-
Sula ndéanann tú iarratas
Léigh an treoir úsáideora/na treoracha úsáideora atá ábhartha do d’iarratas sula dtosaíonn tú an próiseas, toisc go liostaítear iontu na ceanglais do gach iarratas.
-
Léigh an reachtaíocht chun an fheidhm reachtúil a shonrú
Ba cheart d’iarratasóirí an reachtaíocht is infheidhme (na hAchtanna Carthanas, 1961 agus 1973, arna leasú) a léamh chun an fheidhm reachtúil ar mian leo go bhfeidhmeodh an Rialálaí Carthanas í a shonrú san iarratas uathu. Maidir le himthosca an iarratais, ní mór duit na cúiseanna a n-agraítear an dlínse a leagan amach sa dearbhú reachtúil (nó i litir chumhdaigh mura bhfuil dearbhú reachtúil ar áireamh sa chineál iarratais), agus aird á tabhairt ar aon choinníollacha atá leagtha amach sa reachtaíocht.
Ní fhéadfaimid comhairle dlí a thabhairt d’iarratasóirí. Ós rud é gur tús le próiseas dlíthiúil é iarratas a chur isteach, moltar go mór d’iarratasóirí sainchomhairle dlí neamhspleách a fháil sula ndéanfaidh siad aighneacht chuig an Aonad Seirbhísí Carthanais.
-
Bí cothrom le dáta
Ní mór duit a chinntiú freisin gurb amhlaidh, maidir leis na carthanais uile a bhaineann leis an iarratas uait chuig an Aonad Seirbhísí Carthanais, a chomhdaigh siad an tuarascáil bhliantúil is déanaí uathu leis an Rialálaí Carthanas (alt 52 den Acht Carthanas 2009). Comhdaíonn Comhdaitheoir Údaraithe an charthanais na Tuarascálacha Bliantúla, atá dlite deich mí ó dheireadh na tréimhse airgeadais lena mbaineann siad. Is féidir leat stádas chomhlíonadh an charthanais maidir leis an oibleagáid sin a sheiceáil tríd an bhfeidhm “Cuardaigh an Clár Carthanas” ar ár suíomh Gréasáin a úsáid agus an táb “Airgeadas agus Gníomhaíochtaí” a roghnú.
Ní mór sonraí an charthanais is iarratasóir ar an gClár Carthanas a bheith ceart agus cothrom le dáta freisin, lena n-áirítear sonraí faoi iontaobhaithe reatha uile an charthanais. Is féidir leat na sonraí atá ar an gClár Poiblí Carthanas a sheiceáil go tapa tríd an bhfeidhm “Cuardaigh an Clár” ar ár suíomh Gréasáin a úsáid. Má tá aon athruithe le déanamh ann, tá againn treoir céim ar chéim chun cabhrú leat an Clár a athrú chun dáta. Tabhair faoi deara nach mór gach athrú a dhéanamh sula gcuirfidh tú an t-iarratas uait faoi bhráid an Aonaid Seirbhísí Carthanais.
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil san alt ríomhirise uainn - Dearbhuithe maidir le comhlíonadh
-
Cuir an doiciméad rialaithe/na doiciméid rialaithe is déanaí isteach
Ní mór cóip den doiciméad rialaithe is déanaí do gach carthanas is ábhar do d’iarratas a chur isteach freisin. Má tá cuideachta shealbhaíochta maoine i gceist le d’iarratas, ba cheart doiciméad rialaithe na cuideachta sin a chur isteach i dteannta dhoiciméad rialaithe an charthanais chláraithe.
-
-
Conas iarratas a dhéanamh
Ní fhéadfar aon iarratais a chur isteach ach amháin ar líne trí thairseach ‘Mo Chuntas’ an Rialálaí Carthanas. Beidh cuntas úsáideora ag teastáil uait chun iarratas a chur isteach ar aon cheann de na seirbhísí a sholáthraímid do charthanais. Is féidir faisnéis faoi ‘Mo Chuntas’ a fháil ar ár suíomh Gréasáin, lena n-áirítear conas cuntas úsáideora nua a chruthú nó logáil isteach i gcuntas atá ann cheana.
-
An próiseas athbhreithnithe iarratais
Cuid de phróiseas dlíthiúil is ea an próiseas iarratais. Cé go ndéanaimid dianiarracht dul chun cinn a dhéanamh ar iarratais agus freagra a thabhairt ar cheisteanna go pras, is féidir go dtógfaidh sé roinnt míonna chun iarratas a chomhlánú. Braitheann sé sin ar roinnt tosca, lena n-áirítear iomláine na haighneachta tosaigh, cineál agus castacht an iarratais, agus an líon iarratas eile atá idir lámha. Tá tréimhsí fógra reachtúil i gceist lena lán cineálacha iarratais agus is de riachtanas a bhreithnítear iad ina gcéimeanna. Mar gheall ar an méid comhfhreagrais agus an líon iarratas a fhaighimid, is féidir go mbeidh moill ann ar fhreagra a thabhairt ar cheisteanna maidir le stádas iarratas.
Tá trí phríomhchéim ann d’iarratais a bhreithniú.
-
Céim 1 – Seiceáil iomláine agus athbhreithniú dlíthiúil
Déanfar seiceáil iomláine riaracháin ar gach iarratas sula ndéanfaidh an tAonad Seirbhísí Carthanais athbhreithniú dlíthiúil orthu. Le linn na seiceála sin, is féidir go mbeidh tuilleadh doiciméad iarratais nó freagraí ar cheisteanna ag teastáil sula dtarchuirfear iarratas le haghaidh athbhreithniú dlíthiúil.
Mura bhfuil d’iarratas tosaigh iomlán, nó má fuarthas é ó charthanas, nó thar ceann carthanais, nach bhfuil comhlíontach (nach bhfuil cothrom le dáta leis na hoibleagáidí atá air tuarascáil bhliantúil a chur isteach agus sonraí a iontaobhaithe agus a charthanais a chothabháil), seolfar ar ais é. Cuirfidh sé sin moill ar an bpróiseas ar fad, toisc nach mór seiceáil iomláine eile a dhéanamh ar an iarratas tar éis é a chur isteach arís.
Tabhair faoi deara go bhféadfar carthanais neamhchomhlíontacha a tharchur chuig Aonad an Rialálaí Carthanas um Chomhlíonadh agus Forfheidhmiú freisin, a bhfuil sé de chumhacht aige smachtbhannaí a fhorchur ar an gcarthanas nó ar na hiontaobhaithe carthanais i leith neamhchomhlíonadh.
Is féidir gurb amhlaidh, mar gheall ar chéim an athbhreithnithe dhlíthiúil den phróiseas, a chuirfear tuilleadh ceisteanna ar an gcarthanas is iarratasóir, agus ní bhfaighidh iarratas pas sa chéim sin go dtí go mbeidh freagraí sásúla ar na ceisteanna sin faighte.
-
Céim 2 – An Coiste Seirbhísí Carthanais
Breithníonn an Coiste Seirbhísí Carthanais iarratais a fuair pas in athbhreithniú dlíthiúil a rinne an tAonad Seirbhísí Carthanais. Is gnách go dtagann an Coiste Seirbhísí Carthanais le chéile dhá sheachtain roimh gach cruinniú de Bhord an Rialálaí Carthanas (an “Bord”). Féadfaidh an Coiste Seirbhísí Carthanais cinneadh a mholadh don Bhord nó féadfaidh sé tuilleadh doiciméad nó freagraí ar cheisteanna a iarraidh sula ndéanfaidh sé moladh. Is é an Bord, agus an Bord amháin, a fhéadfaidh cinntí a dhéanamh.
-
Céim 3 – Cinneadh ag an mBord
Breithnítear iarratais lena gcinneadh ag cruinnithe an Bhoird. Sceidealaítear naoi gcruinniú gach bliain. Maidir le hiarratais nach bhfuair pas in athbhreithniú dlíthiúil a rinne an tAonad Seirbhísí Airgeadais mí amháin ar a laghad roimh chruinniú Boird, ní dóigh go mbreithneofar iad lena gcur ar áireamh i gclár oibre an chruinnithe de chuid an Choiste Seirbhísí Carthanais. Níl aon ráthaíocht ann go liostófar ní lena chur ar áireamh i gclár oibre an chéad chruinnithe eile den Choiste Seirbhísí Carthanais, fiú amháin i gcás go gcuirfear iarratas iomlán isteach. Ina lán cásanna, déanfaidh an Coiste agus an Bord breithniú ar iarratais roinnt uaireanta sula bhféadfar cinneadh deiridh a dhéanamh orthu. Ba cheart d’iarratasóirí an méid sin a chur san áireamh agus iad ag pleanáil.
Ní eiseofar aon fhógraí faoi chinntí chuig iarratasóirí ach amháin tar éis cruinniú de chuid an Bhoird a thionól ar an ní.
-
-
Dátaí cruinnithe
Is leagtha amach thíos atá na dátaí sceidealaithe le haghaidh chruinnithe Bhord an Rialálaí Carthanas (an Bord) agus an Choiste Seirbhísí Carthanais don bhliain seo. Tabhair faoi deara gur réamhdhátaí iad na dátaí seo agus go bhféadfar iad a athrú gan aon fhógra roimh ré.
Sula gcuirfidh tú iarratas faoi bhráid an Aonaid Seirbhísí Carthanais, léigh freisin an rannán dar teideal "An Próiseas Iarratais" agus treoir ábhartha eile chun eolas a chur ar na ceanglais le haghaidh iarratas bailí a chur isteach.
-
2025
An Coiste Seirbhísí Carthanais
An tÚdarás Rialála Carthanas (Bord)
Eanáir
Ceann ar bith
Déardaoin an 30
Feabhra
Déardaoin an 6
Déardaoin an 27
Márta
Déardaoin an 13
Ceann ar bith
Aibreán
Ceann ar bith
Déardaoin an 10
Bealtaine
Déardaoin an 8
Déardaoin an 22
Meitheamh
Déardaoin an 12
Déardaoin an 26
Iúil
Déardaoin an 17
Déardaoin an 31
Lúnasa
Ceann ar bith
Ceann ar bith
Meán Fómhair
Déardaoin an 4
Déardaoin an 18
Deireadh Fómhair
Déardaoin an 9
Déardaoin an 23
Samhain
Dé Céadaoin an 26
Ceann ar bith
Nollaig
Ceann ar bith
Déardaoin an 11
-