-
Iontaobhaithe nua a cheapadh
Faoi alt 43 den Acht Carthanas, 1961 (arna leasú le halt 14 den Acht Carthanas, 1973, agus le halt 82 den Acht Carthanas 2009), féadfaidh an Rialálaí Carthanas iontaobhaithe d’iontaobhas carthanúil (nó a bhaineann le maoin ar leith a shealbhaítear ar iontaobhais charthanúla) a cheapadh chun folúntas a líonadh nó chun fónamh mar iontaobhaithe breise. Tarlaíonn sé sin de ghnáth i gcás nach bhfuil aon iontaobhaithe beo ag an gcarthanas a thuilleadh.
Sula bhféachann siad le hiarratas a dhéanamh chuig an Rialálaí Carthanas, ba cheart do charthanais agus dá gcomhairleoirí dlí a bhreithniú ar dtús cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh, faoi ghníomhas teidil na maoine, faoi dhoiciméad rialaithe an charthanais nó faoi na forálacha reachtúla réamhshocraithe den Trustee Act 1893, a cheadaítear do dhuine éigin laistigh den charthanas, don iontaobhaí is déanaí a mhaireann nó dá (h)ionadaí pearsanta dlíthiúil iontaobhaithe a cheapadh.
Is annamh a dhéanfar dlínse an Rialálaí Carthanas a agairt i gcás go bhfuil duine éigin eile ann a bhfuil údarás aige/aici an ceapachán a dhéanamh. Ós rud é go bhfuil roinnt céimeanna i gceist leis an bpróiseas reachtúil le haghaidh iontaobhaithe nua a cheapadh agus go dtógann sé níos mó ná sé mhí faoi láthair na hiarratais sin a phróiseáil, is gasta an próiseas i gcás gur féidir duine éigin a bhfuil údarás aige/aici a shainaithint chun an ceapachán a dhéanamh.
Cén uair a cheapfaidh an Rialálaí Carthanas iontaobhaithe nua?
Féadfar ceapacháin a dhéanamh:
- chun áit iontaobhaí nó iontaobhaithe reatha a ghlacadh nó chun cur leis an iontaobhaí nó na hiontaobhaithe sin;
- i gcás nach bhfuil aon chumhacht ceapacháin ar áireamh i ndoiciméad rialaithe an charthanais nó sa ghníomhas a bhaineann leis an maoin;
- i gcás nach bhfuil aon iontaobhaí marthanach ann agus go bhfuil ionadaithe pearsanta dlíthiúla an iontaobhaí is déanaí a mhaireann éagtha nó nach bhfuil siad toilteanach an ceapachán a dhéanamh;
- i gcás gur dóigh le Bord an Rialálaí Carthanas gur gá an ceapachán a dhéanamh.
Féadfaidh iontaobhaí nó iontaobhaithe an charthanais an t-iarratas a dhéanamh nó, mura féidir an t-iontaobhaí/na hiontaobhaithe a aimsiú, féadfaidh duine ar bith a bhfuil leas aige/aici i maoin an charthanais an t-iarratas a dhéanamh.
Is trí Dhearbhú Reachtúil a dhéantar iarratas ar iontaobhaithe nua a cheapadh. Gheobhaidh tú foirm ar líne trí logáil isteach i ‘Mo Chuntas’ agus tríd an rannán Seirbhísí Carthanais a roghnú. Tá boscaí téacs ann ar an bhfoirm, agus iad le líonadh isteach ag iarratasóirí. Gineann sé sin dearbhú reachtúil caighdeánach.
Ní mór dearbhú alt 55/ráiteas maidir le toilteanas chun gníomhú a bheith sínithe ag gach duine a bheartaítear chun gníomhú mar iontaobhaithe maoine carthanais. Má bheartaítear cuideachta shealbhaíochta maoine iontaobhais loim nó comhlacht corpraithe eile a cheapadh mar iontaobhaí, ba cheart dearbhú alt 55 a leasú dá réir sin agus ní mór é a bheith sínithe thar ceann na cuideachta, de réir na bhforálacha ábhartha dá doiciméad rialaithe.
Cé na doiciméid is gá dom a uaslódáil in éineacht le m’iarratas?
- an fhoirm chomhlánaithe ar ‘Mo Chuntas’, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
- tuairisc ar achar agus staid gheografach na maoine sa Sceideal a ghabhann leis an dearbhú. I gcás talamh neamhchláraithe, ba cheart an tuairisc sin a bheith ag teacht leis an gclásal dáileachta atá sa ghníomhas ábhartha nó leis an sceideal dáileachta a ghabhann leis an ngníomhas sin agus, i gcás talamh cláraithe, ba cheart tagairt don fhóilió a bheith ar áireamh inti. I gcás nach ann d’aon ghníomhas, ba cheart an tuairisc sin agus an seoladh a bheith chomh hiomlán agus is féidir;
- tuairisc ar na hiontaobhais charthanúla ar a sealbhaítear an mhaoin;
- stair na maoine agus ráiteas maidir le teideal na maoine;
- Tabhair faoi deara: talamh neamhchláraithe - i gcás iarratas ar iontaobhaithe nua a cheapadh, dílseofar an talamh do cibé eastát agus leas a shealbhaigh na hiontaobhaithe roimhe, gan cineál an eastáit ná an leasa a shainaithint. Tá mionsonraí faoin dréachtfhoclaíocht cheadaithe leagtha amach thíos. Tabhair faoi deara gur ar an mbonn sin a chaitear le gach ordú dílseacháin a bhaineann le talamh neamhchláraithe;
- ráiteas ina ndeimhnítear bás na n-iar-iontaobhaithe, agus tagairt á déanamh do dheimhnithe báis atá uaslódáilte nó do cibé fianaise eile atá ar fáil ar bhás na n-iar-iontaobhaithe;
- ainm agus seoladh na n-iontaobhaithe beartaithe nua agus tuairisc orthu (beirt iontaobhaithe ar a laghad, ach amháin i gcás gur cuideachta iontaobhais í an chuideachta) nó ainm agus seoladh Oifig Chláraithe na cuideachta sin;
- ráiteas ina ndeimhnítear nach bhfuil aon srian ar aistriú ann, ar srian é lena gcuirfí cosc ar iontaobhaithe nua a cheapadh;
- na hiontaobhais ar a bhfuil sé inmhianaithe go ndílseodh an tÚdarás an mhaoin do na hiontaobhaithe lena mbaineann;
- deimhniú báis do gach iontaobhaí éagtha ar theideal;
- doiciméid a bhaineann le teideal na maoine (mar shampla, cóip atá cothrom le dáta den fhóilió agus den phlean comhaid nó de na gníomhais teidil faoina sealbhaítear an mhaoin);
- cóip den ghníomhas lenar dílsíodh an mhaoin don charthanas;
- léarscáil den mhaoin, ar a sainaithnítear an mhaoin go soiléir;
- deimhniú maidir le cén áit a dtaispeánfar na fógraí poiblí reachtúla;
- na seoltaí ag a bhfuil gnáthchónaí ar na hiontaobhaithe beartaithe nó, i gcás gur comhlacht corpraithe í an chuideachta, seoladh oifig chláraithe na cuideachta;
- cóip den doiciméad rialaithe is déanaí do gach eintiteas is ábhar do d’iarratas;
- Má tá cuideachta shealbhaíochta maoine i gceist le d’iarratas, doiciméad rialaithe na cuideachta sin i dteannta dhoiciméad rialaithe an charthanais chláraithe.
Tabhair faoi deara: Tá doiciméid bhunaidh atá sínithe i ndúch fliuch ag teastáil i leith foirmeacha iarratais agus dearbhuithe reachtúla. Ná seol aon doiciméid teidil bhunaidh chuig an Rialálaí Carthanas – is leor cóipeanna, i bhformhór na gcásanna.
Iontaobhaithe Nua a Cheapadh - Treoir Úsáideora (Doiciméad PDF) Cuir Iarratas isteach
-
Iarratas ar mhaoin carthanais a dhiúscairt
Tríd is tríd, is gá iarratais ar údarú le haghaidh maoin carthanais a dhiúscairt a dhéanamh i gcás nach bhfuil sé de chumhacht ag na hiontaobhaithe ar shlí eile an diúscairt a dhéanamh de réir iontaobhais an charthanais chláraithe ar a sealbhaítear an mhaoin nó i gcás go bhfágann srian ar theideal gur gá toiliú a fháil. I ngach cás ina ndearna an Rialálaí Carthanas nó Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d’Éirinn iontaobhaithe a cheapadh, iontráladh srian/toirmeasc ar an ngníomhas maoine nó ar an bhfóilió maoine, a fhágann gur gá údarú a fháil ón Rialálaí Carthanas le haghaidh an mhaoin a dhiúscairt amach anseo.
Moltar dul i dteagmháil le comhairleoirí dlí agus le ceantálaithe ag luathchéim den phróiseas sula ndíoltar maoin carthanais. Tríd is tríd, tá freagracht ar iontaobhaithe carthanais gníomhú le barr leasa an charthanais agus téarmaí díola atá buntáisteach don charthanas a chomhaontú. Mar sin, ní mór do na hiontaobhaithe margadhluach oscailte iomlán a fháil agus a bheith in ann a dhoiciméadú conas a suíodh an luach sin.
An bhfuil toiliú ón Rialálaí ag teastáil?
Sula ndéanann siad iarratas, ba cheart do charthanais agus dá gcomhairleoirí dlí a bhreithniú cé acu atá nó nach bhfuil toiliú ón Rialálaí Carthanas ag teastáil i ndáiríre nó cé acu atá nó nach bhfuil sé de chumhacht ag an gcarthanas cheana féin an diúscairt a dhéanamh. Mar shampla, má luaitear i ndoiciméad rialaithe an charthanais chláraithe (a bhí i bhfeidhm nuair a fuarthas an mhaoin) go bhfuil sé de chumhacht ag an gcarthanas an diúscairt a dhéanamh, ní cheanglófaí air de ghnáth toiliú leis an diúscairt bheartaithe a iarraidh ón Rialálaí Carthanas, ar choinníoll go measann na hiontaobhaithe go rachaidh an diúscairt chun tairbhe don charthanas agus go mbeidh sí buntáisteach don charthanas. Is uathúil atá gach teideal agus staid maoine, áfach, agus ba cheart iad a bhreithniú i ngach imthoisc agus i gcomhar leis an reachtaíocht ábhartha sula ndéantar iarratas.
Cé na daoine nach mór dóibh an t-iarratas a dhéanamh?
Ceanglaítear le halt 34 den Acht Carthanas, 1961 (arna leasú), go ndéanfadh na hiontaobhaithe carthanais de chuid carthanais chláraithe aon iarratais ar dhiúscairt (nuair is infheidhme). I gcás go sealbhaíonn cuideachta shealbhaíochta maoine iontaobhais loim teideal dlíthiúil chun maoine carthanais, ní mór d’iontaobhaithe an charthanais chláraithe (mar úinéir tairbhiúil) agus oifigigh na cuideachta sealbhaíochta maoine (mar úinéir dlíthiúil) araon an t-iarratas a dhéanamh ar thoiliú le diúscairt (más gá).
Sa chleachtas, ní mór do dhá dtrian ar a laghad d’iontaobhaithe an charthanais chláraithe an fhoirm iarratais a shíniú thar ceann an charthanais chláraithe (féach alt 55 den Acht Carthanas, 1961, freisin). Más rud é gur iontaobhaí carthanais de chuid an charthanais chláraithe agus oifigeach de chuid na cuideachta sealbhaíochta maoine araon é/í duine aonair, is féidir go mbeidh ar an duine sin an fhoirm a shíniú faoi dhó (á chur in iúl go soiléir cén cháil ina bhfuil sé/sí ag síniú). Ní leor don chuideachta shealbhaíochta maoine, agus don chuideachta sin amháin, an t-iarratas a dhéanamh. Seolfar ar ais aon fhoirmeacha iarratais nach bhfuil sínithe i gceart thar ceann an charthanais chláraithe, rud a mhéadóidh an t-aga próiseála.
Toisc gur féidir go dtógfaidh sé roinnt míonna chun iarratais a phróiseáil, ba cheart iad a chur isteach tamall maith roimh an dáta críochnaithe beartaithe atá sonraithe i gCoinníollacha Speisialta an Chonartha i gcomhair Díolacháin. Sa chleachtas, is minic a bhaineann sé sin le cinneadh ón Rialálaí Carthanas a eisiúint.
Na doiciméid atá ag teastáil
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith i ngach iarratas ar dhíol a údarú:
- conradh atá sínithe agus dátaithe go hiomlán;
- tuarascáil mhionsonraithe luachála ó cheantálaí ar thug an carthanas treoir dó/di, ar tuarascáil í atá dátaithe laistigh de na sé mhí seo a chuaigh thart, ina ndeimhnítear dáta na cigireachta ar an maoin, agus ina ndeimhnítear margadhluach oscailte iomlán na maoine. Agus an margadhluach oscailte á dheimhniú, ba cheart aird a thabhairt ar mhéid, láthair agus riocht na maoine, ar mhaoine inchomparáide atá ar díol agus a díoladh roimhe sin sa limistéar nó atá den chineál céanna, agus ar an bpraghas coibhéiseach in aghaidh an acra/an heicteáir atá ar aon talamh atá á dhíol;
- deimhniú ar an bpraghas iarrata molta agus cóip den bhróisiúr díolacháin;
- stair mhargaíochta na maoine, mar shampla mionsonraí faoi cé na fógráin a cuireadh agus faoi cén áit ar cuireadh áit, an líon amas, an líon amharc ar an maoin agus an stair thairisceana – fianaise gur cuireadh an mhaoin ar an margadh oscailte – agus mionsonraí faoin bpróiseas a seoladh chun na téarmaí díola is buntáistí is féidir a bhaint amach;
- tuairim an cheantálaí ar an dóigh a bhfuil an praghas díola comhaontaithe ina léiriú ar an margadhluach oscailte iomlán;
- cóip den Ghníomhas lenar dílsíodh an mhaoin don charthanas cláraithe;
- léarscáil den mhaoin atá á díol agus mionsonraí faoin achar talún atá i gceist (an líon acraí/heicteár agus méid gach foirgnimh atá suite ar an maoin ina troithe cearnacha/ina méadair chearnacha);
- mionsonraí faoi aon bhaint atá ann idir na páirtithe (mar atá, baint phearsanta nó gnó idir an ceannaitheoir beartaithe agus iontaobhaithe/fostaithe nó iar-iontaobhaithe/iarfhostaithe de chuid an charthanais);
- cóip d’aon léas nó ceadúnas saothair atá i bhfeidhm i leith na maoine;
- doiciméad rialaithe an charthanais chláraithe, ina leagtar amach na hiontaobhais charthanúla a bhaineann leis an maoin;
- doiciméad rialaithe na cuideachta sealbhaíochta maoine (más ann).
Tabhair faoi deara: Tá doiciméid bhunaidh atá sínithe i ndúch fliuch ag teastáil i leith foirmeacha iarratais agus dearbhuithe reachtúla. Ná seol aon doiciméid teidil bhunaidh chuig an Rialálaí Carthanas – is leor cóipeanna, i bhformhór na gcásanna.Tá tuilleadh faisnéise ar fáil san alt ríomhirise uainn - An mbeartaíonn do charthanas a maoin carthanais a dhíol?
-
i. Toiliú le Maoin Carthanais a Dhíol ar Luach Iomlán
Faoi alt 34(1) den Acht Carthanas, 1961 (arna leasú le halt 11 den Acht Carthanas, 1973, agus le halt 82 den Acht Carthanas 2009), féadfaidh an Rialálaí Carthanas díol nó diúscairt tailte a shealbhaítear ar iontaobhais charthanúla a údarú i gcás nach bhfuil cumhacht den sórt sin ag na hiontaobhaithe ar shlí eile.
Toiliú le Maoin Carthanais a Dhíol - Treoir Úsáideora (Doiciméad PDF)Cuir Iarratas isteach
-
ii. Toiliú le Maoin Carthanais a Aistriú/a Dhíol idir Carthanais ar Phraghas faoi bhun Luach Iomlán
Faoi alt 34(2) den Acht Carthanas, 1961 (arna leasú le halt 11 den Acht Carthanas, 1973, agus le halt 82 den Acht Carthanas 2009), féadfaidh an Rialálaí Carthanas aistriú nó díol tailte a shealbhaítear ar iontaobhais charthanúla a údarú i gcás nach bhfuil cumhacht den sórt sin ag na hiontaobhaithe ar shlí eile.
TABHAIR FAOI DEARA: Níl sé de chumhacht ag an Rialálaí Carthanas díol maoine carthanais ar phraghas faoi bhun luach iomlán a cheadú ach amháin i gcás go bhfuiltear ag díol le carthanas a bhfuil cuspóir carthanúil difriúil aige.
Toiliú le Maoin Carthanais a Aistriú/a Dhíol - Treoir Úsáideora (Doiciméad PDF)Cuir Iarratas isteach
-
iii. Toiliú le Maoin Carthanais a Léasú
Faoi alt 37 den Acht Carthanas, 1961 (arna leasú le halt 13 den Acht Carthanas, 1973, agus le halt 82 den Acht Carthanas 2009), féadfaidh an Rialálaí Carthanas léasú tailte a shealbhaítear ar iontaobhais charthanúla a údarú i gcás nach bhfuil cumhacht den sórt sin ag na hiontaobhaithe ar shlí eile.
TABHAIR FAOI DEARA: Níl sé de chumhacht ag an Rialálaí Carthanas léasanna maoine carthanais ar phraghas faoi bhun cíos margaidh iomlán a cheadú ach amháin i gcás gur le Carthanas a bhfuil cuspóir carthanúil difriúil aige a bhaineann an léas.
Toiliú le Maoin Carthanais a Léasú - Treoir Úsáideora (Doiciméad PDF)Cuir Iarratas isteach
-
iv. Toiliú le Léas Maoine Carthanais a Ghéilleadh
Faoi alt 34(1) den Acht Carthanas, 1961 (arna leasú le halt 11 den Acht Carthanas, 1973, agus le halt 82 den Acht Carthanas 2009), féadfaidh an Rialálaí Carthanas géilleadh léasa a shealbhaítear ar iontaobhais charthanúla a údarú i gcás nach bhfuil cumhacht den sórt sin ag na hiontaobhaithe ar shlí eile.
Toiliú le Léas Maoine Carthanais a Ghéilleadh - Treoir Úsáideora (Doiciméad PDF)Cuir Iarratas isteach
-
v. Toiliú le Maoin Carthanais a Mhorgáistiú
Faoi alt 34(4) den Acht Carthanas, 1961 (arna leasú le halt 11 den Acht Carthanas, 1973, agus le halt 82 den Acht Carthanas 2009), féadfaidh an Rialálaí Carthanas morgáistiú maoine carthanais a shealbhaítear ar iontaobhais charthanúla a údarú i gcás nach bhfuil cumhacht den sórt sin ag na hiontaobhaithe ar shlí eile.
Toiliú le Maoin Carthanais a Mhorgáistiú - Treoir Úsáideora (Doiciméad PDF)Cuir Iarratas isteach
-
vi. Toiliú le Maoin Carthanais a Mhalartú
Faoi alt 34(1) den Acht Carthanas, 1961 (arna leasú le halt 11 den Acht Carthanas, 1973, agus le cuid 8 den Acht Carthanas 2009), féadfaidh an Rialálaí Carthanas malartú tailte a shealbhaítear ar iontaobhais charthanúla a údarú i gcás nach bhfuil cumhacht den sórt sin ag na hiontaobhaithe ar shlí eile.
Toiliú le Maoin Carthanais a Mhalartú - Treoir Úsáideora (Doiciméad PDF)Cuir Iarratas isteach
-
Cy-Près
Tá sé de chumhacht ag an Rialálaí Carthanas scéimeanna lena gcuirtear maoin carthanais chun feidhme cy-près (ar bhealach atá chomh gar agus is féidir do rún an deontóra bhunaidh) a shocrú faoi alt 29 den Acht Carthanas, 1961 (arna leasú le halt 8 den Acht Carthanas, 1973, le Cuid 2 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 2002, agus le halt 82 den Acht Carthanas 2009).
Tá an bunús le hiarratas Cy-Près leagtha amach sna himthosca atá sonraithe in alt 47(1) den Acht Carthanas, 1961, agus ba cheart tagairt a dhéanamh do na himthosca sin sa dearbhú reachtúil, de réir mar a bhaineann siad leis an mbronntanas carthanais/carthanúil atá i gceist. Ní mór duit a leagan amach cén fáth a bhfuil sé riachtanach nó inmhianaithe an scéim a dhéanamh. Tabhair an oiread mionsonraí agus is féidir, lena n-áirítear an stair ábhartha, luachálacha atá cothrom le dáta (nuair is cuí) agus mionsonraí iomlána faoi úsáid bheartaithe na gcistí/na maoine. Ní mór an úsáid a bheith cosúil leis an rún bunaidh, agus ba cheart an réasúnaíocht a mhíniú. I gcás go ndéantar tagairt do dhoiciméid sa dearbhú reachtúil, iarcheangail foilseáin atá lipéadaithe go soiléir.
Tabhair faoi deara go bhfuil roinnt céimeanna i gceist le hiarratas cy-près. Tríd is tríd, is iad seo a leanas na céimeanna sin
- an t-iarratas tosaigh a dhéanamh agus athbhreithniú a dhéanamh air – ceadú i bprionsabal;
- breithniú a dhéanamh ar an dréachtscéim cy-près a d’ullmhaigh an t-iarratasóir;
- an fógra poiblí a fhoilsiú agus a chur ar fáil ar feadh tréimhse míosa;
- breithniú a dhéanamh ar agóidí/moltaí (más ann);
- an scéim cy-près a shéalú.
Tabhair faoi deara gur ar an iarratasóir atá an fhreagracht as an scéim cy-près a dhréachtú agus go bhféadfaidh an Rialálaí Carthanas athruithe a dhéanamh air le linn dó athbhreithniú a dhéanamh ar an iarratas. Ós rud é gur tús le próiseas dlíthiúil é iarratas a chur isteach, moltar d’iarratasóirí sainchomhairle dlí neamhspleách a fháil sula ndéanfaidh siad aighneacht.
Iarratas Cy-Près - Treoir Úsáideora (Doiciméad PDF)Cuir Iarratas isteach
-
Tuairim nó comhairle
Faoi alt 21 den Acht Carthanas, 1961 (arna leasú le halt 82 den Acht Carthanas 2009), féadfar iarratas a dhéanamh chuig an Rialálaí Carthanas ar ráiteas foirmiúil faoi thuairim nó comhairle uaidh d’iontaobhaithe a bhfuil deacracht acu i ndáil le hiontaobhas carthanúil a riar nó do sheiceadóirí a bhfuil deacracht acu i ndáil le réadtiomnú carthanúil nó tiomnacht charthanúil faoina rialú a riar. Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara gurb é atá i gceist le ráiteas faoi thuairim nó comhairle a sholáthar ná feidhm reachtúil lánroghnach a fheidhmiú agus nach bhféadfaidh an Rialálaí Carthanas aon chomhairle dlí a sholáthar d’iarratasóirí maidir le hiontaobhais charthanúla, tiomnachtaí carthanúla ná réadtiomnuithe carthanúla. Moltar d’iarratasóirí a sainchomhairle dlí féin a lorg sula ndéanann siad iarratas.
Tríd is tríd, ní mór Dearbhú Reachtúil atá sínithe agus fianaithe a bheith i ngach iarratas, ar dearbhú é ina bhfuil na nithe seo a leanas:
- Mionsonraí iomlána faoi fhorálacha ábhartha an ghníomhais iontaobhais nó na huachta: Ba cheart rannáin ábhartha de dhoiciméid iontaobhais a bheith sainaitheanta de réir uimhir rannáin nó ba cheart iad a bheith sainaitheanta ar shlí eile mar fhoilseán a ghabhann leis an dearbhú;
- Mionsonraí faoin deacracht atá i gceist agus faoi na cúiseanna leis an iarraidh ar ráiteas faoi thuairim nó comhairle a sholáthar – tabhair an oiread faisnéise cúlra ábhartha is féidir agus soláthair doiciméid tacaíochta mar fhoilseáin;
- Mionsonraí faoi na bearta a rinneadh chun rún an diúscróra nó an tiomnóra a shuí, mar shampla aon chaidreamh a bhí ag an diúscróir nó ag an tiomnóir leis an gcarthanas atá i gceist, nó fianaise eistreach eile, i gcás go bhfuil débhrí ann maidir leis an iontaobhas nó maidir leis an uacht;
- Togra ón iontaobhaí nó ón seiceadóir maidir le conas a d’fhéadfaí an ní a réiteach, lena n-áirítear deimhniú maidir le cé acu a cheadaigh nó nár cheadaigh iontaobhaithe carthanais an charthanais atá i gceist an togra i bprionsabal, más cuí sna himthosca; agus/nó mionsonraí faoi bharúlacha an iontaobhaí nó an tseiceadóra féin agus faoi bharúlacha aon tríú páirtithe ábhartha i leith an togra;
- Ainm gach carthanais dá dtagraítear san iarratas agus Uimhir Charthanais Chláraithe na gcarthanas sin (nuair is infheidhme);
- Ainm agus seoladh an teisteora;
- Mionsonraí faoi aon chineálacha eile gníomhaíochta a ndearnadh breithniú orthu;
- Mionsonraí faoi aon éilimh ó thríú páirtithe nó faoi aon éilimh fhéideartha i leith an iontaobhais charthanúil, na tiomnachta carthanúla nó an réadtiomnaithe charthanúil faoina bhfuil an t-iarratasóir ar an eolas.
Tuairim nó Comhairle - Treoir Úsáideora (Doiciméad PDF)Cuir Iarratas isteach
-
Comhréiteach a cheadú
Féadfaidh an Rialálaí Carthanas ordú a cheadú nó a dhéanamh i ndáil le comhréiteach atá beartaithe i leith éileamh in aghaidh carthanais nó in aghaidh duine faoi alt 22 den Acht Carthanas, 1961 (arna leasú le halt 82 den Acht Carthanas 2009). Ní mór a léiriú don Rialálaí Carthanas gur comhréiteach atá cuí oiriúnach agus chun tairbhe don charthanas é an comhréiteach atá beartaithe chun go bhféadfar é a cheadú.
Chun dlínse an Rialálaí Carthanas i ndáil le comhréiteach éileamh a agairt, ní mór do na hiontaobhaithe carthanais, nó do dhuine eile le toiliú na n-iontaobhaithe carthanais, iarratas a chur faoi bhráid an Rialálaí Carthanas, ar iarratas é ina luafar go bhfuil an togra buntáisteach don charthanas nó gur cheart an t-éileamh, in imthosca sonracha an cháis, a chomhréiteach.
Is féidir go mbeidh roinnt beart i gceist le hiarratas a dhéanamh ar éileamh a chomhréiteach agus, cé gur féidir go mbeidh sé úsáideach bearta tosaigh a dhéanamh i ndáil leis an togra roimh ré, níor cheart d’iontaobhaithe carthanais aon chomhaontú a chur de cheangal orthu féin gan toiliú a fháil ón Rialálaí Carthanas.
Maidir le hiontaobhaithe carthanais agus le daoine eile a bhíonn ag plé le héilimh in aghaidh carthanas nó le héilimh i ndáil le carthanais, ba cheart dóibh a bheith ar an eolas go bhfuil dlínse an Rialálaí Carthanas lánroghnach agus go bhféadfaidh sé aon ordú ar bith a dhéanamh i ndáil leis an togra, fara athrú nó gan athrú.
Ní mór d’iontaobhaithe carthanais aird a bheith acu ar na dualgais dhlíthiúla atá orthu agus iad ag déanamh breithniú ar éileamh a chomhréiteach. Ba cheart d’iontaobhaithe carthanais na ceisteanna seo a leanas a chur go háirithe:
- An bhfuil sé de chumhacht agam an comhaontú seo a dhéanamh agus an bhfuil an togra i gcomhréir le forálacha dhoiciméad rialaithe an charthanais?
- An ionann an togra agus úsáid fhreagrach as acmhainní an charthanais?
- Cé na roghanna eile atá ar fáil? Arbh ionann cosaint an éilimh agus úsáid fhreagrach as acmhainní an charthanais? Cé na saincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn?
- Cén tuairim a bheadh ag duine de shíntiúsóirí an charthanais nó ag an bpobal i gcoitinne ar an togra i ndáil leis an úsáid a bheartaítear a bhaint as acmhainní an charthanais?
- An bhfuilim ag gníomhú leis an gcúram agus an scil réasúnach lena bhfuiltear ag súil ó iontaobhaí agus é/í ag plé le maoin charthanúil in imthosca an ní?
- Cé na bearta, más ann, a d’fhéadfadh an carthanas a dhéanamh chun a chinntiú nach dtiocfaidh an cor seo chun cinn amach anseo?
- An bhfuil costais an togra comhréireach agus réasúnach sna himthosca uile?
I gcás go ndéanann ionadaí pearsanta dlíthiúil aon eastáit iarratas agus go dtagann éileamh chun cinn i ndáil le carthanas mar thoradh ar an iarratas sin, ba cheart don ionadaí pearsanta dlíthiúil a chinntiú gur féidir leis/léi a léiriú go bhfuil údarás aige/aici plé le sócmhainní an eastáit. Is é a bhíonn i gceist leis sin de ghnáth ná deonú ionadaíochta (deonú probháide nó deonú riaracháin cuí eile) a fháil chun a chruthú go bhfuil teideal ann chun sócmhainní an eastáit.
Ba cheart mionsonraí faoi gach doiciméad agus comhfhreagras a bhaineann leis an éileamh a sholáthar in éineacht le dearbhú reachtúil an ionadaí phearsanta dhlíthiúil nó an iontaobhaí.
Cabhair don Rialálaí Carthanas le linn dó iarratas a bhreithniú is ea mionsonraí a fháil ón iarratasóir faoi aon teagmháil a rinneadh i leith an éilimh agus an togra. Is féidir go gcabhróidh an t-aschur ón teagmháil sin leis an Rialálaí Carthanas a chinneadh cé acu is comhréiteach atá cuí oiriúnach agus chun tairbhe don charthanas é an comhréiteach atá beartaithe nó nach ea. Moltar d’iontaobhaithe carthanais comhairle dlí neamhspleách a fháil sula dtugann siad freagra ar aon éileamh nó, i gcás go bhfuil siad chun tairbhe a bhaint as eastát, sula dtugann siad freagra ar aon togra a chuirtear faoina mbráid. Ní mór don iarratasóir a léiriú gur tugadh do gach carthanas a bhfuil baint aige le hiarratas an deis chun comhairle dlí neamhspleách a fháil.
I bhformhór na gcásanna, cuirtear na hiarratais sin isteach tar éis deonú ionadaíochta a eisiúint i leith an eastáit. Ní mór iad a chur isteach sula ndéantar aon chomhaontú ceangailteach i leith aon éilimh.
Comhréiteach a Cheadú - Treoir Úsáideora (Doiciméad PDF)Cuir Iarratas isteach
-
Foirmeacha tiomnachta carthanúla
Déanann an Rialálaí Carthanas scrúdú ar fhaisnéis a bhaineann le tiomnachtaí carthanúla a fhaightear ón Oifig Phrobháide, a bhfuil sainordú reachtúil aige tuarascáil a thabhairt don Rialálaí Carthanas ar gach tiomnacht charthanúil do charthanais in Éirinn. Maidir le tiomnachtaí do charthanais eachtracha nach bhfuil aon ghníomhaíochtaí acu in Éirinn, ní thagann siad faoi shainchúram na reachtaíochta agus ní cheanglaítear ar sheachadóirí/ionadaithe pearsanta dlíthiúla iad sin a chur ar áireamh san fhoirm tiomnachta carthanúla.
Uacht amháin, foirm amháin
Ceanglaítear ar ionadaithe pearsanta dlíthiúla nó aturnaetha atá ag gníomhú thar a gceann foirm aonair ar líne dar teideal ‘Foirm Tiomnachta Carthanúla’ ina luaitear gach tiomnacht charthanúil in uacht a chomhlánú nuair atáthar ag déanamh iarratais ar dheonú i gcás go mbeidh tiomnacht charthanúil ar áireamh san uacht. Ba cheart mionsonraí a thabhairt faoi gach tiomnacht charthanúil a chur ar áireamh san fhoirm, lena n-áirítear tiomnacht an iarmhair más rud é gur tairbhí iarmharach é an carthanas. Má chuireann tú roinnt foirmeacha isteach i ndáil leis an aon eastát amháin, seolfar na foirmeacha/an t-iarratas ar ais chugat agus beidh moill ann ar d’iarratas a phróiseáil dá bharr.
Maidir leis an bhFoirm Tiomnachta Carthanúla:
- ní mór í a ghiniúint agus a chur isteach ar líne trí thairseach ‘Mo Chuntas’ an Rialálaí Carthanas;
- ní mór í a íoslódáil agus a phriontáil lena síniú ag an ionadaí pearsanta dlíthiúil/aturnae atá ag gníomhú thar a c(h)eann;
- ní mór í a scanadh agus a uaslódáil chuig an aighneacht ar ‘Mo Chuntas’; agus
- ní mór an chóip chrua a chur isteach mar aon leis an iarratas ar dheonú chuig an Oifig Phrobháide/chuig an gClárlann Phrobháide Cheantair.
Beidh cuntas úsáideora ag teastáil ó ionadaithe pearsanta dlíthiúla/aturnaetha atá ag gníomhú thar a gceann chun logáil isteach i ‘Mo Chuntas’. Is féidir faisnéis faoi ‘Mo Chuntas’ a fháil ar ár suíomh Gréasáin, lena n-áirítear conas cuntas úsáideora nua a chruthú nó logáil isteach i gcuntas atá ann cheana.
Ceanglaítear ar an Oifig Phrobháide na mionsonraí seo a leanas a chur ar aghaidh chuig an Rialálaí Carthanas de réir na n-oibleagáidí reachtúla atá air faoi na hAchtanna Carthanas:
- mionsonraí faoi gach réadtiomnú carthanúil nó tiomnacht charthanúil atá in aon uacht arna hiontráil san Oifig Phrobháide/sa Chlárlann Phrobháide Cheantair;
- ainm an tiomnóra (an duine éagtha);
- ainm an duine ar deonaíodh probháid dó/di;
- dáta na huachta agus dáta an deonaithe probháide nó litreacha riaracháin a bhfuil an uacht ceangailte leo.
Foirm Tiomnachta Carthanúla - Treoir Úsáideora (Doiciméad PDF)Cuir Iarratas isteach
-
Scéimeanna a athrú
Féadfaidh an Rialálaí Carthanas aon scéim arna ceapadh agus arna ceadú faoi na nithe seo a leanas a athrú:
- an Educational Endowments (Ireland) Act 1885, de bhun alt 30 den Acht Carthanas, 1961;
- alt 2 nó alt 4 (scéimeanna corpraithe) den Acht Carthanas, 1973;
- ordú cúirte (seachas scéim Chúirtordaithe cy-près), i gcás go dtugtar an chumhacht sin don Rialálaí Carthanas sa scéim.
Ba cheart d’iarratasóirí breathnú ar an reachtaíocht agus ar an scéim i gcomhar lena gcomhairleoirí dlí, agus aird á tabhairt ar na tréimhsí agus na coinníollacha fógra reachtúil a bhaineann leis na scéimeanna sin. Ní mór d’iarratasóirí mionchur síos a dhéanamh ar an réasúnaíocht is bun leis na leasuithe atá beartaithe, agus aird á tabhairt ar theorainneacha na bhforálacha reachtúla. Ba cheart d’iarratasóirí gach mionsonra cúlra ábhartha a leagan amach agus cóip ghlan den scéim a uaslódáil, in éineacht le leagan líne deirge ina dtarraingítear aird ar na leasuithe atá beartaithe. Ba cheart d’iarratasóirí doiciméid tacaíochta, lena n-áirítear comhairle dlí, a uaslódáil, nuair is cuí.
I gcás gur mian le hiarratasóir is carthanas scéim cy-près a leasú nó a chúlghairm (cibé acu a cheap an Rialálaí Carthanas nó Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d’Éirinn an scéim nó a ceapadh an scéim le hordú Cúirte), ba cheart dó iarratas ar scéim nua cy-près a chur isteach trí ‘Mo Chuntas’, mar atá leagtha amach i rannán 3 thuas.
Scéimeanna a Athrú - Treoir Úsáideora (Doiciméad PDF)Cuir Iarratas isteach
-
Maoin charthanúil léasach a dhílsiú agus a leasú
Féadfaidh an Rialálaí Carthanas Orduithe Dílseacháin a dhéanamh lena scaoiltear maoin carthanais ó fheidhmiú cúnant dochraideach i léasanna arna ndéanamh de bhun an Leases for Schools (Ireland) Act 1881 agus léasanna eile chun críocha carthanúla i gcás nach eol cé atá i dteideal leas an léasóra nó i gcás nach féidir an duine sin a aimsiú, de bhun alt 6 den Acht Carthanas, 1973 (arna leasú le halt 82 den Acht Carthanas 2009).
-
Sásamh i leith foras cónaithe
Ceanglais le haghaidh Toiliú le Tailte Carthanais a Dhiúscairt de bhun an Achta um Shásamh i leith Foras Cónaithe, 2002, nó an Achta um an gCiste Reachtúil Foras Cónaithe, 2012 - (PDF)
Dearbhú Reachtúil (Doiciméad WORD)
Foirm Iarratais ar Údarú faoin Scéim um Shásamh i leith Foras Cónaithe (Doiciméad WORD)
-
Ceisteanna Coitianta
Tá ceisteanna a fhaighimid go minic leagtha amach thíos. Molaimid an fhaisnéis atá tugtha anseo a léamh i gcomhar leis na príomhrannáin ar na topaicí lena mbaineann.
-
Cad é an difríocht idir diúscairtí a dhéantar faoi alt 34(1)(a) agus diúscairtí a dhéantar faoi alt 34(2) den Acht Carthanas, 1961?
Tríd is tríd, déantar in alt 34 socrú do dhá chás ar leith i ndáil le diúscairtí maoine carthanais:
- foráiltear le halt 34(1) do mhaoin carthanais a aistriú chuig ceannaitheoir ar mhargadhluach oscailte iomlán; agus
- foráiltear le halt 34(2) do mhaoin a aistriú chuig carthanas cláraithe eile le haghaidh cuspóir carthanúil difriúil ar luach ar lú é ná margadhluach oscailte iomlán.
Agus diúscairtí á ndéanamh faoi alt 34(1), ní mór a léiriú go mbeidh siad ina mbuntáiste don charthanas trí dhoiciméid chuimsitheacha a sholáthar maidir le luach na maoine agus maidir leis an ngníomhaíocht margaíochta. Ní mór a léiriú go bhfuil margadhluach oscailte iomlán á fháil.
Is ar luach ainmniúil, nó ar luach ar lú é ná margadhluach iomlán, a dhéantar diúscairtí faoi alt 34(2). Ní ceadmhach diúscairtí den sórt sin a dhéanamh ach amháin i gcás go mbeidh aistriú nó diúscairt eile á dhéanamh nó á déanamh ag carthanas chuig carthanas cláraithe eile le haghaidh cuspóir carthanúil difriúil, ar cuspóir é a chuireann leas an phobail ar aghaidh.
I gcás nach mbeidh sé de chumhacht ag carthanas diúscairt a dhéanamh i leith alt 34(1), agus i ngach cás a bhaineann le halt 34(2), ní mór don charthanas údarú a fháil ón Rialálaí Carthanas.
-
Má leasaíonn carthanas a dhoiciméad rialaithe chun Cumhacht Díola a chur ar áireamh ann, an mbeidh feidhm ag an gcumhacht nua sin maidir le maoine a cheannaigh an carthanas roimh an leasú?
Ní bheidh. Mura raibh Cumhacht Díola ag carthanas tráth a cheannaigh sé maoin a mbeartaíonn sé í a dhíol, ní bheidh aon fheidhm ag an gCumhacht Díola nua maidir leis an maoin sin. Ceanglaítear údarú a fháil ón Rialálaí Carthanas i leith gach maoine a ceannaíodh sular cuireadh an Chumhacht Díola leis an doiciméad rialaithe.
-
Más rud é go bhfuil Cumhacht Díola ag carthanas faoina dhoiciméad rialaithe ach go sealbhaíonn sé maoin ar ina leith a rinne an Rialálaí Carthanas (nó Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d’Éirinn roimhe sin) ordú lenar ceapadh iontaobhaithe nua, ar ordú é lenar cuireadh srian ar theideal, an gceanglófar ar an gcarthanas údarú a fháil ón Rialálaí Carthanas?
I bhformhór na gcásanna ina gceapann an Rialálaí Carthanas (nó inar cheap Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d’Éirinn roimhe sin) iontaobhaithe nua faoi alt 43 den Acht Carthanas, 1961, cuirtear, nó cuireadh, srian ar áireamh san ordú ceapacháin agus iontráiltear, nó iontráladh, an srian sin mar thoirmeasc ar an teideal maoine mar a leanas:
“AGUS DEARBHAÍTEAR LEIS SEO go mbeidh an Ceapachán agus an Dílsiú a dhéantar leis an nGníomhas seo faoi réir an choinníll shainráite nach ndéanfaidh an tIontaobhaí aon diúscairt maoine carthanais (mar a mhínítear le halt 34(6) den Acht Carthanas, 1961) gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón Údarás Rialála Carthanas.”
Ós rud é nach sáraítear leis an gCumhacht Díola sa doiciméad rialaithe aon srian sainráite ar theideal, ní mór don charthanas iarratas ar údarú a dhéanamh roimh ré má bheartaíonn sé leas sa mhaoin a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile.
-
An bhféadfaidh Iontaobhaithe Carthanais maoin a dhíol lasmuigh den mhargadh, gan aon ghá le hí a fhógairt ar an margadh oscailte?
Is gá gur phróiseas láidir a bheadh i bpróiseas an Rialálaí Carthanas le haghaidh iarratais ar dhíol a údarú. Is fíor sin go háirithe i leith idirbhearta a bheartaítear a dhéanamh lasmuigh den mhargadh, mar gheall ar an mbaol go bhféadfaí sócmhainní carthanais a chailleadh.
Tríd is tríd, ar mhaithe le trédhearcacht agus ar mhaithe lena léiriú go bhfuil carthanas ag fáil luach iomlán ar a shócmhainní, b’fhearr go ndíolfaí maoin carthanais ar an margadh oscailte tar éis feachtas margaíochta agus próiseas iomaíoch tairisceana/idirbheartaíochta a sheoladh. Ba cheart d’iontaobhaithe carthanais a chinntiú go bhfaighidh siad comhairle ghairmiúil sula mbreithneoidh siad a mhalairt a dhéanamh. I gcomparáid le hiarratais eile, is troime na ceanglais dhoiciméadacha le haghaidh iarratais ar idirbhearta maoine carthanais a dhéanamh lasmuigh den mhargadh. Is mó grinnscrúdú a dhéantar orthu freisin. Is féidir go mbeidh próiseas níos faide i gceist le hiarratais den sórt sin, rud a sháróidh aon tairbhí a bhraitear a bheith ag baint le maoin a dhíol lasmuigh den mhargadh. Féadfaidh an Rialálaí Carthanas ceanglas a chur ar charthanas maoin a thairiscint ar an margadh oscailte i gcás nach mbeidh sé sásta le coinníollacha nó imthosca an díolacháin bheartaithe.
-
Cé na coinníollacha a fhéadfaidh an Rialálaí Carthanas a fhorchur i leith díolachán beartaithe?
Féadfaidh an Rialálaí a ordú go ndéanfaí athruithe ar na coinníollacha díola, mar shampla an praghas ceannaigh, margú na maoine, nó úsáid na bhfáltas ón díolachán. Moltar do chomhairleoirí dlí de chuid carthanais nach bhfuil Cumhacht Díola éifeachtach acu coinníoll cuí a chur ar áireamh sa Chonradh i gcomhair Díolacháin, ar coinníoll é lena gceadófar don charthanas an conradh a athrú nó a chealú i gcás go dtabharfar údarú faoi réir coinníollacha nó nach ndeonófar údarú.
-
An bhfuil sé cinnte go n-údaróidh an Rialálaí Carthanas an díolachán fad a dhéantar iarratas chuige?
Níl. Breithníonn an Rialálaí Carthanas gach iarratas ar a fhiúntas féin agus de réir fhorálacha alt 34 den Acht Carthanas, 1961, agus de réir reachtaíocht eile is infheidhme.
-
Cad is gá dom a dhéanamh i gcás go dtiocfaidh laghdú ar an líon iontaobhaithe ar theideal?
- Iontaobhaithe nua a cheapadh sula margófar an mhaoin lena díol, de réir dhoiciméad rialaithe an charthanais;
- Na doiciméid ábhartha a ullmhú agus am a chur i leataobh chun iarratas alt 43 a dhéanamh chuig an Rialálaí Carthanas ar iontaobhaithe nua a cheapadh, más gá déanamh amhlaidh sna himthosca;
- Ná déan díolachán a mhargú ná a chomhaontú ach amháin tar éis an teideal a thabhairt cothrom le dáta agus tar éis na hiontaobhaithe nua a chur le Clár Carthanas an Rialálaí Carthanas.
-
Cé a dhéanann cinneadh i ndáil le hiarratais ar mhaoin a dhíol?
Déanann Bord an Rialálaí Carthanas cinntí tar éis iarratais a athbhreithniú agus a bhreithniú. Is gnách go mbíonn naoi gcruinniú ag an mBord gach bliain. Léigh an rannán maidir leis an bPróiseas Iarratais.
-
Cé na daoine nach mór dóibh na foirmeacha a shíniú?
Sa chleachtas, ní mór do dhá dtrian ar a laghad d’iontaobhaithe an charthanais chláraithe an fhoirm iarratais a shíniú thar ceann an charthanais chláraithe (féach alt 55 den Acht Carthanas, 1961, freisin). Más rud é gur iontaobhaí carthanais de chuid an charthanais chláraithe agus oifigeach de chuid na cuideachta sealbhaíochta maoine araon é/í duine aonair, is féidir go mbeidh ar an duine sin an fhoirm a shíniú faoi dhó (á chur in iúl go soiléir cén cháil ina bhfuil sé/sí ag síniú). Ní leor don chuideachta shealbhaíochta maoine, agus don chuideachta sin amháin, an t-iarratas a dhéanamh. Seolfar ar ais aon fhoirmeacha iarratais nach bhfuil sínithe i gceart thar ceann an charthanais chláraithe, rud a mhéadóidh an t-aga próiseála.
-
Cá mhéad cóip de na foirmeacha is gá a chur isteach?
Is gá dhá chóip de na foirmeacha sínithe le haghaidh díolachán a údarú a chur isteach, agus sínithe bunaidh dúigh fhliuch ar an dá cheann díobh.
-
Tá ábhar imní agam faoi mhaoin carthanais a mbeartaítear í a dhíol nó a díoladh cheana féin nó faoin dóigh a mbíonn maoin carthanais á húsáid. Cad is féidir liom a dhéanamh?
Féach an nóta faisnéise.
-
An bhfuil sé cuí d’ionadaithe pearsanta dlíthiúla nó dá gcomhairleoirí dlí teagmháil a dhéanamh le carthanais ar tairbhithe uachta iad, i gcás gur tháinig deacracht chun cinn i ndáil leis an uacht sin sula ndearnadh iarratas chuig an Rialálaí Carthanas?
Braitheann an freagra ar an gceist sin ar na himthosca agus ar an dóigh ar tháinig an deacracht i ndáil leis an uacht a riar chun cinn. Agus aird á tabhairt ar na dualgais atá ar ionadaí pearsanta dlíthiúil eastát a riar, b’fhiú barúlacha nó comhaontú i bprionsabal a fháil ar dtús ó aon charthanas agus ó aon daoine eile ar tairbhithe de chuid an eastáit iad agus a mbeidh tionchar ag an gcineál gníomhaíochta atá beartaithe orthu. Ba cheart cóipeanna de gach comhfhreagras ábhartha a sholáthar in éineacht leis an Dearbhú Reachtúil. Ba cheart aird a thabhairt ar chostas aon teagmhála den sórt sin agus ar luach foriomlán an eastáit/na tiomnachta carthanúla lena mbaineann.
-
Conas is féidir liom tagairt a dhéanamh do charthanais eile i m’iarratas?
Má áirítear le d’iarratas ceist a bhaineann le hainm, tuairisc nó stádas aon eagraíochta carthanúla nó aon iontaobhais charthanúil, ba cheart duit an Clár Carthanas a chuardach agus aon charthanais chláraithe a bhfuil baint acu le d’iarratas a shainaithint go soiléir trí thagairt a dhéanamh dá nUimhir Charthanais Chláraithe. Mar aon le carthanas a chuardach de réir ainm ar an gClár Carthanas, is féidir leat carthanas cláraithe a chuardach de réir aitheantóirí eile freisin, lena n-áirítear a uimhir leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí, más cuideachta é, agus a uimhir rolla, más scoil é.
Aitheantóir eile a d’fhéadfadh cabhrú leat stair aon charthanais a rianú is ea a uimhir charthanais, má shealbhaíonn an eagraíocht díolúine charthanúil chánach faoi láthair nó má shealbhaigh sí díolúine charthanúil chánach roimhe sin. Tabhair faoi deara nach dtaispeántar uimhreacha carthanais ar an gClár Carthanas. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim má tá ceist agat maidir le cé acu atá nó nach bhfuil uimhir charthanais ag eagraíocht faoi láthair nó maidir le cé acu a bhí nó nach raibh uimhir charthanais aici roimhe sin.
-
Cén tairbhe a bhaineann iontaobhaithe carthanais nó seiceadóirí as gníomhú de réir tuairim nó comhairle a eisíodh faoi shéala an Rialálaí Carthanas de bhun alt 21 d’Acht 1961?
Faoi réir na gcoinníollacha agus na bhforálacha atá leagtha amach in alt 21 d’Acht 1961, déanfar aon iontaobhaí nó aon duine eile a ghníomhaíonn de réir tuairim nó comhairle ón Rialálaí Carthanas a shlánú a mhéid a bhaineann lena f(h)reagracht féin as an iontaobhas atá i gceist.
-
Cad nach mór a dhéanamh má áirítear le huacht clásal lena mbunaítear iontaobhas carthanúil nua/eagraíocht charthanúil nua?
Ba cheart d’Ionadaithe Pearsanta Dlíthiúla/do sheiceadóirí comhairle dlí ghairmiúil neamhspleách a lorg más cosúil go mbunaítear le clásal in uacht duine éagtha iontaobhas carthanúil nua/eagraíocht charthanúil nua. B’fhiú tuairim nó comhairle a fháil faoi shéala an Rialálaí Carthanas mura bhfuil sé soiléir an bhfuil sé mar rún leis an uacht carthanas nua/iontaobhas carthanúil nua a bhunú lena riar ag iontaobhaithe ainmnithe nó an tiomnacht charthanúil, agus tiomnacht charthanúil amháin, í. Tá faisnéis úsáideach maidir leis an oibleagáid atá ann iarratas a dhéanamh ar charthanas nua a chlárú leis an Rialálaí Carthanas de bhun an Achta Carthanas 2009 ar fáil ar ár suíomh Gréasáin anseo: Déan Iarratas ar Stádas Carthanúil.
Tuairim nó Comhairle - Treoir Úsáideora (Doiciméad PDF)Cuir Iarratas isteach anseo
-
Foirmeacha iarratais agus treoracha úsáideora
Na foirmeacha ábhartha do na hiarratais a fhéadfar a chur faoi bhráid an Aonaid Seirbhísí Carthanais, mar aon le treoracha maidir le conas na foirmeacha a chomhlánú.