Skip to Main Content
Contrast
Déan Teagmháil Linn
Má tá tú i d’úsáideoir cláraithe cheana féin, is féidir leat logáil isteach i do chuntas anseo.
Skip Navigation

Maidir Linne

Cuireadh an Rialálaí Carthanas ar bun sa bhliain 2014 agus is údarás neamhspleách é. Rialálaí náisiúnta reachtúil na hÉireann ar eagraíochtaí carthanúla is ea sinn

Iniúchadh
Skip Navigation

Do Charthanais

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi cad atá i gceist le hiarratas a dhéanamh ar stádas carthanúil. Is féidir leat teacht ar na ceanglais a bhaineann le carthanas a reáchtáil agus ar threoir maidir le conas carthanas a reáchtáil freisin, mar aon le comhairle eile.

Iniúchadh
Skip Navigation

Don Phobal

Sa rannán seo, is féidir leat faisnéis úsáideach a fháil faoi conas carthanas a chuardach agus faoi conas ábhar imní a chur in iúl. Is féidir leat súil a chaitheamh ar ‘Ár Nuacht’ freisin chun faisnéis a fháil faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár n-imeachtaí.

Iniúchadh
Skip Navigation

Foilseacháin agus Tuarascálacha

Sa rannán seo, gheobhaidh tú na tuarascálacha corparáideacha agus na tuarascálacha taighde uainn, mar aon le raon treorach agus acmhainní chun cabhrú lena chinntiú go ndéantar dea-rialú ar charthanais na hÉireann.

Iniúchadh

Eagraíocht

Údarás neamhspleách is ea an Rialálaí Carthanas, agus tacaíonn sé le hearcú, oiliúint, forbairt agus bainistíocht feidhmíochta a bhall foirne.

Tá an Rialálaí Carthanas lántiomanta do chur chun cinn a dhéanamh ar thimpeallacht oibre dhearfach ina gcuirtear riachtanais daoine aonair san áireamh, le linn dó riachtanais na heagraíochta a chomhlíonadh.  Ar aon dul leis an Ráiteas Straitéise uainn don tréimhse 2022-2024, déanfar tuilleadh forbartha eagrúcháin ar an Rialálaí Carthanas thar an gcéad trí bliana eile mar chuid den iarracht atá á déanamh againn údarás rialála atá éifeachtach agus éifeachtúil a fhorbairt.  Leanann an Rialálaí Carthanas le díriú ar a fhoireann ardbhainistíochta a neartú agus ar thacaíocht a thabhairt di agus ar a chinntiú go bhfuil ag baill foirne ar fud na heagraíochta na scileanna agus an saineolas a theastaíonn chun na cuspóirí straitéiseacha atá againn a bhaint amach agus chun forbairt ina ról.

 

an Chairt Eagraíochta

Organisational chart GA

Aonaid Ghnó

Tá 5 aonad gnó ar leith ag an Rialálaí Carthanas.  Seo a leanas forbhreathnú ar na feidhmeanna agus ar na cuspóirí atá ag gach ceann de na haonaid sin.

  • Clárú agus Tuairisciú

    Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna na Rannóige um Chlárú agus Tuairisciú:

    • Córas clárúcháin éifeachtach a chothabháil agus a fhorbairt tuilleadh do charthanais
    • Carthanais a chlárú de réir an bheartais agus an phróisis chlárúcháin
    • Córas tuairiscithe éifeachtach a bhunú agus a chothabháil do charthanais
    • Tacaíocht agus treoir a thabhairt d’eagraíochtaí atá ag déanamh iarratas ar chlárú nó atá ag smaoineamh faoi iarratas a dhéanamh ar chlárú
    • An Clár Carthanas a chothabháil
  • Comhlíonadh agus Forfheidhmiú

    Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna na Rannóige um Chomhlíonadh agus Forfheidhmiú:

    • Comhlíonadh a ndualgas ag iontaobhaithe carthanas a chur chun cinn i rialú agus bainistiú carthanas;
    • Comhlíonadh na nAchtanna Carthanas ag eagraíochtaí carthanúla a chinntiú, agus faireachán a dhéanamh ar an gcéanna;
    • Imscrúduithe a dhéanamh de réir na nAchtanna Carthanas;
    • Feabhas ar riaradh agus bainistiú eagraíochtaí carthanúla a spreagadh agus a éascú trí fhaisnéis nó comhairle a sholáthar.

    Téann an rannóg i dteagmháil leis an bpobal agus bíonn sí ag brath ar dhea-chaidreamh a chothú leis an bpobal chun a cuid oibre a chur i gcrích.

  • Seirbhísí Carthanais

    Tá an tAonad Seirbhísí Carthanais freagrach as bainistiú a dhéanamh ar iarrataí ar thoiliú nó ordú ón Rialálaí Carthanas i ndáil le nithe praiticiúla a dhéanann difear don dóigh a ndéileálann carthanais lena maoin, lena sócmhainní nó lena rialachas inmheánach nó don dóigh a leanann carthanais le seirbhísí a sholáthar dá dtairbhithe.

    Féadfaidh carthanais agus daoine eile iarratais a dhéanamh faoi na hAchtanna Carthanas, 1961 agus 1973, arna leasú. Tá ag an Aonad Seirbhísí Carthanais na feidhmeanna a dílsíodh do Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla (na Coimisinéirí) roimhe sin. Aistríodh na feidhmeanna sin chuig an Rialálaí Carthanas de bhun alt 82 den Acht Carthanas 2009 tar éis dhíscaoileadh na gCoimisinéirí de bhun Chuid 6 den Acht Carthanas 2009.Áirítear iad seo a leanas leis an raon iarratas a fhéadfar a dhéanamh chuig an Aonad Seirbhísí Carthanais:

    • Iontaobhaithe Carthanais Nua a cheapadh – alt 43 den Acht Carthanas, 1961, arna leasú;
    • Diúscairt tailte atá á sealbhú ar iontaobhais charthanúla a údarú – alt 34 agus alt 37 den Acht Carthanas, 1961, arna leasú:
    • Toiliú le Maoin Carthanais a Dhíol ar Luach Iomlán
    • Toiliú le Maoin Carthanais a Aistriú/a Dhíol idir Carthanais ar Phraghas faoi bhun Luach Iomlán
    • Toiliú le Maoin Carthanais a Léasú
    • Toiliú le Léas Maoine Carthanais a Ghéilleadh
    • Toiliú le Maoin Carthanais a Mhorgáistiú
    • Toiliú le Maoin Carthanais a Mhalartú

    ü Scéim Cy-Près a ghlanadh i gcás go mainneoidh na cuspóirí bunaidh atá le carthanas, le tiomnacht charthanúil nó le hiontaobhas carthanúil – alt 29 den Acht Carthanas, 1961, arna leasú;

    ü Tuairim nó Comhairle a Thabhairt faoi Shéala an Údaráis i ndáil le riar nó maoin carthanais – alt 21 den Acht Carthanas, 1961;

    ü Comhréiteach a cheadú i leith éilimh ó charthanas nó ina aghaidh – alt 22 den Acht Carthanas, 1961;

    ü Cumasc idir carthanas amháin agus carthanas eile nó aistriú sócmhainní chuig carthanas eile a údarú, i gcás go mbeidh teorainneacha ann i ndoiciméid rialaithe na gcarthanas (nó nach dtabharfar sna doiciméid sin aon chumhacht dóibh an cumas nó an t-aistriú a údarú) nó i gcás go mbeidh teorainneacha ann i dtéarmaí na n-iontaobhas bunaidh ar a sealbhaítear a sócmhainní carthanais;

    ü Tionscnamh imeachtaí dlí a údarú i gcás ní carthanais – alt 25 den Acht Carthanas, 1961, arna leasú;

    ü Fógra a thabhairt faoi dhlíthíocht/imeachtaí dlí a bhaineann le carthanas – alt 53 den Acht Carthanas, 1961, arna leasú;

    ü Cabhrú le scrúdú a dhéanamh ar Fhoirmeacha Achoimre ‘PAS3’ a fhaightear ón Oifig Phrobháide agus ina soláthraítear sonraí faoi gach tiomnacht charthanúil – alt 52 den Acht Carthanas, 1961, arna leasú.

    Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ar ár suíomh Gréasáin faoi na cineálacha iarratais atá ann agus faoin bpróiseas iarratais.

  • Gnóthaí Corparáideacha

    Seirbhís tacaíochta inmheánaí is ea an Rannóg um Ghnóthaí Corparáideacha, atá freagrach go príomha as a chinntiú go gcomhlíontar roinnt oibleagáidí rialachais agus as feabhas a chur ar bheartais chorparáideacha, ar nósanna imeachta corparáideacha agus ar thorthaí corparáideacha. Tá sí freagrach freisin as úsáid éifeachtach acmhainní a eagrú agus a mhaoirsiú agus as aon deacrachtaí ina leith sin a réiteach ionas go mbaineann an Rialálaí Carthanas na cuspóirí straitéiseacha atá aige amach:

    Déanann an Rannóg um Ghnóthaí Corparáideacha maoirseacht ar na nithe seo a leanas:

    • Acmhainní Daonna;
    • Acmhainní Airgeadais;
    • Acmhainní TFC;
    • Iarrataí Saorála Faisnéise a phróiseáil;
    • Tacaíocht Rúnaíochta don Údarás;
    • An Córas Bainistíochta Cáilíochta;
    • Cóiríocht Oifige.

    Tá an rannóg freagrach as tacú le socruithe foriomlána rialachais faisnéise an Rialálaí Carthanas freisin.

  • Cumarsáid agus Rannpháirtíocht le Geallsealbhóirí

    Tá an Rannóg um Chumarsáid agus Rannpháirtíocht le Geallsealbhóirí freagrach go príomha as caidreamh a dhéanamh leis an bpobal thar ceann an Rialálaí.  Áirítear leis sin:

    • Ceisteanna ó na meáin agus preaseisiúintí a láimhseáil;
    • Bainistiú a dhéanamh ar an ábhar ar an suíomh Gréasáin agus sna meáin shóisialta;
    • Imeachtaí comhairliúcháin phoiblí a eagrú.

    Ina theannta sin, láimhseálann an rannóg an caidreamh idir an Rialálaí agus Teachtaí Dála, Airí agus geallsealbhóirí eile agus socraíonn sí go n-aistreofaí ábhar agus comhfhreagras go Gaeilge.

Ár bhFoireann feidhmiúcháin

   

Madeleine Delaney

Madeleine Delaney

Príomhfheidhmeannach Eatramhach

Chuaigh Madeleine isteach sa Rialálaí Carthanas i mí an Mhárta 2021 mar Stiúrthóir Gnóthaí Dlí agus Clárúcháin. Tá sí freagrach as an bhfeidhm Clárúcháin, as an bhfeidhm Seirbhísí Carthanais agus as comhairle agus cúnamh dlí a thabhairt ar fud na heagraíochta. Tá Madeleine ina haturnae cleachtach agus d’oibrigh sí sa chleachtadh príobháideach ar feadh roinnt blianta sular bhog sí go dtí an earnáil phoiblí. D’oibrigh sí i ról dlí agus comhlíonta san Údarás Pinsean agus, níos déanaí fós, bhí sí ina Ceann Dlí in Oifig an Ombudsman (Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí san áireamh). Sealbhaíonn Madeleine céimeanna LLB agus LLM, dioplómaí iarchéime sa Bhainistíocht Rialála agus sa Bhainistíocht Phoiblí agus céim Máistir sa Cheannaireacht agus sa Straitéis.

Thomas Mulholland

Thomas Mulholland

Chuaigh Thomas Mulholland isteach sa Rialálaí Carthanas i mí na Samhna 2019 mar Stiúrthóir ar Chomhlíonadh agus Forfheidhmiú. Déanann sé maoirseacht ar an bhfeidhm ábhar imní laistigh den Rialálaí agus tá freagracht air freisin as imscrúduithe.Ghnóthaigh Thomas taithí shuntasach i réimse na n-imscrúduithe agus na dócmhainneachta sa ról a bhí aige roimhe seo san Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach. Tá Thomas ina chuntasóir cáilithe de chuid Chumann na gCuntasóirí Cairte Deimhnithe agus d’oibrigh sé sa chleachtadh ginearálta ar feadh tréimhse 15 bliana. Sealbhaíonn sé Dioplóma i gCuntasaíocht Fhóiréinseach, Dioplóma i nDócmhainneacht agus Céim i gCuntasaíocht agus Airgeadas.

Niall Scanlon

Niall Scanlon

Ceapadh Niall Scanlon mar Cheann ar Airgeadais i mí Iúil 2019. Tá Niall freagrach as feidhm airgeadais na heagraíochta a stiúradh agus déanann sé maoirseacht ar gach gné de rialú airgeadais, lena n-áirítear ceanglais reachtúla agus rialála, tuairisciú airgeadais agus forbairt buiséid. Mar bhall den fhoireann ardbhainistíochta, cuireann sé go gníomhach le cuspóirí traitéiseacha an Rialálaí Carthanas a ghnóthú. Sular tháinig sé isteach sa Rialálaí Carthanas, shealbhaigh Niall roinnt post sinsearach airgeadais laistigh den earnáil phríobháideach. Tá Baitsiléir Gnó (Onóracha) aige agus tá sé ina chomhalta de Chumann na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte.

Geraldine McCarthy

Geraldine McCarthy

Is í Ger an Ceann um Chumarsáid agus Caidreamh le Leas-Sealbhóirí. D’oibrigh sí roimhe seo i ngníomhaireachtaí san earnáil phríobháideach i mBaile Átha Cliath agus i Londain, agus speisialtóireacht á déanamh aici i gcumarsáid straitéiseach, i mbainistíocht cáile agus i gcaidreamh le leas-sealbhóirí. Sealbhaíonn Ger céim sa Chumarsáid agus teastas iarchéime sa Mhargaíocht Dhigiteach ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Malachy Cardiff

Malachy Cardiff

Tá Malachy Cardiff ina Cheann ar Gnóthaí Corparáideacha agus ina Rúnaí do Bhord an Rialálaí Carthanas. Tá sé freagrach as rialachas agus oibríochtaí an Rialálaí Carthanas. Roimhe seo, d’oibrigh Malachy san earnáil carthanas agus san earnáil phríobháideach sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn araon, agus roinnt ról rialachais agus bainistíochta á sealbhú aige. Sealbhaíonn Malachy céim san Eacnamaíocht (an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD)), Dioplóma Iarchéime sa Staidéar Gnó (UCD - Scoil Ghnó Iarchéime Smurfit), Teastas i nDlí agus Cleachtas na Rúnaíochta Cuideachta (Dlí-Chumann na hÉireann) agus Dioplóma Gairmiúil sa Rialachas Corparáideach (UCD - Scoil Ghnó Iarchéime Smurfit). Is cuntasóir cáilithe de chuid Institiúid Chairte na gCuntasóirí Bainistíochta é freisin.

Ciara Finn

Ciara Finn

Tháinig Ciara Finn isteach sa Rialálaí Carthanas i mí Iúil 2023 mar Cheann Acmhainní Daonna, agus stiúrann sí na nithe acmhainní daonna uile a bhaineann le hoibriú na heagraíochta. Roimhe sin, shealbhaigh Ciara roinnt post acmhainní daonna laistigh den earnáil phríobháideach, ag obair di le seirbhísí airgeadais agus le heagraíochtaí cógaisíochta agus mar shainchomhairleoir acmhainní daonna d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Tá céim BA (Onóracha) ag Ciara i mBainistíocht Acmhainní Daonna.

Na Doiciméid Uainn

Is iad seo a leanas roinnt de na doiciméid agus de na beartais lena gcuirtear bonn eolais faoi obair an Rialálaí Carthanas:

Top