Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Ceisteanna

Conas faisnéis nó cúnamh a fháil i ndáil le nithe nach bhfuil ar áireamh sa rannán maidir leis an Aonad Seirbhísí Carthanais.

Más rud é go bhfuil ceist agat a bhaineann le hiarratais faoi na hAchtanna Carthanas, 1961 agus 1973, agus nach bhfuil an cheist sin pléite sa rannán seo ná sa rannán Ceisteanna Coitianta dár suíomh Gréasáin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí úsáid a bhaint as an bhFoirm Ceiste ar an leathanach ‘Déan Teagmháil Linn’.  Roghnaigh ‘Seirbhísí Carthanais’ ón liosta anuas faoin gceannteideal ‘Catagóir’ nó seol ríomhphost chuig CSU@charitiesregulator.ie 

Luaigh Uimhir Charthanais Chláraithe an charthanais is ábhar do do cheist.  Is féidir leat an Uimhir Charthanais Chláraithe a chuardach anseo: Cuardaigh an Clár

Má tá ceist theicniúil agat maidir le ‘Mo Chuntas’, féach na grafaicí faisnéise ar ár leathanach Ceisteanna Coitianta nó an doiciméad dar teideal ‘Mo Chuntas’ a úsáid – Treoir Theicniúil Úsáideora.

Má bhaineann do cheist le hiarratas atá ann cheana, déan teagmháil linn trí úsáid a bhaint as an tseirbhís cur teachtaireachtaí ar ‘Mo Chuntas’ trí fhreagra a thabhairt ar theachtaireacht atá i do bhosca isteach cheana maidir le d’iarratas. Ní mór duit d’uimhir Thagartha Aighneachta cúig dhigit a lua i ngach comhfhreagras. Is féidir an uimhir thagartha aighneachta a aimsiú sa rannán “Mo Chomhduithe” de do thairseach.

Séanadh
Tá an treoir ar an suíomh Gréasáin seo á eisiúint ag an Rialálaí Carthanas faoi alt 14(1)(i) den Acht Carthanas 2009 ar mhaithe le feabhas ar riaradh agus bainistiú eagraíochtaí carthanúla a spreagadh agus a éascú. Níl an fhaisnéis ina ráiteas críochnúil, agus níl sí deartha chun a bheith ina ráiteas críochnúil, ar an dlí. Ní thugtar aon chomhairle dlí inti ach oiread. Níor cheart an treoir a úsáid in ionad comhairle ghairmiúil ó fhoinse atá cáilithe go cuí. Molann an Rialálaí Carthanas d’iontaobhaithe carthanais a ndoiciméad rialaithe a léamh agus a gcomhairle dlí neamhspleách féin a fháil nuair is gá. Ní ghlacann an Rialálaí Carthanas le freagracht ná dliteanas ar bith as aon earráidí, míchruinneas nó easnaimh san fhaisnéis ar an suíomh Gréasáin seo ná in aon treoirdhoiciméad atá foilsithe air.

Ceisteanna Coitianta

   Tá ceisteanna a fhaighimid go minic leagtha amach thíos. Molaimid an fhaisnéis atá tugtha anseo a léamh i gcomhar leis na príomhrannáin ar na topaicí lena mbaineann.

Top