Ceisteanna ó na meáin amháin press@charitiesregulator.ie
Ceisteanna Ginearálta
Tabhair faoi deara nár cheart an uimhir seo a úsáid ach amháin le haghaidh ceisteanna faoi iarratais charthanais agus faoi stádas clárúcháin. Ár línte teileafóin ar oscailt ó 10:00 a.m. go 1:00 p.m. an Luan go dtí an Aoine
Ábhar Imní a Chur in Iúl faoi Charthanas / Nithe Comhlíonta
Leagtar amach sa Bheartas maidir le hÁbhair Imní uainn conas a dhéileálfaimid le hábhair imní a tharraingítear anuas faoi charthanais. Dá mba mhaith leat ábhar imní a tharraingt anuas, cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun foirm ábhar imní ar líne a chomhlánú nó cuir glao orainn ar an uimhir thíos.
Ceisteanna ó na Meáin
Tabhair faoi deara go bhfuil an uimhir seo le húsáid do cheisteanna ó na meáin amháin
An Cód Rialachais do Charthanais
Tabhair faoi deara nár cheart na sonraí teagmhála seo a úsáid ach amháin le haghaidh ceisteanna a bhaineann leis an gCód Rialachais do Charthanais.
Ceisteanna a bhaineann le Saoráil Faisnéise/Cosaint Sonraí
Níor cheart na seoltaí ríomhphoist seo a úsáid ach amháin chun faisnéis nó taifid a iarraidh faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise nó faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí.
Gearáin
Tá an Rialálaí Carthanas tiomanta don tseirbhís is fearr is féidir a thabhairt duit i gcónaí. Tá Beartas maidir le Gearáin i bhfeidhm againn chun treoir a thabhairt d’aon duine nó d’aon eagraíocht ar mhaith leis/léi gearán a dhéanamh faoi chleachtais an Rialálaí Carthanas nó faoina fhoireann.
Leagtar amach sa Bheartas sin conas a dhéileálfaimid le do ghearán mura féidir an t-ábhar a réiteach ar leibhéal áitiúil. I gcás nach féidir an t-ábhar a réiteach ar an mbealach sin, tá an gearánach i dteideal gearán foirmiúil a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Gearán.
Foinse luachmhar faisnéise is ea aiseolas ó chustaiméirí, lena n-áirítear moltaí, tuairimí agus gearáin. Is féidir leis an Rialálaí Carthanas an t-aiseolas sin a úsáid chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeáin soláthar seirbhíse. Abair linn nuair a fhaigheann tú seirbhís mhaith nó nuair a théann rudaí amú nó inis dúinn faoi bhealaí inar féidir linn, dar leat, feabhas a chur ar ár seirbhísí. Cumasóidh an méid sin dúinn freastal ort ar bhealach níos fearr.
Ceisteanna chuig an Aonad Seirbhísí Carthanais
Tabhair faoi deara nár cheart d’aturnaetha, do chomhairleoirí gairmiúla eile atá ag gníomhú thar ceann carthanas ná d’iontaobhaithe carthanais úsáid a bhaint as an seoladh ríomhphoist seo ach amháin chun ceisteanna a sheoladh chuig an Aonad Seirbhísí Carthanais, a phléann le hiarratais de bhun na nAchtanna Carthanais, 1961 agus 1973, agus le tiomnachtaí carthanúla. Ba cheart aon cheisteanna maidir le clárú a sheoladh tríd an bhfoirm ceiste.
Oifigigh Rochtana (do dhaoine faoi mhíchumas)
Tá Oifigigh Rochtana freagrach as cúnamh agus treoir a sholáthar nó a shocrú do dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag rochtain seirbhísí a sholáthraíonn an Rialálaí Carthanas. Gníomhaíonn siad mar phointe teagmhála do dhaoine faoi mhíchumas atá ag iarraidh seirbhísí den sórt sin a rochtain, de réir alt 26(2) den Acht um Míchumas.
Ba cheart na sonraí teagmhála atá léirithe thíos a úsáid chun cúnamh a iarraidh agus ár seirbhísí á rochtain:
Seoladh:
An tOifigeach Rochtana,
An Rialálaí Carthanas,
3 Duga Sheoirse,
An Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta,
Baile Átha Cliath 1, D01 X5X0
Láthair
Is gá duit coinne a bheith agat chun cuairt a thabhairt ar oifig an Rialálaí Carthanas.Níl an oifig seo ar oscailt do ghlaoiteoirí i bpearsa. Dá mba mhaith leat coinne a iarraidh, déan iarratas tríd an ‘bhFoirm Ceiste’ thuas a chomhlánú, agus an chúis le d’iarraidh á leagan amach agat.
An Rialálaí Carthanas
3 Duga Sheoirse
LSAI
Baile Átha Cliath 1
D01 X5X0
Éire
Traein/DART
Is siúlóid 5 nóiméad ó Stáisiún Uí Chonghaile (Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1) í oifig an Rialálaí Carthanas.
Luas
Tá oifig an Rialálaí Carthanas suite go díreach in aice le stad Dhuga Sheoirse (an Líne Dhearg).
Bus/Siúl
Is siúlóid 5 nóiméad ón mBusáras (Sráid an Stórais, Baile Átha Cliath 1) í oifig an Rialálaí Carthanas. 15 nóiméad siúil, nó mar sin, atá sí ó Shráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath 1.