    Céim 8

    Caith súil siar ar an bhFoirm um Chomhlíonadh a Thaifeadadh (doiciméad WORD) agus comhaontaigh cé acu atá nó nach bhfuil sí cruinn ag cruinniú boird.

    Céim 9

    Dearbhaigh go bhfuil an Cód á chomhlíonadh ag do charthanas (nó mínigh cén fáth nach bhfuil sé á chomhlíonadh aige) agus do thuarascáil bhliantúil á cur faoi bhráid an Rialálaí Carthanas agat.

    Céim 10

    Tar éis duit na caighdeáin, na gníomhartha agus an fhianaise (Céimeanna 3 go 7) a bhreithniú an athuair, comhlánaigh Foirm nua um Chomhlíonadh a Thaifeadadh (doiciméad WORD) ag cruinniú boird gach bliain sula dtabharfaidh tú tuairisc ar chomhlíonadh don Rialálaí Carthanas.

  • An bhfuil dualgas éigeantach ar charthanais chláraithe an Cód Rialachais do Charthanais a chomhlíonadh?

    Is ar bhonn ‘comhlíonadh nó míniú’ a oibrítear an Cód. Fágann sé sin nach mór do charthanais an Cód a chomhlíonadh nó a mhíniú cén fáth nár chomhlíon siad é.

    In imthosca ar leith, is féidir go mbeidh údar ann le mainneachtain an Cód nó caighdeán ar leith laistigh den Chód a chomhlíonadh. I gcásanna den sórt sin, ba cheart na cúiseanna leis an neamhchomhlíonadh a mhíniú go soiléir.

  • Cé na tairbhí a ghabhann leis an gCód Rialachais do Charthanais a chomhlíonadh?

    Tá na sé phrionsabal nasctha leis na dualgais dhlíthiúla atá ar iontaobhaithe carthanais. Is é aidhm shonrach an Chóid cabhrú le hiontaobhaithe carthanais dea-chórais agus dea-phróisis rialachais a chur i bhfeidhm, ar nithe iad lena dtabharfar cúnamh dóibh na dualgais dhlíthiúla atá orthu faoin dlí carthanas a chomhlíonadh.

    Ba cheart go spreagfadh comhlíonadh an Chóid muinín i do charthanas i measc maoinitheoirí agus deontóirí agus ba cheart go gcuirfeadh sé leis an gcumas atá ag an gcarthanas airgead a chruinniú agus comhaltaí boird nua agus oibrithe deonacha nua a mhealladh.

    Íoslaghdaíonn dea-rialachas an baol go dtiocfaidh calaois nó cleachtais dhochracha eile chun cinn agus cinntíonn sé go mbainistítear do charthanas ar bhealach a fhreastalaíonn ar bharr leasa an charthanais agus a chuid tairbhithe.

  • Cad ba cheart dom a dhéanamh ar dtús?

    Leagtar amach sa Chód Rialachais do Charthanais na deich gcéim de chomhlíonadh a bhaint amach. Is féidir iad sin a fháil ar leathanach 11 den Chód Rialachais do Charthanais.

    Ba cheart duit na nithe seo a leanas a dhéanamh ar dtús:

    1. An Cód Rialachais do Charthanais a léamh ina iomláine agus é a phlé ag an gcéad chruinniú eile de chuid na n-iontaobhaithe carthanais.
    2. Plean a fhorbairt lena gcumasaítear duit aghaidh a thabhairt ar gach ceann de na sé phrionsabal atá sa Chód le linn na bliana.
  • An carthanas casta é mo charthanas nó an carthanas neamhchasta é chun críocha an Chóid Rialachais do Charthanais?

    Mar gheall ar an éagsúlacht shuntasach atá ann maidir le méid na gcarthanas agus na cineálacha carthanas atá le fáil san earnáil carthanas, maidir leis an gcineál oibre a dhéanann siad, maidir le cén áit a n-oibríonn siad, maidir lena struchtúr dlíthiúil agus maidir leis an dóigh a gcomhlíonann siad a gcuspóir carthanúil, ní féidir a lua go cinntitheach cad is carthanas casta ann. Ní chinneann an Rialálaí Carthanas cén cineál carthanais atá ionat. Ar deireadh, tá na hiontaobhaithe carthanais i ngach eagraíocht san áit is fearr chun cinneadh eolach a dhéanamh ar cad ba cheart dá gcarthanas a dhéanamh agus ar cé acu is carthanas casta é nó nach ea. Féach an treoirdhoiciméad uainn ina leagtar amach roinnt tosca agus táscairí ar cheart d’iontaobhaithe carthanais iad a bhreithniú agus ar féidir leo an cinneadh sin a bhunú orthu. An Cód Rialachais do Charthanais - Carthanais Chasta agus Carthanais Neamhchasta

  • Tá an Cód Rialachais d’Eagraíochtaí Pobail, Deonacha agus Carthanúla á chomhlíonadh ina iomláine ag mo charthanas. An gá dom tosú as an nua?

    Ní gá. Má tá do charthanas á rialú go maith faoi láthair, is féidir nach mbeidh ort aon athruithe móra a dhéanamh chun an Cód Rialachais do Charthanais a chomhlíonadh. Ba cheart duit breithniú a dhéanamh, áfach, ar an dóigh a bhféadfá forbairt a dhéanamh ar aon chaighdeáin rialachais atá i bhfeidhm ag do charthanas cheana féin chun gur féidir leat freastal ar cheanglais an Chóid Rialachais do Charthanais.

    Ní mór duit an Fhoirm um Chomhlíonadh a Thaifeadadh a chomhlánú agus ní mór duit a dhearbhú go bhfuil an Cód á chomhlíonadh agat agus do thuarascáil bhliantúil á cur faoi bhráid an Rialálaí Carthanas agat.

  • Comhlíonann m’eagraíocht na ceanglais atá uirthi – cad is gá dom a dhéanamh anois?

    Ní mór duit an Fhoirm um Chomhlíonadh a Thaifeadadh a chomhlánú. Ní mór duit a shonrú san Fhoirm cé na gníomhartha a dhéanann do charthanas chun gach caighdeán sa Chód Rialachais do Charthanais a chomhlíonadh agus ní mór duit fianaise a thabhairt inti chun tacú leis an méid sin. Ba cheart duit an Fhoirm um Chomhlíonadh a Thaifeadadh a cheadú ag cruinniú boird sula dtabharfaidh tú tuairisc dúinn ar do chomhlíonadh.

    Ceanglófar ort comhlíonadh a dhearbhú agus Tuarascáil Bhliantúil á cur isteach agat. Is ar fáil anseo atá treoir úsáideora mhionsonraithe maidir le conas rannán an Chóid Rialachais do Charthanais den Tuarascáil bhliantúil a chomhlánú.

  • Chomhlánaigh mé Foirm um Chomhlíonadh a Thaifeadadh – an gá dom í a chur faoi bhráid an Rialálaí Carthanas?

    Ní gá. Ní cheanglaítear ort an Fhoirm um Chomhlíonadh a Thaifeadadh a chur faoi bhráid an Rialálaí Carthanas. Ní mór duit an Fhoirm a choinneáil, áfach, toisc go bhféadfadh an Rialálaí Carthanas í a iarraidh ag am ar bith. Chun an Cód a chomhlíonadh, ní mór duit an Fhoirm um Chomhlíonadh a Thaifeadadh a chomhlánú gach bliain.

  • Bíonn na cruinnithe boird de chuid mo charthanais faoi fhorlámhas ag iontaobhaí carthanais amháin nó beirt nach mbíonn ag iarraidh glacadh leis na hathruithe riachtanacha ná iad a chur chun feidhme. Cad is féidir liom a dhéanamh?

    Ní annamh an rud é bord a bheith faoi stiúir ag iontaobhaí forlámhach amháin. Is féidir le speisialtóir rialachais seachtrach cabhrú leat trí chomhairle neamhspleách a thabhairt bunaithe ar thaithí ghairmiúil.

    Is iad seo a leanas roinnt beart coisctheach eile a d’fhéadfá a bhreithniú:

    • Teorainneacha téarma a leagan síos;
    • Tabhairt faoi athbhreithnithe bliantúla ar an mbord agus faoi mheasúnuithe ar dhaoine aonair;
    • Cód iompair d’iontaobhaithe carthanais a ghlacadh;
    • Próiseas éifeachtach ionduchtúcháin a chinntiú;
    • Cur síos soiléir a dhéanamh ar róil.
  • Is carthanas beag é mo charthanas agus tagaimid le chéile go rialta chun saincheisteanna laethúla a phlé. Cá mhéad cruinniú Boird ba cheart a bheith ag mo charthanas gach bliain?

    Is faoin gcarthanas féin atá sé a chinneadh cá mhéad cruinniú a bheidh aige.  Ba cheart don bhord teacht le chéile chomh rialta agus is gá chun a chinntiú: 

    • go mbíonn gach iontaobhaí carthanais ar an mbord in ann maoirseacht chuí a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an charthanais;
    • go bhfaigheann daoine a bhainistíonn an carthanas nó a oibríonn ann aon cheadú a theastaíonn uathu ar bhealach tráthúil (trí chinntí a dhéantar agus a thaifeadtar ag cruinnithe Boird) chun gur féidir leo obair laethúil an charthanais a chur i gcrích.

    Beidh an líon cruinnithe boird a bheidh ag teastáil ag brath, mar sin, ar mhéid, ioncam agus struchtúr an charthanais.

  • Is carthanas beag é mo charthanas. Mar sin, pléann na hiontaobhaithe carthanais gach saincheist ábhartha ag cruinnithe seachtainiúla, nach cruinnithe foirmiúla Boird iad. An leor é sin chun críocha an Chóid?

    Ba cheart gach cinneadh ón mbord iontaobhaithe carthanais a dhoiciméadú ionas go mbeidh fianaise ann ar na cinntí a rinneadh agus ar cén uair a rinneadh iad.  Ní leor nithe a phlé i gcoistí nó i ngrúpaí eile sa charthanas i gcás nach féidir a thaispeáint, trí thagairt do mhiontuairiscí doiciméadaithe, gur phléigh agus gur chomhaontaigh an bord iontaobhaithe carthanais gníomh sonraithe i ndáil le ní ar leith.

  • Conas is féidir liom cruachóip a fháil den Chód Rialachais do Charthanais?

    Tá leabhair thagartha a bhfuil an Cód Rialachais do Charthanais agus an Tacar Uirlisí iontu ar fáil i ngach leabharlann phoiblí.
    Tá líon teoranta cruachóipeanna ar fáil lena mbailiú ó oifig an Rialálaí Carthanas. Is féidir iad sin a iarraidh trí ríomhphost a sheoladh chuig governancecode@charitiesregulator.ie.

  • Faoi Chaighdeán 1.8, ceanglaítear ar charthanais na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le hobair i gcomhpháirt le carthanais eile a bhreithniú. Cad is ciall lena bheith ‘ag obair i gcomhpháirt’?

    Tá raon leathan socraíochtaí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla i gceist le hobair i gcomhpháirt. Tá na nithe seo a leanas ina samplaí de shocraíocht neamhfhoirmiúil shimplí: líonrú; imeachtaí comhpháirteacha; fógraíocht chomhroinnte nó feachtais chomhroinnte; acmhainní a chomhroinnt nó smaointe a mhalartú; agus obair le chéile ar mhaithe le comhspriocanna a bhaint amach. Is féidir go mbeidh comhaontú dlíthiúil níos foirmiúla ag teastáil de réir mar a mhéadaíonn an leibhéal comhair. Tiocfaidh socraíocht níos foirmiúla as an gcinneadh chun obair le chéile i gcásanna áirithe, mar shampla cumasc idir dhá charthanas nó níos mó (féach an Treoir uainn maidir le Carthanas a Fhoirceannadh). Is féidir go mbeidh comhairle ghairmiúil ag teastáil, ag brath ar chineál aon socraíochta a dhéanfar. Agus faisnéis á comhroinnt le haon charthanas eile, is gá a chinntiú go dtabharfar aghaidh chuí ar shaincheisteanna a bhaineann le rúndacht agus leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.

    Agus tú ag smaoineamh faoi obair i gcomhpháirt le carthanais eile, ba cheart duit fiafraí díot ar dtús cé na haidhmeanna atá leis an gcomhpháirtíocht. Ní mór duit breithniú cuí a dhéanamh agus bheith deimhin gurb amhlaidh, maidir le do chomhpháirtíocht le heagraíocht eile: 

    • go gcuirfidh sí do chuspóir carthanúil ar aghaidh;
    • go mbeidh sí ina bealach cuí éifeachtach chun acmhainní do charthanais a úsáid;
    • go mbeidh sí le barr leasa do charthanais;
    • nach dtoirmisctear le doiciméad rialaithe do charthanais í.
    • gur shainaithin tú aon rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint léi agus gur féidir leat déileáil leis na rioscaí sin.
  • An soláthróidh an Rialálaí deimhniú clárúcháin nó deimhniú um chomhlíonadh an Chóid Rialachais do Charthanais, rud a d’fhéadfaí a thaispeáint go bródúil sa siopa/san oifig/ar an suíomh Gréasáin, etc.?

    Ní eisíonn an Rialálaí Carthanas aon deimhniú um chomhlíonadh an Chóid Rialachais do Charthanais. Maidir le haon charthanas a dhearbhóidh ar an Tuarascáil Bhliantúil uaidh go bhfuil an Cód á chomhlíonadh aige, beidh dearbhú an charthanais sin le feiceáil go poiblí ar an gClár Carthanas ó dháta comhdaithe na Tuarascála Bliantúla. Féadfaidh carthanais comhlíonadh an Chóid a phoibliú ar a suíomh Gréasáin nó ar ardáin eile meán sóisialta, más mian leo déanamh amhlaidh.  Mar sin féin, ba cheart do charthanais a chinntiú go gcoinneofar dearbhuithe poiblí den sórt sin cothrom le dáta.  I gcás go ndearbhóidh carthanas don Rialálaí Carthanas go bhfuil an Cód á chomhlíonadh go hiomlán aige ach nach mbeidh sé in ann fianaise a thabhairt don Rialálaí Carthanas faoin gcomhlíonadh sin, ceanglófar air an dearbhú uaidh a thabhairt cothrom le dáta.  Maidir le haon ráitis ar shuíomh Gréasáin an charthanais nó ar ardáin eile meán sóisialta de chuid an charthanais i dtaca leis an dóigh a bhfuil an Cód Rialachais do Charthanais á chomhlíonadh ag an gcarthanas, ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta láithreach chun an dearbhú leasaithe atá le feiceáil ar an gClár Carthanas a léiriú.

Tiomnachtaí Carthanúla

Ar leathanach Gréasáin an Aonaid Seirbhísí Carthanais, gheobhaidh tú treoir maidir le Foirmeacha Tiomnachta Carthanúla agus maidir le conas admhálacha a chur isteach.

Iontaobhas Carthanúil

Ar leathanach Gréasáin an Aonaid Seirbhísí Carthanais, gheobhaidh tú treoir maidir le Foirmeacha Tiomnachta Carthanúla agus maidir le conas admhálacha a chur isteach

Scoileanna

Tá na grafaicí faisnéise thíos deartha chun cabhrú leat do bhealach a dhéanamh trínár dtairseach do chustaiméirí. Cliceáil ar gach grafaic chun í a mhéadú. Caith súil ar na grafaicí sula dtéann tú chuig ‘Mo Chuntas.

Scoileanna

  

 

  • Cén fáth ar gá do mo scoil clárú mar Charthanas?

    Ceanglaítear le dlí ar bhunscoileanna, scoileanna speisialta agus iar-bhunscoileanna a bhfuil uimhir rolla bhailí ón Roinn Oideachais agus Scileanna acu iarratas a chur isteach ar a gcuimsiú sa Chlár Carthanas. Tá na scoileanna sin faoi raon feidhme théarmaí an Achta Carthanas 2009, agus iad ag teacht faoin sainmhíniú ar ‘comhlacht oideachais’.

  • Conas is féidir liom mo Scoil a chlárú mar Charthanas?

    Chun iarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil, beidh ort cuntas úsáideora, ar a dtugtar ‘Mo Chuntas’, a chruthú agus ansin logáil isteach sa chuntas agus iarratas a chomhlánú agus a chur isteach.

    Cliceáil ar ‘Cruthaigh Cuntas’ ar leathanach Sínithe Isteach ‘Mo Chuntas’ mura bhfuil cuntas custaiméara agat.

    Cliceáil anseo chun teacht ar an Treoir Úsáideora maidir le Clárú.

    Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun Iarratas do scoile ar Chlárú a chur isteach.

     

  • Cén tIarratas ba cheart dom a chur isteach?

    Tá an córas um iarratais a chlárú deartha chun cabhrú leis an Rialálaí Carthanas cinntí a dhéanamh ar iarratais ar bhealach níos éifeachtúla agus áirítear leis foirmeacha sonracha do Bhunscoileanna/Scoileanna Speisialta agus d’Iar-bhunscoileanna.

    • Bunscoil nó Scoil Speisialta a Chlárú – cliceáil anseo chun teacht ar an treoir úsáideora
    • Iar-bhunscoil a Chlárú – cliceáil anseo chun teacht ar an treoir úsáideora

    Measúnófar d’iarratas ar stádas carthanúil ansin. Rachaidh cásoifigeach i dteagmháil leat má theastaíonn uaidh/uaithi tuilleadh faisnéise uait.

    Gheobhaidh tú fógra oifigiúil ón Rialálaí Carthanas a luaithe a dhéantar cinneadh ar d’iarratas ar stádas carthanúil.

    Tabhair faoi deara nach féidir linn a dheimhniú cá fhad a thógfaidh sé chun iarratais a phróiseáil. Bíonn fad na n-agaí feithimh ag brath ar chineál an iarratais agus ar cé chomh tapa is a thugann an t-iarratasóir freagra ar aon cheisteanna a dtarraingíonn an cásoifigeach iad anuas.

  • An gceanglaítear ar scoileanna tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Rialálaí Carthanas?

    Tá oibleagáid ar gach eagraíocht charthanúil tuairisciú ar a gníomhaíochtaí airgeadais sa bhliain roimhe de réir alt 52 den Acht Carthanas 2009 trí fhoirm Tuarascála Bliantúla a chur faoi bhráid an Rialálaí Carthanas tríd an tairseach ar líne.

    De réir alt 18 den Acht Oideachais, 1998, ceanglaítear ar scoileanna cuntais bhliantúla a chur faoi bhráid an Aonaid um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais (FSSU) i mí Feabhra gach bliain. Chun cabhrú le scoileanna, tá an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais ag comhroinnt a gcuid cuntas bliantúil ceadaithe leis an Rialálaí Carthanas ón mbliain 2020 i leith. Líontar an fhaisnéis sin isteach roimh ré i bhfoirm tuarascála bliantúla an Rialálaí Carthanas do do scoil ansin. Chun an próiseas a chríochnú, ní mór do gach scoil a dhearbhú go bhfuil an fhaisnéis ceart agus an tuarascáil bhliantúil a chur isteach tríd an tairseach ar líne ar ár suíomh Gréasáin.

    Má thagann tú ar aon fhaisnéis atá mícheart san fhoirm atá líonta isteach roimh ré, ní gá duit ach an fhoirm sin a cheartú.  Cuir an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais ar an eolas faoi aon cheartúcháin a rinne tú.

    Tá na céimeanna thuas leagtha amach sa ghrafaic faisnéise úsáideach uainn anseo.
     

    Gheobhaidh tú treoracha sa ghrafaic faisnéise úsáideach uainn anseo maidir le conas do chuntas custaiméara a rochtain agus maidir le cad ba cheart duit a dhéanamh mura cuimhin leat d’ainm logála isteach nó do phasfhocal.
     

    Tuarascálacha Bliantúla atá fós amuigh do bhlianta roimh an mbliain 2019

    Tá foirmeacha tuarascála bliantúla líonta isteach roimh ré do na blianta 2019, 2020 agus 2021. Ní líonta isteach roimh ré, áfach, atá foirmeacha tuarascála bliantúla atá fós amuigh do bhlianta roimh an mbliain 2019. Mura bhfuil sé seo déanta agat cheana féin, iontráil an fhaisnéis a cheanglaítear agus cuir isteach aon fhoirmeacha tuarascála bliantúla atá fós amuigh, agus an ceann is sine díobh á chur isteach ar dtús.

  • Conas is féidir liom Tuarascáil Bhliantúil a chomhdú do mo scoil?

    Gheobhaidh tú treoracha sa ghrafaic faisnéise úsáideach uainn anseo maidir le conas logáil isteach i do chuntas custaiméara agus maidir le conas do thuarascáil bhliantúil a chomhdú.

    Gheobhaidh tú treoracha sa ghrafaic faisnéise úsáideach uainn anseo maidir le conas do chuntas custaiméara a rochtain agus maidir le cad ba cheart duit a dhéanamh mura cuimhin leat d’ainm logála isteach nó do phasfhocal.

  • Conas is féidir liom cuntas custaiméara mo scoile (‘Mo Chuntas’) a rochtain?

    Sínigh isteach i gcuntas custaiméara do scoile ar leathanach Logála Isteach ‘Mo Chuntas’.

  • Conas is féidir liom mo phasfhocal a athshocrú?

    Is féidir leat pasfhocal do chuntais chustaiméara a athshocrú ach cliceáil ar an nasc ‘Pasfhocal Dearmadta’ ar leathanach Logála Isteach ‘Mo Chuntas’.

    Tabhair faoi deara go mbeidh ort d’fhaisnéis teagmhála a nuashonrú i ‘Mo Phróifíl’ i gcás nach bhfuair tú rochtain ar do chuntas custaiméara inár gcóras nua TF riamh.

  • Níl aon rochtain agam ar mo sheoladh ríomhphoist a thuilleadh. Conas is féidir liom cuntas carthanais mo Scoile a rochtain?

    Beidh ort cuntas úsáideora nua a chruthú ach cliceáil ar ‘Cruthaigh Cuntas’.

    A luaithe atá tú logáilte isteach, cliceáil ar ‘Tosaigh Comhdú Nua’.

    Beidh mír aníos le feiceáil ar thaobh na láimhe deise ansin. Cliceáil ar ‘Carthanas Reatha’ ag an mbarr.

    Iontráil d’Uimhir Charthanais Chláraithe sa bharra ‘Cuardaigh Carthanas’ ansin.

    Is féidir leat foirm um Chomhdaitheoir Údaraithe a chomhdú ansin thar ceann na scoile.

    Ní mór litir ceadaithe atá sínithe ag comhalta amháin ar a laghad den Bhord Bainistíochta a uaslódáil in éineacht leis an bhfoirm sin – féach leathanach 6 den treoir úsáideora anseo.

  • Logáil mé isteach i ‘Mo Chuntas’, ach ní féidir liom aon fhoirmeacha a rochtain. Cá bhfuilim ag dul ar strae?

    Ní mór duit do phróifíl a nuashonrú sular féidir leat foirmeacha a chur isteach den chéad uair.

    Cliceáil ar an tsiombail seo ag an mbarr ar dheis den scáileán agus cliceáil ar ‘Mo Phróifíl’.

    Cliceáil ar an gcnaipe ‘Cuir in eagar’ agus líon isteach an Céadainm, an Sloinne agus an Uimhir Theileafóin.

    Cliceáil ar ‘Sábháil’ agus fill ar an Deais.

  • Cén fáth ar gá dom Tuarascáil Bhliantúil a chur isteach do mo Scoil?

    Faoin Acht Carthanas 2009, ní mór do gach carthanas atá cláraithe sa Stát Tuarascáil Bhliantúil a chur ar fáil don Rialálaí Carthanas.

    Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi sin, féach an rannán ‘Tuairisciú Bliantúil’ dár suíomh Gréasáin nó cliceáil anseo.

    Cliceáil anseo chun teacht ar an Treoir Úsáideora don fhoirm Tuarascála Bliantúla do Scoileanna.

  • Conas is féidir liom foirmeacha amhail Tuarascáil Bhliantúil a chur isteach do mo Scoil?

    Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun tuarascálacha agus foirmeacha a chomhdú thar ceann do scoile.

    A luaithe atá tú logáilte isteach, scrollaigh síos go bun an leathanaigh agus cliceáil ar ‘Comhdú Nua’ in aice le hainm do charthanais.

    Beidh mír aníos le feiceáil ar thaobh na láimhe deise ansin. Cliceáil ar ‘Carthanas Reatha’ ag an mbarr agus ansin ar ‘Tosaigh’.

    Cliceáil anseo chun teacht ar an liosta iomlán de Threoracha Úsáideora atá ar fáil laistigh de ‘Mo Chuntas’.

  • Conas is féidir liom Bord Bainistíochta mo scoile a nuashonrú?

    Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun do Bhord Bainistíochta a nuashonrú.

    Ba cheart duit foirm um Iontaobhaithe, Baint agus Comhairleoirí Seachtracha a Chothabháil a chomhdú.

    Bain úsáid as an bhfoirm sin chun comhaltaí de do Bhord Bainistíochta (iontaobhaithe carthanais) a nuashonrú, a scriosadh nó a chur leis nó chun faisnéis a bhaineann le baint agus comhairleoirí seachtracha a nuashonrú.

    Cliceáil anseo chun teacht ar an Treoir Úsáideora don fhoirm sin.

    Tabhair faoi deara gur gá seoladh cónaithe iomlán (Éirchód san áireamh) a iontráil do gach iontaobhaí. Is féidir leat an seoladh nó an tÉirchód a iontráil sa bharra ‘Cuardaigh Seoladh’ agus is féidir leat cliceáil ar an toradh ansin chun go líonfar an seoladh isteach go huathoibríoch.

  • Conas is féidir liom seoladh ríomhphoist na scoile a nuashonrú?

    Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun seoladh ríomhphoist teagmhála do scoile a nuashonrú. Ba cheart duit foirm um Shonraí Teagmhála agus Láithreacha Oibriúcháin a Chothabháil a chomhdú.

    Cliceáil anseo chun teacht ar an Treoir Úsáideora don fhoirm sin.

  • Tuarascáil Bhliantúil - Treoir Úsáideora

    Cliceáil anseo chun teacht ar an treoir úsáideora

Conas is féidir liom cuntas custaiméara mo charthanais (‘Mo Chuntas’) a rochtain?

Sínigh isteach i gcuntas custaiméara do charthanais ar leathanach Logála Isteach ‘Mo Chuntas.

Sonraí Carthanais a bhainistiú trí ‘Mo Chuntas’ a úsáid

Tá na grafaicí faisnéise thíos deartha chun cabhrú leat do bhealach a dhéanamh trínár dtairseach do chustaiméirí. Cliceáil ar gach grafaic chun í a mhéadú. Caith súil ar na grafaicí sula dtéann tú chuig ‘Mo Chuntas’.

Carthanais

  

  • Conas is féidir liom sonraí mo charthanais a nuashonrú?

    Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun aon athruithe a dhéanamh ar shonraí an charthanais sa Chlár Carthanas.

    Agus tú ag úsáid ‘Mo Chuntas’, féach an Treoir Theicniúil Úsáideora chun cabhrú leat do bhealach a dhéanamh tríd an gcóras nua. D’fhéadfadh gur mhaith leat é a phriontáil amach mar Threoir Tagartha Áisiúil.

    Cliceáil anseo chun amharc ar an doiciméad ‘Mo Chuntas’ a Úsáid - Treoir Theicniúil Úsáideora.

    Sínigh isteach i gcuntas custaiméara do charthanais ar leathanach Logála Isteach ‘Mo Chuntas’.

    Scrollaigh síos go bun an leathanaigh agus cliceáil ar ‘Comhdú Nua’ in aice le hainm do charthanais sa rannán ‘Mo Charthanais’.

    Beidh mír aníos le feiceáil ar thaobh na láimhe deise ansin. Cliceáil ar ‘Carthanas Reatha’ ag an mbarr agus ansin ar ‘Tosaigh’.

    Aimsigh an fhoirm a theastaíonn agus cliceáil ar ‘Tosaigh’ agus ar ‘Lean ar Aghaidh’.

  • D’aimsigh mé an fhoirm ba mhaith liom a chomhdú. An bhfuil aon treoir ar fáil chun cabhrú liom an fhoirm a chomhlánú?

    Sa Treoir Úsáideora céim ar chéim do gach foirm, mínítear an fhaisnéis is gá a iontráil. Cliceáil ar ‘Cabhair’ atá suite sa stráice gorm ar thaobh na láimhe clé chun an treoir úsáideora a oscailt.

    Cliceáil anseo chun dul chuig an leathanach tiomnaithe don doiciméad ‘Mo Chuntas’ a Úsáid – Treoir Úsáideora.

  • Cad is ciall leis an gcomhartha súile?

    Beidh comhartha "súile" ann in aice le roinnt den fhaisnéis a chuirfidh tú isteach.

    I gcás eagraíochtaí atá cláraithe cheana féin, tugann sé le fios go mbeidh an fhaisnéis lena mbaineann le feiceáil go huathoibríoch ar an gClár Poiblí.

    Má tá iarratas á dhéanamh agat ar Chlárú, ní bheidh sé sin le feiceáil ar an gClár Poiblí ach i gcás gur ceadaíodh do chlárú.

  • Cad a chiallaíonn an deilbhín ‘i’?

    I Icon Ciallaíonn an deilbhín seo go bhfuil leid nó míniú gearr ar fáil. Is féidir leat do luchóg a bhogadh thar aon siombail chabhrach chun tuilleadh faisnéise a fháil.

  • Chomhdaigh mé foirm ach seoladh ar ais chugam í, á iarraidh go dtabharfainn tuilleadh faisnéise. Conas is féidir liom an fhoirm a rochtain?

    Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun d’fhoirm a chur in eagar.

    A luaithe atá tú logáilte isteach, cliceáil ar ‘Mo Chomhduithe’ sa roghchlár ar an taobh clé de leathanach baile ‘Mo Chuntas’ chun liosta de na comhduithe (nó na foirmeacha) go léir a bhaineann le d’eagraíocht faoi tháib cheannteidil éagsúla a oscailt.

    Is ar fáil faoin táb ‘Seolta ar Ais’ a bheidh aon fhoirm a chuir tú isteach (‘aighneacht’) agus a seoladh ar ais chugat le haghaidh tuilleadh faisnéise a fháil.

    Mar mhalairt air sin, is féidir leat cliceáil ar an gceannteideal seolta ar ais faoi ‘Comhduithe Aighneachtaí’ ar an deais chun d’aighneacht a oscailt.

    Féach leathanach 66 den doiciméad ‘Mo Chuntas’ a Úsáid - Treoir Theicniúil Úsáideora, atá ar fáil anseo.

  • Conas is féidir liom m’Iontaobhaithe Carthanais a nuashonrú?

    Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun d’iontaobhaithe carthanais a nuashonrú.

    Ba cheart duit foirm um Iontaobhaithe, Baint agus Comhairleoirí Seachtracha a Chothabháil a chomhdú.

    Bain úsáid as an bhfoirm sin chun iontaobhaithe carthanais a nuashonrú, a scriosadh nó a chur leis nó chun faisnéis a bhaineann le baint agus comhairleoirí seachtracha a nuashonrú.

    Cliceáil anseo chun teacht ar an Treoir Úsáideora don fhoirm sin.

    Beidh an fhoirm sin bán. Moltar duit tosú sa rannán ‘Scrios Iontaobhaí’ den fhoirm. Is féidir leat an fhoirm chéanna a úsáid chun na hathruithe uile a dhéanamh ar do bhord iontaobhaithe carthanais.

    Tabhair faoi deara gur gá seoladh cónaithe iomlán (Éirchód san áireamh) a iontráil do gach iontaobhaí. Is féidir leat an seoladh nó an tÉirchód a iontráil sa bharra ‘Cuardaigh Seoladh’ agus is féidir leat cliceáil ar an toradh ansin chun go líonfar an seoladh isteach go huathoibríoch.

  • Tá coinbhleacht leasa ag iontaobhaí carthanais. Conas is féidir liom fógra a thabhairt don Rialálaí Carthanas faoi sin?

    Iarrtar ort breac-chuntas a thabhairt ar aon bhaint (lena n-áirítear aon chaidreamh teaghlaigh, gnó agus fostaíochta) atá ann idir iontaobhaithe nó bunaitheoir d’eagraíochta agus aon duine de d’fhostaithe nó de do sholáthraithe earraí nó seirbhísí.

    Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun an bhaint sin le do charthanas a dhearbhú.

    Ba cheart duit foirm um Iontaobhaithe, Baint agus Comhairleoirí Seachtracha a Chothabháil a chomhdú.

    Cliceáil anseo chun teacht ar an Treoir Úsáideora don fhoirm sin.

  • Conas is féidir liom seoladh ríomhphoist an charthanais a nuashonrú?

    Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun seoladh ríomhphoist teagmhála do charthanais a nuashonrú.

    Ba cheart duit foirm um Shonraí Teagmhála agus Láithreacha Oibriúcháin a Chothabháil a chomhdú.

    Cliceáil anseo chun teacht ar an Treoir Úsáideora don fhoirm sin.

  • Conas is féidir liom Tuarascáil Bhliantúil a chur isteach do mo charthanas?

    Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun tuarascálacha agus foirmeacha a chomhdú thar ceann do charthanais.

    Sínigh isteach i gcuntas custaiméara do charthanais ar leathanach Logála Isteach ‘Mo Chuntas’.

    A luaithe atá tú logáilte isteach, scrollaigh síos go bun an leathanaigh agus cliceáil ar ‘Comhdú Nua’ in aice le hainm do charthanais.

    Beidh mír aníos le feiceáil ar thaobh na láimhe deise ansin. Cliceáil ar ‘Carthanas Reatha’ ag an mbarr agus ansin ar ‘Tosaigh’.

    Tá sonraí faoi conas logáil isteach agus an fhoirm Tuarascála Bliantúla a aimsiú ar fáil in Aguisín 1 a ghabhann leis an doiciméad Tuarascáil Bhliantúil - Treoir Úsáideora, rud atá ar fáil anseo.

    Cliceáil anseo chun dul chuig an leathanach tiomnaithe do Thuairisciú Bliantúil.

  • D’athraigh mo charthanas an dáta a chríochnóidh a chéad bhliain airgeadais eile. Conas is féidir liom cuntas mo charthanais a nuashonrú?

    Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun an dáta a chríochnaíonn bliain airgeadais do charthanais a nuashonrú.

    Ba cheart duit foirm um Athrú ar Dheireadh na Bliana Airgeadais a chomhdú.

    Má athraíonn tú dáta deiridh do bhliana airgeadais, beidh seans ann go ndéanfar difear don chéad tuarascáil bhliantúil eile uait chuig an Rialálaí Carthanas toisc nach mór tuairisciú bliantúil leanúnach a bheith ann, i.e. ní fhéadfar aon bhearnaí a fhágáil sa tuairisciú.

    Cliceáil anseo chun teacht ar an Treoir Úsáideora don fhoirm sin.

    Tabhair faoi deara gur cheart duit foirm nua Tuarascála Bliantúla a oscailt a luaithe a thugtar fógra duit gur tháinig athrú ar Dheireadh Bliana Airgeadais an charthanais. Ná cuir aon dréachtfhoirmeacha Tuarascála Bliantúla atá ann cheana isteach toisc go gcealóidh sé sin aon athrú ar Dheireadh do Bhliana Airgeadais.

  • Conas is féidir liom doiciméad rialaithe nó cuspóir carthanúil/cuspóirí carthanúla an charthanais a nuashonrú?

    Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun iarratas a dhéanamh ar chead chun doiciméad rialaithe do charthanais a nuashonrú.

    Ba cheart duit foirm um Athrú Cuspóra a chomhdú má tá sé beartaithe agat do chuspóir carthanúil/do chuspóirí carthanúla nó do phríomhchuspóir a athrú nó aon leasuithe eile a dhéanamh ar do bhunreacht (do dhoiciméad rialaithe).

    Cliceáil anseo chun teacht ar an Treoir Úsáideora don fhoirm sin.

    Tabhair faoi deara: Níor cheart duit na hathruithe a ghlacadh ach amháin tar éis don Rialálaí Carthanas ceadú a thabhairt duit déanamh amhlaidh.

    TÁBHACHTACH: Is ann do chlásail chaighdeánacha nach mór a chur ar áireamh i ngach bunreacht.  Tá teimpléad bunreachta againn a molaimid do charthanais é a úsáid.

    Tá na clásail chaighdeánacha agus bunreachtanna eiseamláireacha ar fáil ar an leathanach ‘Treoir do Charthanais’. 

  • Conas is féidir liom ainm an charthanais a athrú?

    Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun iarratas a dhéanamh ar chead chun ainm do charthanais a athrú.

    Ba cheart duit foirm um Athrú Ainm a chomhdú.

    Cliceáil anseo chun teacht ar an Treoir Úsáideora don fhoirm sin.

    Tabhair faoi deara: Níor cheart duit na leasuithe a ghlacadh ach amháin tar éis don Rialálaí Carthanas ceadú a thabhairt duit déanamh amhlaidh.

  • Conas is féidir liom sonraí Chuntais Bhainc an charthanais a nuashonrú?

    Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun cuntais bhainc do charthanais a nuashonrú, a scriosadh nó a chur leis.

    Ba cheart duit foirm um Chuntas Bainc a Chothabháil a chomhdú.

    Cliceáil anseo chun teacht ar an Treoir Úsáideora don fhoirm sin.

  • Baineann an carthanas leas as tiomsaitheoirí airgid gairmiúla. Conas is féidir liom a sonraí a nuashonrú?

    Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun faisnéis cruinnithe airgid a nuashonrú, mar shampla cruinnitheoirí airgid gairmiúla a chur leis nó a bhaint.

    Ba cheart duit foirm um Shonraí Cruinnitheoirí Airgid a Chothabháil a chomhdú.

    Cliceáil anseo chun teacht ar an Treoir Úsáideora don fhoirm sin.

  • Cén áit ar féidir liom tuilleadh faisnéise a fháil faoin gCód Rialachais do Charthanais?

    Ar shuíomh Gréasáin an Rialálaí Carthanas, tá leathanach tiomnaithe ann don Chód Rialachais do Charthanais.

    Gheobhaidh tú Tacar Uirlisí an Chóid Rialachais do Charthanais ar an leathanach sin freisin. Tá an tacar ina shraith treoirnótaí agus teimpléad a ullmhaíodh chun cúnamh agus tacaíocht phraiticiúil a thabhairt d’iontaobhaithe carthanais.

    Cliceáil anseo chun dul chuig leathanach an Chóid Rialachais do Charthanais.

  • Cé na srianta formáide agus méide atá i bhfeidhm maidir le doiciméid a uaslódáil?

    Is iad seo a leanas na sonraí sin:

    • Formáid: Ní mór doiciméid a bheith i bhformáid pdf (Formáid Doiciméad Iniompartha) sular féidir iad a uaslódáil.
    • Méid: Is é 5 MB uasmhéid aon chomhaid is féidir a uaslódáil.
  • Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an Rialálaí Carthanas?

    Más rud é go dteastóidh tuilleadh cúnaimh uait, is féidir leat cabhair a iarraidh tríd an bhfeidhm teachtaireachtaí ar ‘Mo Chuntas’.

    Ní mór duit bheith logáilte isteach i ‘Mo Chuntas’ chun comhfhreagras a sheoladh trínár seirbhís teachtaireachtaí inmheánach.

    A luaithe atá tú logáilte isteach, cliceáil ar ‘Teachtaireachtaí’ sa roghchlár ar an taobh clé de leathanach baile ‘Mo Chuntas’.

    Cliceáil ar ‘Teachtaireacht Nua’ chun cabhair a iarraidh nó cliceáil ar ‘Freagair’ chun freagra a thabhairt ar theachtaireacht ón Rialálaí Carthanas.

Iarratais faoi na hAchtanna Carthanas, 1961 agus 1973

Carthanas a Dhúnadh nó a Fhoirceannadh

  • Cad ba cheart dom a dhéanamh mura bhfuil mo charthanas gníomhach a thuilleadh, má tá sé á fhoirceannadh nó má tá sé dúnta?

    Beidh an próiseas ag brath ar chineál d’eagraíochta:

    Má fuair do charthanas uimhir CHY ó na Coimisinéirí Ioncaim tar éis an 16 Deireadh Fómhair 2014:

    Ba cheart duit foirm um charthanas a dhíchlárú go deonach a chomhlánú ar an gcéad ásc, rud is féidir a rochtain trínár dtairseach anseo.  Ní fhéadfaidh ach Comhdaitheoir Údaraithe an fhoirm seo a chomhdú don Charthanas Cláraithe.

    Tabharfaidh an Rialálaí Carthanas eolas duit faoi na chéad bhearta eile nach mór a dhéanamh chun an eagraíocht a fhoirceannadh de réir an dlí.

    Má bhí uimhir CHY leis na Coimisinéirí Ioncaim ag do charthanas roimh an 16 Deireadh Fómhair 2014:

    Ba cheart duit fógra a thabhairt do Rannóg Carthanas na gCoimisinéirí Ioncaim ar an gcéad ásc tríd an tSeirbhís Ioncaim Ar Líne (ROS) ag:

    https://www.revenue.ie/ga/companies-and-charities/charities-and-sports-bodies/charitable-tax-exemption/charities-that-are-dormant-or-winding-up.aspx

    nó trí ghlao a chur ar: 01-7383688

    D’iarrfaimis ort foirm um charthanas a dhíchlárú go deonach a chomhlánú, rud is féidir a rochtain trínár dtairseach anseo.  Ní fhéadfaidh ach Comhdaitheoir Údaraithe an fhoirm seo a chomhdú don Charthanas Cláraithe.

    A luaithe atá ceanglais uile na gCoimisinéirí Ioncaim sásaithe ag an gcarthanas, cealóidh na Coimisinéirí Ioncaim an uimhir CHY agus tabharfaidh siad fógra dúinn go díreach an carthanas a bhaint den Chlár Carthanas.

    Cliceáil anseo chun amharc ar an doiciméad uainn dar teideal Treoir maidir le Carthanas a Fhoirceannadh.

Top