An Cód Rialachais do Charthanais

An Cód Rialachais do Charthanais Athbhreithniú

Carthanais Chasta agus Carthanais Neamhchasta

Maidir leis an ‘gCód Rialachais do Charthanais’

Mínítear sa Chód Rialachais do Charthanais na híoschaighdeáin ar cheart duit iad a chomhlíonadh chun do charthanas a bhainistiú agus a rialú go héifeachtach.

Is é atá i gceist le dea-rialachas ná córais agus próisis a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go mbaineann do charthanas a chuspóirí carthanúla amach le hionracas agus go mbainistítear é ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil, cuntasach agus trédhearcach.

Tacar Uirlisí an Chóid Rialachais do Charthanais - Treoirnótaí agus Teimpléid

Tá iontaobhaithe carthanais freagrach as rialachas a gcarthanais agus ba cheart dóibh deimhin a dhéanamh de go gcuirtear na sé phrionsabal atá sa Chód Rialachais do Charthanais i bhfeidhm ann.  Chun cúnamh agus tacaíocht phraiticiúil a thabhairt d’iontaobhaithe carthanais a gcuid oibre a chur i gcrích, tá an Rialálaí Carthanas tiomanta do shraith treoirdhoiciméad agus teimpléad a fhorbairt.  Chun doiciméad a íoslódáil, cliceáil ar theideal an doiciméid thíos chun é a rochtain.

Íoslódáil an Cód Rialachais do Charthanais

Íoslódáil an Cód Rialachais do Charthanais

Íoslódáil leagan inchurtha in eagar den Fhoirm um Chomhlíonadh a Thaifeadadh (doiciméad WORD)

Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an gCód, seol le ríomhphost iad chuig governancecode@charitiesregulator.ie agus tabharfaidh duine dár mbaill foirne freagra duit.